This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TA0298
Case T-298/21: Judgment of the General Court of 4 May 2022 — Bodegas Beronia v EUIPO — Bodegas Carlos Serres (ALEGRA DE BERONIA) (EU trade mark — Opposition proceedings — Application for EU word mark ALEGRA DE BERONIA — Earlier national word mark ALEGRO — Relative ground for refusal — Lack of likelihood of confusion — Article 8(5)(b) of Regulation (EU) 2017/1001)
Cás T-298/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Bodegas Beronia v EUIPO – Bodegas Carlos Serres (ALEGRA DE BERONIA) [Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ALEGRA DE BERONIA – Focalmharc náisiúnta níos luaithe ALEGRO – Foras coibhneasta le diúltú – Easpa riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001]
Cás T-298/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Bodegas Beronia v EUIPO – Bodegas Carlos Serres (ALEGRA DE BERONIA) [Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ALEGRA DE BERONIA – Focalmharc náisiúnta níos luaithe ALEGRO – Foras coibhneasta le diúltú – Easpa riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001]
IO C 257, 4.7.2022, p. 33–33
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 257, 4.7.2022, p. 29–29
(GA)
4.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 257/29 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Bodegas Beronia v EUIPO – Bodegas Carlos Serres (ALEGRA DE BERONIA)
(Cás T-298/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ALEGRA DE BERONIA - Focalmharc náisiúnta níos luaithe ALEGRO - Foras coibhneasta le diúltú - Easpa riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(2022/C 257/43)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Bodegas Beronia, SA (Ollauri, an Spáinn) (ionadaí: J. Mora Cortés, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: R. Raponi agus J. Ivanauskas, i gcáil Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Bodegas Carlos Serres, SL (Haro, an Spáinn) (ionadaithe: F. Pérez Álvarez agus J. Pérez Itarte, Dlíodóirí)
Ábhar
Caingean arna tabhairt i gcoinne an chinnidh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 12 Márta 2021 (Cás R 2013/2020-1), maidir le himeachtaí freasúra idir Bodegas Carlos Serres agus Bodegas Beronia.
An chuid oibríochtúil
1) |
Cuirtear cinneadh an Chéad Bhoird Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 12 Márta 2021, (Cás R 2013/2020-1) ar neamhní. |
2) |
Ordaítear do EUIPO a chostais féin chomh maith le leath na gcostas arna dtabhú ag Bodegas Beronia, SA, lena n-áirítear leath na gcostas riachtanach arna dtabhú acu chun críocha na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO a íoc. |
3) |
Ordaítear do Bodegas Carlos Serres, SL a chostais féin chomh maith le leath na gcostas arna dtabhú ag Bodegas Beronia, lena n-áirítear leath na gcostas riachtanach arna dtabhú acu chun críocha na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO a íoc. |