EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CC0547

Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Collins arna thabhairt ar an 2023 Nollaig 7.


Court reports – general

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:967

Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

COLLINS

arna tabhairt an 7 Nollaig 2023 (1)

Cás C547/22

INGSTEEL spol. s. r. o.

v

Úrad pre verejné obstarávanie

(Iarraidh ar réamhrialú ó Okresný súd Bratislava II (an Chúirt Dúiche, Bratislava II, an tSlóvaic))

(Tarchur chun réamhrialú – Soláthar poiblí – Nósanna imeachta athbhreithnithe – Treoir 89/665/CEE – Dliteanas neamhchonarthach na mBallstát – Caingean i leith damáistí de bharr sárú ar dhlí an Aontais ag tairgeoir nár éirigh leis – Cainníochtú – Cailleadh brabúis – Cailleadh deise)






 I.      Réamhrá

1.        An gceanglaítear le dlí an Aontais ar Bhallstáit éileamh a cheadú ar dhamáistí as cailleadh deise ag tairgeoir a eisiadh go neamhdhleathach ó nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain i gcás ina bhfuil an nós imeachta sin tugtha i gcrích agus conradh déanta leis an tairgeoir rathúil? D’fhonn freagra a thabhairt ar an gceist sin ceanglaítear ar an gCúirt Bhreithiúnas a chinneadh cibé an rialaítear nó nach rialaítear le dlíthe na mBallstát damáistí a dhámhachtain dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(c) de Threoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na ndlíthe, na Rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí.(2) Más amhlaidh atá, ní mór don Chúirt scrúdú a dhéanamh ar iarmhairtí an cheanglais nach mór do na dlíthe sin prionsabal na héifeachtachta a chomhlíonadh.

 II.      An dlí lena mbaineann

 A.      Dlí an Aontais Eorpaigh

2.        Tá an téacs seo a leanas i mbrollach Threoir 89/665:

‘De bhrí go gcuirtear bac i mBallstáit áirithe ar ghnóthais Chomhphobail tairiscintí a chur isteach sa Bhallstát ina bhfuil an t‑údarás conarthach bunaithe de bharr easpa leigheasanna éifeachtacha nó de bharr leordhóthanacht leigheasanna atá ann cheana; de bhrí, dá réir sin, nach mór do na Ballstáit lena mbaineann an staid sin a leigheas;

De bhrí gur gá a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta leordhóthanacha ann sna Ballstáit go léir chun ligean do chinntí a ghlactar go neamhdhleathach a neamhniú agus cúiteamh a thabhairt do dhaoine a ndearnadh dochar dóibh le sárú’. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

3.        Faoin gceathrú mír d’Airteagal 1(1) de Threoir 89/665:

‘Déanfaidh na Ballstáit, maidir le nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/24/AE nó Threoir 2014/23/AE, na bearta uile is gá chun a áirithiú go bhféadfar athbhreithniú éifeachtach a dhéanamh ar chinntí arna nglacadh ag údaráis chonarthacha …’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]

4.        Foráiltear le hAirteagal 1(3) de Threoir 89/665:

‘Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta athbhreithnithe ar fáil, de réir rialacha mionsonraithe a fhéadfaidh na Ballstáit a chinneadh, ar a laghad d’aon duine a bhfuil nó a raibh leas aige conradh ar leith a fháil agus a ndearnadh dochar dó nó a bhfuil baol ann go ndéanfar dochar dó trí shárú líomhainte.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil].

5.        Faoi Airteagal 2(1) de Threoir 89/665:

‘Áiritheoidh na Ballstáit go bhforálfaí leis na bearta arna nglacadh maidir le nósanna imeachta athbhreithnithe a shonraítear in Airteagal 1 do chumhachtaí is gá d’fhonn:

(c) cúiteamh i leith damáiste a dheonú do dhaoine a ndearnadh díobháil dóibh le sárú.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]

 B.      Dlí na Slóvaice

6.        Foráiltear le mír 3(1)(a) de Zákon č. 514/2003 Z. z. o zodpovednosti za škodu spôsobenú pri výkone verejnej moci (Dlí Uimh. 514/2003 maidir le dliteanas i leith damáiste a dhéantar i bhfeidhmiú údaráis phoiblí; “Dlí Uimh. 514/2003”) go bhfuil an Stát faoi dhliteanas i leith damáiste a dhéanann údaráis phoiblí mar thoradh ar chinneadh neamhdhleathach.

7.        Faoi mhír 5(1) de Dhlí Uimh. 514/2003, tá ceart chun cúitimh ag páirtí i nós imeachta a ndearnadh damáiste dó mar thoradh ar chinneadh neamhdhleathach a eisíodh sa nós imeachta sin.

8.        Bunaítear le mír 17(1) de Dhlí Uimh. 514/2003 go ndéanfar cúiteamh a dhámhachtain i leith damáiste iarbhír agus caillteanas brabús, mura bhforáiltear a mhalairt le forálacha speisialta.

9.        Foráiltear le mír 442(1) de Zákon č. 40/1964 Zb. Občiansky zakonnik (Dlí Uimh. 40/1964 maidir leis an gCód Sibhialta; ‘an Cód Sibhialta’) go ndéanfar, i gcaingne i leith damáistí, cúiteamh a dhámhachtain i leith damáiste iarbhír agus caillteanas brabús.

10.      Is cosúil nach bhfuil aon fhoráil shonrach in Zákon č. 25/2006 Z. z. o verejnom obstarávaní (Dlí Uimh. 25/2006 maidir le Soláthar Poiblí) lena rialaítear caingne i leith damáistí a eascraíonn as conarthaí poiblí a dhámhachtain.

 III.      An díospóid sna príomhimeachtaí, an iarraidh ar réamhrialú agus an nós imeachta os comhair na Cúirte

11.      In 2013, d’fhoilsigh Cónaidhm Pheil na Slóvaice glao ar thairiscintí chun conradh a dhámhachtain chun staideanna peile a thógáil, a athstruchtúrú agus a nuachóiriú. Ghlac INGSTEEL spol s.r.o. (‘Ingsteel’), gnóthas atá gníomhach san earnáil tógála, páirt sa nós imeachta dámhachtana sin. D’eisiaigh Cónaidhm Pheile na Slóvaice Ingsteel ón nós imeachta sin ar an bhforas gur theip uirthi na ceanglais eacnamaíocha agus airgeadais sa ghlao ar thairiscintí a chomhlíonadh. Thionscain Ingsteel caingean chun agóid a dhéanamh i gcoinne dhlíthiúlacht an chinnidh sin, agus lena linn rinne Najvyšší súd Slovenskej republiky (Cúirt Uachtarach Phoblacht na Slóvaice) tarchur chun réamhrialú ón gCúirt Bhreithiúnais.

12.      Ina breithiúnas an 13 Iúil 2017 in Ingsteel agus Metrostav (C‑76/16, EU:C:2017:549), chinn an Chúirt gurbh é an léiriú nach mór a dhéanamh ar Threoir 2004/2018/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú, (3) i gcás ina gceanglaítear le glao ar thairiscintí ráiteas a sholáthar ó ghnóthas bainc chun creidmheas a dheonú do thairgeoir agus go ndiúltódh na bainc a ndeachaigh an tairgeoir sin i dteagmháil leo ráiteas den sórt sin a sholáthar, go bhféadfar cead a thabhairt don tairgeoir sin a sheasamh eacnamaíoch agus airgeadais a chruthú trí bhealaí iomchuí eile. I bhfianaise bhreithiúnas na Cúirte, chinn Najvyšší súd Slovenskej republiky (Cúirt Uachtarach Phoblacht na Slóvaice) go raibh an cinneadh maidir le Ingsteel a eisiamh neamhdhleathach agus chuir sí é ar neamhní. Chuir sé an cás ansin faoi bhráid an Úrad pre verejné obstarávanie (an tÚdarás Rialála um Sholáthar Poiblí, an tSlóvaic) chun bearta cuí a ghlacadh.

13.      Toisc gur tugadh nós imeachta um dhámhachtain an chonartha phoiblí i gcrích agus go raibh creat‑chomhaontú déanta ag an údarás conarthach leis an tairgeoir ar éirigh leis, thionscain Ingsteel caingean i gcoinne an Úrad pre verejné obstarávanie (an tÚdarás Rialála um Sholáthar Poiblí) inar éiligh sé, inter alia, damáistí as deis a chailleadh an tairiscint a ghnóthú. D’áitigh sé gur dhá éileamh éagsúla iad cailleadh deise agus cailleadh brabúis. Dealraíonn sé, faoi dhlí na Slóvaice, go bhfuil an caighdeán cruthúnais níos ísle dá thaispeáint go bhfuil damáiste sách intuartha i leith éilimh ar chailleadh deise ná mar atá d’éilimh ar chailleadh brabúis.

14.      Tá an Úrad pre verejné obstarávanie (an tÚdarás Rialála um Sholáthar Poiblí) den tuairim gur hipitéiseach é éileamh Ingsteel ar dhamáistí. Ní raibh aon ráthaíocht ann go roghnófaí Ingsteel mar an tairgeoir buaiteach nó, dá roghnófaí é, go ndéanfadh an t‑údarás conarthach conradh leis.

15.      Fiafraíonn Okresný súd Bratislava II (an Chúirt Dúiche, Bratislava II, an tSlóvaic) cibé an gceanglaítear nó nach gceanglaítear le Treoir 89/665 uirthi éileamh a cheadú ar dhámhachtain damáistí as cailleadh deise ag tairgeoir i gcás inar chuir cúirt cinneadh chun é a eisiamh ó nós imeachta ar neamhní as ar eascair dámhachtain conartha phoiblí agus gur thug an t‑údarás conarthach conradh i gcrích le tairgeoir eile. Chinn sí bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)       An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(c) de Threoir [89/665/CEE], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(6) agus (7) di, go ndiúltaíonn cúirt náisiúnta, a éisteann díospóid a bhaineann le héileamh ar chúiteamh as damáiste a bhain d’iarrthóir a eisiadh go neamhdhleathach ó nós imeachta soláthair phoiblí, do cheart chun cúiteamh ar an damáiste as cailleadh deise a aithint?

(2)      An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(c) de Threoir [89/665/CEE], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(6) agus (7) di, go measann cúirt náisiúnta, a éisteann díospóid a bhaineann le héileamh ar chúiteamh as damáiste a bhain d’iarrthóir a eisiadh go neamhdhleathach ó nós imeachta soláthair phoiblí, nach dtagann an ceart chun cúiteamh as cailleadh brabúis de bharr gur cailleadh an deis chun bheith rannpháirteach sa nós imeachta soláthair phoiblí faoin gceart chun cúiteamh a fháil?’

16.      Thíolaic an Úrad pre verejné obstarávanie (an tÚdarás Rialála um Sholáthar Poiblí), Rialtais na Seice, na Fraince agus na Slóvaice agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn. Ag éisteacht an 20 Meán Fómhair 2023, chuir Rialtais na Seice agus na hOstaire agus an Coimisiún argóintí ó bhéal i láthair agus d’fhreagair siad ceisteanna na Cúirte.

 IV.      Measúnú

 A.      Inghlacthacht

17.      Chuir an Úrad pre verejné obstarávanie (an tÚdarás Rialála um Sholáthar Poiblí) dhá chúis i láthair maidir leis an bhfáth ar cheart don Chúirt a dhearbhú nach bhfuil an iarraidh ar réamhrialú inghlactha. Ar an gcéad dul síos, ós rud é go raibh Ingsteel rannpháirteach sa nós imeachta um dhámhachtain i gcomhpháirt le Metrostav a.s., nach páirtí sna himeachtaí os comhair na cúirte a rinne an tarchur, níl aon seasamh aige chun éileamh ar dhamáistí a dhéanamh. Ar an dara dul síos, ós rud é gur éiligh Ingsteel damáistí ar dtús as cailleadh brabúis, ní mar gheall ar chailleadh deise, ní fhéadfaidh sé an t‑éileamh sin a dhéanamh ag an gcéim seo de na himeachtaí os comhair na cúirte a rinne an tarchur.

18.      Tá amhras ar Rialtas na Slóvaice freisin maidir le hinghlacthacht na gceisteanna sa mhéid is go ndealraíonn sé go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ag fiafraí den Chúirt Bhreithiúnais ar cheart éileamh Ingsteel ar dhamáistí a cheadú. Tugann an Úrad pre verejné obstarávanie (an tÚdarás Rialála um Sholáthar Poiblí) agus Rialtas na Slóvaice araon le fios gur faoin gcúirt a rinne an tarchur amháin atá sé breithiúnas a dhéanamh ar thuillteanais éileamh Ingsteel.

19.      De réir an cásdlí socair, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, gur don chúirt náisiúnta ar tugadh an díospóid os a comhair agus nach mór freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, an gá atá le réamhrialú ionas go mbeidh sí in ann a breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuirfidh sí faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais araon a chinneadh. Nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh le léiriú dhlí an Aontais, tá an Chúirt faoi cheangal, i bprionsabal, rialú a thabhairt. (4) Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais diúltú rialú a thabhairt maidir le ceist arna tarchur ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíorais iarbhír nó cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, gur fadhb de chineál hipitéiseach í nó nach bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi. (5)

20.      Le ceisteanna na cúirte a rinne an tarchur, iarrtar ar léiriú ar Airteagal 2(1)(c) de Threoir 89/665. I bhfianaise fhíorais an cháis, ní dhealraíonn sé gur hipitéiseach iad na saincheisteanna a ardaítear san ordú tarchuir maidir le caingean le haghaidh damáistí a bheith ar fáil i leith cailleadh deise chun conradh poiblí a dhéanamh. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a chinneadh cibé an bhfuil nó nach bhfuil seasamh ag Ingsteel, mar ghné den dlí náisiúnta, caingean a thionscnamh i leith damáistí as cailleadh deise agus a chinneadh cad iad na hiarmhairtí, más ann dóibh, a d’fhéadfadh teacht as an mbealach a thug sí a éileamh ar aghaidh. Ar na cúiseanna sin, molaim don Chúirt na hagóidí arna nglacadh i leith inghlacthacht na gceisteanna a tarchuireadh a dhíbhe.

 B.      An tsubstaint

 1.      Barúlacha na bpáirtithe

21.      Áitíonn an Úrad pre verejné obstarávanie (an tÚdarás Rialála um Sholáthar Poiblí), agus Rialtas na hOstaire, na Seice, na Fraince agus na Slóvaice gur faoi dhlíchóras inmheánach gach Ballstáit atá sé na critéir a chinneadh chun measúnú a dhéanamh ar dhamáistí a eascraíonn as sárú ar dhlí an Aontais i nós imeachta as a dtagann dámhachtain na conartha phoiblí. Glacann na páirtithe sin freisin nach mór do rialacha náisiúnta den sórt sin prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta a chomhlíonadh. Ós rud é go bhforáiltear le Treoir 89/665 do chomhchuibhiú íosta amháin, níl aon treoir inti maidir leis na critéir nach mór do chúirteanna náisiúnta a chur san áireamh agus an cinneadh sin á dhéanamh acu. Leanann sé nach gcuirtear oibleagáid le Treoir 89/665 ar na Ballstáit leigheas a chur ar fáil maidir le damáistí i gcás cailleadh deise dámhachtain conartha phoiblí a fháil.

22.      Molann Rialtas na Seice nach coincheap uathrialach de dhlí an Aontais é coincheap an damáiste faoi Threoir 89/665. Aontaíonn Rialtas na Fraince leis an moladh sin. Áitíonn sé go bhfuil a chur chuige comhsheasmhach leis an gcásdlí maidir le dliteanas neamhchonarthach Ballstáit i leith sárú ar dhlí an Aontais, trína gcinntear le dlíthe gach Ballstáit méid an chúitimh agus na rialacha a bhaineann le measúnú ar aon chaillteanas nó dochar de bharr sárú den sórt sin.

23.      Aontaíonn an Úrad pre verejné obstarávanie (an tÚdarás Rialála um Sholáthar Poiblí) le Ingsteel gur coincheapa ar leith iad cailleadh brabúis agus cailleadh deise, agus gurb éard atá i gceist leis an dara ceann ná deis a chailleadh chun conradh poiblí a fháil. (6) Áitíonn sé, mar ghné de dhlí na Slóvaice, go bhféadfaí damáistí a dhámhachtain as cailleadh deise ar thairgeoir atá eisiata go neamhdhleathach agus a bhfuil sé de chumas air a thaispeáint go raibh seans fíor agus sách ard aige conradh poiblí a fháil. I gcodarsnacht leis sin, measann Rialtas na Seice agus Rialtas na Slóvaice go bhféadfaí cailleadh deise a mheas mar chineál de chailleadh brabúis. Is í an phríomhdhifríocht idir an dá choincheap ná an caighdeán cruthúnais atá riachtanach chun a shuíomh go bhfuil damáiste ann agus an cúiteamh a d’fhéadfaí a dhámhachtain.

24.      Áitíonn Rialtais na hOstaire, na Seice agus na Slóvaice, cé go bhféadfadh sé treoir éigin a sholáthar, nach féidir an cásdlí maidir le dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh i réimse an tsoláthair phoiblí a thrasuí go dtí cur i bhfeidhm Threoir 89/665. Cé gur dhámh cúirteanna an Aontais, i gcásanna áirithe, damáistí as cailleadh deise ar thairgeoirí a rinne institiúidí an Aontais a eisiamh go neamhdhleathach ó nósanna imeachta dámhachtana, dhiúltaigh cúirteanna an Aontais d’éilimh den sórt sin i bhformhór na gcásanna, ag glacadh leis, chun dámhachtain damáistí a fháil, ní mór d’aon chailleadh deise a bheith fíor agus ní hipitéiseach.

25.      Tugann an Coimisiún dá aire, cé go gceanglaítear le hAirteagal 2(1)(c) de Threoir 89/665 ar Bhallstáit foráil a dhéanamh maidir le damáistí a dhámhachtain do dhaoine a ndéantar dochar dóibh mar gheall ar shárú ar rialacha soláthair phoiblí an Aontais, nach bhfuil aon choinníoll mionsonraithe ann maidir leis an gcaoi atá an ceanglas sin le comhlíonadh. Ós rud é go bhforáiltear le Treoir 89/665 do chomhchuibhiú íosta, tá sé de shaoirse fós ag na Ballstáit leibhéal níos airde cosanta a thabhairt do dhaoine a ndéantar dochar dóibh le sárú ar na rialacha soláthair phoiblí. Is faoi gach Ballstát, i gcomhréir le prionsabal na huathrialach nós imeachta, atá sé rialacha mionsonraithe a leagan síos lena rialaítear gníomhaíochtaí chun cearta a chosaint a fhaigheann daoine ó dhlí an Aontais, faoi réir na rialacha sin a bheith comhlíontach le prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta. Ós rud é go bhféachtar le Treoir 89/665 lena áirithiú go bhfuil nósanna imeachta athbhreithnithe éifeachtacha ann chun urraim a ráthú do na prionsabail is bun leis na rialacha soláthair phoiblí agus, ar deireadh, leis an margadh inmheánach, tá prionsabal na héifeachtachta lárnach do réiteach an tarchuir seo.

26.      De réir an Choimisiúin, toisc go ndearna an t‑údarás conarthach creatchonradh le tairgeoir eile, sna himeachtaí os comhair na cúirte a rinne an tarchur ní fhéadtar a thuilleadh an neamhdhleathacht a bhain leis an nós imeachta dámhachtana a cheartú. Sna himthosca sin, is é dámhachtain damáistí an t‑aon leigheas éifeachtach atá ar fáil do thairgeoir a d’fhulaing caillteanas mar thoradh ar an neamhdhleathacht sin. Le dlíthe náisiúnta nach dtugtar an deis leo damáistí a éileamh as deis a chailleadh conradh a fháil a tharla de bharr na neamhdhleathachta sin, ní thugtar rochtain ar leigheas éifeachtach do Ingsteel, rud atá contrártha do Threoir 89/665.

 2.      Anailís

27.      Aontaíonn na páirtithe sna himeachtaí os comhair na Cúirte gur cheart freagra amháin a thabhairt ar cheisteanna na cúirte a rinne an tarchur. Ós rud é go bhfuil fiúntas ag baint leis an moladh sin, molaim don Chúirt ceisteanna na cúirte a rinne an tarchur a athfhriotú mar cheisteanna ina bhfiafraítear cibé an bhfuil nó nach bhfuil sé contrártha d’Airteagal 2(1)(c) de Threoir 89/665 do chúirt náisiúnta cleachtas a ghlacadh trína gcuirtear bac ar thairgeoir arna eisiamh go neamhdhleathach ó nós imeachta um dhámhachtain conartha phoiblí arna rialú ag an treoir sin, damáistí a éileamh as cailleadh deise an conradh sin a fháil. Cé go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt Airteagal 2(1)(c) de Threoir 89/665 a léamh i gcomhar le hAirteagal 2(6) agus (7) di, ní shonraítear san ordú tarchuir cén tionchar, más ann dó, a bheadh ag na forálacha deiridh inti chun na ceisteanna a tarchuireadh a réiteach. Ní léirítear san ordú tarchuir ach an oiread ar fheidhmigh Poblacht na Slóvaice an rogha, in Airteagal 2(6) de Threoir 89/665, faoinar gá do chúirt cinneadh a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach a chur ar neamhní sula bhféadfar iarraidh ar dhámhachtain de dhamáistí. (7) Is cosúil go bhfuil ábharthacht thadhlaíoch le hAirteagal 2(7) de Threoir 89/665, lena bhforáiltear go gcinnfear leis an dlí náisiúnta na héifeachtaí ar chonradh arna thabhairt i gcrích tar éis d’fheidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) di, a dhámhachtain. (8) Níor thagair aon cheann de na páirtithe a thug barúlacha i scríbhinn nó ó bhéal os comhair na Cúirte d’Airteagal 2(6) nó (7) de Threoir 89/665 nó ní dhearna siad aon argóint trí thagairt a dhéanamh dó. Tá mé den tuairim, dá réir sin, nach gcaillfear aon chuid d’ábharthacht na ceiste athfhoirmithe de bharr na bhforálacha sin a fhágáil ar lár.

28.      I gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, leis an ngá atá le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais, ceanglaítear de ghnáth, ach amháin i gcás foráil de dhlí an Aontais, ina ndéantar cur síos ar choincheap dlíthiúil trí thagairt do dhlíthe na mBallstát, go ndéanfar an coincheap sin a léirmhíniú go neamhspleách agus go haonfhoirmeach. Ba cheart teacht ar an léiriú sin trí fhéachaint do théacs na forála atá i gceist, don chomhthéacs ina bhfuil sé agus do chuspóir na reachtaíochta a bhfuil sé ina chuid di. (9)

29.      Tá sé tábhachtach a chur in iúl nach bhfuil feidhm ag an gcur chuige seo i ngach cás. Áitíonn roinnt Ballstát anseo nach coincheap uathrialach de dhlí an Aontais é an coincheap maidir le damáiste faoi Threoir 89/665. Aontaím leis an moladh sin ar na cúiseanna seo a leanas.

30.      Soiléirítear le hAirteagal 2(1)(c) de Threoir 89/665 go gceanglaítear ar Bhallstáit a áirithiú go n‑áirítear le nósanna imeachta athbhreithnithe an chumhacht chun damáistí a dhámhachtain do dhaoine a ndearnadh dochar dóibh le sárú. Ní thugtar cur síos ann maidir le cad a chuimsítear sna damáistí sin, ná ní thugtar aon treoir maidir le conas a d’fhéadfaí iad a mheasúnú. (10) Ní fhoráiltear do na coinníollacha faoina bhféadfaidh údarás conarthach trína mbíthin a bheith faoi dhliteanas damáistí a íoc ná conas is féidir an dámhachtain sin a ríomh. (11)

31.      Sa chomhthéacs ina bhfeictear Airteagal 2(1)(c) de Threoir 89/665, áirítear a bhrollach, ina sonraítear go bhfuil sé de dhualgas ar na Ballstáit aon easnamh nó neamhdhóthanacht sna leigheasanna atá ar fáil ina gcórais dlí a leigheas. Foráiltear leis an gceathrú mír d’Airteagal 1(1) di go nglacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú éifeachtach ar chinntí na n‑údarás conarthach. Léirítear in Airteagal 1(3) de Threoir 89/665 go n‑áiritheoidh na Ballstáit infhaighteacht na nósanna imeachta athbhreithnithe faoi rialacha mionsonraithe a fhéadfaidh na Stáit sin a bhunú. Léirítear leis na forálacha sin go mbunaítear córas comhchuibhithe íosta le Treoir 89/665 trína mbeidh na Ballstáit freagrach as foirm agus cineál na leigheasanna nach mór a bheith ar fáil i gcomhthéacs athbhreithniú ar an dámhachtain de chonarthaí poiblí. (12) Aontaíonn na páirtithe a chuir barúlacha isteach go dtacaíonn an cásdlí leis an réiteach sin. (13) Dá bhrí sin ceanglaítear le Treoir 89/665 ar na Ballstáit leigheasanna áirithe a chur ar fáil, nach mór dóibh a bheith éifeachtach, ach ní mhaítear inti sainmhíniú a thabhairt ar cad iad na leigheasanna sin. (14)

32.      A mhéid a bhaineann le cuspóirí Threoir 89/665, tugtar le fios in Airteagal 1(1) de Threoir 89/665, arna léamh i dteannta a brollach, go bhféachtar leis an treoir sin le hinfhaighteacht nósanna imeachta éifeachtacha a áirithiú maidir le hathbhreithniú ar chinntí um sholáthar poiblí. Ní mór leigheasanna éifeachtacha a bheith ar fáil faoin dlí náisiúnta ag daoine a ndéantar difear dóibh le sáruithe ar rialacha náisiúnta lena gcuirtear treoracha soláthair phoiblí an Aontais chun feidhme chun éifeacht inláimhsithe a thabhairt do nósanna imeachta um chonarthaí poiblí a dhámhachtain a oscailt suas d’iomaíocht ar fud an Aontais.

33.      Leanann sé mar sin nach bhfuil an dámhachtain damáistí chun críocha Threoir 89/665 beartaithe mar choincheap neamhspleách agus aonfhoirmeach de dhlí an Aontais, ach mar choincheap a shainítear le dlíthe na mBallstát. Leagtar béim i dTreoir 89/665 ar an toradh a bheidh ar an bpróiseas sin, ní ar ábhar na rialacha atá le glacadh chun na críche sin, a mbeidh difríocht dosheachanta ag baint leo, amhail idir na Ballstáit. Sa chomhthéacs sin, tugaim faoi deara gur staon reachtóir an Aontais ó Airteagal 2(1) de Threoir 89/665 a leasú. (15) Ina theannta sin, níor féachadh leis an gcásdlí ach an oiread aon chritéir mhionsonraithe a leagan amach chun a chinneadh an bhfuil damáiste ann agus chun measúnú a dhéanamh air i gcomhthéacs sáruithe ar na rialacha lena rialaítear an dámhachtain de chonarthaí poiblí.

34.      In éagmais aon fhoráil i ndlí an Aontais chun na críche sin, is faoi dhlíchóras gach Ballstáit na critéir a chinneadh trína mbíthin a ndéanfar damáiste a mheas de bharr sárú ar dhlí an Aontais sna nósanna imeachta as a dtiocfaidh dámhachtain conarthaí poiblí.(16) Mar a chuir go leor páirtithe sa tarchur seo in iúl, i gceart, i mo thuairim, tagann na hábhair sin faoi raon feidhme uathriail nós imeachta na mBallstát. (17) Tá sé lánbhunaithe nach mór go mbeadh rialacha mionsonraithe nós imeachta lena rialaítear caingne chun cearta dhlí an Aontais a chosaint a bheith chomh fabhrach ar a laghad leis na rialacha lena rialaítear caingne náisiúnta comhchosúla (prionsabal na coibhéise) agus nach bhfágfaí leo go mbeadh sé dodhéanta go praiticiúil nó ródheacair na cearta a thugtar le dlí an Aontais (prionsabal na héifeachtachta) a fheidhmiú. (18)

35.      Tacaíonn dhá bhreithniú eile leis an gconclúid go bhfuil aghaidh le tabhairt ar an measúnú ar dhámhachtainí damáistí faoi Airteagal 2(1)(c) de Threoir 89/665 laistigh de raon feidhme uathriail nós imeachta na mBallstát. Ar an gcéad dul síos, is léiriú praiticiúil í an uathriail sin ar phrionsabal na coimhdeachta in Airteagal 5 CAE, agus dá réir sin, i réimsí nach dtagann faoina hinniúlacht eisiach, ní ghníomhóidh an tAontas Eorpach ach amháin mura féidir agus a mhéad nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach. Leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 19(1), CAE, lena bhforáiltear nach mór do na Ballstáit leigheasanna a sholáthar lena n‑áirithítear cosaint dhlíthiúil éifeachtach sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais, admhaítear go hintuigthe ábharthacht an phrionsabail sin. Ar an dara dul síos, is mór an difríocht atá idir Ballstáit maidir le traidisiúin dlí, nósanna imeachta agus leigheasanna dlíthiúla. Ag an gcéim seo d’fhorbairt dhlí an Aontais, is deacair réimeas aonchineálach leigheasanna a shamhlú a d’fheidhmeodh ar an mbealach céanna sna Ballstáit uile i réimse an dlí um sholáthar poiblí. (19) Mar sin ní haon iontas dom é, mar a thugtar le fios i mír 33 den Tuairim seo, nach bhfuil aon iarracht déanta ag reachtóir an Aontais, go dtí seo, córas den sórt sin a dhearadh.

36.      Ina bharúlacha i scríbhinn agus ó bhéal, thagair an Coimisiún do bhreithiúnais Chúirt CSTE in FosenLinjen I (20) agus in FosenLinjen II, (21) ina ndearnadh scrúdú ar nádúr dámhachtana damáistí faoi Threoir 89/665 i gcomhthéacs éileamh ar chailleadh brabúis. Chinn Cúirt CSTE, cé gur cheart go mbeadh na nósanna imeachta athbhreithnithe a cheanglaítear le Treoir 89/665 chomh haonfhoirmeach agus is féidir do gach gnóthas sa mhargadh inmheánach, ní cheanglaítear orthu a bheith aonchineálach, ná comhionann, ós rud é go bhforáiltear do chomhchuibhiú íosta le Treoir 89/665. (22) Thug sí faoi deara go bhfuil trí chuspóir i gceist le dámhachtain damáistí: (i) cúiteamh a thabhairt do chaillteanais a rinneadh; (ii) muinín a athbhunú in éifeachtacht an chreata dlí is infheidhme; agus (iii) údaráis chonarthacha a dhíspreagadh ó ghníomhú go neamhdhleathach, agus ar an gcaoi sin comhlíonadh a fheabhsú. (23) Ós rud é nach leagtar síos coinníollacha i dTreoir 89/665 maidir le damáistí a dhámhachtain, is faoi dhlíchóras gach Stáit de chuid an LEE, i bprionsabal, critéir a chinneadh trína mbíthin a ndéanfar damáiste a mheas de bharr sárú ar an dlí a bhaineann le conarthaí poiblí. (24) Sa chomhthéacs sin, ní mór do dhlíchóras gach Stáit LEE rialacha a leagan síos lena n‑áirítear iad sin lena rialaítear cúisíocht agus an dualgas cruthúnais. (25) Ní mór do rialacha náisiúnta den sórt sin prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta a chomhlíonadh i gcónaí. (26) Cé gur fearr sáruithe ar dhlí an tsoláthair phoiblí a cheartú roimh dhul isteach i gconradh poiblí, i gcásanna áirithe is é dámhachtain damáistí an t‑aon leigheas ar sháruithe dá leithéid. (27) Ar na cúiseanna sin, cé nach luaitear aon chineál damáiste ar leith i dTreoir 89/665, rinne Cúirt CSTE é a léiriú mar cheangal a chur ar Stáit LEE ligean do dhaoine a ndearnadh dochar dóibh le sárú ar an dlí soláthair phoiblí le linn nós imeachta dámhachtana damáistí a fháil i leith cailleadh brabúis. (28) Tugtar le fios leis na breithiúnais sin go bhféadfaidh prionsabal na héifeachtachta feidhmiú chun cosc a chur ar dhlíthe Ballstáit éilimh faoi chineálacha damáiste áirithe in limine a eisiamh.

37.      Ós rud é gur chinn an Chúirt go gcuirtear in iúl in Airteagal 2(1)(c) de Threoir 89/665 prionsabal an dliteanais i leith caillteanas agus damáiste a dhéantar do dhaoine aonair mar thoradh ar sháruithe ar dhlí an Aontais a bhfuil Ballstát freagrach astu, ar ghné dhílis í i ndlíchóras an Aontais, (29) is gá freisin, mar a mholann Rialtas na Fraince ina bharúlacha scríofa, cásdlí na Cúirte a scrúdú maidir leis na coinníollacha ginearálta faoina dtabhaíonn Ballstáit dliteanas neamhchonarthach i leith sáruithe ar dhlí an Aontais.

38.      Ón mbreithiúnas fíorthábhachtach in Francovich i leith, tá sé lánbhunaithe go bhfuil an ceart chun cúiteamh a fháil ag daoine aonair a ndearnadh dochar dóibh le sárú ar dhlí an Aontais ag Ballstát nó ag ceann dá eascróga i gcás ina gcomhlíonann siad trí choinníoll: (i) tá sé beartaithe le riail dhlí an Aontais a sháraítear cearta a thabhairt do na daoine sin; (ii) tá sárú na rialach sin sách tromchúiseach; agus (iii) tá nasc cúisíoch díreach idir an sárú agus an caillteanas nó an damáiste líomhnaithe. (30) Sa bhreithiúnas sin, chinn an Chúirt freisin, cé go bhfuil ceart daoine aonair cúiteamh a fháil fothaithe go díreach ar dhlí an Aontais, gur trí thagairt do rialacha an dlí náisiúnta maidir le dliteanas a dhéanann Ballstát cúiteamh as iarmhairtí aon chaillteanais agus damáiste a tharla mar thoradh ar a shárú. (31) Is faoi dhlíthe na mBallstát atá sé na coinníollacha substainteacha agus nós imeachta a leagan síos chun cúiteamh airgid a thabhairt do chaillteanas agus damáiste, faoi réir phrionsabal na héifeachtachta a chomhlíonadh i gcónaí. (32)

39.      Sa bhreithiúnas in Brasserie du pêcheur, rinne an Chúirt tuilleadh scrúdaithe ar na critéir faoina rialaítear cúiteamh. (33) Bhain sí de thátal as nach bhforchuirtear le dlí an Aontais aon chritéir shonracha maidir leis na cinn éagsúla damáiste a d’aithin na cúirteanna a rinne an tarchur, (34) ar ábhar don dlí intíre iad faoi réir phrionsabal na coibhéise agus na héifeachtachta a chomhlíonadh. (35) Chuir sí in iúl freisin nach nglactar i ndlí an Aontais le heisiamh iomlán an chaillteanais brabúis mar cheann damáiste mar go mbeadh eisiamh den sórt sin contrártha le prionsabal na héifeachtachta. (36) I gcás eile a bhaineann le dliteanas neamhchonarthach na mBallstát i leith sáruithe ar dhlí an Aontais, mhol an tAbhcóide Ginearálta Léger go bhféadfadh damáiste inghnóthaithe a bheith i gceist ní hamháin i gcailleadh brabúis ach freisin i gcailleadh deise, ar choinníoll gur iarmhairt sách cinnte é sin den sárú líomhnaithe. (37) I réimse an dlí fostaíochta, chinn an Chúirt go bhféadfadh ceart chun damáistí a éileamh mar gheall ar chailleadh deise a bheith leordhóthanach chun iarmhairtí sáraithe ar dhlí an Aontais a chur ar neamhní agus ag teacht le prionsabal na héifeachtachta. (38) Léirítear leis na breithnithe sin nach bhfuil raon feidhme uathriail nós imeachta na mBallstát gan teorainn ós rud é go bhféadfaidh an Chúirt oibleagáidí sonracha a leagan síos chun a áirithiú go bhfaighidh daoine aonair a ndéantar dochar dóibh le sárú ar dhlí an Aontais íoschaighdeán cosanta.

40.      Áitíonn Rialtais na hOstaire, na Seice agus na Slóvaice nach bhfuil cásdlí chúirteanna an Aontais maidir le cailleadh deise mar thoradh ar neamhdhleathacht i ndámhachtain conarthaí poiblí ag institiúidí an Aontais infheidhme go huathoibríoch maidir leis na himthosca inar eascair an tarchur seo. Aontaím leis an áitiúsin. Ar chúis ar bith, tá difríocht idir na rialacha lena rialaítear athbhreithniú ar dhámhachtain conarthaí poiblí ag institiúidí an Aontais agus na rialacha a rialaíonn dámhachtain conarthaí poiblí ag údaráis chonarthacha. (39) Cé gur chinn an Chúirt Ghinearálta go bhféadfaidh tairgeoir atá eisiata go neamhdhleathach ó nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain ag institiúid de chuid an Aontais damáistí a éileamh as deiseanna a chailleadh, (40) baineann an cásdlí sin le dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh, ní le dliteanas a Bhallstát. (41) Ba cheart a choinneáil i gcuimhne go bhfuil an ról atá ag cúirteanna an Aontais sna himthosca sin cosúil leis an ról a bhíonn ag cúirteanna na mBallstát nuair a chuireann siad a rialacha nós imeachta náisiúnta i bhfeidhm. Is sa chomhthéacs sonrach sin a iarrtar ar dhlí an Aontais gach gné den dlí lena rialaítear dámhachtain conarthaí poiblí ag institiúidí an Aontais a rialáil, lena n‑áirítear ceist an dliteanais neamhchonarthaigh sin, de réir mar a thiocfadh sí chun cinn. Is gnách go léirítear sa chásdlí maidir le damáistí as sáruithe ag institiúidí an Aontais ar an dlí lena rialaítear dámhachtain conarthaí poiblí gur coincheapa éagsúla iad cailleadh brabúis agus cailleadh deise. Cé go ndéantar cailleadh brabúis a mheasúnú trí thagairt a dhéanamh do chúiteamh as conradh a chailleadh, is éard atá i gceist le cailleadh deise ná cúiteamh as cailleadh deise chun conradh a thabhairt i gcrích. (42) Dealraíonn sé go n‑aithnítear an coincheap um chailleadh deise freisin i gcaingne damáistí i gcomhthéacs Rialacháin foirne an Aontais agus dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh. (43)

41.      Ó na téarmaí ina gcuirtear Airteagal 2(1)(c) de Threoir 89/665 in iúl, agus na cuspóirí a shaothraítear sa treoir araon, a bhféachtar orthu i gcomhthéacs na bprionsabal ginearálta lena rialaítear dliteanas neamhchonarthach na mBallstát i leith sáruithe ar dhlí an Aontais, féadtar teacht ar an tátal gur faoi dhlíthe na mBallstát atá sé na cinn damáiste a shainiú faoina bhféadfaidh tairgeoir atá eisiata go neamhdhleathach ó nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain cúiteamh a éileamh, ar choinníoll go gcomhlíontar prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta leis na rialacha náisiúnta sin.

42.      Ní thugtar le fios leis an ábhar atá os comhair na Cúirte go mbaineann an cás seo le sárú ar bith ar phrionsabal na coibhéise. Tá an cheist fós ann maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil léiriú breithiúnach ar an reachtaíocht náisiúnta nach bhfuil sé beartaithe damáistí a dhámhachtain mar gheall ar chailleadh deise ag cloí le prionsabal na héifeachtachta, mar atá sainmhínithe i mír 34 den Tuairim seo. Sa chomhthéacs sin, ní fhéadfar an bonn a bhaint d’éifeachtacht Threoir 89/665, ná de na cearta a thugtar léi do dhaoine aonair. (44) Chinn an Chúirt go sáraítear Treoir 89/665 le rialacha náisiúnta ina gcuirtear dámhachtain damáistí faoi réir cruthúnas ar locht nó calaois ar thaobh na n‑údarás conarthach, ós rud é go ndéantar éifeachtacht iomlán bheartas an Aontais i réimse an tsoláthair phoiblí a lagú le rialacha den sórt sin. (45)

43.      I gcás ina bhfaigheann tairgeoir cinneadh cúirte leis an toradh go bhfuil sé eisiata go neamhdhleathach ó nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain, agus go bhfuil an conradh sin tugtha i gcrích ag an údarás conarthach le tairgeoir eile, is cosúil go sárófaí prionsabal na héifeachtachta trí aon fhéidearthacht damáistí a éileamh as cailleadh deise an conradh sin a fháil a eisiamh. Tá an staid sin ar neamhréir le haidhm Threoir 89/665, arb é atá ann leigheasanna éifeachtacha a ráthú i gcoinne chinntí na n‑údarás conarthach arna ndéanamh de shárú ar dhlí an Aontais, ós rud é go mbainfí an leigheas forlíontach a thugtar le hAirteagal 2(1) de Threoir 89/665, eadhon dámhachtain damáistí, de dhuine ar a ndéanfaí dochar amhlaidh. Is faoi dhlíthe na mBallstát atá sé na coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfar an t‑éileamh sin a dhéanamh, lena n‑áirítear dualgas agus caighdeán cruthúnais, cúisíocht, agus ríomh mhéid aon dámhachtana. (46)

44.      Foráiltear le hAirteagal 442(1) den Chód Sibhialta go ndéanfar, i gcaingne damáistí, cúiteamh a dhámhachtain i leith damáiste iarbhír agus caillteanas brabús. Dealraíonn sé go dtugtar le tuiscint san ordú tarchuir nach bhfuil sé beartaithe i gcásdlí na gcúirteanna náisiúnta go ndéanfar damáistí a dhámhachtain as deis a chailleadh chun conradh poiblí a fháil. D’áitigh Rialtas na Slóvaice ag an éisteacht go bhfuil, faoi dhlí an Bhallstáit sin, cailleadh deise mar chuid den choincheap um chailleadh brabúis trína bhféadtar dámhachtain damáistí a bhunú, ar choinníoll gur féidir leis an duine a ndearnadh dochar dó a léiriú go raibh seans an‑ard aige go mbronnfar an conradh poiblí air.

45.      Ós rud é go bhfuil dlínse ag an gcúirt a rinne an tarchur amháin a reachtaíocht náisiúnta a léiriú agus a chur i bhfeidhm, is faoin gcúirt sin atá sé na rialacha a bhaineann le héilimh ar dhamáistí a léiriú, a mhéid is féidir, ar bhealach a áiritheoidh go gcomhlíonfar prionsabal na héifeachtachta. Agus an dlí náisiúnta á chur i bhfeidhm, ní mór don chúirt náisiúnta, a mhéid is féidir, é a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais. Tá léiriú den sórt sin faoi réir comhlíonadh teorainneacha aitheanta, go háirithe an toirmeasc ar léiriú contra legem ar an dlí náisiúnta. I gcás nach féidir le cúirt náisiúnta teacht ar léiriú den sórt sin, ní mór di dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go hiomlán chun na cearta a thugann sí do dhaoine aonair a chosaint, más gá gan aon fhoráil a chur i bhfeidhm a mhéid a bheadh toradh contrártha do dhlí an Aontais mar thoradh uirthi, ar choinníoll go bhfuil éifeacht dhíreach ag an bhforáil ábhartha de dhlí an Aontais. (47) Sa chomhthéacs sin, chinn an Chúirt cheana go bhféadfadh an oibleagáid an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais a cheangal ar na cúirteanna náisiúnta cásdlí seanbhunaithe a athrú i gcás ina bhfuil sé bunaithe ar léiriú nach bhfuil comhoiriúnach le dlí an Aontais. (48)

 V. Conclúid

46.      Molaim go bhfreagróidh an Chúirt na ceisteanna arna dtarchur ag Okresný súd Bratislava II (an Chúirt Dúiche, an Bhratasláiv, an tSlóvaic) le haghaidh réamhrialú mar a leanas:

Tá Airteagal 2(1)(c) de Threoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na ndlíthe, na Rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe chun conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí a dhámhachtain, a léiriú sa chiall gur

faoi dhlíthe na mBallstát a chinnfidh na coinníollacha faoina bhféadfaidh cúirt náisiúnta breithniú a dhéanamh ar éileamh ar dhámhachtain damáistí ag tairgeoir atá eisiata go neamhdhleathach ó nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain arna rialú ag an treoir sin. Áirítear ar na coinníollacha sin an dualgas agus caighdeán cruthúnais, cúisíocht, agus ríomh mhéid aon dámhachtana. Chun na críche sin ní mór do dhlíthe na mBallstát prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta a chomhlíonadh. Ceanglaítear le prionsabal na héifeachtachta nach bhféadfaidh cúirt náisiúnta brath ar chleachtas trína gcuirtear cosc ar thairgeoir atá eisiata go neamhdhleathach ó nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain damáistí a éileamh as deis a chailleadh an conradh sin a fháil.


1      Bunteanga: an Béarla.


2      IO 1989 L 395, lch. 33, arna leasú le Treoir 2007/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 (IO 2007 L 335, lch. 31) agus le Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 (IO 2014 L 94, lch. 1).


3      IO 2004 L 134, lch. 114.


4      Féach breithiúnas an 13 Eanáir 2022, Regione Puglia (C‑110/20, EU:C:2022:5, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear).


5      Ibid., mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear.


6      Féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Bealtaine 2008, Belfass v an Comhairle (T‑495/04, EU:T:2008:160, mír 124), an 20 Meán Fómhair 2011, Evropaïki Dynamiki v EIB (T‑461/08, EU:T:2011:494, mír 210) agus an 28 Feabhra 2018, Vakakis kai Synergates v an Coimisiún (T‑292/15, EU:T:2018:103, mír 187).


7      Is léir ón ordú tarchuir gur chuir Najvyšší súd Slovenskej republiky (Cúirt Uachtarach Phoblacht na Slóvaice) an cinneadh maidir le Ingsteel a eisiamh ón nós imeachta chun an conradh poiblí ábhartha a dhámhachtain ar neamhní.


8      Ach amháin sna cásanna a mheabhraítear in Airteagail 2d, 2e agus 2f de Threoir 89/665, nach bhfuil aon bhaint acu leis an gcás seo: breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2014, Fastweb (C‑19/13, EU:C:2014:2194, mír 52). Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Campos Sánchez-Bordona in Ingsteel agus Metrostav (C‑76/16, EU:C:2017:226, mír 69).


9      Breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2018, Anodiki Services EPE (C‑260/17, EU:C:2018:864, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).


10      Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Cruz Villalón in Combinatie Spijker Infrabouw v De Jonge Konstruktie agus páirtithe eile (C‑568/08, EU:C:2010:515, mír 106).


11      Féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Nollaig 2010, Combinatie Spijker Infrabouw v De Jonge Konstruktie agus páirtithe eile (C‑568/08, EU:C:2010:751, mír 86).


12      Féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2010, Symvoulio Apochetefseon Lefkosias (C‑570/08, EU:C:2010:621, mír 37), an 26 Márta 2020, Hungeod agus páirtithe eile (C‑496/18 agus C‑497/18, EU:C:2020:240, mír 73); agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek in Marina del Mediterráneo agus páirtithe eile (C‑391/15, EU:C:2016:651, mír 38).


13      Féach, chuige sin, breithiúnais an 30 Meán Fómhair 2010, Strabag agus páirtithe eile (C‑314/09, EU:C:2010:567, mír 33) agus an 7 Lúnasa 2018, Hochtief (C‑300/17, EU:C:2018:635, mír 35).


14      Breithiúnas an 18 Meitheamh 2002, HI (C‑92/00, EU:C:2002:379, mír 58). Féach freisin, mutatis mutandis, breithiúnas an 11 Iúil 1985, Foreningen af Arbejdsledere i Danmark (105/84, EU:C:1985:331, mír 26), i gcás inar chinn an Chúirt nach bhféadfadh coincheap a áiríodh i dtreoir lena ndéantar comhchuibhiú páirteach a bheith ina choincheap uathrialach de dhlí an Aontais toisc nach raibh sé i gceist leis an treoir sin leibhéal aonfhoirmeach cosanta a bhunú ar bhonn critéir choiteanna.


15      Féach Treoir 2007/66 agus Treoir 2014/23.


16      Breithiúnas an 9 Nollaig 2010, Combinatie Spijker Infrabouw-De Jonge Konstruktie agus páirtithe eile (C‑568/08, EU:C:2010:751, mír 90).


17      Breithiúnas an 30 Meán Fómhair 2010, Strabag agus páirtithe eile (C‑314/09, EU:C:2010:567, mír 34).


18      Breithiúnais an 9 Nollaig 2010, Combinatie Spijker Infrabouw-De Jonge Konstruktie agus páirtithe eile  (C‑568/08, EU:C:2010:751, mír 91 agus an cásdlí dá dtagraítear) agus an 26 Samhain 2015, MedEval (C‑166/14, EU:C:2015:779, mír 37).


19      Féadfaidh an himthosca sin míniú páirteach a thabhairt ar an bhfáth nach bhfuil na rialacha maidir le conarthaí poiblí a dhámhachtain sa Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1: “an Rialachán Airgeadais) comhionann leo sin i dTreoir 89/665. Féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Bealtaine 2014, European Dynamics Luxembourg v BCE (T‑553/11, EU:T:2014:275, mír 110), inar chinn an Chúirt Ghinearálta nach bhféadfaí an córas a bunaíodh le Treoir 89/665 a thrasuí mutatis mutandis chuig dámhachtainí conarthaí poiblí ag institiúidí an Aontais.


20      Breithiúnas ó Chúirt CSTE an 31 Deireadh Fómhair 2017, FosenLinjen v AtB (E-16/16, Tuarascáil Chúirt CSTE 2017, mír 90; “an breithiúnas in FosenLinjen I”).


21      Breithiúnas ó Chúirt CSTE an 1 Lúnasa 2019, FosenLinjen v AtB (E-7/18, Tuarascáil Chúirt CSTE 2019; “an breithiúnas in FosenLinjen II”).


22      Féach, chuige sin, breithiúnais ó Chúirt CSTE an 31 Deireadh Fómhair 2017, FosenLinjen v AtB (E-16/16, Tuarascáil Chúirt CSTE 2017, mír 67) agus an 1 Lúnasa 2019, FosenLinjen v AtB (E-7/18, Tuarascáil Chúirt CSTE 2019, mír 109).


23      Breithiúnais ó Chúirt CSTE an 31 Deireadh Fómhair 2017, FosenLinjen v AtB (E-16/16, Tuarascáil Chúirt CSTE 2017, mír 76).


24      Ibid. (míreanna 69 agus 70).


25      Féach, chuige sin, ibid. (míreanna 89 agus 108).


26      Breithiúnais ó Chúirt CSTE an 31 Deireadh Fómhair 2017, FosenLinjen v AtB (E-16/16, Tuarascáil Chúirt CSTE 2017, mír 70) agus an 1 Lúnasa 2019, FosenLinjen v AtB (E-7/18, Tuarascáil Chúirt CSTE 2019, mír 114).


27      Breithiúnais ó Chúirt CSTE an 31 Deireadh Fómhair 2017, FosenLinjen v AtB (E-16/16, Tuarascáil Chúirt CSTE 2017, mír 73).


28      Breithiúnais ó Chúirt CSTE an 31 Deireadh Fómhair 2017, FosenLinjen v AtB (E-16/16, Tuarascáil Chúirt CSTE 2017, mír 90) agus an 1 Lúnasa 2019, FosenLinjen v AtB (E-7/18, Tuarascáil Chúirt CSTE 2019, míreanna 115 agus 116).


29      Breithiúnas an 9 Nollaig 2010, Combinatie Spijker Infrabouw-De Jonge Konstruktie agus páirtithe eile (C‑568/08, EU:C:2010:751, mír 87).


30      Breithiúnas an 19 Samhain 1991, Francovich agus páirtithe eile (C‑6/90 agus C‑9/90, EU:C:1991:428, mír 40; ‘an breithiúnas in Francovich’). Féach freisin breithiúnas an 5 Márta 1996, Brasserie du pêcheur agus Factortame (C‑46/93 agus C‑48/93, EU:C:1996:79, mír 51; ‘an breithiúnas in Brasserie du pêcheur’).


31      Breithiúnas an 19 Samhain 1991, Francovich agus páirtithe eile (C‑6/90 agus C‑9/90, EU:C:1991:428, mír 42). Féach freisin breithiúnais an 5 Márta 1996, Brasserie du pêcheur agus Factortame (C‑46/93 agus C‑48/93, EU:C:1996:79, mír 67), an 30 Meán Fómhair 2003, Köbler (C‑224/01, EU:C:2003:513, mír 58), agus an 13 Márta 2007, Test Claimants in the Thin Cap Group Litigation (C‑524/04, EU:C:2007:161, mír 123).


32      Breithiúnas an 19 Samhain 1991, Francovich agus páirtithe eile (C‑6/90 agus C‑9/90, EU:C:1991:428, mír 43). Féach freisin, chuige sin, breithiúnas an 17 Aibreán 2007, AGM-COS.MET (C‑470/03, EU:C:2007:213, mír 89) agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Geelhoed in GAT (C‑315/01, EU:C:2002:573, mír 64).


33      Breithiúnas an 5 Márta 1996, Brasserie du Pêcheur agus Factortame (C‑46/93 agus C‑48/93, EU:C:1996:79, mír 81).


34      Luaigh an chúirt náisiúnta go sainráite speansais, cailleadh brabúis, cailleadh ioncaim agus caillteanais de thoradh díolacháin mheasta faoi bhun luach sa chomhthéacs sin (ibid., mír 14).


35      Ibid., míreanna 83, 84 agus 88.


      Is cosúil go bhfuil an litríocht acadúil ar dhliteanas neamhchonarthach na mBallstát as sárú ar dhlí an Aontais den tuairim d’aon toil, cé go mbunaítear ceart cúitimh le dlí an Aontais, gur faoi chórais dlí na mBallstát atá an t‑ábhar beacht d’aon leigheas, faoi réir chomhlíonadh phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta. Tugadh faoi deara freisin, ós rud é nach bhfuil iarracht déanta coincheap an damáiste a shainiú, gur fhág an Chúirt an t‑ábhar sin faoi na dlíthe náisiúnta. Féach W. Van Gerven, ‘Of rights, remedies and procedures’, Common Market Law Review, Iml. 37, Eagrán 3, 2000, lgh. 511 agus 512. Féach freisin Christ, H, ‘Compensation for damage: The non‑contractual liability of Member States and EU Institutions for breaches of EU law’, in Colcelli, V. agus Arnold, R. (eagarthóirí), Europeanization Through Private Law Instruments, Universitätsverlag Regensburg, 2016, lch. 213; Biondi, A. agus Farley, M. The Right to Damages in European Law, Kluwer Law International; 2009, lgh. 76 go 83; Gutman, K., ‘Liability for breach of EU law by the Union, Member States and individuals: damages, enforcement and effective judicial protection’, in Lazowski, A. agus Blockmans, S. (eagarthóirí), ‘Research Handbook on EU Institutional Law’, Edward Elgar Law, 2016, lch. 460.


      Measann údair éagsúla ar ábhar damáistí i réimse an tsoláthair phoiblí, mar an gcéanna, gur fearr an sainmhíniú ar dhamáiste a fhágáil faoi dhlíthe na mBallstát ar bhonn phrionsabal na huathrialach nós imeachta náisiúnta, faoi réir phrionsabail na héifeachtachta agus na coibhéise. Féach Treumer, S. ‘Basis and conditions for a damages claim for breach of the EU public procurement rules’, in Fairgrieve, D. agus Lichère, F., Public Procurement Law: Damages as an Effective Remedy, Hart, 2011, lch. 150. Féach freisin R. Caranta, ‘Damages for Breaches of EU Public Procurement Law: Issues of Causation and Recoverable Losses’, in Fairgrieve, D. agus Lichère, F., Public Procurement Law: Damages as an Effective Remedy, Hart, 2011, lgh. 167 go 184; Schebesta, H. Damages in EU Public Procurement Law, Springer International Publishing Switzerland,, 2016, lgh. 52 go 60.


36      Breithiúnas an 5 Márta 1996, Brasserie du Pêcheur agus Factortame (C‑46/93 agus C‑48/93, EU:C:1996:79, mír 87). Féach freisin breithiúnas an 17 Aibreán 2007, AGM-COS.MET (C‑470/03, EU:C:2007:213, mír 89). Tháinig an Chúirt ar an gconclúid chéanna maidir le dliteanas neamhchonarthach daoine aonair as sáruithe ar dhlí an Aontais (breithiúnas an 13 Iúil 2006, Manfredi agus páirtithe eile, C‑295/04 go C‑298/04, EU:C:2006:461, míreanna 95 agus 96).


      De réir údair áirithe, léirítear le cásdlí na Cúirte ar dhliteanas neamhchonarthach na mBallstát an chothromaíocht íogair (agus an teannas) idir aontacht agus éagsúlacht, tríd an idirghníomhú idir uathriail náisiúnta nós imeachta agus prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta. Féach Gutman, K. ‘Liability for breach of EU law by the Union, Member States and individuals : damages, enforcement and effective judicial protection”, in Lazowski, A. agus Blockmans, S. (eagarthóirí), Research handbook on EU institutional law, Edward Elgar Law, 2016, lch. 465.


37      Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Léger in Hedley Lomas (C‑5/94, EU:C:1995:193, mír 183).


38      Breithiúnas an 7 Márta 2018, Santoro (C‑494/16, EU:C:2018:166, mír 50).


39      Féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Bealtaine 2008, Belfass v an Comhairle (T‑495/04, EU:T:2008:160, mír 43); an 3 Márta 2011, Evropaïki Dynamiki v an Coimisiún (T‑589/08, EU:T:2011:73, míreanna 22 agus 23); agus an 12 Iúil 2012, Evropaïki Dynamiki v Frontex (T‑476/07, EU:T:2012:366, míreanna 39 go 41).


40      Féach, mar shampla, breithiúnais an 20 Meán Fómhair 2011, Evropaïki Dynamiki v EIB (T‑461/08, EU:T:2011:494, mír 66); an 28 Feabhra 2018, Vakakis kai Synergates v an Coimisiún (T‑292/15, EU:T:2018:103, míreanna 186 go 193); an 14 Nollaig 2018, East West Consulting v an Coimisiún (T‑298/16, EU:T:2018:967, mír 176) agus an 12 Feabhra 2019, Vakakis kai Synergates v an Coimisiún (T‑292/15, EU:T:2019:84, mír 53).


41      Rialaítear dámhachtain conarthaí poiblí ag institiúidí an Aontais le Rialachán Airgeadais. Níl feidhm aige maidir le conarthaí poiblí a dhámhachtain ag údaráis chonarthacha na mBallstát, atá á rialú go substaintiúil le Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO 2004 L 134, lch. 114).


42      Breithiúnas an 28 Feabhra 2018, Vakakis kai Synergates v an Coimisiún (T‑292/15, EU:T:2018:103, mír 188).


43      I gcomhthéacs cásanna foirne, féach breithiúnais an 21 Feabhra 2008, an Coimisiún v Girardot (C‑348/06 P, EU:C:2008:107, mír 55), agus an 27 Deireadh Fómhair 1994, C v an Coimisiún (T‑47/93, EU:T:1994:262, míreanna 54 agus 55). Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ginearálta Cruz Villalón in Giordano v an Coimisiún (C‑611/12 P, EU:C:2014:195), ina mínítear go bhfuil baint ag an gcoincheap um chailleadh deise i ndlí na ndamáistí le teacht chun cinn an ‘teoiric riosca’, rud a fhágann gur féidir méid dóchúlacht imeachtaí sa todhchaí a chainníochtú. Maidir le dliteanas ginearálta neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh i leith sáruithe ar dhlí an Aontais, féach breithiúnas an 8 Bealtaine 2007, Citymo v an Coimisiún (T‑271/04, EU:T:2007:128, míreanna 180 go 182).


44      Féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Lúnasa 2018, Hochtief (C‑300/17, EU:C:2018:635, mír 38).


45      Breithiúnas an 10 Eanáir 2008, an Coimisiún v an Phortaingéil (C‑70/06, EU:C:2008:3, mír 42).


46      De réir Schebestra, d’fhéadfadh teoiric an chailleadh deise réiteach a chur ar fáil ar an bhfadhb athfhillteach de chineál hipitéiseach de chaillteanais an tairgeora nár éirigh leis. Schebesta, H. Damages in EU Public Procurement Law, Springer International Publishing an Eilvéis, 2016, lch. 205.


47      Féach, chuige sin, breithiúnais an 27 Feabhra 2003, Santex (C‑327/00, EU:C:2003:109, míreanna 62 go 64) agus breithiúnas an 11 Deireadh Fómhair 2007, Lämmerzahl (C‑241/06, EU:C:2007:597, míreanna 62 agus 63). Féach freisin breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, Popławski (C‑573/17, EU:C:2019:530, míreanna 55, 61 agus 62).


48      Breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, Popławski (C-573/17, EU:C:2019:530, mír 78).

Top