Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TB0778

    Cás T-778/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 9 Feabhra 2023 – Folkertsma v an Coimisiún (Imeachtaí le haghaidh damáistí – Conradh Cúnaimh Theicniúil chun tacú leis an aistriú i Bangsamoro (Subatra) – Iarratas ón gCoimisiún chun duine eile a chur in ionad an t-iarratasóir mar shaineolaí – Deireadh a chur leis an gconradh idir an tairgeoir rathúil agus an t-iarratasóir – Dliteanas neamhchonarthach – Sárú atá tromchúiseach go leor ar riail dlí a thugann cearta do dhaoine aonair – Cúisíocht – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

    IO C 112, 27.3.2023, p. 34–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 112/34


    Ordú na Cúirte Ginearálta an 9 Feabhra 2023 – Folkertsma v an Coimisiún

    (Cás T-778/21) (1)

    (Imeachtaí le haghaidh damáistí - Conradh Cúnaimh Theicniúil chun tacú leis an aistriú i Bangsamoro (Subatra) - Iarratas ón gCoimisiún chun duine eile a chur in ionad an t-iarratasóir mar shaineolaí - Deireadh a chur leis an gconradh idir an tairgeoir rathúil agus an t-iarratasóir - Dliteanas neamhchonarthach - Sárú atá tromchúiseach go leor ar riail dlí a thugann cearta do dhaoine aonair - Cúisíocht - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

    (2023/C 112/44)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Rommert Folkertsma (Zierikzee, an Ísiltír) (ionadaithe: L. Levi agus P. Baudoux, Dlíodóirí)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Giolito agus T. Van Noyen, Gníomhairí)

    Ábhar:

    Lena chaingean faoi Airteagal 268 CFAE, lorgaíonn an t-iarratasóir cúiteamh as an damáiste airgeadais agus neamhábhartha a líomhnaítear a d'fhulaing sé mar thoradh ar iarratas an Choimisiúin Eorpaigh teacht ina áit mar shaineolaí i gcomhthéacs tionscadal cúnaimh theicniúil de chuid an Aontais do Phoblacht na nOileán Filipíneach.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Diúltaítear don chaingean.

    2.

    Ordaítear do Rommert Folkertsma na costais a íoc.


    (1)  IO C 84, 21.2.2022.


    Top