Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TB0566

    Cás T-566/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 – Steinbach International v an Coimisiún (Caingean le haghaidh neamhniú – Aontas custaim – Comhtharaif chustaim – Ainmníocht taraife agus staidrimh – Aicmiú san Ainmníocht Chomhcheangailte – Ceannteideal taraife – Gníomh rialála lena bhforáiltear do bhearta cur chun feidhme – Easpa cúraim leithligh – Do-ghlacthacht)

    IO C 71, 27.2.2023, p. 29–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 71/29


    Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 – Steinbach International v an Coimisiún

    (Cás T-566/21) (1)

    (Caingean le haghaidh neamhniú - Aontas custaim - Comhtharaif chustaim - Ainmníocht taraife agus staidrimh - Aicmiú san Ainmníocht Chomhcheangailte - Ceannteideal taraife - Gníomh rialála lena bhforáiltear do bhearta cur chun feidhme - Easpa cúraim leithligh - Do-ghlacthacht)

    (2023/C 71/39)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Steinbach International GmbH (Schwertberg, an Ostair) (ionadaí: J. Gesinn, Dlíodóir)

    Cosantóir: an Choimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Salyková agus L. Mantl, i gcáil Gníomhairí)

    Ábhar

    Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go ndéanfaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2021/957 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2021 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte (IO 2021, L 211, lch. 48) a neamhniú.

    An chuid oibríochtúil

    (1)

    Diúltaítear don chaingean toisc é a bheith do-ghlactha.

    (2)

    Ordaítear do Steinbach International GmbH na costais a íoc.


    (1)  IO C 490, 6.12.2021.


    Top