Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0151

    Cás C-151/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State (an Ísiltír) a taisceadh an 2 Márta 2022 – S, A, Staatssecretaris van Veiligheid en Justitie; Páirtí eile: Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe

    IO C 213, 30.5.2022, p. 28–28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 213, 30.5.2022, p. 26–26 (GA)

    30.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 213/26


    Iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State (an Ísiltír) a taisceadh an 2 Márta 2022 – S, A, Staatssecretaris van Veiligheid en Justitie; Páirtí eile: Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe

    (Cás C-151/22)

    (2022/C 213/38)

    Teanga an cháis: an Ollainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Raad van State

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Achomharcóirí: S, A, Staatssecretaris van Veiligheid en Justitie

    Páirtí eile: Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe

    Na ceisteanna a tharchuirtear:

    1.

    An gcaithfear Airteagal 10(1)(e) den Treoir maidir le Cáiliú (1) a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé go bhféadfaidh iarratasóirí nach maíonn ach go bhfuil dearcadh polaitiúil acu agus/nó go gcuireann siad dearcadh dá leithéid in iúl tuairim pholaitiúil a agairt mar chúis le géarleanúint, gan iad tar éis aird dhiúltach de ghníomhaí géarleanúna a mhealladh le linn a gcónaí ina dtír thionscnaimh nó ó bhí siad ina gcónaí sa tír óstach?

    2.

    Más dearfach an freagra ar Cheist 1, agus is leor mar sin dearcadh polaitiúil chun cáiliú mar thuairim pholaitiúil, cén tábhacht a chaithfear a chur ar neart na tuairime, an smaoinimh nó an dearcaidh pholaitiúil sin agus ar thábhacht na ngníomhaíochtaí a eascraíonn as sin don náisiúnach eachtrach le linn iarratas ar thearmann a scrúdú agus a mheasúnú, is é sin le rá, scrúdú ar a fhírinne is atá eagla líomhnaithe an iarratasóra sin roimh ghéarleanúint

    3.

    Más diúltach an freagra ar Cheist 1, an é an critéar ansin nach mór a leithéid de thuairim pholaitiúil a bheith fréamhaithe go domhain, agus mura bhfuil, cad é an critéar ábhartha agus conas a chuirfear i bhfeidhm é?

    4.

    Más é an critéar nach mór don tuairim pholaitiúil a bheith fréamhaithe go domhain, an féidir a bheith ag súil go staonfaidh iarratasóir nach léiríonn go bhfuil tuairim pholaitiúil atá fréamhaithe go domhain aige nó aici ón tuairim pholaitiúil sin a chur in iúl tar éis filleadh ar an tír thionscnaimh, ionas nach spreagfar aird dhiúltach gníomhaí géarleanúna?


    (1)  Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar (IO 2011 L 337, lch. 9).


    Top