Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0353

    Cás C-353/22: Caingean arna tabhairt an 31 Bealtaine 2022 – An Coimisiún Eorpach v Ríocht na Sualainne

    IO C 294, 1.8.2022, p. 17–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    1.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 294/17


    Caingean arna tabhairt an 31 Bealtaine 2022 – An Coimisiún Eorpach v Ríocht na Sualainne

    (Cás C-353/22)

    (2022/C 294/24)

    Teanga an cháis: an tSualainnis

    Páirtithe

    Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: R. Tricot, P. Carlin agus E. Manhaeve, i gcáil Gníomhairí)

    Cosantóir: Ríocht na Sualainne

    An t-ordú atá á lorg

    A dhearbhú gur mhainnigh Ríocht na Sualainne i gcomhlíonadh a hoibleagáidí faoi Airteagal 2 de Threoir (AE) 2017/853 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017, lena leasaítear Treoir 91/477/CEE ón gComhairle maidir le fáil agus seilbh arm a rialú, códaithe faoi Threoir (AE) 2021/555 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú, a mhéid a mhainnigh sí na dlíthe, rialacháin, agus forálacha riaracháin is gá a ghlacadh chun na forálacha seo a leanas a chomhlíonadh:

    Pointí 6, 7, 8 agus 9 i gcatagóir A, pointe 8 i gcatagóir B agus pointe 5 i gcatagóir C, faoin sainmhíniú i bpointe A de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/477, arna leasú le Airteagal 1(19) de Threoir 2017/853,

    Airteagal 5(3) de Threoir 91/477, arna leasú le hAirteagal 1(6) de Threoir 2017/853,

    Airteagal 10(1), an dara mír, de Threoir 91/477, arna leasú le hAirteagal 1(9) de Threoir 2017/853, agus

    Airteagal 10(2) de Threoir 91/477, arna leasú le hAirteagal 1(9) de Threoir 2017/853, nó in aon chás, trí mhainneachtain fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le forálacha den sórt sin,

    A ordú do Ríocht na Sualainne cnapshuim de EUR 5 387,90 in aghaidh an lae a íoc leis an gCoimisiún, ach gan a bheith níos lú ná EUR 1 909 000, má tá mainneachtain sna hoibleagáidí a chomhlíonadh dá dtagraítear sa chéad mhír fós ann ar an dáta a thugtar an breithiúnas sna himeachtaí seo, agus a éileamh go n-íocfaidh Ríocht na Sualainne íocaíocht phionósach leis an gCoimisiún de EUR 48 454,98 in aghaidh an lae ó dháta an bhreithiúnais sna himeachtaí seo go dtí go gcomhlíonfaidh Ríocht na Sualainne a hoibleagáidí faoin Treoir, agus

    A ordú do Ríocht na Sualainne na costais a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Tá Treoir (AE) 2017/853 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leasaítear Treoir 91/477/CEE ón gComhairle maidir le fáil agus seilbh arm a rialú, códaithe faoi Threoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú, beartaithe chun reachtaíocht agus nósanna imeachta na mBallstát maidir le hairm thine a chomhchuibhiú, chun nósanna imeachta maidir le fáil, seilbh agus aistriú arm tine a dhéanamh níos simplí, chun cosc a chur ar an monarú agus trádáil neamhúdaraithe d’airm thine, agus méadú a chur ar inrianaitheacht airm thine.

    Bhí ar na Ballstáit an Treoir a thrasuí faoin 14 Meán Fómhair 2018. Thionscain an Coimisiún imeachtaí um shárú i gcoinne na Sualainne an 22 Samhain 2018. Sheol an Coimisiún cinneadh réasúnaithe chuig an tSualainn an 26 Iúil 2019. Go dtí seo, níl fógra curtha ag an tSualainn chuig an gCoimisiún maidir le trasuí a bheith déanta ar fhorálacha na Treorach sa dlí náisiúnta.


    (1)  IO 2017 L 137, lch. 22

    (2)  IO 2021 L 115, lch. 1


    Top