EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0214

Cás T-214/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 5 Deireadh Fómhair 2022 – Múka v an Coimisiún (Rochtain ar dhoiciméid – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Doiciméid a bhaineann le nósanna imeachta i dtaobh rialú Státchabhrach – Diúltú rochtain a thabhairt – Airteagal 4(2), tríú fleasc, de Rialachán Uimh. 1049/2001 – Eisceacht i ndáil le cosaint chuspóirí na gcigireachtaí, na n-imscrúduithe agus na n-iniúchtaí – Toimhde ghinearálta neamhnochta – Leas poiblí sáraitheach)

IO C 472, 12.12.2022, p. 35–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 472/35


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 5 Deireadh Fómhair 2022 – Múka v an Coimisiún

(Cás T-214/21) (1)

(Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Doiciméid a bhaineann le nósanna imeachta i dtaobh rialú Státchabhrach - Diúltú rochtain a thabhairt - Airteagal 4(2), tríú fleasc, de Rialachán Uimh. 1049/2001 - Eisceacht i ndáil le cosaint chuspóirí na gcigireachtaí, na n-imscrúduithe agus na n-iniúchtaí - Toimhde ghinearálta neamhnochta - Leas poiblí sáraitheach)

(2022/C 472/39)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Ondřej Múka (Prág, Poblacht na Seice) (ionadaí: P. Kočí, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Ehrbar agus K. Herrmann, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Leis an gcaingean ar bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta, sa chéad áit, an dá ní a leanas a chur ar ceal: (i) an litir ón gCoimisiún Eorpach an 27 Deireadh Fómhair 2020 lena ndiúltaítear dá iarratas tosaigh an 17 Meán Fómhair 2020 le haghaidh rochtain ar dhoiciméid ar roinn sé iad le Poblacht na Seice agus (ii) Cinneadh C(2021) 1320 final an 21 Feabhra 2021 lena ndiúltaítear dá iarratas dearbhúcháin an 12 Samhain 2020 haghaidh rochtain ar na doiciméid sin. Sa dara háit, iarrann sé go n-ordófaí don Choimisiún na doiciméid agus an t-eolas go léir dá ndéantar tagairt in iarratas an 17 Meán Fómhair 2020 a sholáthar dó.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean;

2.

Ordaítear do Ondřej Múka a chostais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach.


(1)  IO 2021 C 242.


Top