This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TB0407
Case T-407/21 R: Order of the President of the General Court of 20 October 2022 — PB v Commission (Interim relief — Public service contracts — Irregularities in the contract award procedure — Recovery of amounts unduly paid — Enforceable decision — Application for interim measures — Urgency — Prima facie case — Balance of interests)
Cás T-407/21 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 20 Deireadh Fómhair 2022 – PB v an Coimisiún (Imeachtaí eatramhacha – Conarthaí seirbhíse poiblí – Neamhrialtachtaí maidir leis an nós imeachta um dhámhachtain conarthaí – Méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil – Cinneadh infheidhmithe – Iarratas ar bhearta idirlinne – Práinn – Fumus boni juris – Leasanna a chothromú)
Cás T-407/21 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 20 Deireadh Fómhair 2022 – PB v an Coimisiún (Imeachtaí eatramhacha – Conarthaí seirbhíse poiblí – Neamhrialtachtaí maidir leis an nós imeachta um dhámhachtain conarthaí – Méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil – Cinneadh infheidhmithe – Iarratas ar bhearta idirlinne – Práinn – Fumus boni juris – Leasanna a chothromú)
IO C 15, 16.1.2023, p. 41–41
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
16.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 15/41 |
Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 20 Deireadh Fómhair 2022 – PB v an Coimisiún
(Cás T-407/21 R)
(Imeachtaí eatramhacha - Conarthaí seirbhíse poiblí - Neamhrialtachtaí maidir leis an nós imeachta um dhámhachtain conarthaí - Méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil - Cinneadh infheidhmithe - Iarratas ar bhearta idirlinne - Práinn - Fumus boni juris - Leasanna a chothromú)
(2023/C 15/53)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: PB (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Araujo Arce, J. Estrada de Solà agus J. Baquero Cruz, i gcáil Gníomhairí)
Objet
Lena iarratas de bhun Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go bhfionrófaí feidhm Chinneadh C(2021) 3338 final ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021, maidir le haisghabháil suim de EUR 5 038 737,86 móide ús atá dlite ag stiúrthóir na cuideachta [sonraí rúnda fágtha ar lár] agus, ar an dara dul síos, go dtabharfaí ordú don Choimisiún Eorpach gan leanúint le haisghabháil an mhéid sa chinneadh sin ar bhealach ar bith, go háirithe tríd an nóta dochair a chur i bhfeidhm, go dtí go mbeidh rialú déanta ag an gCúirt Ghinearálta ar an gcaingean sna príomh-imeachtaí.
An chuid oibríochtúil
1) |
Fionraítear feidhm Chinneadh C(2021) 3338 final ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021, maidir le haisghabháil suim de EUR 5 038 737,86 móide ús atá dlite ag stiúrthóir na cuideachta [sonraí rúnda fágtha ar lár]. |
2) |
Forchoimeádtar na costais. |