This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CA0497
Case C-497/22, Roompot Service: Judgment of the Court (Fourth Chamber) of 16 November 2023 (request for a preliminary ruling from the Landgericht Düsseldorf — Germany) — EM v Roompot Service BV (Reference for a preliminary ruling — Judicial cooperation in civil matters — Regulation (EU) No 1215/2012 — Exclusive jurisdiction — First subparagraph of Article 24(1) — Disputes regarding tenancies of immovable property — Contract in relation to the short-term letting of a bungalow in a holiday park concluded between an individual and a tourism professional operating that park)
Cás C-497/22, Roompot Service: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 16 Samhain 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Düsseldorf – an Ghearmáin) – EM v Roompot Service BV (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 – Dlínse eisiach – Airteagal 24(1), an chéad fhomhír – Díospóidí maidir le tionóntachtaí réadmhaoine – Conradh maidir le ligean gearrthéarmach bungaló i bpáirc shaoire ar cíos arna thabhairt i gcrích idir duine príobháideach agus duine gairmiúil turasóireachta atá i gceannas ar an bpáirc)

IO C, C/2024/526, 8.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/526/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/526 |
8.1.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 16 Samhain 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Düsseldorf – an Ghearmáin) – EM v Roompot Service BV
(Cás C-497/22, Roompot Service) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 - Dlínse eisiach - Airteagal 24(1), an chéad fhomhír - Díospóidí maidir le tionóntachtaí réadmhaoine - Conradh maidir le ligean gearrthéarmach bungaló i bpáirc shaoire ar cíos arna thabhairt i gcrích idir duine príobháideach agus duine gairmiúil turasóireachta atá i gceannas ar an bpáirc)
(C/2024/526)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht Düsseldorf
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: EM
Cosantóir: Roompot Service BV
An chuid oibríochtúil
Maidir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 12 Nollaig 2012, maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála,
Ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
nach dtagann conradh arna thabhairt i gcrích idir duine príobháideach agus duine gairmiúil turasóireachta trínar lig an duine gairmiúil turasóireachta sin cóiríocht saoire le haghaidh úsáide pearsanta ghearrthéarmach atá lonnaithe i bpáirc shaoire arna n-oibriú ag an duine gairmiúil sin agus lena n-áirítear, mar aon le ligean an cóiríochta sin, comhlíonadh réimse seirbhísí i gcomaoin cnapshuime, faoin gcoincheap ‘tionóntachtaí réadmhaoine’ de réir bhrí na forála sin.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/526/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)