This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0551
Case C-551/22 P: Appeal brought on 17 August 2022 by the European Commission against the judgment of the General Court (Third Chamber, Extended Composition) delivered on 1 June 2022 in Case T-481/17 Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno and SFL v SRB
Cás C-551/22 P: Achomharc arna thabhairt an 17 Lúnasa 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra Méadaithe) an 1 Meitheamh 2022 i gCás T-481/17, Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus SFL v BRA
Cás C-551/22 P: Achomharc arna thabhairt an 17 Lúnasa 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra Méadaithe) an 1 Meitheamh 2022 i gCás T-481/17, Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus SFL v BRA
IO C 389, 10.10.2022, p. 9–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
10.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 389/9 |
Achomharc arna thabhairt an 17 Lúnasa 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra Méadaithe) an 1 Meitheamh 2022 i gCás T-481/17, Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus SFL v BRA
(Cás C-551/22 P)
(2022/C 389/12)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Achomharcóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, D. Triantafyllou, A. Nijenhuis, P. Němečková agus A. Steiblytė, Gníomhairí)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno, Stiftung für Forschung und Lehre (SFL), an Bord Réitigh Aonair (BRA), Ríocht na Spáinne, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Banco Santander, SA
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
(1) |
breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 i gcás Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus Stiftung für Forschung und Lehre (SFL) v an Bord Réitigh Aonair (T-481/17, EU:T:2022:311) a chur ar neamhní a mhéid a dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú ag an gcéad chéim inghlactha ann; |
(2) |
a dhearbhú go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú arna tionscnamh i gcás T-481/17 ag an gcéad chéim do-ghlactha agus, dá bhrí sin, í a dhíbhe ina hiomlán; agus |
(3) |
a ordú do Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus do Stiftung für Forschung und Lehre (SFL) (iarratasóirí ag an gcéad chéim) na costais arna dtabhú ag an gCoimisiúin sna himeachtaí arna seoladh os comhair na Cúirte Ginearálta agus sna himeachtaí seo a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Maíonn an t-achomharcóir trí fhoras achomhairc agus éilíonn sé go ndearna an Chúirt Ghinearálta na hearráidí dlí seo a leanas:
— |
earráid agus Airteagal 263(4) CFAE agus Airteagal 18(7) de SRMR (1) á léiriú a mhéid a bhaineann siad leis an scéim réitigh a aicmiú mar ghníomh inchonspóide (an chéad fhoras achomhairc), |
— |
earráid agus Airteagal 263(4) CFAE á léiriú agus sárú ar na cearta ag an gCoimisiún chun cosaint a fháil a mhéid a mainníodh an chaingean le haghaidh neamhniú a dhíriú ar údar an ghnímh chríochnaithigh atá ceangailteach ó thaobh dlí de (an dara foras achomhairc), agus, |
— |
go bhfuil na cúiseanna a sonraíodh sa bhreithiúnas ag teacht salach ar a chéile, mar thoradh ar chinneadh na Cúirte Ginearálta go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú na scéime réitigh atá faoi chonspóid inghlactha, cé go gcinneann an Chúirt Ghinearálta nach dtagann an scéim réitigh sin i bhfeidhm agus nach bhfuil tionchar aici atá ceangailteach ó thaobh dlí de ach amháin trí chinneadh ón gCoimisiúin (tríú foras achomhairc). |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).