EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0747

Cás T-747/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 – Borussia VfL 1900 Mönchengladbach v EUIPO – Neng (Fohlenelf) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cúlghairme – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Fohlenelf” – Fíorúsáid an mhairc – Airteagal 58(1)(a), Airteagal 94(1) agus Airteagal 97(1)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1)

IO C 35, 30.1.2023, p. 56–56 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 35/56


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 – Borussia VfL 1900 Mönchengladbach v EUIPO – Neng (Fohlenelf)

(Cás T-747/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Fohlenelf” - Fíorúsáid an mhairc - Airteagal 58(1)(a), Airteagal 94(1) agus Airteagal 97(1)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1)

(2023/C 35/67)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Borussia VfL 1900 Mönchengladbach GmbH (Mönchengladbach, an Ghearmáin) (ionadaí: R. Kitzberger, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (iondadaithe: A. Söder agus E. Nicolás Gómez, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: David Neng (Brüggen, an Ghearmáin) (ionadaí: D. Breuer, Dlíodóir)

Ábhar

Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 28 Meán Fómhair 2021 (Cás R 2126/2020-4) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1)

Déantar Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 28 Meán Fómhair 2021 (Cás R 2126/2020-4) a neamhniú a mhéid is gur diúltaíodh d’fhianaise ar fhíorúsáid an fhocail “Fohlenelf” maidir le “gallúnach”, a thagann faoi réim Aicme 3, “sceo fhéinghreamaitheacha de pháipéar nó de phlaisteach, lipéid fhéinghreamaitheacha” in Aicme 16, “poircealláin agus earraí cré” in Aicme 21, chomh maith le “guird”, a mhéid is fochatagóir earraí é laistigh de “coimeádáin tí agus cistine”, a thagann freisin faoi réim Aicme 21, “tuáillí folctha teicstíle”, a thagann faoi réim Aicme 24, agus “bréagáin, cluichí”, a thagann faoi réim Aicme 28.

2)

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

3)

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.


(1)  IO C 37, 24.1.2022.


Top