This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TA0780
Case T-780/21: Judgment of the General Court of 30 November 2022 — Lila Rossa Engros v EUIPO (LiLAC) (EU trade mark — Application for EU figurative mark LiLAC — Absolute ground for refusal — Descriptive character — Article 7(1)(c) of Regulation (EU) 2017/1001)
Cás T-780/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Lila Rossa Engros v EUIPO (LiLAC) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh LiLAC – Dearbhfhoras le diúltú – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Cás T-780/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Lila Rossa Engros v EUIPO (LiLAC) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh LiLAC – Dearbhfhoras le diúltú – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001)
IO C 35, 30.1.2023, p. 57–57
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/57 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Lila Rossa Engros v EUIPO (LiLAC)
(Cás T-780/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh LiLAC - Dearbhfhoras le diúltú - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(2023/C 35/68)
Teanga an cháis: an Rómáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Lila Rossa Engros SRL (Voluntari, an Rómáin) (ionadaí: O. Anghel, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: V. Ruzek, i gcáil Gníomhaire)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Meán Fómhair 2021 (Cás R 441/2021-5) ar neamhní go páirteach.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Lila Rossa Engros SRL a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc. |