Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0565

    Cás T-565/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 26 Lúnasa 2022 – Verein für Konsumenteninformation v Sofatutor GmbH

    IO C 441, 21.11.2022, p. 12–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    21.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 441/12


    Iarraidh ar réamhrialú ó Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 26 Lúnasa 2022 – Verein für Konsumenteninformation v Sofatutor GmbH

    (Cás T-565/22)

    (2022/C 441/16)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Oberster Gerichtshof

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Achomharcóir ar phointe dlí: Verein für Konsumenteninformation

    Freagróir san achomharc ar phointe dlí: Sofatutor GmbH

    An cheist a tharchuirtear

    An gcaithfear Airteagal 9(1) de Threoir 2011/83/EU (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóra a léiriú sa chaoi go bhfuil ceart chun tarraingt siar nua ag an tomhaltóir i gcás ina ndéantar cianchonradh a “síneadh go huathoibríoch” (Airteagal 6(1)(o) den Treoir sin)?


    (1)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2011 L 304, lch. 64).


    Top