Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0324

    Cás T-324/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Márta 2023 – Harley-Davidson Europe agus Neovia Logistics Services International v an Coimisiún (Aontas Custaim – Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 – Tionscnamh neamhfhabhrach gluaisrothar áirithe arna monarú ag Harley-Davidson a chinneadh – Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena n-iarrtar go ndéanfar cinntí maidir le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh arna nglacadh ag na húdaráis chustaim náisiúnta a chúlghairm – An coincheap “oibriú nó próiseáil nach bhfuil údar eacnamaíoch leo” – An ceart chun éisteacht a fháil)

    IO C 134, 17.4.2023, p. 10–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    17.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 134/10


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Márta 2023 – Harley-Davidson Europe agus Neovia Logistics Services International v an Coimisiún

    (Cás T-324/21) (1)

    (Aontas Custaim - Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 - Tionscnamh neamhfhabhrach gluaisrothar áirithe arna monarú ag Harley-Davidson a chinneadh - Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena n-iarrtar go ndéanfar cinntí maidir le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh arna nglacadh ag na húdaráis chustaim náisiúnta a chúlghairm - An coincheap “oibriú nó próiseáil nach bhfuil údar eacnamaíoch leo” - An ceart chun éisteacht a fháil)

    (2023/C 134/12)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóirí: Harley-Davidson Europe Ltd (Oxford, an Ríocht Aontaithe), Neovia Logistics Services International (Vilvoorde, an Bheilg) (ionadaithe: O. van Baelen, G. Lebrun, Dlíodóirí, agus T. Lyons, KC)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: F. Clotuche-Duvieusart agus M. Kocjan, i gcáil Gníomhairí)

    Ábhar

    Leis an gcaingean seo atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/563 ón gCoimisiún an 31 Márta 2021 maidir le bailíocht cinntí áirithe maidir le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh (IO 2021 L 119, lch. 117, atá dírithe chuig Ríocht na Beilge, a chur ar neamhní. Leis an gcinneadh sin, d’iarr an Coimisiún Eorpach go gcúlghairfí dhá chinneadh maidir le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh, arna nglacadh i bhfábhar Neovia thar cheann Harley-Davidson, maidir le catagóirí áirithe gluaisrothair arna monarú ag Harley-Davidson sa Téalainn a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach, tríd an mBeilg.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Déantar an chaingean a dhíbhe.

    2)

    Ordaítear do Harley-Davidson Europe Ltd agus do Neovia Logistics Services International na costais a íoc.


    (1)  IO C 297, 26.7.2021.


    Top