This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TA0280
Case T-280/21: Judgment of the General Court of 30 March 2022 — Daimler v EUIPO (Representation of three-pointed stars on a black background III) (EU trade mark — Application for EU figurative mark — Representation of three-pointed stars on a black background III — Absolute ground for refusal — Lack of distinctive character — Article 7(1)(b) of Regulation (EU) 2017/1001)
Cás T-280/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Daimler v EUIPO (Léiriú ar réalta thrírinneach ar chúlra dubh III) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar phatrúnmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Léiriú ar réalta thrírinneach ar chúlra dubh III – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa leithleachais – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

IO C 213, 30.5.2022, p. 38–39
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 213, 30.5.2022, p. 36–37
(GA)
30.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 213/36 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Daimler v EUIPO (Léiriú ar réalta thrírinneach ar chúlra dubh III)
(Cás T-280/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar phatrúnmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Léiriú ar réalta thrírinneach ar chúlra dubh III - Dearbhfhoras le diúltú - Easpa leithleachais - Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(2022/C 213/52)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Daimler AG (Stuttgart, an Ghearmáin) (ionadaí: N. Siebertz, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Schäfer agus E. Markakis, Gníomhairí)
Maidir le:
Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an chúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 18 Márta 2021 (Cás R 1895/2020 – 5) maidir le hiarratas ar chlárú patrúnmhairc lena léirítear réalta thrírinneach ar chúlra dubh III mar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Daimler AG na costais a íoc. |