EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0641

Cás C-641/21: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 27 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzgericht – an Ostair) – Climate Corporation Emissions Trading GmbH v Finanzamt Österreich (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 44 – An pointe tagartha chun críocha cánach – Aistriú na liúntas astaíochta gás ceaptha teasa – Faighteoir a bhfuil baint aige le himghabháil CBL i slabhra idirbhearta – Duine inchánach a raibh a fhios aige nó ar cheart dó a bheith ar an eolas faoin imghabháil sin)

IO C 472, 12.12.2022, p. 22–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 472/22


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 27 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzgericht – an Ostair) – Climate Corporation Emissions Trading GmbH v Finanzamt Österreich

(Cás C-641/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 44 - An pointe tagartha chun críocha cánach - Aistriú na liúntas astaíochta gás ceaptha teasa - Faighteoir a bhfuil baint aige le himghabháil CBL i slabhra idirbhearta - Duine inchánach a raibh a fhios aige nó ar cheart dó a bheith ar an eolas faoin imghabháil sin)

(2022/C 472/27)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesfinanzgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Climate Corporation Emissions Trading GmbH

Cosantóir: Finanzamt Österreich

An chuid oibríochtúil

Maidir le forálacha Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna leasú le Treoir 2008/8/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008,

ní mór iad a léiriú mar a leanas:

cuirtear cosc leo, i gcás soláthar seirbhísí ag duine inchánach atá bunaithe i mBallstát amháin do dhuine inchánach atá bunaithe i mBallstát eile, ar údaráis an chéad Bhallstáit ó bheith den tuairim go bhfuil áit an tsoláthair sin – atá lonnaithe, de bhun Airteagal 44 de Threoir 2006/112, arna leasú le Treoir 2008/8, sa Bhallstát eile sin –ceaptha a bheith lonnaithe sa chéad Bhallstát mar sin féin i gcás go raibh a fhios ag an soláthraí, nó gur cheart go mbeadh a fhios aige, go raibh sé nó sí, leis an soláthar sin, ag glacadh páirte in imghabháil CBL arna déanamh ag faighteoir an tsoláthair sin i gcomhthéacs slabhra idirbhearta.


(1)  IO C 51, 31.1.2020.


Top