Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0321

    Cás C-321/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy dla Warszawy-Śródmieścia w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 5 Bealtaine 2022 – ZL, KU, KM v Provident Polska S.A.

    IO C 318, 22.8.2022, p. 26–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    22.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 318/26


    Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy dla Warszawy-Śródmieścia w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 5 Bealtaine 2022 – ZL, KU, KM v Provident Polska S.A.

    (Cás C-321/22)

    (2022/C 318/37)

    Teanga an cháis: an Pholainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Sąd Rejonowy dla Warszawy-Śródmieścia w Warszawie

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí agus cosantóirí sa fhrithéileamh: ZL, KU, KM

    Cosantóir agus iarratasóirí sa fhrithéileamh: Provident Polska S.A.

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    1.

    An gá Airteagal 3(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (1) a léirmhíniú amhail is féidir a mheas gur téarma conarthach éagórach é téarma conarthach lena ndeonaítear táille nó coimisiún do dhíoltóir nó do sholáthróir atá díréireach ard maidir leis an seirbhís a chuirtear ar fáil?

    2.

    An gá Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra agus prionsabal na héifeachtachta a léirmhíniú mar bhaic ar fhorálacha an dlí náisiúnta, nó ar léirmhíniú breithiúnach ar na forálacha sin faoina bhfuil sé de riachtanas leas dlíthiúil a bheith ag an tomhaltóir chun go seasfar le caingean ar thug an tomhaltóir i gcoinne díoltóra nó soláthróra le haghaidh dearbhú gurb ar neamhní nó gur neamhéifeachtach atá i gconradh, nó cuid de chonradh, ina bhfuil téarmaí éagóracha?

    3.

    An gá Airteagal 6(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, chomh maith le prionsabail na héifeachtachta, na comhréireachta agus na deimhneachta dlíthiúla, a léirmhíniú amhail is go gceadaítear teacht ar an gcinneadh nach féidir le comhaontú iasachta ar dearbhaíodh gur éagórach é an t-aon téarma atá ann lena bhforáiltear don chur chuige i leith aisíocaíocht iasachta leanúint i bhfeidhm i ndiaidh an téarma sin a bhaint amach, agus go bhfuil sé ar neamhní dá bhrí sin?


    (1)  IO L 95 1993, lch. 29


    Top