Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CJ0680

    Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2023 Nollaig 21.
    UL agus SA Royal Antwerp Football Club v Union royale belge des sociétés de football association ASBL.
    Tarchur chun réamhrialú – Iomaíocht – An margadh inmheánach – Rialacha arna mbunú ag cumainn spóirt idirnáisiúnta agus náisiúnta – Sacar gairmiúil – Eintitis phríobháideacha a bhfuil cumhachtaí rialála, maoirseachta agus smachtbhannaí acu – Rialacha lena gceanglaítear ar chlubanna sacair ghairmiúil úsáid a bhaint as líon íosta d’imreoirí ‘traenáilte sa bhaile’ – Airteagal 101(1) CFAE – Cinneadh ó chomhlachas gnóthas lena ndéantar dochar don iomaíocht – Na coincheapa ‘cuspóir’ agus ‘éifeacht’ frithiomaíoch – Díolúine faoi Airteagal 101(3) CFAE – Coinníollacha – Airteagal 45 CFAE – Idirdhealú indíreach de bhíthin náisiúntachta – Bac ar shaorghluaiseacht oibrithe – Bonn cirt – Coinníollacha – Dualgas cruthúnais.
    Cás C-680/21.

    Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:1010

     BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

    21 Nollaig 2023 ( *1 )

    Clár

     

    I. An dlí lena mbaineann

     

    A. Reachtanna UEFA

     

    B. Rialacha UEFA agus URBSFA maidir le ‘himreoirí traenáilte sa bhaile’

     

    1. Rialacha UEFA

     

    2. Rialacha URBSFA

     

    II. Na fíorais sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú

     

    III. Inghlacthacht

     

    A. Na coinníollacha nós imeachta chun an t‑ordú tarchuir a ghlacadh

     

    B. Ábhar an ordaithe tarchuir

     

    C. Fíorais na díospóide agus ábharthacht na gceisteanna arna dtarchur chuig an gCúirt

     

    D. Gné thrasteorann na díospóide sna príomhimeachtaí

     

    IV. Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

     

    A. Barúlacha tosaigh

     

    1. Ábhar na bpríomhimeachtaí

     

    2. Infheidhmeacht dhlí an Aontais maidir leis an spórt agus maidir le gníomhaíocht na gcumann spóirt

     

    3. Airteagal 165 CFAE

     

    B. Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú a mhéid a bhaineann siad le hAirteagal 101 CFAE

     

    1. Léiriú ar Airteagal 101(1) CFAE

     

    (a) ‘Cinneadh ag comhlachais ghnóthas’ a bheith ann

     

    (b) Éifeacht ar thrádáil idir na Ballstáit

     

    (c) Coincheap an iompair a bhfuil ‘cuspóir’ nó ‘éifeacht’ aige díobháil a dhéanamh don iomaíocht agus a chinneadh gurb ann d’iompar den sórt sin

     

    (1) Cinneadh an ann d’iompar a bhfuil sé ‘de chuspóir aige’ an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh

     

    (2) Cinneadh gurb ann d’iompar a bhfuil sé ‘d’éifeacht’ aige an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh

     

    (3) Rialacha a aicmiú, mar chinneadh ag comhlachas gnóthas, a bhfuil sé de ‘chuspóir’ nó ‘d’éifeacht’ aige an iomaíocht a shrianadh, ar rialacha iad lena gceanglaítear ar chlubanna cuóta íosta d’imreoirí ‘traenáilte sa bhaile’ a bheith acu ina bhfoirne

     

    (d) An fhéidearthacht chun a mheas nach dtagann iompar sonrach áirithe faoi raon feidhme Airteagal 101(1) CFAE

     

    2. Léiriú ar Airteagal 101(3) CFAE

     

    C. Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú a mhéid a bhaineann siad le hAirteagal 45 CFAE

     

    1. Idirdhealú indíreach a bheith ann nó bac a chur ar shaorghluaiseacht oibrithe

     

    2. Údar maith a d’fhéadfadh a bheith ann

     

    V. Costais

    (Tarchur chun réamhrialú – Iomaíocht – An margadh inmheánach – Rialacha arna mbunú ag cumainn spóirt idirnáisiúnta agus náisiúnta – Sacar gairmiúil – Eintitis phríobháideacha a bhfuil cumhachtaí rialála, maoirseachta agus smachtbhannaí acu – Rialacha lena gceanglaítear ar chlubanna sacair ghairmiúil úsáid a bhaint as líon íosta d’imreoirí ‘traenáilte sa bhaile’ – Airteagal 101(1) CFAE – Cinneadh ó chomhlachas gnóthas lena ndéantar dochar don iomaíocht – Na coincheapa ‘cuspóir’ agus ‘éifeacht’ frithiomaíoch – Díolúine faoi Airteagal 101(3) CFAE – Coinníollacha – Airteagal 45 CFAE – Idirdhealú indíreach de bhíthin náisiúntachta – Bac ar shaorghluaiseacht oibrithe – Bonn cirt – Coinníollacha – Dualgas cruthúnais)

    I gCás C‑680/21,

    IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó tribunal de première instance francophone de Bruxelles (an Bheilg), trí bhreith an 15 Deireadh Fómhair 2021, a fuarthas ag an gCúirt an 11 Samhain 2021, sna himeachtaí

    UL,

    SA Royal Antwerp Football Club

    v

    Union royale belge des sociétés de football association ASBL (URBSFA),

    Tríú páirtí:

    Union des associations européennes de football (UEFA),

    tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

    agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, K. Jürimäe, C. Lycourgos agus O. Spineanu-Matei, Uachtaráin Dlísheomra, M. Safjan, L. S. Rossi, I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Jääskinen, N. Wahl, J. Passer (Rapóirtéir), M. L. Arastey Sahún agus M. Gavalec, Breithiúna,

    Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,

    Cláraitheoir: M. Krausenböck, Riarthóir,

    ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus i dtaca le héisteacht an 15 Samhain 2022,

    tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha i scríbhinn arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

    UL, ag J.-L. Dupont, S. Engelen, M. Hissel agus F. Stockart, avocats,

    SA Royal Antwerp Football Club, ag J.-L. Dupont, M. Hissel agus F. Stockart, avocats,

    Union royale belge des sociétés de football association ASBL (URBSFA), ag N. Cariat, E. Matthys agus A. Stévenart, avocats,

    Union des associations européennes de football (UEFA), ag B. Keane, D. Slater agus D. Waelbroeck, avocats,

    Rialtas na Beilge, ag P. Cottin, J.-C. Halleux, C. Pochet agus L. Van den Broeck, i gcáil Gníomhairí,

    Rialtas na Gréige, ag K. Boskovits, i gcáil Gníomhaire,

    Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, A. Kramarczyk–Szaładzińska agus M. Wiącek, i gcáil Gníomhairí,

    Rialtas na Portaingéile, ag P. Barros da Costa, R. Capaz Coelho agus C. Chambel Alves, i gcáil Gníomhairí,

    Rialtas na Rómáine, ag L.-E. Baţagoi, E. Gane, L. Liţu agus A. Rotăreanu, i gcáil Gníomhairí,

    Rialtas na Sualainne, ag H. Eklinder, J. Lundberg, C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, M. Salborn Hodgson, R. Shahsavan Eriksson, H. Shev agus O. Simonsson, i gcáil Gníomhairí,

    an Coimisiún Eorpach, ag S. Baches Opi, B.-R. Killmann, D. Martin agus G. Meessen, i gcáil Gníomhairí,

    tar éis éisteacht leis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta ag éisteacht ar an 9 Márta 2023,

    an breithiúnas seo a leanas:

    Breithiúnas

    1

    Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagail 45 agus 101 CFAE.

    2

    Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir UL agus SA Royal Antwerp Football Club (‘Royal Antwerp’) agus Union royale belge des sociétés de football Association ASBL (URBSFA) maidir le hiarratas ar chinneadh eadrána a chur ar neamhní lena ndiúltaítear do chaingean le haghaidh neamhniú agus cúitimh arna dtabhairt ag UL agus ag Royal Antwerp i gcoinne Union des associations européennes de football (UEFA) agus URBSFA toisc í a bheith do-ghlactha go páirteach agus gan bunús go páirteach.

    I. An dlí lena mbaineann

    A. Reachtanna UEFA

    3

    Is comhlachas príobháideach é UEFA atá bunaithe san Eilvéis. De réir Airteagal 2 dá reachtanna, ina leagan arna ghlacadh in 2021 (‘Reachtanna UEFA’), tá de chuspóirí aige, inter alia, ‘déileáil le gach ábhar a bhaineann le sacar Eorpach’, ‘le maoirseacht agus le rialú a dhéanamh ar fhorbairt an tsacair de gach cineál’ agus ‘comórtais agus turnaimintí idirnáisiúnta de gach cineál sacair a ullmhú agus a eagrú ar leibhéal na hEorpa’.

    4

    I gcomhréir le hAirteagal 5 de Reachtanna UEFA, is féidir le gach cumann atá bunaithe i dtír de chuid na hEorpa a aithnítear mar Stát neamhspleách ag tromlach chomhaltaí na Náisiún Aontaithe (NA) agus atá freagrach as eagrú sacair sa tír sin ballraíocht UEFA a ghlacadh. De réir Airteagal 7a de na reachtanna sin, tá oibleagáid ag gabháil lena leithéid de bhallraíocht ar na cumainn lena mbaineann déanamh de réir, inter alia, reachtanna, Rialacháin agus chinntí UEFA agus féachaint chuige go ndéanfar iad a chomhlíonadh, sa tír ina bhfuil siad, ag na sraitheanna proifisiúnta atá faoina gcúram agus ag na clubanna agus na himreoirí. Go praiticiúil, is baill UEFA níos mó ná 50 cumann náisiúnta faoi láthair.

    5

    De réir Airteagail 11 agus 12 de na reachtanna sin, i measc chomhlachtaí UEFA atá, inter alia, ‘comhlacht uachtarach’ ar a thugtar ‘Comhdháil’, agus ‘Coiste Feidhmiúcháin’.

    B. Rialacha UEFA agus URBSFA maidir le ‘himreoirí traenáilte sa bhaile’

    1.   Rialacha UEFA

    6

    An 2 Feabhra 2005, ghlac Coiste Feidhmiúcháin UEFA rialacha lena bhforáiltear dó nach mór do chlubanna sacair ghairmiúil a ghlacann páirt i gcomórtais idir-chlub sacair idirnáisiúnta líon uasta 25 imreoir a chur ar liosta an scuaid cluiche, ar liosta é nach mór líon íosta imreoirí a bheith ann a dtugtar ‘imreoirí traenáilte sa bhaile’ orthu agus a shainmhínítear mar imreoirí, gan beann ar a náisiúntacht, arna dtraenáil ag a gclub nó ag club eile atá cleamhnaithe leis an gcumann náisiúnta sacair céanna (‘rialacha maidir le “himreoirí traenáilte sa bhaile”’) ar feadh 3 bliana ar a laghad agus iad idir 15 bliana agus 21 bhliain d’aois.

    7

    An 21 Aibreán 2005, d’fhormheas Comhdháil UEFA na rialacha maidir le ‘himreoirí traenáilte sa bhaile’ le linn chruinniú na gcumann náisiúnta sacair is baill de go léir, a reáchtáladh i dTaillinn (an Eastóin) (‘Comhdháil Thaillinn’).

    8

    Ó shéasúr 2007/2008 ar aghaidh, foráiltear dó leis na rialacha sin nach mór do chlubanna sacair ghairmiúil a ghlacann páirt i gcomórtais idirnáisiúnta sacair idir-chlub arna n‑eagrú ag UEFA líon íosta ochtar ‘imreoirí traenáilte sa bhaile’ a chur ar liosta an scuaid cluiche ó liosta 25 imreoir ar a mhéad. As an ochtar imreoirí sin, caithfidh gur thraenáil an club a chláraíonn iad ceathrar ar a laghad.

    2.   Rialacha URBSFA

    9

    Is comhlachas é URBSFA ar sa Bheilg atá a oifig chláraithe. Tá sé de chuspóir aige sacar a eagrú agus a chur chun cinn sa Bhallstát sin. Ina leith sin, is ball de UEFA agus Fédération internationale de football association (FIFA) (an Comhaontas Idirnáisiúnta Sacair) é.

    10

    Le linn 2011, thug URBSFA isteach rialacha maidir le ‘himreoirí traenáilte sa bhaile’ mar chuid dá rialacha cónaidhme.

    11

    Sa leagan is infheidhme le linn na n‑imeachtaí eadrána roimh na príomhimeachtaí, bhí na rialacha sna focail seo a leanas:

    ‘Airteagal P335.11 – Rannáin Sacair Ghairmiúil 1A agus 1B: an liosta “Squad size limit” a sheoladh

    1. Liostaí atá le seoladh

    11. Ní mór do gach club sacair ghairmiúil 1A agus 1B na liostaí seo a leanas a sheoladh [...] agus dea-bhail a choinneáil orthu:

    liosta uasta 25 imreoir [...], a bhfuil ochtar acu ar a laghad le bheith traenáilte ag clubanna Beilgeacha de réir bhrí [Airteagal] P1422.12, ar an tuiscint nach mór an coinníoll sa bhreis a leagtar amach in [Airteagal] P1422.13 a chomhlíonadh ag 3 imreoir ar a laghad. I gcás nach mbainfear na méideanna íosta seo amach, ní fhéadfaí imreoirí nach bhfuil na tréithe sin iontu a chur in ionad na n‑imreoirí sin.

    [...]

    Airteagal P1422 – Clárú éigeantach ar liosta an scuaid cluiche

    1. Le haghaidh phríomhfhoirne na gclubanna sacair ghairmiúil

    11. Agus páirt á glacadh acu i gcomórtais oifigiúla príomhfhoirne [...], ní mór do chlubanna sacair ghairmiúil tagairt a dhéanamh ar liosta an scuaid cluiche do sheisear imreoirí ar a laghad arna dtraenáil ag club Beilgeach, agus tá an coinníoll sa bhreis a leagtar amach i mír 13 thíos le comhlíonadh ag beirt acu. I gcás nach féidir leis an gclub an líon íosta imreoirí a chlárú a cheanglaítear leis an mír roimhe seo, ní féidir leis imreoirí nach bhfuil an tréith sin iontu a chur ina n‑ionad.

    12. Measfar gur imreoirí traenáilte ag club Beilgeach, roimh an 23ú breithlá, iad imreoirí a bhí cáilithe le haghaidh club Beilgeach ar feadh, ar a laghad, trí shéasúr iomlána ar a laghad.

    13. Comhlíonfaidh imreoirí an coinníoll sa bhreis a cheaptar do chlub Beilgeach roimh a 21ú breithlá ar feadh trí shéasúr iomlána ar a laghad.

    [...]

    15. Ní fhéadfaidh clubanna sacair ghairmiúil 1A agus 1B ach imreoirí ar liostaí “Squad size limit” an chlub a chur ar liosta an scuaid cluiche ([Airteagal] P335).

    16. I gcás sárú ar na rialacha thuas, gearrfaidh an comhlacht cónaidhme inniúil na pionóis dá bhforáiltear le haghaidh clárú imreoirí neamhchláraithe [...], seachas fíneálacha.’

    12

    Ina dhiaidh sin, leasaíodh na rialacha sin. Sa leagan dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur ina hiarraidh ar réamhrialú, tá siad sna focail seo a leanas:

    ‘Airteagal B4.1 [12]

    Chun páirt a ghlacadh i gcluichí oifigiúla na bpríomhfhoirne i sacar iomaíochta, tá feidhm ag coinníollacha sonracha maidir le sacar gairmiúil agus sacar amaitéarach.

    Airteagal P

    Ní mór do gach club sacair ghairmiúil 1A agus 1B na liostaí seo a leanas a sheoladh [...] agus iad a choinneáil cothrom le dáta:

    liosta uasta de 25 imreoir [...], nach mór ochtar imreoirí acu ar a laghad a bheith traenáilte ag clubanna Beilgeacha (is imreoirí iad sin arna gcáiliú ar feadh trí shéasúr iomlána ar a laghad do chlub sa Bheilg roimh a 23ú breithlá), ar an tuiscint nach mór do thriúr imreoirí ar a laghad an coinníoll sa bhreis a chomhlíonadh, arb é atá ann ná an coinníoll sin a chomhlíonadh roimh a 21ú bhreithlá. I gcás nach mbainfear na coinníollacha íosta seo amach, ní fhéadfaí imreoirí nach bhfuil na tréithe sin iontu a chur in ionad na n‑imreoirí sin.

    [...]

    Chun bheith in ann imreoir a chur ar an liosta “Squad size limit”:

    ní mór dó a bheith cleamhnaithe leis an gcónaidhm agus é ceaptha leis nó bheith cáilithe go sealadach le haghaidh an chlub a bhfuil clárú á lorg acu; agus

    i gcás lúthchleasaí ar phá nach náisiúnach de thír is ball den [Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE)] é, ní mór cóip a sholáthar de cheachtar den cheadúnas aoniarratais atá bailí go fóill nó den deimhniú oifigiúil arna eisiúint ag údarás áitiúil a áite cónaithe sa Bheilg lena ndearbhaítear gur chuir an lúthchleasaí é féin in aithne do na húdaráis ionas go bhféadfaí an ceadúnas aoniarratais a dhlitear dó a eisiúint dó [...].

    Ní mór dó na coinníollacha a chomhlionadh maidir le cáilíocht. Níl athruithe ar an liosta sin inbhailíochtaithe ach ag na húdaráis chónaidhme.

    [...]

    Airteagal B6.109

    Tá feidhm ag na hoibleagáidí seo a leanas maidir le himreoirí a chur ar liosta an scuaid cluiche.

    Airteagal P

    Tá feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le príomhfhoirne na gclubanna sacair ghairmiúil:

    Agus páirt á glacadh acu i gcomórtais oifigiúla príomhfhoirne [...], ní mór do chlubanna sacair ghairmiúil, ar liosta an scuaid cluiche, seisear imreoirí ar a laghad arna dtraenáil ag club Beilgeach a lua, agus tá an coinníoll sa bhreis a leagtar amach thíos le comhlíonadh ag beirt acu ar a laghad.

    I gcás nach féidir leis an gclub an líon íosta imreoirí a chlárú a cheanglaítear leis an mír roimhe seo, ní féidir leis imreoirí nach bhfuil an tréith sin iontu a chur ina n‑ionad.

    Measfar gur thraenáil club Beilgeach imreoirí a bhí cáilithe le haghaidh club Beilgeach ar feadh, ar a laghad, trí shéasúr iomlána roimh a 23ú breithlá.

    Comhlíonfaidh imreoirí a cheaptar do chlub Beilgeach roimh a 21ú bhreithlá ar feadh trí shéasúr iomlána ar a laghad an coinníoll sa bhreis.

    [...]

    Ní fhéadfaidh clubanna sacair ghairmiúil a chur ar liosta an scuaid cluiche ach imreoirí ar liostaí “Squad size limit” an chlub.

    I gcás sárú ar na rialacha thuas, gearrfaidh an comhlacht cónaidhme inniúil na pionóis dá bhforáiltear le haghaidh clárú imreoirí neamhchláraithe, seachas fíneálacha.’

    II. Na fíorais sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú

    13

    Is imreoir sacair ghairmiúil é UL, a bhfuil náisiúntacht tríú tír chomh maith le náisiúntacht na Beilge aige. Tá sé gníomhach go gairmiúil sa Bheilg le blianta fada anuas. D’oibrigh sé do Royal Antwerp, club sacair ghairmiúil atá bunaithe sa Bheilg, agus ansin do chlub sacair ghairmiúil eile.

    14

    An 13 Feabhra 2020, thug UL caingean os comhair Cour Belge d’Arbitrage pour le Sport (Cúirt Eadrána Spóirt na Beilge (CBAS)) ionas go ndearbhófaí, inter alia, go bhfuil na rialacha maidir le ‘himreoirí traenáilte sa bhaile’ arna nglacadh ag UEFA agus ag URBSFA ar neamhní go huathoibríoch agus go sáraítear leo Airteagail 45 agus 101 CFAE agus chun cúiteamh a fháil as an damáiste a rinneadh dó de dheasca na rialacha sin. Ina dhiaidh sin, rinne Royal Antwerp idiragairt dheonach sna himeachtaí, agus cúiteamh á iarraidh dó féin as an damáiste a rinneadh leis na rialacha sin.

    15

    Le cinneadh eadrána a rinneadh an 10 Iúil 2020, chinn CBAS go raibh na héilimh sin do-ghlactha a mhéid a bhain siad leis na rialacha maidir le ‘himreoirí traenáilte sa bhaile’ a ghlac UEFA, agus go raibh siad inghlactha ach gan bhunús a mhéid a bhain siad leis na rialacha a ghlac URBSFA.

    16

    Maidir leis na rialacha arna nglacadh ag UEFA, nach páirtí é sna himeachtaí eadrána, mheas CBAS, inter alia, i bhfianaise a gcineál shonraigh agus leithligh i ndáil leis na rialacha arna nglacadh ag na cumainn náisiúnta sacair éagsúla is baill de UEFA, lena n‑áirítear URBSFA, ní fhéadfaí a mheas gur toradh ar chomhaontú, cinneadh nó cleachtas comhbheartaithe idir na heintitis éagsúla sin iad, de réir bhrí Airteagal 101(1) CFAE.

    17

    Maidir leis na rialacha arna nglacadh ag URBSFA, mheas CBAS, go bunúsach, ar an gcéad dul síos, nár sháraigh siad saorghluaiseacht oibrithe a ráthaítear le hAirteagal 45 CFAE ar an bhforas go raibh siad infheidhme gan idirdhealú, nach raibh siad ina gcúis le haon idirdhealú díreach ná indíreach de bhíthin náisiúntachta agus gur tugadh údar leo, go háirithe, le cuspóirí dlisteanacha, go raibh siad riachtanach chun na cuspóirí sin a shaothrú agus go raibh siad comhréireach chuige sin. Ar an dara dul síos, chinn sé nach raibh sé de chuspóir ná d’éifeacht leis na rialacha sin an iomaíocht a shrianadh agus, thairis sin, go raibh siad riachtanach agus comhréireach chun cuspóirí dlisteanacha a shaothrú, agus mar thoradh air sin nár sáraíodh leo Airteagal 101(1) CFAE.

    18

    Dá bhrí sin, dhiúltaigh CBAS d’éilimh UL agus Royal Antwerp.

    19

    Trí eascaire toghairme arna sheirbheáil an 1 Meán Fómhair 2020, thionscain UL agus Royal Antwerp imeachtaí i gcoinne URBSFA os comhair an tribunal de première instance francophone de Bruxelles (Cúirt Chéadchéime na Bruiséile (cúirt ina labhraítear Fraincis), an Bheilg), ionas go neamhneofaí an cinneadh eadrána ar an bhforas gur sáraíodh an beartas poiblí leis, de réir bhrí Airteagal 1717 de Chód Breithiúnach na Beilge.

    20

    Mar thaca leis an ordú atá á lorg acu, áitíonn siad, go substaintiúil, ar an gcéad dul síos, go gcuirtear i bhfeidhm leis na rialacha maidir le ‘himreoirí traenáilte sa bhaile’ arna nglacadh ag UEFA agus ag URBSFA plean ginearálta a bhfuil sé de chuspóir agus d’éifeacht aige an iomaíocht a shrianadh de réir bhrí Airteagal 101(1) CFAE. Ar an dara dul síos, sáraítear saorghluaiseacht oibrithe a ráthaítear le hAirteagal 45 CFAE leis na rialacha sin a mhéid a chuirtear teorainn tríothu le himreoirí a bheith inearcaithe ag club sacair ghairmiúil amhail Royal Antwerp nach bhfuil an ceanglas á chomhlíonadh acu maidir le dúchas áitiúil nó náisiúnta a leagtar amach ann, agus iad a chur chun páirce le linn cluiche, agus le himreoir amhail UL a bheith inearcaithe agus inchurtha chun páirce ag club nach bhfuil a leithéid de dhúchas inagartha aige ina leith.

    21

    An 9 Samhain 2021, thaisc UEFA iarratas ar idiragairt dheonach chun tacú leis an ordú atá á lorg ag URBSFA.

    22

    Le breithiúnas a tugadh an 26 Samhain 2021, is é sin le rá, tar éis an dáta a fuair an Chúirt an iarraidh seo ar réamhrialú, dearbhaíodh idiragairt dheonach UEFA a bheith inghlactha. An 13 Nollaig 2021, chuir an chúirt a rinne an tarchur in iúl don Chúirt gur glacadh leis an bpáirtí nua sin sna príomhimeachtaí, i gcomhréir le hAirteagal 97(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

    23

    Ina ordú tarchuir, tugann an tribunal de première instance francophone de Bruxelles (Cúirt Chéadchéime na Bruiséile (cúirt ina labhraítear Fraincis), dá aire, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an cinneadh eadrána atá i gceist sna príomhimeachtaí bunaithe, a mhéid a chinntear leis go bhfuil éilimh UL agus Royal Antwerp do-ghlactha go páirteach agus a mhéid a dhiúltaíonn sé don chuid eile toisc í a bheith gan bhunús, ar léiriú agus ar chur i bhfeidhm dhá fhoráil de dhlí an Aontais – eadhon Airteagail 45 agus 101 CFAE – a bhféadfar sárú air a aicmiú mar ‘shárú ar bheartas poiblí’ de réir bhrí Airteagal 1717 de Chód Breithiúnach na Beilge, i bhfianaise a gcineáil agus chásdlí ábhartha na Cúirte (breithiúnais an 1 Meitheamh 1999, Eco Swiss, C‑126/97, EU:C:1999:269, agus an 26 Deireadh Fómhair 2006, Mostaza Claro, C‑168/05, EU:C:2006:675).

    24

    Sa dara háit, measann an chúirt a rinne an tarchur gur gá di, chun bheith in ann breithiúnas a thabhairt, soiléiriú a fháil ón gCúirt Bhreithiúnais maidir leis an léiriú ar Airteagail 45 agus 101 CFAE. Go bunúsach, fiafraíonn an chúirt sin, ar an gcéad dul síos, an bhféadfar na rialacha a bhaineann le ‘himreoirí traenáilte sa bhaile’ arna nglacadh ag UEFA agus URBSFA a aicmiú mar ‘chomhaontú idir gnóthais’, mar ‘cinneadh ag comhlachais ghnóthas’ nó mar ‘chleachtas comhbheartaithe’ de réir bhrí Airteagal 101 CFAE. Ar an dara dul síos, fiafraíonn sí an bhfuil nó nach bhfuil na rialacha sin comhoiriúnach leis an toirmeasc ar chomhaontuithe, ar chinntí agus ar chleachtais chomhbheartaithe a leagtar síos san Airteagal sin agus leis an tsaoirse gluaiseachta d’oibrithe a ráthaítear le hAirteagal 45 CFAE, agus an bhfuil údar maith leis na rialacha sin, an bhfuil siad iomchuí, riachtanach agus comhréireach. Sa chomhthéacs sin, tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur, inter alia, do phreaseisiúint arna foilsiú ag an gCoimisiún Eorpach agus do staidéar a rinneadh thar ceann na hinstitiúide sin, agus is í ‘príomhchonclúid’ an méid sin go bhféadfadh éifeachtaí idirdhealaitheacha indíreacha de réir náisiúntachta agus éifeachtaí sriantacha ar shaorghluaiseacht oibrithe a bheith ag na rialacha atá i gceist, nár suíodh go bhfuil siad i gcomhréir leis na tairbhí teoranta a eascraíonn aisti ó thaobh cothromaíocht iomaíoch idir clubanna sacair agus traenáil imreoirí, ag féachaint do na bearta malartacha nach bhfuil chomh sriantach céanna agus a bhfuil cuma na féidearthachta orthu.

    25

    Sna himthosca sin, chinn an tribunal de première instance francophone de Bruxelles (Cúirt Chéadchéime na Bruiséile (cúirt ina labhraítear Fraincis), bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

    ‘(1)

    Maidir le hAirteagal 101 CFAE, an gá léiriú a dhéanamh air amhail go gcuirtear cosc ar an bplean a bhaineann le “himreoirí traenáilte sa bhaile” a ghlac Coiste Feidhmiúcháin UEFA an 2 Feabhra 2005, arna fhormheas ag 52 bhallchumann UEFA ag Comhdháil Thaillinn an 21 Aibreán 2005 agus arna chur chun feidhme trí bhíthin Rialacháin arna nglacadh ag UEFA agus ag na cónaidhmeanna dá chuid?

    (2)

    Maidir le hAirteagail 45 agus 101 CFAE, an gá léiriú a dhéanamh orthu amhail go gcuirtear cosc ar chur i bhfeidhm na rialacha maidir le himreoirí arna n‑oiliúint go háitiúil a áireamh ar liosta an scuaid cluiche agus a chur chun páirce, arna gcur ar bhonn foirmiúil le hAirteagal P335.11 agus le hAirteagal P1422 de Rialachán feidearálach URBSFA agus arna n‑atáirgeadh in Airteagal B4.1[12] de Theideal 4 agus in Airteagal B6.109 de Theideal 6 de Rialachán nua URBSFA?’

    III. Inghlacthacht

    26

    Is ábhar amhrais ag URBSFA, ag UEFA, ag Rialtas na Rómáine agus ag an gCoimisiún inghlacthacht an dá cheist arna dtarchur ag an gcúirt a rinne an tarchur.

    27

    Tá ceithre chineál argóintí á gcur chun cinn acu ina leith sin, go bunúsach. Áirítear orthu, ar an gcéad dul síos, argóintí nós imeachta ina líomhnaítear go ndearnadh an t‑ordú tarchuir sular tugadh cead idiragartha do UEFA agus, dá bhrí sin, sular éisteadh leis sna príomhimeachtaí. Ar an dara dul síos, cuirtear argóintí de chineál foirmiúil chun cinn nach gcomhlíontar le hábhar an chinnidh sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 94(a) de na Rialacha Nós Imeachta a mhéid nach leagtar amach go leordhóthanach mionsonraithe ann an comhthéacs dlíthiúil agus fíorasach ina gcuireann an chúirt a rinne an tarchur ceisteanna ar an gCúirt, ar cás é lena gcuirtear cosc ar na daoine lena mbaineann seasamh a ghlacadh go héifeachtach maidir leis na ceisteanna atá le réiteach. Ar an tríú dul síos, déantar argóintí de chineál substainteach a bhaineann le cineál hipitéiseach na hiarrata ar réamhrialú, a mhéid nach ann do dhíospóid iarbhír lena ndéanfaí gur gá aon chinneadh léiritheach ón gCúirt. Is amhlaidh an cás, go háirithe, toisc nár cuireadh cosc trí na rialacha maidir le ‘himreoirí traenáilte sa bhaile’ le hearcaíocht agus cur chun páirce UL ag Royal Antwerp, agus ansin ag club sacair ghairmiúil eile. Ar an gceathrú dul síos, ba cheart a mheas gurb ‘inmheánacha amháin’ na príomhimeachtaí chun críocha Airteagal 45 CFAE agus nach féidir leo ‘dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit’ de réir bhrí Airteagal 101 CFAE, i bhfianaise a chineáil inter partes, náisiúntacht UL, áit bhunaíochta Royal Antwerp agus raon feidhme geografach teoranta na rialacha arna nglacadh ag URBSFA.

    A. Na coinníollacha nós imeachta chun an t‑ordú tarchuir a ghlacadh

    28

    I gcomhthéacs imeachtaí réamhrialaithe, ní faoin gCúirt atá sé, i bhfianaise roinnt na bhfeidhmeanna idir í agus na cúirteanna náisiúnta, a fhíorú an ndearnadh an t‑ordú tarchuir i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le heagrú agus nós imeachta na gcúirteanna. Ina theannta sin, ní mór don Chúirt cloí leis an gcinneadh sin fad nach ndearnadh é a chúlghairm i gcomhthéacs aon leigheasanna dlíthiúla dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta (breithiúnais an 14 Eanáir 1982, Reina, 65/81, EU:C:1982:6, mír 7, agus an 29 Márta 2022, Getin Noble Bank, C‑132/20, EU:C:2022:235, mír 70).

    29

    Sa chás seo, dá bhrí sin, ní faoin gCúirt atá sé seasamh a ghlacadh maidir leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann, i gcomhthéacs na bpríomhimeachtaí agus faoi na rialacha náisiúnta maidir leis an nós imeachta breithiúnach is infheidhme maidir leo, maidir le páirtí nua a ligean isteach tar éis an t-ordú tarchuir a ghlacadh.

    30

    Thairis sin, maidir leis an nós imeachta roimh an mbreithiúnas seo, ní mór a thabhairt faoi deara go luaitear in Airteagal 97(2) de na Rialacha Nós Imeachta, i gcás ina ligtear páirtí isteach sna príomhimeachtaí nuair atá na himeachtaí os comhair na Cúirte ar feitheamh cheana féin, go nglacfaidh an páirtí sin leis na himeachtaí sin mar atá sé ar chur in iúl don Chúirt gur ligeadh isteach iad. Ina theannta sin, sa chás seo, ní mór a lua, i bhfianaise staid na n‑imeachtaí sin tráth a cuireadh in iúl don Chúirt gur ligeadh UEFA isteach sna príomhimeachtaí, ní hamháin go bhfuair an páirtí sin cóip de gach doiciméad nós imeachta a seirbheáladh cheana ar na daoine leasmhara eile, mar a fhoráiltear dó san fhoráil sin, ach bhí sé in ann barúlacha a chur isteach ina dhiaidh sin le linn na coda i scríbhinn agus ansin le linn na héisteachta.

    B. Ábhar an ordaithe tarchuir

    31

    Is ionstraim chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta é an nós imeachta maidir le réamhrialú arna bhunú le hAirteagal 267 CFAE, trína dtugann an Chúirt Bhreithiúnais treoir do na cúirteanna náisiúnta sin maidir le léiriú dhlí an Aontais a theastaíonn uathu chun an cás a réiteach a iarrtar orthu a chinneadh. De réir cásdlí socair, a léirítear in Airteagal 94(a) agus (b) de na Rialacha Nós Imeachta feasta, de réir an ghá atá ann léiriú a dhéanamh ar dhlí an Aontais atá fónta don chúirt náisiúnta, ní mór don chúirt náisiúnta comhthéacs fíorasach agus reachtach na gceisteanna atá á gcur aici a shainiú nó, ar a laghad, míniú a thabhairt ar na himthosca fíorasacha is bun leis na ceisteanna sin. Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach, mar a luaitear in Airteagal 94(c) de na Rialacha Nós Imeachta, go leagfaí amach san iarraidh ar réamhrialú na fáthanna a spreag an chúirt nó an binse a rinne an tarchur chun léiriú nó bailíocht forálacha áirithe de dhlí an Aontais Eorpaigh a fhiosrú, agus an gaol idir na forálacha sin agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí. Tá feidhm ag na ceanglais sin go háirithe i réimsí ina bhfuil cásanna casta fíorasacha agus dlíthiúla, amhail réimse na hiomaíochta (féach, chuige sin, breithiúnais an 27 Samhain 2012, Pringle, C‑370/12, EU:C:2012:756, mír 83, agus an 29 Meitheamh 2023, Super Bock Bebidas, C‑211/22, EU:C:2023:529, míreanna 23 agus 24).

    32

    Thairis sin, ní mór ní hamháin an Chúirt a chur ar a cumas freagraí fónta a thabhairt leis an bhfaisnéis a sholáthraítear san ordú tarchuir ach, thairis sin, deis a thabhairt do rialtais na mBallstát agus do pháirtithe leasmhara eile barúlacha a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (féach, chuige sin, breithiúnais an 1 Aibreán 1982, Holdijk agus páirtithe eile, 141/81 go 143/81, EU:C:1982:122, mír 7, agus an 11 Aibreán 2000, Deliège, C‑51/96 agus C‑191/97, EU:C:2000:199, mír 31).

    33

    Sa chás seo, comhlíontar leis an iarraidh ar réamhrialú na ceanglais a leagtar amach sa dá mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo. Go deimhin, leagtar amach go mion san ordú tarchuir comhthéacs fíorasach agus reachtach na gceisteanna arna dtarchur chuig an gCúirt. Ina theannta sin, leagtar amach go gonta ach go soiléir leis an gcinneadh sin na cúiseanna fíorais agus dlí ba chúis gur mheas an chúirt a rinne an tarchur gur ghá na ceisteanna sin a chur agus an nasc atá ann, dar léi, idir Airteagail 45 agus 101 CFAE agus na príomhimeachtaí, i bhfianaise chásdlí na Cúirte.

    34

    Ina theannta sin, léirítear le focail na mbarúlacha i scríbhinn a cuireadh faoi bhráid na Cúirte nach raibh aon deacracht ag a n‑údair tuiscint a fháil ar chomhthéacs fíorasach agus dlíthiúil na gceisteanna a tharchuir an chúirt a rinne an tarchur, chun brí agus raon feidhme na ráiteas fíorasach is bun leo a thuiscint, chun na cúiseanna ar mheas an chúirt a rinne an tarchur gur ghá iad a chur isteach a thuiscint agus, ag an deireadh ar fad, seasamh iomlán éifeachtach a ghlacadh ina leith sin.

    C. Fíorais na díospóide agus ábharthacht na gceisteanna arna dtarchur chuig an gCúirt

    35

    Is faoin gcúirt náisiúnta amháin ar tugadh an díospóid os a comhair, agus nach mór di freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh, atá sé measúnú a dhéanamh, i bhfianaise imthosca sonracha na díospóide sin, ar an ngá le réamhrialú ar mhaithe le breithiúnas a thabhairt agus ar ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte araon a chinneadh. Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ag na ceisteanna a tharchuireann na cúirteanna náisiúnta agus ní fhéadfaidh an Chúirt diúltú rialú a thabhairt ar na ceisteanna sin ach amháin i gcás inar léir nach bhfuil aon bhaint ag an léiriú a iarrtar le fíorais iarbhír na bpríomhimeachtaí ná lena gcuspóir, i gcás inar fadhb hipitéiseach í, nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach nó dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra fónta a thabhairt ar na ceisteanna sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Nollaig 1981, Foglia, 244/80, EU:C:1981:302, míreanna 15 agus 18, agus an 7 Feabhra 2023, Confédération paysanne agus páirtithe eile (Só-ghineas fánach in vitro), C‑688/21, EU:C:2023:75, míreanna 32 agus 33).

    36

    Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara go léiríonn na ráitis a rinne an chúirt a rinne an tarchur ar a ndéantar achoimre i míreanna 14 go 24 den bhreithiúnas seo go bhfuil díospóid iarbhír sna príomhimeachtaí. Thairis sin, léirítear leis na ráitis chéanna sin nach follasach nach mbaineann an fíoras go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt, sa chomhthéacs sin, Airteagail 45 agus 101 CFAE a léiriú, le fíorais iarbhír na díospóide sna príomhimeachtaí ná lena cuspóir.

    37

    Go deimhin, is léir ó na ráitis sin, ar an gcéad dul síos, go bhfuil iarratas ar chinneadh eadrána a neamhniú os comhair na cúirte sin, ar cinneadh eadrána é lenar dhiúltaigh CBAS do chaingean le haghaidh neamhniú agus cúitimh arna tabhairt ag UL agus Royal Antwerp in aghaidh rialacha URBSFA agus UEFA a bhaineann le ‘himreoirí traenáilte sa bhaile’, toisc í a bheith do-ghlactha go páirteach agus gan bhunús go páirteach. Ar an dara dul síos, tá an cinneadh eadrána sin bunaithe ar léiriú agus ar chur i bhfeidhm Airteagail 45 agus 101 CFAE. Ar an tríú dul síos, soiléiríonn an chúirt a rinne an tarchur, i bhfianaise ábhar na díospóide atá os a comhair, go ndlitear uirthi, d’fhonn breithiúnas a thabhairt, inter alia, athbhreithniú a dhéanamh ar an mbealach a rinne CBAS léiriú ar Airteagail 45 agus 101 CFAE agus a chuir sé iad i bhfeidhm, d’fhonn a chinneadh an bhfuil nó nach bhfuil an cinneadh eadrána a d’eisigh sé contrártha do bheartas poiblí na Beilge.

    D. Gné thrasteorann na díospóide sna príomhimeachtaí

    38

    Níl feidhm ag forálacha CFAE maidir le saoirse bunaíochta, leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus le saorghluaiseacht caipitil maidir le cásanna nach mbaineann na gnéithe go léir de ach leis an aon Bhallstát amháin (breithiúnais an 15 Samhain 2016, Ullens de Schooten, C‑268/15, EU:C:2016:874, mír 47, agus an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile, C‑391/20, EU:C:2022:638, mír 31). Dá bhrí sin, ní féidir a mheas go bhfuil iarraidh ar réamhrialú a bhaineann le léiriú ar na forálacha sin agus i gcás den sórt sin inghlactha, i gcásanna áirithe sonracha, ach amháin má nochtar tríd an ordú tarchuir cúiseanna nithiúla le suíomh gur gá an léiriú réamhrialaithe atá á lorg ar mhaithe leis an díospóid a réiteach toisc nasc a bheith ann idir an cuspóir nó imthosca na díospóide sin agus Airteagail 49, 56 nó 63 CFAE, i gcomhréir leis an méid a éilítear le hAirteagal 94 de na Rialacha Nós Imeachta (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Samhain 2016, Ullens de Schooten, C‑268/15, EU:C:2016:874, míreanna 50 go 55, agus an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile, C‑391/20, EU:C:2022:638, mír 34).

    39

    Sa chás seo, áfach, ní féidir a mheas go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú do-ghlactha ar an bhforas nach bhfuil baint leis na príomhimeachtaí ag Airteagal 45 CFAE, maidir le saoirse gluaiseachta oibrithe, i bhfianaise gur díospóid ‘inmheánach amháin’ atá inti.

    40

    Ar an gcéad dul síos, cé gur fíor go bhfuil an díospóid sna príomhimeachtaí inter partes, gur náisiúnach Beilgeach é UL, go bhfuil Royal Antwerp bunaithe sa Bheilg agus go bhfuil raon feidhme geografach ag na rialacha arna nglacadh ag URBSFA teoranta do chríoch an Bhallstáit sin, mar a chuir roinnt de na páirtithe leasmhara in iúl, mar is ceart, baineann an díospóid sin le cinneadh eadrána ina ndearna CBAS, inter alia, léiriú ar Airteagal 45 CFAE agus é a chur i bhfeidhm, mar is léir ó mhír 17 den bhreithiúnas seo. Dá bhrí sin, baineann an cheist maidir le feidhm a bheith nó gan bheith ag an Airteagal sin leis an díospóid sin leis an tsubstaint agus ní féidir an cheist sin a ardú, dá bhrí sin, gan difear a dhéanamh don toradh, chun inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú a chur faoi chonspóid.

    41

    Ina theannta sin, tá dlúthnasc idir rialacha UEFA agus rialacha URBSFA atá i gceist sna príomhimeachtaí, de réir na cúirte a rinne an tarchur, a mhéid a cheanglaítear ar URBSFA, ina cháil mar bhall de UEFA, reachtanna, rialacháin agus cinntí UEFA agus a rialacha maidir le ‘himreoirí traenáilte sa bhaile’ a chomhlíonadh, agus spreagtar go díreach iad leis na rialacha sin a ghlac agus a d’fhormheas UEFA le linn Chomhdháil Thaillinn, mar a luaitear i mír 7 den bhreithiúnas seo. Thairis sin, ba é ar bhonn na nasc fíorasach agus dlíthiúil sin idir rialacha URBSFA, rialacha UEFA agus dlí an Aontais a dhearbhaigh an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil idiragairt dheonach UEFA inghlactha sa bhreithiúnas dá dtagraítear i mír 22 den bhreithiúnas seo.

    42

    Ar an dara dul síos, baineann an díospóid sna príomhimeachtaí, ag an am céanna, leis an léiriú agus an cur chun feidhme a rinne CBAS ar Airteagal 101 CFAE.

    43

    Is cásdlí socair é, cé gur gá a shuíomh, ar leibhéal leordhóthanach dóchúlachta, chun mír 1 den Airteagal sin a chur i bhfeidhm, i measc coinníollacha eile, go bhféadfadh comhaontú, cinneadh ó chomhlachas gnóthas nó cleachtas comhbheartaithe dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit trí thionchar díreach nó indíreach agus iarbhír nó féideartha a imirt ar thrádáil, sa chaoi go bhfuil baol ann go gcuirfí bac ar chomhlánú nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, is féidir a mheas go bhfuil an coinníoll sin á chomhlíonadh i gcás iompar a chlúdaíonn críoch iomlán Bhallstáit (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2015, ING Pensii, C‑172/14, EU:C:2015:484, míreanna 48 agus 49 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    44

    I bhfianaise an chásdlí sin, agus i bhfianaise raon feidhme geografach na rialacha atá i gceist sna príomhimeachtaí agus an dlúthnaisc eatarthu, ní féidir a mheas nach bhfuil baint ag Airteagal 101 CFAE leis an díospóid sna príomhimeachtaí ar an bhforas nach féidir leis na rialacha lena mbaineann an díospóid sin ‘dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit’.

    45

    Dá bhrí sin, tá an iarraidh ar réamhrialú inghlactha ina hiomláine.

    IV. Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

    46

    Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 101 CFAE le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar rialacha arna nglacadh ag comhlachas atá freagrach as comórtais sacair a eagrú ar leibhéal na hEorpa agus atá curtha chun feidhme ag an gcomhlachas sin agus ag na cumainn sacair naisiúnta is baill de, agus lena gceanglaítear ar gach club atá rannpháirteach sna comórtais sin a áireamh ar liosta a imreoirí agus ar liosta an scuaid cluiche líon íosta imreoirí arna dtraenáil ag an gclub sin féin nó laistigh de dhlínse chríche an chumainn náisiúnta lena bhfuil an club sin cleamhnaithe.

    47

    Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt sin, go bunúsach, an bhfuil Airteagail 45 agus 101 CFAE le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar rialacha arna nglacadh ag cumann atá freagrach as comórtais sacair a eagrú ar an leibhéal náisiúnta, agus lena gceanglaítear ar gach club atá rannpháirteach sna comórtais sin líon íosta imreoirí traenáilte i ndlínse chríche an chumainn sin a áireamh ar liosta a imreoirí agus ar liosta an scuaid cluiche.

    48

    Ag féachaint d’ábhar na gceisteanna sin agus do chineál na díospóide ar cuireadh faoi bhráid na Cúirte iad ina comhthéacs, is iomchuí, sula scrúdaítear iad, trí shraith barúlacha tosaigh a dhéanamh.

    A. Barúlacha tosaigh

    1.   Ábhar na bpríomhimeachtaí

    49

    Is léir ó fhoclaíocht an dá cheist arna dtarchur chuig an gCúirt go bhfuil siad fite fuaite ina chéile, a mhéid a bhaineann siad le hAirteagal 101 CFAE. Go deimhin, iarrann an chúirt a rinne an tarchur soiléiriú ar léiriú ar an Airteagal sin ionas go bhféadfaidh sí athbhreithniú a dhéanamh ar an gcur i bhfeidhm ar an Airteagal sin i gcinneadh eadrána a bhaineann leis an Airteagal sin a bheith á chomhlíonadh ag na rialacha maidir le ‘himreoirí traenáilte sa bhaile’, arna nglacadh agus arna gcur chun feidhme ag UEFA agus ag na cumainn náisiúnta sacair éagsúla is baill de UEFA, lena n‑áirítear URBSFA.

    50

    Os a choinne sin, tá difríocht idir an dá cheist sin a mhéid a bhaineann siad le hAirteagal 45 CFAE, ós rud é nach dtagraítear don Airteagal sin ach sa dara ceist, ina dtagraítear do na rialacha arna nglacadh agus arna gcur chun feidhme ag URBSFA. I ndáil leis sin, san iarraidh ar réamhrialú, luann an chúirt a rinne an tarchur nach ceart di ceist a bhaineann le comhréireacht le hAirteagal 45 CFAE na rialacha arna nglacadh agus arna gcur chun feidhme ag UEFA a tharchur chuig an gCúirt. Mar sin féin, luann an chúirt sin, go bunúsach, nach gcuireann sí bac ar an gceist sin a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh aici an ann do chomhaontú, do chinneadh ag comhlachas gnóthas nó do chleachtas comhbheartaithe de réir bhrí Airteagal 101 CFAE.

    51

    I bhfianaise na dtosca éagsúla sin, is iomchuí plé leis na ceisteanna arna dtarchur ag an gcúirt a rinne an tarchur le chéile, trí léiriú a dhéanamh ar Airteagal 101 CFAE ar an gcéad dul síos agus ar Airteagal 45 CFAE ar an dara dul síos.

    2.   Infheidhmeacht dhlí an Aontais maidir leis an spórt agus maidir le gníomhaíocht na gcumann spóirt

    52

    Baineann na ceisteanna a tarchuireadh chuig an gCúirt le léiriú ar Airteagail 45 agus 101 CFAE i gcomhthéacs díospóid a bhaineann le rialacha atá glactha ag dhá eintiteas, ar comhlachais dlí phríobháidigh iad, de réir a reachtanna faoi seach, atá freagrach as sacar a eagrú agus a rialú ar leibhéal na hEorpa agus ar leibhéal na Beilge faoi seach, agus a chuireann comhdhéanamh foirne is féidir páirt a ghlacadh i gcomórtais sacair idir-chlub faoi réir coinníollacha áirithe, mar aon le pionóis.

    53

    I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, a mhéid gur gníomhaíocht eacnamaíoch é, go dtagann cleachtadh spóirt faoi raon feidhme fhorálacha dhlí an Aontais is infheidhme maidir le gníomhaíocht den sórt sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 12 Nollaig 1974, Walrave et Koch, 36/74, EU:C:1974:140, mír 4, agus an 16 Márta 2010, Olympique Lyonnais, C‑325/08, EU:C:2010:143, mír 27).

    54

    Ní fhéadfaí a mheas nach bhfuil baint le haon ghníomhaíocht eacnamaíoch ach ag rialacha áirithe a glacadh ar chúiseanna neamheacnamaíochta amháin, agus a bhaineann le ceisteanna ar díol spéise iad don spórt féin agus dó amháin. Is amhlaidh an cás, go háirithe, leis na cinn a bhaineann le himreoirí eachtracha a eisiamh ó chomhdhéanamh na bhfoirne atá rannpháirteach i gcomórtais idir foirne a dhéanann ionadaíocht ar a dtír nó le socrú na gcritéar rangaithe a úsáidtear chun lúthchleasaithe a bheidh rannpháirteach ina n-aonair i gcomórtais a roghnú (féach, chuige sin, breithiúnais an 12 Nollaig 1974, Walrave agus Koch, 36/74, EU:C:1974:140, mír 8; an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, míreanna 76 agus 127, agus an 11 Aibreán 2000, Deliège, C‑51/96 agus C‑191/97, EU:C:2000:199, míreanna 43, 44, 63, 64 agus 69).

    55

    Cé is moite de na rialacha sonracha sin, féadfaidh na rialacha a ghlacann na cumainn spóirt d’fhonn obair ar thuarastal nó soláthar seirbhísí ag imreoirí gairmiúla nó leathghairmiúla agus ar bhonn níos ginearálta, na rialacha, cé nach rialaíonn siad an obair nó an soláthar seirbhísí sin, a bhfuil tionchar díreach acu ar an obair sin nó ar sholáthar teacht faoi Airteagal 45 agus 56 CFAE (féach, chuige sin, breithiúnais an 12 Nollaig 1974, Walrave agus Koch, 36/74, EU:C:1974:140, míreanna 5, 17 go 19 agus 25; an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, míreanna 75, 82 go 84, 87, 103 agus 116; an 12 Aibreán 2005, Simutenkov, C‑265/03, EU:C:2005:213, mír 32, agus an 16 Márta 2010, Olympique Lyonnais, C‑325/08, EU:C:2010:143, míreanna 28 agus 30).

    56

    Ar an dul céanna, tagann na rialacha arna nglacadh ag a leithéid de chumainn agus, ar bhonn níos leithne, iompar na gcumann a ghlac iad, faoi raon feidhme fhorálacha CFAE a bhaineann le dlí na hiomaíochta i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Iúil 2006, Meca-Medina agus Majcen v an Coimisiún, C‑519/04 P, EU:C:2006:492, míreanna 30 go 33), rud a chiallaíonn gur féidir na cumainn sin a aicmiú mar ‘ghnóthais’ de réir bhrí Airteagail 101 agus 102 CFAE nó gur féidir na rialacha atá i gceist a aicmiú mar ‘c[h]inneadh ag comhlachais ghnóthas’ de réir bhrí Airteagal 101 CFAE.

    57

    Ar bhonn níos ginearálta, ós rud é go dtagann a leithéid de rialacha faoi raon feidhme na bhforálacha sin de CFAE, ní mór iad, i gcás ina leagtar síos leo ceanglais is infheidhme maidir le daoine aonair, a cheapadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go háirithe prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Meitheamh 2019, TopFit agus Biffi, C‑22/18, EU:C:2019:497, míreanna 60, 65 agus 66 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    58

    Níl na rialacha i gceist sna príomhimeachtaí, is cuma cé acu ó UEFA nó URBSFA a thagann siad, ar na rialacha ar féidir feidhm a bheith ag an eisceacht dá dtagraítear i mír 54 den bhreithiúnas seo ina leith, ar eisceacht é ar thug an Chúirt chun cuimhne arís is arís eile ina leith nach mór a bheith teoranta dá cuspóir féin amháin agus nach bhfuil inagartha chun gach gníomhaíocht spóirt a eisiamh ó raon feidhme fhorálacha CFAE maidir le dlí eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Iúil 1976, Donà, 13/76, EU:C:1976:115, míreanna 14 agus 15, agus an 18 Iúil 2006, Meca-Medina agus Majcen v an Coimisiún, C‑519/04 P, EU:C:2006:492, mír 26).

    59

    A mhalairt sin, cé nach rialaítear leis na rialacha sin dálaí oibre na n‑imreoirí go foirmiúil, ní mór a mheas go bhfuil tionchar díreach acu ar an obair sin a mhéid a chuireann siad faoi réir coinníollacha áirithe, a bhfuil pionóis ag gabháil lena neamhchomhlíonadh, comhdhéanamh na bhfoirne a fhéadfaidh páirt a ghlacadh i gcomórtais sacair idir-chlub agus, dá bhrí sin, rannpháirtíocht na n-imreoirí féin sna comórtais sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, míreanna 116 agus 119).

    60

    Go sonrach, is léir ó ráitis na cúirte a rinne an tarchur go bhforáiltear leis na rialacha sin, go bunúsach, nach mór do chlubanna sacair ghairmiúil a ghlacann páirt sna comórtais sin, faoi réir pionós, líon íosta ‘imreoirí traenáilte sa bhaile’ a chur isteach ar liosta an scuaid cluiche. Sna rialacha arna nglacadh ag UEFA, is é atá le sonrú le húsáid na natha sin, i ndáiríre, ná ní hamháin imreoirí ar thraenáil an club a fhostaíonn iad, ach imreoirí ar thraenáil club eile atá cleamhnaithe leis an gcumann sacair náisiúnta céanna. Sna rialacha arna nglacadh ag URBSFA, is é atá le sonrú amháin le húsáid an natha sin ná imreoirí ar thraenáil ‘club Beilgeach’, is é sin le rá, aon chlub atá cleamhnaithe leis an gcumann sin. Dá bhrí sin, ní bhaineann sé le hábhar go gcuirtear teorainn lena leithéid de rialacha ar chumas clubanna imreoirí a chur ar liosta an scuaid cluiche, agus, dá réir sin, na himreoirí sin a chur chun páirce tráth an chluiche lena mbaineann agus nach gcuirtear srian leis ar infhostaitheacht na n‑imreoirí sin go foirmiúil, ós rud é gur bunchuspóir de ghníomhaíocht na n‑imreoirí páirt a ghlacadh i gcluichí agus i gcomórtais agus go bhfuil teorainn leis an infhostaitheacht sin chomh maith dá bhrí sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, mír 120, agus an 13 Aibreán 2000, Lehtonen agus Castors Braine, C‑176/96, EU:C:2000:201, mír 50).

    61

    Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil comhdhéanamh na bhfoirne ar cheann de pharaiméadair riachtanacha na gcomórtas ina mbíonn clubanna sacair ghairmiúil san iomaíocht agus go n‑eascraíonn gníomhaíocht eacnamaíoch as na comórtais sin, ní mór a mheas go bhfuil tionchar díreach ag na rialacha atá i gceist sna príomhimeachtaí ar na dálaí faoina saothraítear an ghníomhaíocht eacnamaíoch sin agus ar an iomaíocht idir clubanna sacair ghairmiúil atá ag tabhairt faoin ngníomhaíocht sin.

    62

    Dá réir sin, tagann rialacha UEFA agus URBSFA a bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt ina leith faoi raon feidhme Airteagail 45 agus 101 CFAE.

    3.   Airteagal 165 CFAE

    63

    Chuir formhór na bpáirtithe sna príomhimeachtaí agus roinnt de na rialtais a ghlac páirt sna himeachtaí os comhair na Cúirte tuairimí éagsúla in iúl maidir leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le hAirteagal 165 CFAE i gcomhthéacs na bhfreagraí atá le tabhairt ar na ceisteanna arna dtarchur ag an gcúirt a rinne an tarchur.

    64

    I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, nach mór féachaint ar Airteagal 165 CFAE i bhfianaise Airteagal 6(e) CFAE, lena bhforáiltear go bhfuil inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát i réimsí an oideachais, na gairmoiliúna, na hóige agus an spóirt, nó chun na gníomhaíochtaí sin a chomhordú nó a fhorlíonadh. Go deimhin, léirítear go nithiúil an fhoráil sin in Airteagal 165 CFAE trí shoiléiriú a thabhairt ar na cuspóirí a shanntar do ghníomhaíocht an Aontais sna réimsí lena mbaineann agus ar na modhanna is féidir a úsáid chun rannchuidiú leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

    65

    Dá réir sin, maidir leis na cuspóirí a shanntar do ghníomhaíocht an Aontais i réimse an spóirt, luaitear sa dara fomhír d’Airteagal 165(1) CFAE go rannchuideoidh an tAontas leis an spórt Eorpach a chur chun cinn, ag féachaint do shain-nádúr an spóirt, dá struchtúir atá bunaithe ar an ngníomhaíocht shaorálach agus d’fheidhm shóisialta agus oideachasúil an spóirt, agus, san fhleasc dheireanach de mhír 2, gurb é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais sa réimse sin an ghné Eorpach a fhorbairt sa spórt, trí chothrom na Féinne agus an oscailteacht i gcomórtais spóirt agus comhar idir comhlachtaí atá freagrach as an spórt a chur chun cinn agus trí iomláine coirp agus mhorálta na lúthchleasaithe, go háirithe na lúthchleasaithe is óige ina measc, a chosaint.

    66

    Maidir leis na modhanna a fhéadfar a úsáid chun rannchuidiú leis na cuspóirí sin a ghnóthú, foráiltear le hAirteagal 165 CFAE, i mír 3 de, go dtaobhóidh an tAontas agus leis an gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil leis an spórt, i mír 4, go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, nó go bhféadfaidh an Chomhairle, faoi seach, agus breith á tabhairt aici aonar ar thogra ón gCoimisiún, bearta dreasachta nó moltaí a ghlacadh.

    67

    Ar an dara dul síos, mar is léir ó fhoclaíocht Airteagal 165 CFAE agus ó fhoclaíocht Airteagal 6(e) CFAE, bheartaigh údair na gConarthaí, leis na forálacha sin, inniúlacht tacaíochta a thabhairt don Aontas Eorpach, lena gceadófaí don Aontas Eorpach gan ‘beartas’ a chur i gcrích, dá bhforáiltear i bhforálacha eile de CFAE, ach ina ionad sin ‘gníomhaíocht’ i roinnt réimsí sonracha, lena n‑áirítear an spórt. Dá bhrí sin, is bunús dlí iad na forálacha sin lena n‑údaraítear don Aontas Eorpach an inniúlacht sin a fheidhmiú, faoi na coinníollacha agus na teorainneacha a leagann siad síos, lena n‑áirítear, de réir na chéad fhleisce d’Airteagal 165(4) CFAE, aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta a eisiamh. Ina theannta sin, leis an inniúlacht tacaíochta sin, cuirtear ar chumas don Aontas Eorpach gníomhartha dlí a ghlacadh chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus chun na gníomhaíochtaí sin a chomhordú nó a fhorlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 6 CFAE, agus chun na gcríoch sin amháin.

    68

    Dá réir sin, agus mar is léir freisin ó chomhthéacs Airteagal 165 CFAE, go háirithe óna áireamh i gCuid 3 de CFAE, atá dírithe ar ‘bheartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais’, agus ní i gcuid a haon den Chonradh sin, ina bhfuil forálacha prionsabail, lena n‑áirítear, i dTeideal II, ‘forálacha a bhfuil feidhm ghinearálta acu’ a bhaineann, inter alia, le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an gcomhrac i gcoinne an idirdhealaithe, le cosaint an chomhshaoil nó le cosaint tomhaltóirí, ní hionann an tAirteagal sin agus foráil de chur i bhfeidhm ginearálta de chineál trasnach.

    69

    Dá bhrí sin, cé nach mór d’institiúidí inniúla an Aontais na gnéithe agus na cuspóirí éagsúla a liostaítear in Airteagal 165 CFAE a chur san áireamh ar ghlacadh, ar bhonn an Airteagail sin agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos ann, gníomhaíochtaí dreasachta nó moltaí i réimse an spóirt acu, ní gá an méid agus na cuspóirí éagsúla sin ná na gníomhaíochtaí dreasachta agus na moltaí sin a thabhairt isteach ná a chur san áireamh go ceangailteach i gcur i bhfeidhm na rialacha a bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt Bhreithiúnais ina dtaobh, cibé acu an í saoirse gluaiseachta d’oibrithe (Airteagal 45 CFAE) nó dlí na hiomaíochta (Airteagal 101 CFAE) atá i gceist. Ar bhonn níos leithne, ní féidir a mheas gur riail speisialta é Airteagal 165 CFAE lena n‑eisiatar an spórt ó fhorálacha uile nó ó chuid de na forálacha eile de dhlí príomha an Aontais a fhéadfar a chur i bhfeidhm maidir leis nó lena gceanglaítear go gcaithfear leis ar bhealach ar leith i gcomhthéacs an chur i bhfeidhm sin.

    70

    Ar an tríú dul síos, is amhlaidh, mar a chuir an Chúirt in iúl roinnt uaireanta, go bhfuil tábhacht shuntasach shóisialta agus oideachais ag baint le gníomhaíocht an spóirt, mar a léirítear anois in Airteagal 165 CFAE, don Aontas Eorpach agus dá shaoránaigh (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, mír 106, agus an 13 Meitheamh 2019, TopFit agus Biffi, C‑22/18, EU:C:2019:497, míreanna 33 agus 34).

    71

    Thairis sin, tá saintréithe doshéanta ag an ngníomhaíocht sin, ar saintréithe iad a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhmiú spóirt mar ghníomhaíocht eacnamaíoch, bíodh is go mbaineann siad go háirithe leis an spórt amaitéarach (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Aibreán 2000, Lehtonen agus Castors Braine, C‑176/96, EU:C:2000:201, mír 33).

    72

    Ag an deireadh ar fad, d’fhéadfaí a leithéid de shaintréithe a chur san áireamh, i measc tosca eile agus a mhéid atá siad ábhartha, agus Airteagail 45 agus 101 CFAE á gcur i bhfeidhm, agus é á thabhairt faoi deara, áfach, nach féidir iad sin a chur san áireamh ach amháin i gcomhthéacs na gcoinníollacha agus na gcritéar maidir le cur i bhfeidhm a leagtar síos i ngach ceann de na hAirteagail sin agus i gcomhlíonadh na gcoinníollacha agus na gcritéar sin.

    73

    Go háirithe, i gcás ina n‑áitítear gur bac ar shaorghluaiseacht oibrithe nó gur comhaontú frithiomaíoch í riail arna glacadh ag comhlachas spóirt, ní mór a chinneadh an bhfuil an riail sin ina bac nó ina comhaontú frithiomaíoch ar bhonn scrúdú nithiúil ar ábhar na rialach sin, go háirithe, san fhíorchomhthéacs ina bhfuil an riail sin le cur chun feidhme (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, míreanna 98 go 103; an 11 Aibreán 2000, Deliège, C‑51/96 agus C‑191/97, EU:C:2000:199, míreanna 61 go 64, agus an 13 Aibreán 2000, Lehtonen agus Castors Braine, C‑176/96, EU:C:2000:201, míreanna 48 go 50). D’fhéadfadh sé gurb é atá i gceist lena leithéid de scrúdú, i gcomhréir le hAirteagal 165(3) CFAE, ná cur san áireamh, mar shampla, chineál, eagrú nó fiú fheidhmiú an spóirt lena mbaineann agus, go sonrach, a ghairmiúla agus atá sé, an chaoi ina ndéantar é a chleachtadh, an t-idirghníomhú idir na gníomhaithe éagsúla agus an ról atá ag na struchtúir nó na comhlachtaí atá freagrach as ar gach leibhéal, lena gcuireann an tAontas Eorpach comhar chun cinn.

    74

    Thairis sin, i gcás ina suitear go bhfuil bac ar shaorghluaiseacht oibrithe, tá an deis ag an gcomhlachas a ghlac an riail atá i gceist a léiriú go bhfuil údar cuí leis, go bhfuil sé riachtanach agus comhréireach i bhfianaise cuspóirí áirithe a bhféadfaí a mheas gur cuspóirí dlisteanacha iad (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, mír 104), a bhraitheann iad féin ar shaintréithe an spóirt lena mbaineann i gcás faoi leith.

    75

    Is i bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo nach mór ceisteanna na cúirte a rinne an tarchur a scrúdú a mhéid a bhaineann siad le hAirteagal 101 CFAE agus ansin le hAirteagal 45 CFAE.

    B. Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú a mhéid a bhaineann siad le hAirteagal 101 CFAE

    76

    Tá feidhm ag Airteagal 101 CFAE maidir le haon eintiteas atá ag tabhairt faoi ghníomhaíocht eacnamaíoch nach mór, dá réir sin, a aicmiú mar ghnóthas, beag beann ar a fhoirm dhlíthiúil agus ar a mhodh maoinithe (féach, chuige sin, breithiúnais an 23 Aibreán 1991, Höfner agus Elser, C‑41/90, EU:C:1991:161, mír 21; an 11 Nollaig 2007, ETI agus páirtithe eile, C‑280/06, EU:C:2007:775, mír 38, agus an 1 Iúil 2008, MOTOE, C‑49/07, EU:C:2008:376, míreanna 20 agus 21).

    77

    Dá bhrí sin, tá feidhm ag an Airteagal sin, inter alia, maidir le heintitis atá ina gcumainn arb é is cuspóir dóibh, de réir a reachtanna, spórt faoi leith a eagrú agus a rialú, a mhéid a shaothraíonn na heintitis sin gníomhaíocht eacnamaíoch i ndáil leis an spórt sin, trí táirgí nó seirbhísí a thairiscint, agus chuige sin, ní mór iad a aicmiú mar ‘ghnóthais’ (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Iúil 2008, MOTOE, C‑49/07, EU:C:2008:376, míreanna 22, 23 agus 26).

    78

    Thairis sin, tá feidhm ag Airteagal 101 CFAE chomh maith maidir le heintitis atá inaicmithe mar ‘chomhlachais gnóthas’ cé nach gá gur gnóthais iad féin.

    79

    Sa chás seo, i bhfianaise ábhar an cháis sna príomhimeachtaí agus na ráiteas ón gcúirt a rinne an tarchur, ní mór a chinneadh go bhfuil feidhm ag Airteagal 101 CFAE maidir le UEFA agus URBSFA, ós rud é, go bhfuil eintitis atá inaicmithe mar ‘ghnóthais’ a mhéid a dhéanann siad gníomhaíocht eacnamaíoch, amhail clubanna sacair, mar bhaill den dá chomhlachas sin nó cleamhnaithe leo, go díreach nó go hindíreach.

    1.   Léiriú ar Airteagal 101(1) CFAE

    80

    Toirmisctear le hAirteagal 101(1) CFAE na cleachtais seo a leanas mar chleachtais nach luíonn leis an margadh inmheánach: gach comhaontú idir gnóthais, gach cinneadh ag comhlachais gnóthas agus gach cleachtas comhbheartaithe a d’fhéadfadh dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit agus arb é a gcuspóir nó a n‑éifeacht iomaíocht sa mhargadh inmheánach a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh.

    (a)   ‘Cinneadh ag comhlachais ghnóthas’ a bheith ann

    81

    Chun Airteagal 101(1) CFAE a chur i bhfeidhm, i gcás eintiteas amhail UEFA nó URBSFA, mar chomhlachas gnóthas, ní mór, ar an gcéad dul síos, a shuíomh gurb ann do ‘c[h]inneadh ag comhlachais ghnóthas’ amhail cinneadh lenarb é atá i gceist, i gcás an chomhlachais lena mbaineann, rialacha a ghlacadh nó a chur chun feidhme lena n‑imrítear tionchar díreach ar dhálaí feidhmithe ghníomhaíocht eacnamaíochta na ngnóthas atá ina mbaill dhíreacha nó indíreacha de (féach, chuige sin, breithiúnais an 19 Feabhra 2002, Wouters agus páirtithe eile, C‑309/99, EU:C:2002:98, mír 64, agus an 28 Feabhra 2013, Ordem dos Técnicos Oficiais de Contas, C‑1/12, EU:C:2013:127, míreanna 42 go 45).

    82

    Sa chás seo, is amhlaidh atá i gcás an dá chinneadh ar ina leith a gcuireann an chúirt a rinne an tarchur ceisteanna ar an gCúirt, eadhon na cinntí sin lenar ghlac UEFA agus URBSFA rialacha maidir le ‘himreoirí traenáilte sa bhaile’.

    (b)   Éifeacht ar thrádáil idir na Ballstáit

    83

    Ar an dara dul síos, is éard atá i gceist le cur i bhfeidhm Airteagal 101(1) CFAE i gcás a leithéide de chinntí ná a shuíomh, ar leibhéal leordhóthanach dóchúlachta, go bhféadfadh siad ‘dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit’, go suntasach, trí thionchar a imirt, go díreach nó go hindíreach agus go hiarbhír nó go féideartha, ar an trádáil, sa chaoi go bhfuil baol ann go gcuirfí bac ar chomhlánú nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

    84

    Sa chás seo, fágann raon feidhme geografach na gcinntí atá i gceist sna príomhimeachtaí gur féidir, i bhfianaise chásdlí comhsheasmhach na Cúirte dá dtagraítear i mír 43 den bhreithiúnas seo agus faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, a mheas go gcomhlíontar an coinníoll sin.

    (c)   Coincheap an iompair a bhfuil ‘cuspóir’ nó ‘éifeacht’ aige díobháil a dhéanamh don iomaíocht agus a chinneadh gurb ann d’iompar den sórt sin

    85

    Chun a mheas, i gcás faoi leith, go dtagann comhaontú, cinneadh ag comhlachas gnóthas nó cleachtas comhbheartaithe faoin toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 101(1) CFAE, is gá, i gcomhréir le foclaíocht iarbhír na forála sin, a léiriú go bhfuil sé mar chuspóir ag an iompar an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, nó go bhfuil éifeacht den sórt sin ag an iompar sin (féach, chuige sin, breithiúnais 30 Meitheamh 1966, LTM, 56/65, EU:C:1966:38, leathanach 359, agus an 29 Meitheamh 2023, Super Bock Bebidas, C‑211/22, EU:C:2023:529, mír 31).

    86

    Chuige sin, ar dtús, ní mór scrúdú a dhéanamh ar chuspóir an iompair atá i gceist. I gcás, i ndiaidh a leithéide de scrúdú, ina gcruthaítear go bhfuil cuspóir frithiomaíoch ag an iompar sin, ní gá scrúdú a dhéanamh ar a éifeacht ar an iomaíocht. Dá bhrí sin, is é sa chás nach féidir a mheas go bhfuil cuspóir frithiomaíoch ag an iompar sin, agus sa chás sin amháin, a chaithfear dul ar aghaidh, sa dara céim, le scrúdú a dhéanamh ar an éifeacht sin (féach, chuige sin, breithiúnais 30 Meitheamh 1966, LTM, 56/65, EU:C:1966:38, leathanach 359, agus an 26 Samhain 2015, Maxima Latvija, C‑345/14, EU:C:2015:784, míreanna 16 agus 17).

    87

    Beidh cineál an scrúdaithe atá le déanamh ag brath ar cé acu an bhfuil de ‘chuspóir’ nó ‘d’éifeacht’ ag an iompar atá i gceist an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, ós rud é go bhfuil rialacha dlí agus fianaise ar leith ag baint leis an dá choincheap sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Eanáir 2020, Generics (UK) agus páirtithe eile, C‑307/18, EU:C:2020:52, mír 63].

    (1) Cinneadh an ann d’iompar a bhfuil sé ‘de chuspóir aige’ an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh

    88

    Mar is léir ó chásdlí socair na Cúirte, mar a achoimríodh, go háirithe, i mbreithiúnas an 23 Eanáir 2018, F. Hoffmann‑La Roche agus páirtithe eile (C‑179/16, EU:C:2018:25, mír 78), agus an 30 Eanáir 2020, Generics (UK) agus páirtithe eile (C‑307/18, EU:C:2020:52, mír 67), ní mór léiriú docht a dhéanamh ar an gcoincheap ‘cuspóir’ frithiomaíoch, cé nach eisceacht atá ann ón gcoincheap ‘éifeacht’ fhrithiomaíoch, mar is léir ó mhíreanna 85 agus 86 den bhreithiúnas seo.

    89

    Dá bhrí sin, ní mór a thuiscint nach mbaineann an coincheap sin ach le cineálacha áirithe comhordaithe idir gnóthais atá a dhíobhálaí a dhóthain sin i ndáil leis an iomaíocht gur féidir a mheas nach gá scrúdú a dhéanamh ar a n‑éifeachtaí. Go deimhin, d’fhéadfaí a mheas, de bharr a gcineáil féin, go ndéantar dochar le cineálacha áirithe comhair idir gnóthais d’fheidhmiú cuí an ghnáthiomaíochais (féach, chuige sin, breithiúnais an 30 Meitheamh 1966, LTM, 56/65, EU:C:1966:38, leathanach 359; an 23 Eanáir 2018, F. Hoffmann‑La Roche agus páirtithe eile, C‑179/16, EU:C:2018:25, mír 78, agus an 30 Eanáir 2020, Generics (UK) agus páirtithe eile, C‑307/18, EU:C:2020:52, mír 67).

    90

    Áirítear ar na cineálacha iompair nach mór a mheas mar iompar den sórt sin, ar an gcéad dul síos, iompar claonpháirteach áirithe lena ndéantar dochar ar leith don iomaíocht, amhail cairtéil chothrománacha is cúis le socrú praghsanna, teorannú ar acmhainn táirgeachta nó leithdháileadh custaiméirí. Go deimhin, is dócha go dtiocfaidh méadú ar phraghsanna nó laghdú ar aschur de dheasca na gcineálacha iompair sin agus, dá bhrí sin, go dtiocfaidh drochúsáid acmhainní, chun dochair d’úsáideoirí gnó agus do thomhaltóirí (féach, chuige sin, breithiúnais an 20 Samhain 2008, Beef Industry Development Society agus Barry Brothers, C‑209/07, EU:C:2008:643, míreanna 17 agus 33; an 11 Meán Fómhair 2014, CB v an Coimisiún, C‑67/13 P, EU:C:2014:2204, mír 51, agus an 16 Iúil 2015, ING Pensii, C‑172/14, EU:C:2015:484, mír 32).

    91

    Cé nach gá go bhfuil siad chomh díobhálach céanna don iomaíocht, d’fhéadfaí a mheas freisin, i gcásanna áirithe, go bhfuil cuspóir frithiomaíoch ag cineálacha eile iompair. Tá feidhm aige sin, go háirithe, maidir le cineálacha áirithe comhaontuithe cothrománacha seachas cairtéil, mar shampla na cinn is cúis le gnóthais is a iomaitheoirí a eisiamh ón margadh (féach, chuige sin, breithiúnais an 30 Eanáir 2020, Generics (UK) agus páirtithe eile, C‑307/18, EU:C:2020:52, míreanna 76, 77, 83 go 87 agus 101, agus an 25 Márta 2021, Lundbeck v an Coimisiún, C‑591/16 P, EU:C:2021:243, míreanna 113 agus 114), nó cineálacha áirithe cinntí ag comhlachais gnóthas arb é is cuspóir dóibh iompar a gcomhaltaí a chomhordú, go háirithe maidir le praghsanna (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Eanáir 1987, Verband der Sachversicherer v an Coimisiún, 45/85, EU:C:1987:34, mír 41).

    92

    Chun a chinneadh, i gcás ar leith, an bhfuil díobháil leordhóthanach don iomaíocht i gceist le comhaontú, cinneadh ó chomhlachas gnóthas nó cleachtas comhbheartaithe, mar gheall ar a chineál, chun go bhféadfaí a mheas go bhfuil sé mar chuspóir aige an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, is gá scrúdú a dhéanamh, ar an gcéad dul síos, ar ábhar an chomhaontaithe, an chinnidh nó an chleachtais atá i gceist, ar an dara dul síos, ar an gcomhthéacs eacnamaíoch agus dlíthiúil ar cuid de iad agus, ar an tríú dul síos, ar na haidhmeanna atáthar ag iarraidh a bhaint amach leo (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Meán Fómhair 2014, CB v an Coimisiún, C‑67/13 P, EU:C:2014:2204, mír 53, agus an 23 Eanáir 2018, F. Hoffmann‑La Roche agus páirtithe eile, C‑179/16, EU:C:2018:25, mír 79).

    93

    I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, maidir le comhthéacs eacnamaíoch agus dlíthiúil an iompair atá i gceist, is gá aird a thabhairt ar chineál na dtáirgí nó na seirbhísí lena mbaineann agus ar na dálaí iarbhír atá ina saintréithe de struchtúr agus d’fheidhmiú na n-earnálacha nó na margaí i gceist (breithiúnais an 11 Meán Fómhair 2014, CB v an Coimisiún, C‑67/13 P, EU:C:2014:2204, mír 53, agus an 23 Eanáir 2018, F. Hoffmann‑La Roche agus páirtithe eile, C‑179/16, EU:C:2018:25, mír 80). Os a choinne sin, ní gá ar chor ar bith scrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí an iompair sin ar an iomaíocht, agus ní gá iad a léiriú ach an oiread, bíodh siad ina n-éifeachtaí iarbhír nó féideartha agus diúltacha nó dearfacha, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 85 agus 86 den bhreithiúnas seo.

    94

    Ansin, maidir leis na haidhmeanna a shaothraítear leis an iompar atá i gceist, is gá a chinneadh cad iad na haidhmeanna atá an t-iompar sin beartaithe chun a bhaint amach maidir leis an iomaíocht. Os a choinne sin, ní tosca cinntitheacha iad gur ghníomhaigh na gnóthais lena mbaineann gan rún suibiachtúil chun an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh agus gur shaothraigh siad cuspóirí dlisteanacha áirithe, chun críoch Airteagal 101(1) CFAE a chur i bhfeidhm (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Aibreán 2006, General Motors v an Coimisiún, C‑551/03 P, EU:C:2006:229, míreanna 64 agus 77 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 20 Samhain 2008, Beef Industry Development Society agus Barry Brothers, C‑209/07, EU:C:2008:643, mír 21).

    95

    Go háirithe, chinn an Chúirt arís agus arís eile go bhféadfaí cur as do chuspóir CAE agus CFAE maidir leis na margaí sin a chomhtháthú le bunú an mhargaidh inmheánaigh trí chomhaontuithe lena bhféachtar le margaí a dheighilt de réir teorainneacha náisiúnta, le margaí náisiúnta a athdheighilt nó lena gcuirtear le deacracht na margaí náisiúnta sin a mheascadh ina chéile agus, chuige sin, nach mór, i bprionsabal, iad a aicmiú mar chomhaontuithe a bhfuil sé de ‘chuspóir’ acu an iomaíocht a shrianadh de réir bhrí Airteagal 101(1) CFAE (féach chuige sin, breithiúnais an 16 Meán Fómhair 2008, Sot. Lélos kai Sia agus páirtithe eile, C‑468/06 go C‑478/06, EU:C:2008:504, mír 65 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 4 Deireadh Fómhair 2011, Football Association Premier League agus páirtithe eile, C‑403/08 agus C‑429/08, EU:C:2011:631, mír 139).

    96

    Is é is bun leis an gcásdlí sin, a cuireadh i bhfeidhm chomh maith maidir le hiompar seachas comhaontuithe, cibé acu ó ghnóthais nó ó chomhlachais gnóthas a eascraíonn sé (féach, chuige sin, breithiúnais an 17 Deireadh Fómhair 1972, Vereeniging van Cementhandelaren v an Coimisiún, 8/72, EU:C:1972:84, míreanna 23 go 25 agus 29, agus an 16 Meán Fómhair 2008, Sot. Lélos kai Sia agus páirtithe eile, C‑468/06 go C‑478/06, EU:C:2008:504, mír 66) ná, mar is léir ó Airteagal 3(1)(b) CFAE, gur cuid dhílis den chuspóir maidir le bunú an mhargaidh sin a leagadh ar an Aontas le hAirteagal 3(3) CAE é bunú rialacha iomaíochta is gá chun an margadh inmheánach a fheidhmiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Bealtaine 2022, Servizio Elettrico Nazionale agus páirtithe eile, C‑377/20, EU:C:2022:379, míreanna 42 agus 43 agus an cásdlí dá dtagraítear). Go deimhin, cealaítear lena leithéid d’iompar na buntáistí atá inbhainte ag tomhaltóirí as iomaíocht éifeachtach neamhshaofa sa mhargadh aonair trí dheighilt na margaí de réir teorainneacha náisiúnta, trína n‑athdheighilt nó trí chur leis an deacracht iad a mheascadh ina chéile (féach chuige sin, breithiúnais an 16 Meán Fómhair 2008, Sot. Lélos kai Sia agus páirtithe eile, C‑468/06 go C‑478/06, EU:C:2008:504, mír 66).

    97

    Dá bhrí sin, cinneadh go raibh ‘cuspóir’ frithiomaíoch i gceist, de réir bhrí Airteagal 101(1) CFAE, i gcás cineálacha éagsúla comhaontuithe, cinntí agus cleachtas comhbheartaithe atá ceaptha nó beartaithe chun an iomaíocht a shrianadh thar theorainneacha náisiúnta, bíodh siad, inter alia, chun trádáil chomhthreomhar a chosc nó a shrianadh, chun cosaint chríochach iomlán a áirithiú do shealbhóirí ceart eisiach nó chun iomaíocht trasteorann sa mhargadh inmheánach a shrianadh i bhfoirmeacha eile (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2009, GlaxoSmithKline Services agus páirtithe eile v an Coimisiún agus páirtithe eile, C‑501/06 P, C‑513/06 P, C‑515/06 P agus C‑519/06 P, EU:C:2009:610, mír 61, agus an 4 Deireadh Fómhair 2011, Football Association Premier League agus páirtithe eile, C‑403/08 agus C‑429/08, EU:C:2011:631, míreanna 139 go 142).

    98

    Ag an deireadh ar fad, maidir le hiompar faoi leith a thréithriú mar iompar a bhfuil sé de ‘chuspóir’ aige an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, ní mór, in aon chás, na cúiseanna beachta a léiriú go ndéanann an t‑iompar sin dochar leordhóthanach don iomaíocht, rud a thugann údar lena chinneadh go bhfuil a leithéid de chuspóir aige (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2014, CB v an Coimisiún, C‑67/13 P, EU:C:2014:2204, mír 69).

    (2) Cinneadh gurb ann d’iompar a bhfuil sé ‘d’éifeacht’ aige an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh

    99

    Cuimsítear le coincheap an iompair a bhfuil ‘éifeacht’ fhrithiomaíoch aige aon iompar nach féidir a mheas mar iompar a bhfuil ‘cuspóir’ frithiomaíoch aige, ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé d’éifeacht iarbhír nó fhéideartha ag an iompar an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, agus go ndéantar an méid sin go suntasach (féach, chuige sin, breithiúnais an 28 Bealtaine 1998, Deere v an Coimisiún, C‑7/95 P, EU:C:1998:256, mír 77, agus an 30 Eanáir 2020, Generics (UK) agus páirtithe eile, C‑307/18, EU:C:2020:52, mír 117).

    100

    Chuige sin, is gá scrúdú a dhéanamh ar an iomaíocht sa chomhthéacs iarbhír ina dtarlódh sí in éagmais an chomhaontaithe, an chinnidh ag comhlachas gnóthas nó an chleachtais chomhbheartaithe atá i gceist (breithiúnais an 30 Meitheamh 1966, LTM, 56/65, EU:C:1966:38, leathanach 360, agus an 30 Eanáir 2020, Generics (UK) agus páirtithe eile, C‑307/18, EU:C:2020:52, mír 118), tríd an margadh nó na margaí ar a bhfuil an t‑iompar sin beartaithe chun éifeachtaí a bheith aige a shainiú, agus ansin trí na héifeachtaí sin a thréithriú, bíodh siad iarbhír nó féideartha. Tá cur san áireamh na n‑imthosca ábhartha go léir i gceist leis an scrúdú sin.

    (3) Rialacha a aicmiú, mar chinneadh ag comhlachas gnóthas, a bhfuil sé de ‘chuspóir’ nó ‘d’éifeacht’ aige an iomaíocht a shrianadh, ar rialacha iad lena gceanglaítear ar chlubanna cuóta íosta d’imreoirí ‘traenáilte sa bhaile’ a bheith acu ina bhfoirne

    101

    Sa chás seo, maidir le hábhar rialacha UEFA agus URBSFA a bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur den gCúirt ina leith, ní mór a thabhairt chun cuimhne, ar an gcéad dul síos, go gceanglaítear leis na rialacha sin ar chlubanna sacair ghairmiúil a ghlacann páirt i gcomórtais sacair idir-chlub arna rialú ag na cumainn sin iad líon íosta imreoirí a chomhlíonann na ceanglais maidir lena mheas mar ‘imreoirí traenáilte sa bhaile’, mar a shainmhínítear leis na rialacha sin, faoi réir pionóis, a chur isteach ar liosta an scuaid cluiche. Dá bharr sin, de réir a gcineáil féin, cuirtear teorainn leo ar chumas na gclubanna sin na himreoirí nach gcomhlíonann a leithéid de cheanglais a chur ar an liosta sin.

    102

    Ar an dara dul síos, is léir ó ráitis na cúirte a rinne an tarchur gur ar dhá bhealach éagsúla a chuirtear an teorainn sin ar chumas na gclubanna maidir lena bhfoirne a chur le chéile. Go deimhin, ceanglaítear le rialacha UEFA agus URBSFA ar na clubanna sin líon íosta imreoirí a chur ar liosta an scuaid cluiche, ar imreoirí iad nach gá gur thraenáil an club a fhostaíonn iad agus gur thraenáil club atá cleamhnaithe leis an gcumann náisiúnta sacair céanna iad, cibé club a bheidh ann agus beag beann ar aon cheanglas maidir le suíomh geografach laistigh de dhlínse chríche an chumainn sin. Sa mhéid sin, is ar leibhéal an chumainn lena mbaineann, agus dá bhrí sin, ar an leibhéal náisiúnta, atá an srian a eascraíonn as na rialacha sin i ndáiríre. Ag an am céanna, ceanglaítear le rialacha UEFA freisin go n‑áireoidh clubanna, i measc na ‘n‑imreoirí traenáilte sa bhaile’ nach mór dóibh a chur ar liosta an scuaid cluiche, líon íosta imreoirí arna n-oiliúint iarbhír ag an gclub a fhostaíonn iad. Dá bhrí sin, tá feidhm ag an srian a bhaineann leo ar leibhéal an chlub lena mbaineann.

    103

    Maidir le comhthéacs eacnamaíoch agus dlíthiúil na rialacha a bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt ina leith, is léir, ar an gcéad dul síos, ó chásdlí na Cúirte, i bhfianaise chineál sonrach na ‘dtáirgí’ atá i gcomórtais spóirt, ó thaobh na heacnamaíochta de, gur ceadmhach, go ginearálta, do chomhlachais atá freagrach as cleachtadh spóirt, amhail UEFA agus URBSFA, rialacha a ghlacadh a bhaineann, inter alia, le heagrú comórtas sa spórt sin, lena n‑iompar cuí agus le páirt a ghlacadh ag imreoirí iontu (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Aibreán 2000, Deliège, C‑51/96 agus C‑191/97, EU:C:2000:199, míreanna 67 agus 68, agus an 13 Meitheamh 2019, TopFit agus Biffi, C‑22/18, EU:C:2019:497, mír 60), a mhéid nach gcuireann na cumainn sin srian, agus an méid sin á dhéanamh acu, ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí a thugtar le dlí an Aontais do dhaoine aonair (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, míreanna 81 agus 83, agus an 13 Meitheamh 2019, TopFit agus Biffi, C‑22/18, EU:C:2019:497, mír 52).

    104

    Ansin, tugann saintréithe sonracha an tsacair ghairmiúil agus na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a eascraíonn as feidhmiú an spóirt sin bonn cirt leis an gconclúid go bhfuil údar ag cumainn amhail UEFA agus URBSFA, le rialú a dhéanamh, go sonrach, ar na coinníollacha ina bhféadfaidh clubanna sacair ghairmiúil foirne a chur le chéile a ghlacann páirt i gcomórtais idir-chlub laistigh dá ndlínse chríche.

    105

    Go deimhin, maidir leis an spórt, a bhfuil tábhacht shuntasach shóisialta agus chultúrtha ag baint leis san Aontas Eorpach (breithiúnais an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, mír 106, agus an 16 Márta 2010, Olympique Lyonnais, C‑325/08, EU:C:2010:143, mír 40), ach sna meáin freisin, is dá thréithe é, inter alia, go n‑eagraítear go leor comórtas ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta araon, ina nglacann go leor clubanna agus imreoirí páirt. Ina theannta sin, is dá thréithe é, mar is amhlaidh an cás le spóirt áirithe eile, go bhforchoimeádtar rannpháirtíocht sna comórtais sin d’fhoirne a bhfuil torthaí spóirt áirithe bainte amach acu (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, mír 132), ar comórtais iad a bhfuil a seoladh bunaithe ar dhul i gcoimhlint na bhfoirne sin le chéile agus ar a ndíbirt chéimnitheach. Dá bhrí sin, is é is bun leis, go bunúsach, ná tuillteanas spóirt, rud nach bhfuil inléirithe ach amháin i gcás ina gcuirtear na foirne go léir le chéile i gcomhréir le coinníollacha aonfhoirmeacha rialála agus teicniúla, lena n‑áirithítear méid áirithe comhionannas deiseanna.

    106

    Ag an deireadh ar fad, leis na coinníollacha iarbhír dar tréithe iad feidhmiú an ‘mhargaidh’, mínítear gur féidir leis na rialacha is féidir le cumainn amhail UEFA agus URBSFA a ghlacadh lena mbaineann comórtais sacair ghairmiúil ó thaobh na heacnamaíochta de, agus, go háirithe, na rialacha maidir le heagrú agus le stiúradh cuí na gcomórtas arna rialú acu, fós a bheith ag tagairt, maidir le pointí áirithe agus, go pointe áirithe, do cheanglas nó do critéar náisiúnta. Go deimhin, ó thaobh feidhme de, tá sé de réir thréithe an spóirt sin gurb ann do chomórtais idir-chlub agus comórtais idir foirne lena ndéantar ionadaíocht do chumainn sacair náisiúnta araon, ar féidir a gcomhdhéanamh a chur faoi réir ‘clásail náisiúntachta’ a chomhlíonadh, agus údar maith leis, i bhfianaise shainiúlacht na gcluichí sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, míreanna 127 agus 128 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    107

    Maidir leis an aidhm atá leis na rialacha atá i gceist sna príomhimeachtaí a bhaint amach go hoibiachtúil, maidir leis an iomaíocht, is léir ó na ráitis ón gcúirt a rinne an tarchur a bhaineann le hábhar na rialacha sin go dteorannaítear nó go rialaítear leo ceann de na paraiméadair riachtanacha den iomaíocht ar féidir le clubanna sacair ghairmiúil dul ina bhun, eadhon imreoirí cumasacha a earcú, beag beann ar an gclub agus ar an áit ar traenáladh iad, a d’fhéadfadh a chur ar chumas don fhoireann an ceann is fearr a fháil ar an bhfoireann freasúra. Ón taobh sin de, dúirt Rialtas na Beilge, mar is ceart, go bhféadfaí tionchar a imirt leis an teorannú sin ar an iomaíocht do na clubanna, ní hamháin sa ‘mhargadh réamhtheachtach nó soláthair’, arb é atá i gceist leis, ó thaobh na heacnamaíochta de, ná ní hamháin earcaíocht imreoirí ach freisin ar an ‘margadh iartheachtach’ arb é, ón taobh céanna de, na comórtais sacair idir-chlub.

    108

    Is faoin gcúirt a rinne an tarchur, áfach, a chinneadh an leor nó nach leor an díobháil i ndáil leis an iomaíocht atá ag baint leis na rialacha i gceist sna príomhimeachtaí, mar gheall ar a gcineál féin, chun a mheas go bhfuil sé de ‘chuspóir’ acu an iomaíocht a shrianadh.

    109

    Chuige sin, is faoin gcúirt sin a bheidh sé, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 92 den bhreithiúnas seo, ábhar na rialacha sin a chur san áireamh agus a chinneadh an gcuirtear teorainn go pointe leordhóthanach leo chun gur féidir a mheas go bhfuil siad sách díobhálach gur féidir iad a aicmiú mar ‘fhrithiomaíoch’ de réir a gcuspóra, leis an rochtain atá ag clubanna sacair ghairmiúil ar na ‘hacmhainní’ atá bunriachtanach dá rath, arb iad na himreoirí atá traenáilte cheana féin, trí cheangal a chur orthu líon íosta imreoirí atá traenáilte go náisiúnta a earcú, chun dochair na hiomaíochta trasteorann a bhféadfadh siad dul ina bun de ghnáth trí imreoirí a earcú atá traenáilte i gcumainn sacair náisiúnta eile. Ón taobh sin de, tá ábharthacht ar leith ag baint le sciar na n‑imreoirí lena mbaineann.

    110

    Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé freisin, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 70 go 73, 93 agus 94 den bhreithiúnas seo, an comhthéacs eacnamaíoch agus dlíthiúil inar glacadh na rialacha atá i gceist sna príomhimeachtaí agus saintréithe an tsacair a chur san áireamh, agus measúnú a dhéanamh an raibh nó nach raibh sé de chuspóir le glacadh na rialacha sin srian a chur ar rochtain na gclubanna ar na hacmhainní sin, margaí a dheighilt nó a athdheighilt de réir teorainneacha náisiúnta nó cur le deacracht meascadh na margaí náisiúnta ina chéile, trí chineál ‘tosaíocht náisiúnta’ a thabhairt isteach.

    111

    Má thagann an chúirt a rinne an tarchur ar an gconclúid, ag deireadh a scrúdaithe, gur leor méid na díobhála a dhéantar leis na rialacha atá i gceist sna príomhimeachtaí chun a chinneadh go bhfuil sé de chuspóir acu an iomaíocht a shrianadh agus, dá bhrí sin, go dtagann siad faoin toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 101(1) CFAE, ní bheidh sé riachtanach go ndéanfadh sí scrúdú ar a n‑éifeachtaí iarbhír nó féideartha.

    112

    Mura gcinnfear amhlaidh, beidh air scrúdú a dhéanamh ar na héifeachtaí sin.

    (d)   An fhéidearthacht chun a mheas nach dtagann iompar sonrach áirithe faoi raon feidhme Airteagal 101(1) CFAE

    113

    Is léir ó chásdlí socair na Cúirte nach gá go dtiocfadh gach comhaontú idir gnóthais nó gach cinneadh ag comhlachas gnóthas lena gcuirtear srian ar shaoirse gníomhaíochta na ngnóthas is páirtí sa chomhaontú sin nó faoi réir chomhlíonadh an chinnidh sin faoi raon feidhme an toirmisc a leagtar síos in Airteagal 101(1) CFAE. Go deimhin, maidir le scrúdú a dhéanamh ar an gcomhthéacs eacnamaíoch agus dlíthiúil lena mbaineann roinnt de na comhaontuithe agus cinntí sin, d’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh air, ar an gcéad dul síos, go bhfuil údar leo trí chuspóir dlisteanach amháin nó níos mó ar mhaithe le leas an phobail a shaothrú nach bhfuil, iontu féin, frithiomaíoch, ar an dara dul síos, go bhfuil fíorghá leis na modhanna sonracha a úsáidtear chun na cuspóirí sin a shaothrú chun na críche sin agus, ar an tríú dul síos, fiú má shuitear go bhfuil sé d’éifeacht ag na modhanna sin féin an iomaíocht a shrianadh nó a shaobhadh, ar a laghad go féideartha, nach dtéitear leis an éifeacht bhunúsach sin thar a bhfuil riachtanach, go háirithe trí dheireadh a chur leis an iomaíocht ar fad. Féadfaidh feidhm a bheith ag an gcásdlí sin, go háirithe, i gcás comhaontuithe nó cinntí i bhfoirm rialacha arna nglacadh ag comhlachas amhail comhlachas gairmiúil nó comhlachas spóirt, d’fhonn cuspóirí eiticiúla nó prionsabail áirithe a shaothrú agus, ar bhonn níos leithne, maidir le feidhmiú gníomhaíochta gairmiúla a rialáil, má léiríonn an comhlachas lena mbaineann go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach thuas (féach, chuige sin, breithiúnais an 19 Feabhra 2002, Wouters agus páirtithe eile, C‑309/99, EU:C:2002:98, mír 97; an 18 Iúil 2006, Meca-Medina agus Majcen v an Coimisiún, C‑519/04 P, EU:C:2006:492, míreanna 42 go 48, agus an 28 Feabhra 2013, Ordem dos Técnicos Oficiais de Contas, C‑1/12, EU:C:2013:127, míreanna 93, 96 agus 97).

    114

    Go sonrach, i réimse an spóirt, chinn an Chúirt, i bhfianaise a raibh ar fáil di, nach dtagann na rialacha frithdhópála arna nglacadh ag Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha (CICO) faoi raon feidhme an toirmisc a leagtar síos in Airteagal 101(1) CFAE, cé go gcuirtear teorainn tríothu le saoirse gníomhaíochta lúthchleasaithe agus go bhfuil an éifeacht bhunúsach acu iomaíocht fhéideartha eatarthu a shrianadh trí thairseach a shainiú ar os a gcionn arb ionann nandrólón agus dópáil, agus é mar aidhm leo seoladh cóir, dílse agus oibiachtúil na hiomaíochta spóirt a chaomhnú, comhdheiseanna a áirithiú do lúthchleasaithe, a sláinte a chosaint agus urraim do na luachanna eiticiúla i gcroílár an spóirt, lena n‑áirítear tuillteanas, a áirithiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Iúil 2006, Meca-Medina agus Majcen v an Coimisiún, C‑519/04 P, EU:C:2006:492, míreanna 43 go 55).

    115

    Os a choinne sin, ní fhéadfaí an cásdlí dá dtagraítear i mír 113 den bhreithiúnas seo a chur i bhfeidhm i gcás iompair, seachas a bheith teoranta do ‘éifeacht’ a bheith aige, ar a laghad go féideartha, go gcuirtear srian leis an iomaíocht trí theorainn a chur le saoirse gníomhaíochta gnóthas áirithe, ar iompar é atá chomh díobhálach sin i ndáil leis an iomaíocht go bhfuil údar maith le meas go bhfuil sé de ‘chuspóir’ díreach aige an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh. Mar sin, níl ach i gcás inar léir nach bhfuil sé de chuspóir ag an iompar sin an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, i ndiaidh an scrúdaithe ar an iompar atá i gceist i gcás faoi leith, gur féidir a chinneadh, ansin, go dtagann an t‑iompar faoin gcásdlí sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 28 Feabhra 2013, Ordem dos Técnicos Oficiais de Contas, C‑1/12, EU:C:2013:127, mír 69; an 4 Meán Fómhair 2014, API agus páirtithe eile, C‑184/13 go C‑187/13, C‑194/13, C‑195/13 agus C‑208/13, EU:C:2014:2147, mír 49, agus an 23 Samhain 2017, CHEZ Elektro Bulgaria agus FrontEx International, C‑427/16 agus C‑428/16, EU:C:2017:890, míreanna 51, 53, 56 agus 57).

    116

    Maidir le hiompar a bhfuil sé de chuspóir aige an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, ní féidir an eisceacht a leagtar amach ar an toirmeasc in Airteagal 101(1) CFAE a chur i bhfeidhm ina leith ach de bhun Airteagal 101(3) CFAE agus a mhéid a chomhlíontar na coinníollacha go léir dá bhforáiltear leis an bhforáil sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Samhain 2008, Beef Industry Development Society agus Barry Brothers, C‑209/07, EU:C:2008:643, mír 21).

    117

    Sa chás seo, ní bheidh ar an gcúirt a rinne an tarchur a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 113 den bhreithiúnas seo leis na rialacha atá i gceist sna príomhimeachtaí ach amháin i gcás ina dtagann sí ar an gconclúid, i ndiaidh a scrúdaithe ar na rialacha sin, nach bhfuil sé de chuspóir acu an iomaíocht a shrianadh, agus na cuspóirí arna gcur chun cinn, inter alia, ag na cumainn spóirt atá i gceist sna príomhimeachtaí á gcur san áireamh, sa chomhthéacs sin, ar cuspóirí iad arb é atá iontu ná deimhniú go nglacann foirne na gcumann sin páirt i gcomórtais sacair idir-chlub faoi chomhdhálaí agus traenáil imreoirí óga sacair ghairmiúil a spreagadh.

    2.   Léiriú ar Airteagal 101(3) CFAE

    118

    Tugtar le tuiscint ó fhoclaíocht féin Airteagal 101(3) CFAE go bhféadfaí díolúine a chur i bhfeidhm maidir le haon chinneadh ó chomhlachas gnóthas nó aon chleachtas comhbheartaithe atá ar neamhréir le hAirteagal 101(1) CFAE, bíodh sin mar gheall a chuspóir nó ar a éifeacht fhrithiomaíoch i gcás ina gcomhlíontar leis coinníollacha go léir dá bhforáiltear chuige sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Iúil 1985, Remia agus páirtithe eile v an Coimisiún, 42/84, EU:C:1985:327, mír 38, agus an 11 Meán Fómhair 2014, MasterCard agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑382/12 P, EU:C:2014:2201, mír 230), agus é á thabhairt faoi deara go bhfuil na coinníollacha sin níos déine ná na coinníollacha dá dtagraítear i mír 113 den bhreithiúnas seo.

    119

    I gcomhréir le hAirteagal 101(3) CFAE, tá fáil na díolúine sin, i gcás ar leith, faoi réir ceithre choinníoll charnacha. Ar an gcéad dul síos, ní mór a shuíomh ar leibhéal leordhóthanach dóchúlachta (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2009, GlaxoSmithKline Services agus páirtithe eile v an Coimisiún agus páirtithe eile, C‑501/06 P, C‑513/06 P, C‑515/06 P agus C‑519/06 P, EU:C:2009:610, mír 95), go bhféadfar gnóthachain éifeachtúlachta a dhéanamh leis an gcomhaontú, leis an gcinneadh ag comhlachas gnóthas nó leis an gcleachtas comhbheartaithe, trí fheabhas a thabhairt ar tháirgeadh nó dáileadh earraí nó trí ascnamh teicniúil nó eacnamaíoch a chur chun cinn. Ar an dara dul síos, ní mór a shuíomh, ar an dul céanna, go ligtear le húsáideoirí cion cothrom den tairbhe uaidh sin. Ar an tríú dul síos, níor cheart srian a fhorchur leis an gcomhaontú, leis an gcinneadh nó leis an gcleachtas atá i gceist ar na gnóthais rannpháirteacha nach bhfuil fíor-riachtanach chun na gnóthachain éifeachtúlachta sin a dhéanamh. Ar an gceathrú dul síos, níor cheart don chomhaontú sin, don chinneadh sin ná don chleachtas sin a thabhairt do na gnóthais rannpháirteacha breith ar iomaíocht éifeachtach a dhíchur le haghaidh cuid mhór de na táirgí nó na seirbhísí lena mbaineann.

    120

    Is faoin bpáirtí atá ag brath ar a leithéid de dhíolúine a léiriú, trí argóintí áititheacha agus fianaise áititheach, go gcomhlíontar na coinníollacha uile lena fáil (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Iúil 1985, Remia agus páirtithe eile v an Coimisiún, 42/84, EU:C:1985:327, mír 45, agus an 6 Deireadh Fómhair 2009, GlaxoSmithKline Services agus páirtithe eile v an Coimisiún agus páirtithe eile, C‑501/06 P, C‑513/06 P, C‑515/06 P agus C‑519/06 P, EU:C:2009:610, mír 82). Sa chás ina bhfuil na hargóintí agus fianaise de chineál nach mór don pháirtí eile iad a fhrisnéis go háititheach, is ceadmhach, in éagmais a leithéide d’fhrisnéis, a chinneadh go gcomhlíontar an dualgas cruthúnais atá ar an bpáirtí ag brath ar Airteagal 101(3) CFAE (féach, chuige sin, breithiúnais an 7 Eanáir 2004, Aalborg Portland agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑204/00 P, C‑205/00 P, C‑211/00 P, C‑213/00 P, C‑217/00 P agus C‑219/00 P, EU:C:2004:6, mír 79, agus an 6 Deireadh Fómhair 2009, GlaxoSmithKline Services agus páirtithe eile v an Coimisiún agus páirtithe eile, C‑501/06 P, C‑513/06 P, C‑515/06 P agus C‑519/06 P, EU:C:2009:610, mír 83).

    121

    Go háirithe, maidir leis an gcéad choinníoll dá dtagraítear i mír 119 den bhreithiúnas seo, ní bhaineann na gnóthachain éifeachtúlachta nach mór a bheith indéanta leis an gcomhaontú, leis an gcinneadh ón gcomhlachas gnóthas nó leis an gcleachtas comhbheartaithe le gach tairbhe a bhaineann na gnóthais rannpháirteacha as an gcomhaontú sin, as an gcinneadh sin nó as an gcleachtas comhbheartaithe ina ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ach leis na tairbhí oibiachtúla suntasacha amháin a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na hearnálacha nó margaí lena mbaineann leis an gcomhaontú sin, leis an gcinneadh sin nó leis an gcleachtas sin, arna meas go sonrach. Ina theannta sin, ionas gur féidir a mheas go bhfuil an chéad choinníoll sin á chomhlíonadh, is gá ní hamháin fírinne agus fairsinge na ngnóthachan éifeachtúlachta sin a shuíomh, ach a léiriú chomh maith go bhfuil siad de chineál go gcúiteofaí leo na míbhuntáistí iomaíochta atá de thoradh an chomhaontaithe, an chinnidh nó an chleachtais i gceist ó thaobh na hiomaíochta de (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Iúil 1966, Consten agus Grundig v an Coimisiún, 56/64 agus 58/64, EU:C:1966:41, leathanach 502, agus an 11 Meán Fómhair 2014, MasterCard agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑382/12 P, EU:C:2014:2201, míreanna 232, 234 agus 236, agus, de réir analaí, an 27 Márta 2012, Post Danmark, C‑209/10, EU:C:2012:172, mír 43).

    122

    Maidir leis an dara coinníoll dá dtagraítear i mír 119 den bhreithiúnas seo, is éard atá i gceist leis ná suíomh go bhfuil tionchar fabhrach ag gnóthachain éifeachtúlachta nach mór a bheith indéanta leis an gcomhaontú, leis an gcinneadh ón gcomhlachas gnóthas nó leis an gcleachtas comhbheartaithe ar na húsáideoirí go léir, cibé acu trádálaithe, tomhaltóirí idirmheánacha nó tomhaltóirí deiridh atá iontu, sna hearnálacha nó margaí éagsúla lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnais an 23 Samhain 2006, Asnef-Equifax agus Administración del Estado, C‑238/05, EU:C:2006:734, mír 70, agus an 11 Meán Fómhair 2014, MasterCard agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑382/12 P, EU:C:2014:2201, míreanna 236 agus 242).

    123

    Tugtar le tuiscint uaidh sin, i gcás ina bhfuil an t‑iompar lena sáraítear Airteagal 101(1) CFAE frithiomaíoch de réir a chuspóra, is é sin le rá, go bhfuil sé díobhálach a dhóthain don iomaíocht, agus, thairis sin, go ndéantar difear leis do chatagóirí éagsúla úsáideoirí nó tomhaltóirí, ní mór a chinneadh, i gcás inarb iomchuí, a mhéid a bhfuil tionchar fabhrach ag an iompar sin ar gach ceann acu, cé gur iompar díobhálach atá ann.

    124

    Maidir leis an tríú coinníoll dá dtagraítear i mír 119 den bhreithiúnas seo, a bhaineann leis an iompar atá i gceist a bheith fíor-riachtanach nó go bhfuil gá leis, baineann sé le measúnú agus comparáid a dhéanamh ar thionchar an iompair sin agus ar na bearta malartacha atá ar fáil iarbhír faoi seach, d’fhonn a chinneadh an féidir na gnóthachain éifeachtúlachta a bhfuiltear ag súil leo ón iompar sin a bhaint amach trí bhearta nach bhfuil chomh sriantach céanna ar an iomaíocht. Os a choinne sin, ní fhéadfaí rogha a dhéanamh, de réir mar a mheastar gur cuí, idir a leithéid d’iompar agus bearta malartacha, i gcás nach ndealraíonn sé go gcuireann na bearta sin srian níos lú ar an iomaíocht.

    125

    Maidir leis an gceathrú coinníoll dá dtagraítear i mír 119 den bhreithiúnas seo, is éard atá i gceist lena fhíorú gur comhlíonadh é i gcás faoi leith ná scrúdú a dhéanamh ar na tosca cainníochtúla agus cáilíochtúla ar saintréith iad d’fheidhmiú na hiomaíochta sna hearnálacha nó sna margaí lena mbaineann, d’fhonn a chinneadh an dtugann an comhaontú, an cinneadh ó chomhlachas gnóthas nó an cleachtas comhbheartaithe lena mbaineann breith ar an iomaíocht éifeachtach uile a dhíchur i ndáil le cuid mhór de na táirgí nó de na seirbhísí lena mbaineann. Go háirithe, i gcás cinneadh ag comhlachas gnóthas nó comhaontú a rinne na gnóthais go comhpháirteach, d’fhéadfadh an sciar an‑mhór den mhargadh atá ag na gnóthais sin a bheith, i measc imthosca ábhartha eile agus i gcomhthéacs anailís fhoriomlán ar na himthosca sin, a bheith ina tháscaire ar an bhféidearthacht go dtabharfaidh an cinneadh nó an comhaontú sin, ag féachaint dá ábhar agus dá chuspóir nó dá éifeacht, do na gnóthais rannpháirteacha breith ar an iomaíocht éifeachtach uile a dhíchur, rud a chuireann bac, ann féin, ar an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 101(3) CFAE.

    126

    Ar bhonn níos ginearálta, chun scrúdú a dhéanamh ar na coinníollacha éagsúla dá dtagraítear i mír 119 den bhreithiúnas seo, d’fhéadfadh sé gur ghá tréithe agus saintréithe na hearnála nó na n-earnálacha nó an mhargaidh nó na margaí lena mbaineann an comhaontú, an cinneadh ó chomhlachas gnóthas nó an cleachtas comhbheartaithe i gceist a chur san áireamh, má tá na tréithe agus na saintréithe sin cinntitheach maidir le toradh an scrúdaithe sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2009, GlaxoSmithKline Services agus páirtithe eile v an Coimisiún agus páirtithe eile, C‑501/06 P, C‑513/06 P, C‑515/06 P agus C‑519/06 P, EU:C:2009:610, mír 103, agus an 11 Meán Fómhair 2014, MasterCard agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑382/12 P, EU:C:2014:2201, mír 236).

    127

    Ina theannta sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne gur leor gan ceann de na ceithre choinníoll dá dtagraítear i mír 119 den bhreithiúnas seo a chomhlíonadh le cur i bhfeidhm na díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 101(3) CFAE a chosc.

    128

    Sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a rialú an gcomhlíontar leis na rialacha atá i gceist sna príomhimeachtaí na coinníollacha uile a lena ndéantar go bhfuil díolúine infhaighte acu faoi Airteagal 101(3) CFAE, tar éis na páirtithe a chur ar a gcumas a ndualgas cruthúnais a chomhlíonadh, mar a thugtar chun cuimhne i mír 120 den bhreithiúnas seo.

    129

    Dá ainneoin sin, ní mór a thabhairt faoi deara, maidir leis an gcéad cheann de na coinníollacha sin, a bhaineann leis na tairbhí oibiachtúla suntasacha a bhfuil sé de chuspóir nó d’éifeacht acu an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, ní mór a bheith in ann iad a bhaint amach san earnáil nó sna margaí lena mbaineann, ar tairbhí iad a d’fhéadfadh na rialacha atá i gceist sna príomhimeachtaí na clubanna sacair ghairmiúil a spreagadh chun imreoirí óga a earcú agus a thraenáil, agus ar an gcaoi sin an iomaíocht a threisiú trí thraenáil. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur, áfach, breith a thabhairt, ag féachaint do na hargóintí agus fianaise nithiúla arna dtabhairt ar aird ag na páirtithe, bíodh siad de chineál eacnamaíochta, staitistice nó de chineál eile, maidir le fírinne an spreagtha sin, maidir le raon feidhme na ngnóthachan éifeachtúlachta dá bhrí sin ó thaobh na traenála de agus maidir le cé acu an bhfuil na gnóthachain éifeachtúlachta sin de chineál go gcúiteofaí leo na míbhuntáistí iomaíochta a eascraíonn ó na rialacha sin.

    130

    Maidir leis an dara coinníoll, ar dá réir nach mór tionchar fabhrach a bheith ag an iompar atá i gceist ar úsáideoirí, cibé acu an trádálaithe, tomhaltóirí idirmheánacha nó tomhaltóirí deiridh atá iontu, ar na hearnálacha nó ar na margaí éagsúla lena mbaineann, ní mór a chur in iúl, sa chás seo, go n‑áirítear ar ‘úsáideoirí’, ar an gcéad dul síos, clubanna sacair ghairmiúil agus imreoirí iad féin. Baineann ‘tomhaltóirí’ deiridh leis seo chomh maith, ar bhonn níos leithne, arb iad atá iontu, de réir bhrí eacnamaíochta an téarma, ná an lucht féachana nó an lucht féachana teilifíse. Maidir leis an lucht féachana, ní féidir a chur as an áireamh go bhfuil an tsuim a chuireann roinnt díobh i gcomórtais idir-chlub faoi réir, i measc paraiméadair eile, áit bhunaithe na gclubanna a ghlacann páirt ann agus imreoirí arna dtraenáil sa bhaile a bheith sna foirne arna gcur chun páirce. Dá bhrí sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé rialú a dhéanamh, go háirithe, i bhfianaise na n‑argóintí agus na fianaise sonraí a thugann na páirtithe ar aird, maidir leis an gceist, ar an margadh a ndéanann siad difear dó go príomha, eadhon earcaíocht imreoirí ag clubanna, an bhfuil tionchar fabhrach iarbhír ag na rialacha atá i gceist sna príomhimeachtaí, ní hamháin ar na himreoirí ach freisin ar na clubanna uile agus ar an lucht féachana agus an lucht féachana teilifíse nó, mar a áitíodh os comhair na Cúirte, an bhfeidhmíonn siad, sa chleachtas, ar mhaithe le catagóirí áirithe clubanna ach freisin, ag an am céanna, chun dochair do chlubanna eile.

    131

    Maidir leis an tríú coinníoll, a bhaineann le fíor-riachtanachas na rialacha atá i gceist sna príomhimeachtaí, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé a fhíorú, i bhfianaise na n‑argóintí agus na fianaise nithiúla a thug na páirtithe ar aird nó atá le tabhairt ar aird acu, an bhféadfadh bearta malartacha amhail iad siúd dá dtagraítear os comhair na Cúirte, eadhon ceanglais traenála imreoirí a fhorchur chun clubanna sacair ghairmiúil a cheadúnú, bunú sásraí maoinithe nó dreasachtaí airgeadais do chlubanna beaga, inter alia, nó córas cúitimh dhírigh as na costais a íocann na clubanna is traenálaithe, a bheith, i gcomhréir le dlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, míreanna 108 agus 109, agus an 16 Márta 2010, Olympique Lyonnais, C‑325/08, EU:C:2010:143, míreanna 41 go 45), ina mbearta nach bhfuil chomh sriantach ar an iomaíocht.

    132

    Maidir leis an gceathrú coinníoll, nach gcuirtear deireadh leis an iomaíocht a bhféadfadh clubanna sacair ghairmiúil dul ina bun trí imreoirí atá traenáilte cheana a earcú, cé go gcuireann na rialacha atá i gceist sna príomhimeachtaí srian leis an iomaíocht sin, is é atá cinntitheach ná an leibhéal ag a socraítear an t‑íoschion ‘imreoirí traenáilte sa bhaile’ atá le cur isteach ar liosta an scuaid cluiche, i ndáil le líon iomlán na n-imreoirí atá le cur ar an liosta sin. Go háirithe, luaigh an Coimisiún, i dtaca leis na rialacha comhchosúla a bhí le breithniú aige, nach cosúil go bhfuil an cion íosta sin díréireach, fiú ag cur san áireamh go bhféadfadh sé go mbeadh ar chlubanna sacair ghairmiúil líon níos airde ‘imreoirí traenáilte sa bhaile’ a earcú nó gur mian leo líon níos airde ‘imreoirí traenáilte sa bhaile’ a earcú chun rioscaí amhail tarlú timpistí nó tinneas a sheachaint. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur amháin, áfach, atá sé rialú a dhéanamh air sin.

    133

    Ní mór an chomparáid sin a dhéanamh trí chomparáid, a mhéid is féidir, idir an staid a eascraíonn as na srianta iomaíochta atá i gceist agus staid an mhargaidh lena mbaineann mura ndéanfaí iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh sa mhargadh sin mar thoradh ar na srianta sin.

    134

    Os a choinne sin, ní cinntitheach go bhfuil feidhm ag na rialacha atá i gceist sna príomhimeachtaí maidir le comórtais idir-chlub UEFA agus URBSFA agus maidir le gach club sacair ghairmiúil agus gach imreoir a ghlacann páirt iontu. Go deimhin, téann an méid sin le comhlachais a bheith ann féin, i ndlínse chríche ar leith, a bhfuil cumhacht rialála acu a bhfuil na gnóthais go léir is baill de agus na daoine cleamhnaithe leo faoina réir.

    135

    I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é seo a leanas an freagra ar na ceisteanna a chuir an chúirt a rinne an tarchur, a mhéid a bhaineann siad le hAirteagal 101 CFAE:

    maidir le hAirteagal 101(1) CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar rialacha arna nglacadh ag comhlachas atá freagrach as comórtais sacair a eagrú ar leibhéal na hEorpa agus arna gcur chun feidhme ag an gcomhlachas sin agus ag na cumainn sacair náisiúnta is baill den chomhlachas sin, agus lena gceanglaítear ar gach club a ghlacann páirt sna comórtais sin líon íosta imreoirí arna dtraenáil ag an gclub sin féin nó laistigh de dhlínse chríche an chumainn náisiúnta lena bhfuil an club sin cleamhnaithe a chur ar liosta na n-imreoirí agus ar liosta an scuaid cluiche, agus go gcuirtear cosc leis ar rialacha arna nglacadh ag cumann atá freagrach as comórtais sacair a eagrú ar an leibhéal náisiúnta, lena gceanglaítear ar gach club a ghlacann páirt sna comórtais sin líon íosta imreoirí traenáilte i ndlínse chríche an chumainn sin a áireamh ar liosta na n-imreoirí agus ar liosta an scuaid cluiche, más rud é go bhfuil sé suite, ar an gcéad dul síos, go bhféadfadh cinntí na gcomhlachas gnóthas dul i gcion ar an trádáil idir na Ballstáit agus, ar an dara dul síos, go bhfuil sé de chuspóir nó d’éifeacht acu srian a chur leis an iomaíocht idir clubanna sacair ghairmiúil, ach amháin, sa dara ceann de na cásanna sin, má léirítear, trí argóintí áititheacha agus fianaise áititheach, go bhfuil bonn cirt leo trí chuspóir dlisteanach amháin nó níos mó a shaothrú agus go bhfuil siad fíor-riachtanach chun na críche sin;

    maidir le hAirteagal 101(3) CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh sa chaoi nach gceadaítear leis díolúine a fháil ó chur i bhfeidhm mhír 1 den Airteagal sin le haghaidh a leithéide de chinntí ó chomhlachais gnóthas, más rud é go bhfuil na cinntí ar neamhréir leis an mír sin, ach i gcás ina léirítear, trí argóintí áititheacha agus fianaise áititheach, go bhfuil na coinníollacha go léir is gá chuige sin á gcomhlíonadh.

    C. Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú a mhéid a bhaineann siad le hAirteagal 45 CFAE

    1.   Idirdhealú indíreach a bheith ann nó bac a chur ar shaorghluaiseacht oibrithe

    136

    Is tábhachtach a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go gcoisctear le hAirteagal 45 CFAE, a bhfuil éifeacht dhíreach aige, aon bheart, bíodh sé bunaithe ar náisiúntacht nó infheidhme gan beann ar náisiúntacht, lena bhféadfaí náisiúnaigh an Aontais a chur faoi mhíbhuntáiste nuair is mian leo gníomhaíocht eacnamaíoch a shaothrú i gcríoch Bhallstáit seachas a mBallstát tionscnaimh, trí iad a chosc nó a dhíspreagadh ó fhágáil an Bhallstáit sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, mír 93 go 96, agus an 16 Márta 2010, Olympique Lyonnais, C‑325/08, EU:C:2010:143, míreanna 33 agus 34).

    137

    Sa chás seo, mar atá leagtha amach ag an gcúirt a rinne an tarchur, is léir óna bhfoclaíocht agus óna leagan amach féin go bhféadfadh rialacha amhail rialacha URBSFA, prima facie, imreoirí sacair ghairmiúil a chur faoi mhíbhuntáiste ar mian leo tabhairt faoi ghníomhaíocht eacnamaíoch i gcríoch Bhallstáit, eadhon an Bheilg, seachas a mBallstát tionscnaimh, agus nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos leis na rialacha sin. Cé nach bhfuil siad bunaithe go díreach ar chritéar náisiúntachta nó cónaithe, tá na rialacha sin fós bunaithe ar cheangal de chineál ‘náisiúnta’ go sainráite, agus is amhlaidh sin ar dhá bhealach, faoi mar a chuir an Coimisiún in iúl go háirithe. Ar thaobh amháin, sainmhínítear leo ‘imreoirí traenáilte sa bhaile’ mar imreoirí ar traenáladh i gclub ‘Beilgeach’ iad. Ar an taobh eile, ceanglaítear leo ar chlubanna sacair ghairmiúil ar mian leo páirt a ghlacadh i gcomórtais sacair idir-chlub URBSFA líon íosta imreoirí a chur le liosta a n‑imreoirí agus a chur ar liosta an scuaid cluiche a chomhlíonann na coinníollacha is gá le bheith inaicmithe mar sin.

    138

    Mar sin, fágtar leis na rialacha sin gur lú is féidir go gcuirfí imreoirí, nach bhfuil a leithéid de cheangal ‘náisiúnta’ acu, ar liosta imreoirí a leithéide de chlubanna agus ar liosta an scuaid cluiche, agus, dá bhrí sin, is lú is féidir go gcuirfeadh na clubanna sin iad chun páirce. Mar a tugadh faoi deara i mír 60 den bhreithiúnas seo, ní bhaineann sé le hábhar nach é atá i gceist leis seo ach imreoirí a bheith ag glacadh páirt i bhfoirne, agus ní go foirmiúil infhostaitheacht na n‑imreoirí sin, ós bunchuspóir ghníomhaíocht na n‑imreoirí sin é páirt a ghlacadh i gcluichí agus i gcomórtais.

    139

    Chuige sin, d’fhéadfadh idirdhealú indíreach a bheith i gceist leis na rialacha atá faoi thrácht sna príomhimeachtaí, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire i míreanna 43 agus 44 dá Thuairim, agus imreoirí ó Bhallstát eile a bheadh thíos leis, a mhéid a bhfuil baol ann go mbeidís den chuid is mó chun dochair d’imreoirí ó Bhallstát eile.

    140

    Tugtar le tuiscint uaidh sin go sáraítear prima facie saorghluaiseacht oibrithe leis na rialacha sin, faoi réir fíoruithe arna ndéanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur.

    2.   Údar maith a d’fhéadfadh a bheith ann

    141

    Is féidir gur incheadaithe bearta nach bearta de thionscnamh Stáit iad, bíodh is go gcuirtear bac leo ar shaorghluaiseacht a chumhdaítear in CFAE, i gcás ina suitear, ar an gcéad dul síos, go saothraítear lena nglacadh cuspóir dlisteanach leasa ghinearálta atá i gcomhréir leis an gconradh sin agus, dá bhrí sin, nach bhfuil de chineál eacnamaíochta amháin, agus ar an dara dul síos, go gcomhlíontar leo prionsabal na comhréireachta, rud a chiallaíonn gurb iomchuí iad le baint amach an chuspóra sin a áirithiú agus nach rachfaí leo thar a bhfuil riachtanach lena bhaint amach (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, mír 104; an 16 Márta 2010, Olympique Lyonnais, C‑325/08, EU:C:2010:143, mír 38, agus an 13 Meitheamh 2019, TopFit agus Biffi, C‑22/18, EU:C:2019:497, mír 48). Go sonrach, ó thaobh an choinníll maidir le hiomchuibheas a leithéide de bhearta, ní mór a thabhairt chun cuimhne nach bhféadfaí a mheas go bhfuil siad oiriúnach le baint amach an chuspóra arna agairt a áirithiú ach i gcás ina dtugtar faoina mbaint amach go comhsheasmhach córasach i ndáiríre (féach, chuige sin, breithiúnais an 8 Meán Fómhair 2009, Liga Portuguesa de Futebol Profissional agus Bwin International, C‑42/07, EU:C:2009:519, mír 61, agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Ardoideachas), C‑66/18, EU:C:2020:792, mír 178).

    142

    Mar is amhlaidh i gcás bearta de thionscnamh stáit, is faoi údar na mbeart nach bhfuil de thionscnaimh stáit atá sé a léiriú go bhfuil an dá choinníoll charnacha sin á gcomhlíonadh (féach, de réir analaí, breithiúnais an 21 Eanáir 2016, an Coimisiún v an Chipir, C‑515/14, EU:C:2016:30, mír 54, agus an 18 Meitheamh 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Trédhearcacht comhlachas), C‑78/18, EU:C:2020:476, mír 77).

    143

    Sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé rialú a thabhairt ar cé acu an gcomhlíontar na coinníollacha sin le rialacha URBSFA atá i gceist sna príomhimeachtaí dá bhrí sin, i bhfianaise na n‑argóintí agus na fianaise arna dtabhairt ar aird ag na páirtithe.

    144

    Bíodh sin mar atá, ní mór a thabhairt chun cuimhne, ar an gcéad dul síos, i bhfianaise na feidhme sóisialta agus oideachais atá leis an spórt, a aithnítear in Airteagal 165 CFAE, agus ar bhonn níos leithne, thábhacht shuntasach an spóirt san Aontas, rud ar leag an Chúirt béim air go mion minic, gur cuspóir dlisteanach leasa ghinearálta é an cuspóir maidir le hearcú agus traenáil imreoirí óga sacair ghairmiúil a spreagadh (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, mír 106, agus an 16 Márta 2010, Olympique Lyonnais, C‑325/08, EU:C:2010:143, mír 39).

    145

    Ar an dara dul síos, maidir le hiomchuibheas rialacha amhail na rialacha atá i gceist sna príomhimeachtaí chun an cuspóir atá i gceist a bhaint amach, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go bhféadfaí údar a thabhairt, i gcásanna áirithe agus faoi dhálaí áirithe, tríd an gcuspóir sin le bearta, bíodh nach gceaptar iad amhail go n‑áirithítear leo, go cinnte agus go hinchainníochtúil roimh ré, go méadófar earcaíocht agus traenáil imreoirí óga nó go ngéarófar iad, atá ina bhfíordhreasachtaí suntasacha chuige sin mar sin féin (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, míreanna 108 agus 109, agus an 16 Márta 2010, Olympique Lyonnais, C‑325/08, EU:C:2010:143, míreanna 41 go 45).

    146

    Ansin, ní mór a thabhairt faoi deara, a mhéid a cheanglaítear le rialacha amhail rialacha URBSFA ar chlubanna sacair ghairmiúil ar mian leo páirt a ghlacadh i gcomórtais sacair idir-chlub an chumainn sin líon íosta imreoirí óga arna dtraenáil ag club sa chumann sin, is cuma cén club é, a chur le liosta a n‑imreoirí agus a chur ar liosta an scuaid cluiche nach mór don chúirt a rinne an tarchur a fhíorú an iomchuí iad leis an gcuspóir a bhaint amach maidir le hearcaíocht agus traenáil imreoirí óga a spreagadh go háitiúil i bhfianaise an mhéid ábhartha go léir.

    147

    I ndáil leis sin, ní mór don chúirt a rinne an tarchur a chur san áireamh, inter alia, trí na himreoirí óga go léir arna dtraenáil ag pé club atá cleamhnaithe leis an gcumann náisiúnta sacair atá i gceist a láimhseáil ar an gcaoi chéanna, gur féidir nach bhfuil na rialacha sin ina n‑ábhar fíordhreasachta suntasaí do roinnt de na clubanna sin, go háirithe na clubanna d’acmhainn shuntasach airgeadais, chun imreoirí óga a earcú, lena dtraenáil astu féin. A mhalairt sin, lena leithéid sin de bheartas, a bhfuil sé ráite ag an gCúirt cheana gur beartas fadálach éiginnte costasach atá ann don chlub (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Márta 2010, Olympique Lyonnais, C‑325/08, EU:C:2010:143, mír 42) cuirtear ar an leibhéal céanna é le hearcaíocht imreoirí óga arna dtraenáil cheana féin ag club eile atá cleamhnaithe leis an gcumann sin chomh maith, gan beann ar shuíomh an chlub eile i ndlínse chríche an chumainn sin. Is le hinfheistíocht áitiúil i dtraenáil na n-imreoirí óga, áfach, a chuirtear le feidhm shóisialta agus oideachais an spóirt a bhaint amach, go háirithe i gcás inarb iad clubanna beaga a dhéanann an traenáil, i gcás inarb iomchuí, i gcomhpháirtíocht le clubanna eile in aon réigiún amháin, ar féidir gur clubanna trasteorann iad na clubanna iad (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Márta 2010, Olympique Lyonnais, C‑325/08, EU:C:2010:143, mír 44).

    148

    Ar an tríú dul síos, ní mór scrúdú a dhéanamh, mar is léir ó mhíreanna 131 agus 132 den bhreithiúnas seo, ar riachtanas agus comhréireacht na rialacha i gceist sna príomhimeachtaí, go háirithe riachtanas agus comhréireacht an lín íosta ‘imreoirí traenáilte sa bhaile’ atá le cur i liosta imreoirí na gclubanna agus le cur ar liosta an scuaid cluiche, de réir na rialacha sin, i ndáil le hiomlán na n‑imreoirí atá le bheith ann.

    149

    Ní mór don chúirt a rinne an tarchur mionmheasúnú cuimsitheach a dhéanamh, i bhfianaise na n‑argóintí agus na fianaise arna dtíolacadh, nó atá le tíolacadh, ag na páirtithe sna príomhimeachtaí, ar an méid iomlán dá dtagraítear sna míreanna roimhe seo den bhreithiúnas agus, i gcás inarb iomchuí, ar rudaí eile ar féidir go measann an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil siad ábhartha i bhfianaise an bhreithiúnais seo.

    150

    I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra atá le tabhairt ar na ceisteanna arna dtarchur ag an gcúirt a rinne an tarchur, a mhéid a bhaineann siad le hAirteagal 45 CFAE, nach mór léiriú a dhéanamh ar an Airteagal sin sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar rialacha arna nglacadh ag cumann atá freagrach as comórtais sacair a eagrú ar leibhéal náisiúnta lena gceanglaítear ar gach club a ghlacann páirt sna comórtais sin líon íosta imreoirí arna dtraenáil i ndlínse chríche an chumainn sin a chur le liosta a imreoirí agus a chuimsiú ar liosta an scuaid cluiche, mura suitear gurb iomchuí na rialacha le baint amach an chuspóra maidir le hearcaíocht agus traenáil imreoirí óga sacair ghairmiúil a spreagadh go háitiúil a áirithiú go comhsheasmhach córasach agus nach dtéitear leo thar a bhfuil riachtanach leis an gcuspóir sin a bhaint amach.

    V. Costais

    151

    Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

     

    Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

     

    1.

    Maidir le hAirteagal 101(1) CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar rialacha arna nglacadh ag comhlachas atá freagrach as comórtais sacair a eagrú ar leibhéal na hEorpa agus arna gcur chun feidhme ag an gcomhlachas sin agus ag na cumainn sacair náisiúnta is baill den chomhlachas sin, agus lena gceanglaítear ar gach club a ghlacann páirt sna comórtais sin líon íosta imreoirí arna dtraenáil ag an gclub sin féin nó laistigh de dhlínse chríche an chumainn náisiúnta lena bhfuil an club sin cleamhnaithe a chur ar liosta na n-imreoirí agus ar liosta an scuaid cluiche, agus go gcuirtear cosc leis ar rialacha arna nglacadh ag cumann atá freagrach as comórtais sacair a eagrú ar an leibhéal náisiúnta, lena gceanglaítear ar gach club a ghlacann páirt sna comórtais sin líon íosta imreoirí traenáilte i ndlínse chríche an chumainn sin a áireamh ar liosta na n-imreoirí agus ar liosta an scuaid cluiche, más rud é go bhfuil sé suite, ar an gcéad dul síos, go bhféadfadh cinntí na gcomhlachas gnóthas dul i gcion ar an trádáil idir na Ballstáit agus, ar an dara dul síos, go bhfuil sé de chuspóir nó d’éifeacht acu srian a chur leis an iomaíocht idir clubanna sacair ghairmiúil, ach amháin, sa dara ceann de na cásanna sin, má léirítear, trí argóintí áititheacha agus fianaise áititheach, go bhfuil bonn cirt leo trí chuspóir dlisteanach amháin nó níos mó a shaothrú agus go bhfuil siad fíor-riachtanach chun na críche sin.

     

    2.

    Maidir le hAirteagal 101(3) CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh sa chaoi nach gceadaítear leis díolúine a fháil ó chur i bhfeidhm mhír 1 den Airteagal sin le haghaidh a leithéide de chinntí ó chomhlachais gnóthas, más rud é go bhfuil na cinntí ar neamhréir leis an mír sin, ach i gcás ina léirítear, trí argóintí áititheacha agus fianaise áititheach, go bhfuil na coinníollacha go léir is gá chuige sin á gcomhlíonadh.

     

    3.

    Maidir le hAirteagal 45 CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar rialacha arna nglacadh ag cumann atá freagrach as comórtais sacair a eagrú ar leibhéal náisiúnta lena gceanglaítear ar gach club a ghlacann páirt sna comórtais sin líon íosta imreoirí arna dtraenáil i ndlínse chríche an chumainn sin a chur le liosta a imreoirí agus a chuimsiú ar liosta an scuaid cluiche, mura suitear gurb iomchuí na rialacha le baint amach an chuspóra maidir le hearcaíocht agus traenáil imreoirí óga sacair ghairmiúil a spreagadh go háitiúil a áirithiú go comhsheasmhach córasach agus nach dtéitear leo thar a bhfuil riachtanach leis an gcuspóir sin a bhaint amach.

     

    Sínithe


    ( *1 ) Teanga an cháis: an Fhraincis.

    Top