EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CJ0676

Breithiúnas na Cúirte (An tOchtú Dlísheomra) 2023 Feabhra 2.
Imeachtaí arna dtionscnamh ag A.
Tarchur chun réamhrialú – Cánachas inmheánach – Airteagal 110 CFAE – Mótarfheithiclí – Cáin feithiclí – Feithiclí athláimhe arna n-allmhairiú ó Bhallstáit eile – Feithiclí athláimhe arna n-onnmhairiú go Ballstáit eile – Aisíocaíocht onnmhairiúcháin na cánach sin – Teorainn leis an aisíocaíocht seo d’fheithiclí a cuireadh i seirbhís níos lú ná 10 mbliana ó shin.
Cás C-676/21.

Court reports – general

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:63

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an tOchtú Dlísheomra)

2 Feabhra 2023 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Cánachas inmheánach – Airteagal 110 CFAE – Mótarfheithiclí – Cáin feithiclí – Feithiclí athláimhe arna n-allmhairiú ó Bhallstáit eile – Feithiclí athláimhe arna n-onnmhairiú go Ballstáit eile – Aisíocaíocht onnmhairiúcháin na cánach sin – Teorainn leis an aisíocaíocht seo d’fheithiclí a cuireadh i seirbhís níos lú ná 10 mbliana ó shin)

I gCás C-676/21,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Korkein hallinto-oikeus (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Fhionlainn), trí bhreith an 2 Samhain 2021, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 2 Samhain 2021, sna himeachtaí arna dtionscnamh ag

A

Páirtí eile sna himeachtaí:

Veronsaajien oikeudenvalvontayksikkö,

Tugann AN CHÚIRT (an tOchtú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: M. Safjan, Uachtarán Dlísheomra, N. Jääskinen agus M. Gavalec (Rapóirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. Rantos,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Rialtas na Fionlainne, ag A. Laine, i gcáil Gníomhaire,

an Coimisiún Eorpach, ag A. Armenia, M. Björkland agus T. Sevón, i gcáil Gníomhairí,

ag féachaint don Chinneadh arna ghlacadh, tar éis éisteacht leis an Abhcóide Ginearálta, chun rialú a thabhairt ar an gcás gan tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar fhorálacha Theideal II de Chuid a Trí de Chonradh FAE maidir le saorghluaiseacht earraí agus le léiriú ar Airteagal 110 CFAE.

2

Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí arna dtionscnamh ag A, maidir le cinneadh ón Verohallinto (an Roinn um Riarachán Cánach, an Fhionlainn), lenar dhiúltaigh an Roinn sin aisíocaíocht onnmhairiúcháin i leith cáin feithicle, a ndearna A iarratas ina leith tar éis a mhótarfheithicil, atá cláraithe san Fhionlainn, a dhíol i mBallstát eile.

An dlí lena mbaineann

3

Faoin gcéad mhír d’Airteagal 1 de Autoverolaki (1482/1994) [Dlí 1482/1994 maidir le cáin feithicle] an 29 Nollaig 1994, arna leasú le Laki 5/2009 (Dlí 5/2009) an 9 Eanáir 2009 agus le Laki 561/2016 (Dlí 561/2016) an 29 Meitheamh 2016 (“Dlí maidir le cáin feithicle”), ní mór d’fheithiclí príobháideacha (catagóir M1), sula gcláraítear iad sa chlár mótarfheithiclí nó sula gcuirtear i seirbhís san Fhionlainn iad, an cháin ar fheithiclí a íoc leis an Stát.

4

Faoi Airteagal 2(1) den Dlí maidir le cáin feithiclí, chun críocha an dlí sin, ciallaíonn cur i seirbhís san Fhionlainn úsáid feithicle a bheartaítear a úsáid ar chríoch na Fionlainne, fiú nuair nach bhfuil an fheithicil sin cláraithe san Fhionlainn.

5

Faoi Airteagal 4(1) den Dlí sin, tá duine atá cláraithe sa chlár mótarfheithiclí mar úinéir na feithicle lena mbaineann faoi dhliteanas cánach feithicle. Foráiltear le hAirteagal 4(5) den Dlí sin, maidir le feithicil a chuirtear i seirbhís gan clárú, go bhfuil an dliteanas don cháin sin a íoc ag an duine a chuir an fheithicil sin i seirbhís, ach, mura féidir an duine sin a shainaithint nó mura féidir an cháin sin a bhailiú ón duine sin, gurb é úinéir na feithicle a úsáidtear an duine inchánach sin.

6

Faoi Airteagal 8a den Dlí maidir le cáin feithiclí, i ndáil le feithicil ar a ngearrtar cáin athláimhe san Fhionlainn, is é an méid cánach feithicle den cháin iarmharach is ísle ar fheithicil atá cláraithe san Fhionlainn, a mheastar a bheith comhchosúil i bhfianaise na dtosca dá dtagraítear i míreanna 11c agus 11d den Dlí sin.

7

De réir Airteagal 11c(1) den Dlí sin, d’fhonn luach ginearálta miondíola feithicle san Fhionlainn a chinneadh, ní mór na doiciméid atá ar fáil a chur san áireamh maidir leis na tosca a dhéanann difear do chinneadh luach mhiondíol na feithicle lena mbaineann ar an margadh agus na cinn a bhaineann le luach na feithicle agus saintréithe áirithe na feithicle sin a bhfuil tionchar acu ar an luach sin, amhail an branda, an múnla, an cineál, an modh tiomána agus trealamh na feithicle sin. Féadfar aois, míleáiste agus bail na feithicle lena mbaineann agus tréithe eile a mbaineann go sonrach léi a chur san áireamh freisin.

8

De bhun Airteagal 11d den Dlí céanna, féadfar a mheas go bhfuil feithiclí cosúil leo má tá brandaí comhchosúla acu agus má tá a múnlaí agus a dtrealamh cosúil lena chéile. Más feithiclí atá cineálcheadaithe i dtíortha éagsúla iad na feithiclí atá le cur i gcomparáid, i dteannta na faisnéise atá i ndoiciméid na bhfeithiclí sin, caithfidh na feithiclí sin a bheith comhchosúil ó thaobh na teicneolaíochta de. Ní chuireann difríochtaí beaga cosc, áfach, ar fheithiclí den sórt sin a mheas mar fheithiclí comhchosúla más féidir a mheas nach mbaineann siad le hábhar i bhfianaise luach na feithicle lena mbaineann nó riachtanais an tomhaltóra maidir leis an bhfeithicil sin.

9

Foráiltear le hAirteagal 34d(1) den Dlí maidir le cáin feithiclí go ndéanfar cáin feithicle a aisíoc ar iarratas má dhéantar feithicil ar a ngearrtar cáin san Fhionlainn a onnmhairiú go buan lena húsáid lasmuigh de chríoch na Fionlainne.

10

Foráiltear le hAirteagal 34d(2) den Dlí sin go ndéanfar a aisíoc, i gcás den sórt sin, an méid cánach sin a thoibheofaí ar fheithicil chomhchosúil dá ngearrfaí cáin ar an bhfeithicil sin mar fheithicil athláimhe ar an dáta a onnmhairíodh an fheithicil lena mbaineann ó chríoch na Fionlainne. Dá bhrí sin, ní féidir le méid na cánach sin a aisíoctar, a bheith níos mó ná an méid cánach a íocadh ar an bhfeithicil sin. Ní aisíocfar cáin feithicle a mhéid a bheidh luach na feithicle sin nó an cháin sin ar an bhfeithicil chéanna méadaithe mar gheall ar fheistiúchán nó trealamh a chur léi tar éis cánachais. Ní aisíocfar an cháin sin i leith feithicle nár dearbhaíodh mar fheithicil inchánach nó má tá an méid inaisíoctha níos lú ná EUR 500. Ní dhéantar an cháin chéanna a aisíoc freisin i leith feithicle a cuireadh i seirbhís den chéad uair 10 mbliana ó shin ar a laghad ar dháta an onnmhairithe. Beidh aisíocaíocht faoi réir an choinníll go mbeidh an fheithicil lena mbaineann ródacmhainneach nuair a scoirfear dá húsáid san Fhionlainn agus nuair a bheidh an fheithicil sin tarraingthe siar óna húsáid san Fhionlainn.

11

Foráiltear le hAirteagal 34d(3) den Dlí sin go bhféadfaidh duine ar bith, a onnmhairíonn, mar úinéir na feithicle lena mbaineann, an fheithicil lena húsáid lasmuigh de chríoch na Fionlainne aisíocaíocht onnmhairiúcháin cánach feithicle a éileamh.

12

Sonraítear in Airteagal 34d(4) den Dlí sin nach mór an t-iarratas ar aisíocaíocht ar onnmhairiú na cánach sin a chur faoi bhráid an údaráis chánach tráth nach déanaí ná 14 lá roimh onnmhairiú na feithicle lena mbaineann agus nach mór don duine a bheidh ag iarraidh na haisíocaíochta sin deis a thabhairt don údarás sin an fheithicil sin a fhíorú roimh onnmhairiú agus na doiciméid is gá a sholáthar chun a léiriú go bhfuil na coinníollacha don aisíocaíocht sin á gcomhlíonadh.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

13

An 20 Iúil 2015, d’allmhairigh A isteach san Fhionlainn, ó Bhallstát eile, mótarfheithicil athláimhe a cuireadh i seirbhís den chéad uair an 24 Samhain 2004.

14

Le fógra cánach an 5 Deireadh Fómhair 2015, ghearr an t-údarás cánach cáin feithicle ar an bhfeithicil sin de mhéid EUR 4 146.29, méid a socraíodh, ar bhonn luach incháinithe EUR 16 519.10, agus ráta cánach 25.10 % á chur i bhfeidhm.

15

An 7 Lúnasa 2017, tar éis an mhótarfheithicil sin a dhíol i mBallstát eile, rinne A iarratas leis na húdaráis chánach ar aisíocaíocht ar onnmhairiú na cánach feithicle, arb ionann a méid, de bhun Airteagal 34d(2) den Dlí maidir le cáin feithicle, agus an méid a ghearrfaí ar fheithicil chomhchosúil dá ngearrfaí cáin mar fheithicil athláimhe ar an bhfeithicil sin ar an dáta a onnmhairíodh an fheithicil lena mbaineann.

16

Le cinneadh an 21 Lúnasa 2017, dhiúltaigh na húdaráis chánach don iarratas sin ar aisíocaíocht ar an bhforas nach n-aisíoctar, faoin bhforáil sin, an cháin sin i leith feithicle a cuireadh i seirbhís den chéad uair 10 mbliana ó shin ar a laghad ar an dáta a onnmhairíodh í.

17

Ós rud é nár éirigh leis an ngearán arna thaisceadh ag A i gcoinne an chinnidh sin, agus ós rud é nár éirigh lena chás os comhair Helsinki hallinto-oikeus (an Chúirt Riaracháin, Heilsincí, an Fhionlainn), thug an duine lena mbaineann achomharc os comhair na cúirte a rinne an tarchur, Korkein hallinto-oikeus (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Fhionlainn), ag lorg, inter alia, aisíocaíocht na cánach feithicle.

18

Deir an chúirt sin gur chláraigh A an mhótarfheithicil athláimhe san Fhionlainn, a allmhairíodh ó Bhallstát eile, agus go raibh sí in úsáid aige ar feadh tréimhse níos lú ná 3 bliana, sular athdhíoladh an fheithicil sin i mBallstát eile. Tugann sí faoi deara go raibh A, i leith na feithicle sin, faoi réir cháin iomlán na feithicle ar an dáta ar cláraíodh í agus nach raibh méid na cánach sin i gcomhréir le tréimhse úsáide iarbhír na feithicle sin san Fhionlainn, ós rud é nach n-aisíoctar an cháin sin, ar dháta onnmhairiú na feithicle lena mbaineann, le haghaidh feithiclí 10 mbliana nó níos sine.

19

De réir na cúirte a rinne an tarchur, chun an díospóid atá os a comhair a réiteach, ní mór scrúdú a dhéanamh an bhfuil an teorannú maidir le haois na feithicle a bhfuil feidhm aige maidir le haisíocaíocht ar onnmhairiú cánach feithicle contrártha do dhlí príomha an Aontais, ionas gur cheart, ar an dáta a onnmhairíodh a mhótarfheithicil, an chuid den cháin iarmharach a ionchorpraíodh i luach na feithicle a aisíoc le A.

20

Sa chomhthéacs sin, ar an gcéad dul síos, ní mór foráil Chonradh FAE a shainaithint ar dá réir a bheadh sé riachtanach measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go bhféadfadh Ballstát a dhlínse cánach a fheidhmiú i ndáil le feithiclí faoi lánúinéireacht a allmhairiú agus a onnmhairiú. Tagraíonn an chúirt sin d’fhorálacha i dTeideal II de Chuid a Trí de Chonradh FAE maidir le saorghluaiseacht earraí agus Airteagal 110 CFAE. Ina theannta sin, iarrann sí, go bunúsach, an féidir a mheas, i gcás ina n-úsáidtear mótarfheithicil allmhairithe, atá faoi lánúinéireacht, ar chríoch Bhallstáit an chláraithe ar feadh tréimhse atá i bhfad níos giorra ná saolré eacnamaíoch na feithicle sin, nach bhfuil sé beartaithe an fheithicil sin a úsáid go bunúsach ar chríoch an Bhallstáit sin ar bhonn buan.

21

Ar an dara dul síos, deir an chúirt a rinne an tarchur, murab ionann agus feithiclí arna bhfruiliú nó arna léasú, nach bhfuil aon bhealach oibiachtúil ná roimh ré ann chun úsáid bheartaithe nó úsáid shealadach feithiclí faoi lánúinéireacht a fhíorú. Ní féidir fad úsáide feithicle faoi lánúinéireacht ar chríoch Bhallstáit an chláraithe a mheasúnú ach a posteriori.

22

Ar an tríú dul síos, i gcás ina gcuirfear cosc le forálacha Chonradh FAE maidir le saorghluaiseacht earraí, i bprionsabal, ar reachtaíocht náisiúnta faoina n-aisíoctar cáin feithicle, atá ionchorpraithe i luach na feithicle athláimhe lena mbaineann, nuair a onnmhairítear an fheithicil go buan lena húsáid i mBallstát eile, féachann an chúirt sin lena fháil amach an féidir údar a thabhairt leis an srian sin ar an bhforas go bhfuil sé beartaithe srian a chur le honnmhairiú “sean-mhótarfheithiclí”. Sa bhreis air sin, bhí reachtas na Fionlainne ag brath ar an gcuspóir maidir le cosaint an chomhshaoil agus Dlíthe (5/2009) agus (561/2016) á nglacadh aige agus go ngearrtar an cháin sin ar fheithiclí athláimhe a allmhairítear isteach san Fhionlainn, beag beann ar an dáta a cláraíodh iad den chéad uair i mBallstát eile.

23

Ba sna himthosca sin a chinn Korkein hallinto-oikeus (an Chúirt Riaracháin Uachtarach) cosc a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1)

An féidir cosc a chur le forálacha Theideal II de Chuid a Trí de Chonradh (FAE) maidir le saorghluaiseacht earraí nó Airteagal 110 CFAE ar reachtaíocht Ballstáit faoina n-aisíoctar, in imthosca amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí, an cháin feithicle atá ionchorpraithe i luach gach feithicle, dá bhforáiltear leis an [Dlí maidir le cáin feithicle], le húinéir na feithicle sin nuair a dhéanann sé an fheithicil sin a onnmhairiú go buan lena húsáid i mBallstát eile, agus an bhfuil sé ábhartha, i ndáil leis sin, an raibh sé beartaithe an fheithicil chéanna a úsáid go príomha ar chríoch an Bhallstáit a ghearr an cháin feithicle ar bhonn buan agus ar úsáideadh í i ndáiríre ar an mbealach sin?

(2)

I gcás ina bhfuil an úsáid atá beartaithe don fheithicil lena mbaineann agus úsáid iarbhír na feithicle sin ábhartha maidir leis an bhfreagra ar an gcéad cheist, conas ba cheart nádúr neamhbhuan na n-úsáidí sin a léiriú, ós rud é nach féidir fad úsáide feithicle faoi lánúinéireacht sa Bhallstát lena mbaineann a fhíorú roimh ré?

(3)

Más rud é, i gcúinsí amhail na cinn atá i gceist sna príomhimeachtaí, gur srian ar shaorghluaiseacht earraí é neamhíocaíocht na haisíocaíochta onnmhairiúcháin dá bhforáiltear sa Dlí maidir le cáin feithicle a íoc, an féidir údar a thabhairt don srian sin leis an gcuspóir srian a chur ar onnmhairiú seanfheithiclí, go minic i ndroch-chaoi agus truaillithe? An measfar go bhfuil teorannú ar aisíocaíocht onnmhairiúcháin d’fheithiclí atá faoi bhun 10 mbliana d’aois contrártha do dhlí an Aontais ar an bhforas go ngearrtar cáin ar fheithiclí athláimhe allmhairithe mar sin féin, beag beann ar a n-aois?”

Na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist

24

Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá dlí príomha an Aontais, go háirithe Airteagal 110 CFAE, a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta ar dá réir nach n-aisíoctar cáin feithicle, atá ionchorpraithe i luach gach feithicle, le húinéir mótarfheithicle, i gcás onnmhairiú buan na feithicle sin, d’fhonn í a úsáid i mBallstát eile, i gcás inar cuireadh an fheithicil sin i seirbhís den chéad uair 10 mbliana ó shin ar a laghad tráth an onnmhairithe sin agus, i ndáil leis sin, i gcás go bhfuil sé ábhartha nach raibh sé beartaithe feithicil den sórt sin a úsáid go príomha i gcríoch an Bhallstáit a ghearr an cháin feithicle ar bhonn buan, agus gur úsáideadh í ina leith sin amháin.

25

Mar réamhphointe, ba cheart go gcuimhneofaí, faoi réir eisceachtaí áirithe nach bhfuil ábhartha maidir leis an gcás seo, nach ndearnadh an cánachas ar mhótarfheithiclí a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, tá saoirse ag na Ballstáit a n-inniúlacht chánach a fheidhmiú sa réimse sin, ar choinníoll go bhfeidhmeoidh siad í i gcomhréir le dlí an Aontais (breithiúnas an 19 Meán Fómhair 2017, an Coimisiún v Éire (Cáin chláraithe), C-552/15, EU:C:2017:698, mír 71 agus an cásdlí dá dtagraítear).

26

De réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, maidir le cáin mhótarfheithicle arna tobhach ag Ballstát ar chlárú feithiclí den sórt sin d’fhonn iad a chur i seirbhís ar a chríoch, ní hionann í agus dleacht chustaim nó muirear comhéifeachta de réir bhrí Airteagail 28 agus 30 CFAE. Ní féidir ach oiread cáin den sórt sin a mheasúnú i bhfianaise Airteagal 34 CFAE lena dtoirmisctear srianta cainníochtúla ar allmhairí agus bearta a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu leis na srianta sin. Is cánachas inmheánach é cáin amhail cáin atá i gceist sna príomhimeachtaí agus dá bhrí sin ní mór í a scrúdú i bhfianaise Airteagal 110 CFAE (breithiúnais an 7 Aibreán 2011, Tatu, C-402/09, EU:C:2011:219, míreanna 32 agus 33 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 17 Nollaig 2015, Viamar, C-402/14, EU:C:2015:830, mír 33). I ndáil leis sin, is ceart a choinneáil i gcuimhne go ndearna an Chúirt Bhreithiúnais scrúdú, i mbreithiúnas an 19 Meán Fómhair 2002, Tulliasiamies agus Siilin (C-101/00, EU:C:2002:505), ar chomhréireacht na cánach feithicle dá bhforáiltear le Dlí 1482/1994 maidir le cáin feithicle, mar a bhí infheidhme ag an am, i bhfianaise Airteagal 95 CE, a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 110 CFAE.

27

Dá bhrí sin, de réir mar a thíolacann an Coimisiún Eorpach, ní mór measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na cánach feithicle agus na haisíocaíochta onnmhairiúcháin ar onnmhairiú mótarfheithicle atá cláraithe san Fhionlainn le dlí príomha an Aontais, agus ar an mbonn sin amháin.

28

Is é aidhm d’Airteagal 110 CFAE ná saorghluaiseacht earraí idir na Ballstáit a áirithiú faoi ghnáthchoinníollacha iomaíochta. Tá sé mar aidhm ag an Airteagal sin deireadh a chur le haon chineál cosanta a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chánachas inmheánach a chur i bhfeidhm, go háirithe iad siúd a dhéanann idirdhealú i gcoinne táirgí ó Bhallstáit eile (breithiúnas an 14 Aibreán 2015, Manea, C-76/14, EU:C:2015:216, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).

29

Chuige sin, cuireann an chéad mhír d’Airteagal 110 CFAE toirmeasc ar gach Ballstát táirgí Ballstát eile a chur faoi réir cánacha inmheánacha de bhreis ar an gcánachas a fhorchuirtear ar tháirgí náisiúnta comhchosúla. Tá sé beartaithe leis an bhforáil sin neodracht an chánachais inmheánaigh a áirithiú maidir le hiomaíocht idir táirgí atá ar an margadh náisiúnta cheana agus táirgí allmhairithe (breithiúnas an 14 Aibreán 2015, Manea, C-76/14, EU:C:2015:216, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear).

30

Ní ghearrtar cáin feithicle, dá bhforáiltear leis an Dlí maidir le cáin feithiclí, ach aon uair amháin, i leith aon mhótarfheithicil a bheartaítear a chlárú nó a chur i seirbhís san Fhionlainn, cibé an feithiclí nua nó athláimhe iad. Is cosúil ón bhfaisnéis atá ar fáil don Chúirt, mar atá leagtha amach san iarraidh ar réamhrialú, go n-áirithítear leis an Dlí maidir le cáin feithicle, i bprionsabal, go gcomhfhreagraíonn an méid cánach feithicle a ghearrtar ar fheithiclí athláimhe allmhairithe le méid na cánach iarmharaí a ionchorpraítear i luach feithiclí athláimhe comhchosúla náisiúnta, ag cur ráta agus bonn na cánach sin san áireamh.

31

Maidir le cáin a thobhach ar mhótarfheithiclí athláimhe allmhairithe, is é aidhm d’Airteagal 110 CFAE ná neodracht iomlán an chánachais inmheánaigh a áirithiú maidir le hiomaíocht idir táirgí atá ar an margadh náisiúnta cheana féin agus táirgí allmhairithe agus, dá réir sin, ceanglaítear ar gach Ballstát na cánacha a fhorchuirtear ar mhótarfheithiclí a roghnú agus a choigeartú ar bhealach nach mbeidh d’éifeacht acu tús áite a thabhairt do dhíol feithiclí athláimhe náisiúnta agus, ar an gcaoi sin, allmhairiú feithiclí athláimhe comhchosúla a dhíspreagadh (féach, chuige sin, ordú an 7 Márta 2019, Elliniko Dimosio, C-689/18, nár foilsíodh, EU:C:2019:185, míreanna 20 go 22).

32

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhthéacs Airteagal 110 CFAE, nach féidir socrú ar leith a mheas mar idirdhealaitheach, amhail an socrú a leagtar síos in Airteagal 34d(2) den Dlí maidir le cáin feithicle, nach n-aisíocfar an cháin sin dá réir, i leith onnmhairiú buan mótarfheithicle athláimhe, i gcás inar cuireadh an fheithicil sin i seirbhís den chéad uair san Fhionlainn nó i mBallstát eile, 10 mbliana ar a laghad ó shin ar dháta an onnmhairithe lena mbaineann.

33

Mar a áitíonn an Coimisiún, tá feidhm ag an socrú sin maidir le gach feithicil ina bhfuil a gcéad dul i seirbhís os cionn 10 mbliana, sa mhéid is go leagtar síos leis critéar oibiachtúil, eadhon an bhliain inar cuireadh an fheithicil i gceist i seirbhís den chéad uair, ar a ndéantar idirdhealú idir cásanna ina ndeonaítear aisíocaíocht cánach feithicle agus cásanna nach ndeonaítear an aisíocaíocht sin iontu.

34

Dá bhrí sin, ní hionann an socrú sin, i gcás ina bhfuil na mótarfheithiclí lena mbaineann níos sine ná 10 mbliana d’aois, agus difríocht maidir le cóireáil idir feithiclí athláimhe allmhairithe agus feithiclí athláimhe náisiúnta, maidir leis an bhféidearthacht go ndíolfaí iad ar mhargadh na ngluaisteán athláimhe san Fhionlainn, ós rud é nach n-athraíonn sé ar bhealach ar bith méid na cánach comhfhreagraí atá ar áireamh i margadhluach an dá chineál feithiclí sin.

35

Ina theannta sin, tá sé neamhábhartha, i bhfianaise Airteagal 110 CFAE, go raibh mótarfheithiclí a cláraíodh den chéad uair i mBallstát eile agus ansin, san Fhionlainn, a ndiúltaítear aisíocaíocht onnmhairiúcháin na cánach sin ina leith, nuair a onnmhaireofar iad go buan ón bhFionlainn go Ballstát eile, de bhun an tsriain ar an aisíocaíocht ar onnmhairiú na cánach sin chuig feithiclí atá faoi bhun deich mbliana d’aois, cláraithe san Fhionlainn, ar bhonn staitistiúil, ar feadh tréimhse níos giorra ná mótarfheithiclí a cláraíodh den chéad uair san Fhionlainn, nach n-eascraíonn ceart chun aisíocaíocht ar onnmhairiú na cánach céanna as a n-onnmhairiú buan chuig Ballstát eile, de bhun na teorann sin.

36

Agus a inniúlacht chánach á feidhmiú aige, féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh maidir le cáin feithicle a chur i bhfeidhm, arb é a teagmhas oibríochtúil ná mótarfheithicil a chlárú agus a chur i seirbhís, nach bhfuil nasctha le fad úsáide iarbhír na feithicle sin sa Bhallstát sin.

37

Tá sé neamhábhartha freisin, i bhfianaise Airteagal 110 CFAE, go bhfuil mótarfheithicil, mar thoradh ar dhiúltú cáin feithicle a aisíoc ar a onnmhairiú buan ón bhFionlainn go Ballstát eile, faoi réir roinnt cánacha a bhaineann le mótarfheithiclí ag amanna éagsúla agus i mBallstáit éagsúla.

38

Mar atá dlí an Aontais faoi láthair, níl aon cheanglas cosc a chur ar éifeachtaí an chánachais dhúbailte, a thagann chun cinn i gcás cánacha den sórt sin, a rialaítear le reachtaíocht náisiúnta uathrialach agus, más inmhianaithe éifeachtaí den sórt sin a dhíchur ar mhaithe le saorghluaiseacht earraí, ní fhéadfaidh sé a bheith mar thoradh ach ar chomhchuibhiú na gcóras náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Aibreán 2002, Nygård, C-234/99, EU:C:2002:244, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).

39

Féadfaidh gach Ballstát cáin a thobhach ar fheithiclí de réir a mheasúnuithe féin, ar choinníoll nach ndíspreagann na measúnuithe sin, chomh maith leis na bearta arna nglacadh chun críche a gcur chun feidhme, díolacháin táirgí allmhairithe i bhfabhar táirgí comhchosúla a dhíol atá ar fáil ar an margadh náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Aibreán 2011, Tatu, C-402/09, EU:C:2011:219, míreanna 53 agus 54).

40

Ba cheart go sonrófaí freisin, go bhfuil roghanna malartacha ar allmhairiú feithiclí den sórt sin faoi lánúinéireacht ag daoine nádúrtha ar mian leo mótarfheithiclí nua nó athláimhe a allmhairiú isteach san Fhionlainn. Féadfar, de bhreis ar na cásanna a chumhdaítear le Treoir 83/182/CEE ón gComhairle an 28 Márta 1983 maidir le díolúintí cánach laistigh den Chomhphobal i gcás córacha áirithe iompair arna n-allmhairiú go sealadach isteach i mBallstát amháin ó Bhallstát eile (IO 1983 L 105, lch. 59), mar a chuireann Rialtas na Fionlainne in iúl, mótarfheithicil a allmhairiú lena húsáid ansin ar bhonn sealadach, faoi chonradh léasaithe nó fruilithe, lena ngabhann cáin feithicle a thobhach arna ríomh i gcomhréir leis an bhfad úsáide dá bhforáiltear sa chonradh sin (féach, chuige sin, ordú an 29 Meán Fómhair 2010, VAV-Autovermietung, C-91/10, nár foilsíodh, EU:C:2010:558, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).

41

Dá bhrí sin, féadfaidh na daoine sin a chinneadh, agus láneolas acu ar na fíorais, mótarfheithiclí a allmhairiú isteach san Fhionlainn faoi lánúinéireacht, lena mbaineann a ndliteanas iomlán i leith cánach feithicle, nó mótarfheithicil a allmhairiú chun an mhótarfheithicil a úsáid go sealadach, rud a fhágann go n-íocfar an cháin sin de mhéid atá comhréireach leis an bhfad a úsáidfear an fheithicil sa Bhallstát sin.

42

Mar sin, is é rogha na ndaoine sin a chinnfidh an córas cánach is infheidhme maidir leis an mótarfheithicil allmhairithe agus, mar a luann an Coimisiún, i gcás ina n-allmhairítear mótarfheithicil faoi lánúinéireacht, níl aon intinn a d’fhéadfadh a bheith ag na daoine sin maidir le húsáid na feithicle lena mbaineann ina dhiaidh sin, a bhforáiltear dá n-aisíocaíocht onnmhairiúcháin leis an Dlí maidir le cáin feithicle, ábhartha chun críocha an mheasúnaithe, faoi Airteagal 110 CFAE, ar an aisíocaíocht onnmhairiúcháin sin.

43

Ar deireadh, is neamhábhartha freisin, chun críocha an mheasúnaithe sin, an fhíric, ar a bhfuil Rialtas na Fionlainne ag brath, i gcás onnmhairiú buan mótarfheithicle a ngearrtar cáin uirthi san Fhionlainn lena húsáid lasmuigh den Bhallstát sin, go bhfreagraíonn an méid cánach a aisíoctar, i gcomhréir le hAirteagal 34d(2) den Dlí maidir le cáin feithicle, don mhéid cánach a ghearrfaí ar fheithicil chomhchosúil dá ngearrfaí cáin uirthi mar fheithicil athláimhe tráth an onnmhairithe sin.

44

Ní dhéanann aisíocaíocht cánach den sórt sin difear do mhargadh na ngluaisteán athláimhe san Fhionlainn, ach, d’ainneoin nach mó méid na cánach a aisíoctar ná luach iarmharach na cánach a íocadh ar chlárú san Fhionlainn, féadfaidh sí tionchar a bheith aici ar mhargadh feithiclí athláimhe an Bhallstáit onnmhairíochta sa mhéid is go laghdaíonn sé luach na feithicle athláimhe a allmhairítear ón bhFionlainn.

45

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór dlí príomha an Aontais, go háirithe Airteagal 110 CFAE, a léiriú sa chiall nach gcuirfear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta nach n-aisíoctar cáin feithicle, atá ionchorpraithe i luach gach feithicle, le húinéir mótarfheithicle, i gcás ina ndéantar an fheithicil sin a onnmhairiú go buan lena húsáid i mBallstát eile, nuair a cuireadh an fheithicil sin i seirbhís den chéad uair 10 mbliana ó shin ar a laghad tráth an onnmhairithe sin. Tá sé neamhábhartha, i ndáil leis sin, go raibh sé beartaithe feithicil den sórt sin a úsáid go príomha i gcríoch an Bhallstáit a ghearr an cháin feithicle ar bhonn buan agus gur úsáideadh an fheithicil sin ar an mbealach sin freisin.

An dara agus an tríú ceist

46

I bhfianaise an fhreagra ar an gcéad cheist, níl gá freagra a thabhairt ar an dara agus an tríú ceist.

Costais

47

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an tOchtú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

I bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite go léir, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór dlí príomha an Aontais, go háirithe Airteagal 110 CFAE, a léiriú sa chiall nach gcuirfear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta nach n-aisíoctar cáin feithicle, atá ionchorpraithe i luach gach feithicle, le húinéir mótarfheithicle, i gcás ina ndéantar an fheithicil sin a onnmhairiú go buan lena húsáid i mBallstát eile, nuair a cuireadh an fheithicil sin i seirbhís den chéad uair 10 mbliana ó shin ar a laghad tráth an onnmhairithe sin. Tá sé neamhábhartha, i ndáil leis sin, go raibh sé beartaithe feithicil den sórt sin a úsáid go príomha i gcríoch an Bhallstáit a ghearr an cháin feithicle ar bhonn buan agus gur úsáideadh an fheithicil sin ar an mbealach sin freisin.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Fhionlainnis.

Top