Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CA0086

    Cás C-86/22, Papier Mettler Italia: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 21 Nollaig 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio – an Iodáil) – Papier Mettler Italia Srl v Ministero della Transizione Ecologica, Ministero dello Sviluppo Economico (Tarchur chun réamhrialú – Comhfhogasú reachtach – Timpeallacht – Treoir 94/62/CE – Pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht – Treoir 98/34CE – Nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise – Oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach faoi aon dréacht-rialachán teicniúil – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do rialacha teicniúla níos srianta ná na rialacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh)

    IO C, C/2024/1370, 19.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1370/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1370/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/1370

    19.2.2024

    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 21 Nollaig 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio – an Iodáil) – Papier Mettler Italia Srl v Ministero della Transizione Ecologica, Ministero dello Sviluppo Economico

    (Cás C-86/22 (1), Papier Mettler Italia)

    (Tarchur chun réamhrialú - Comhfhogasú reachtach - Timpeallacht - Treoir 94/62/CE - Pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht - Treoir 98/34CE - Nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise - Oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach faoi aon dréacht-rialachán teicniúil - Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do rialacha teicniúla níos srianta ná na rialacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh)

    (C/2024/1370)

    Teanga an cháis: an Iodáilis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Papier Mettler Italia Srl

    Cosantóirí: Ministero della Transizione Ecologica, Ministero dello Sviluppo Economico

    Idiragraí: Associazione Italiana delle Bioplastiche e dei Materiali Biodegradabili e Compostabili – Assobioplastiche

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Maidir le hAirteagail 8 agus 9 de Threoir 98/34/CE an 22 Meitheamh 1998 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh lena gcuirtear toirmeasc ar mhargaíocht málaí aonúsáide a dhéantar as ábhair neamh-bhithdhíghrádaithe agus neamh-inmhúirínithe ach lena gcomhlíontar na ceanglais eile a leagtar síos i dTreoir 94/62/CE an 20 Nollaig 1994 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht arna leasú le Treoir 2013/2/AE ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2013, i gcás nár tugadh fógra faoin reachtaíocht sin don Choimisiún ach cúpla lá sular foilsíodh agus glacadh í;

    2)

    Maidir le hAirteagal 18 de Threoir 94/62 arna leasú le Treoir 2013/2, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 9 agus le hIarscríbhinn II de Threoir 94/62, arna leasú,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh lena gcuirtear toirmeasc ar mhargaíocht málaí aonúsáide a dhéantar as ábhair neamh-bhithdhíghrádaithe agus neamh-inmhúirínithe ach lena gcomhlíontar na ceanglais eile a leagtar síos i dTreoir 94/62, arna leasú. Féadfar bonn cirt a bheith leis an reachtaíocht sin, áfach, leis an gcuspóir leibhéal cosanta níos airde don timpeallacht a áirithiú, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 114(5) agus 6 CFAE.

    3)

    Maidir le hAirteagal 18 de Threoir 94/62, arna leasú le Treoir 2013/2, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 9(1) agus Iarscríbhinn II de Threoir 94/62 arna leasú,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    tá éifeacht dhíreach i gceist leis, agus is den sórt é faoina gcaithfidh cúirt náisiúnta, i ndíospóid idir duine aonair agus údaráis náisiúnta, reachtaíocht náisiúnta atá i gcontrárthacht le hAirteagal 18 a fhágáil gan feidhm.

    4)

    Maidir le hAirteagal 18 de Threoir 94/62, arna leasú le Treoir 2013/2,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    féadfaidh reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc ar mhargaíocht málaí aonúsáide a dhéantar as ábhair neamh-bhithdhíghrádaithe agus neamh-inmhúirínithe ach lena gcomhlíontar na ceanglais eile a leagtar síos i dTreoir 94/62 arna leasú, a bheith ina sárú sách tromchúiseach ar an Airteagal 18 úd.


    (1)   IO C 165, 19.4.2022


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1370/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top