This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0562
Joined Cases C-562/21 PPU and C-563/21 PPU: Judgment of the Court (Grand Chamber) of 22 February 2022 (requests for a preliminary ruling from the Rechtbank Amsterdam — Netherlands) — Execution of European arrest warrants issued against X (C-562/21 PPU), Y (C-563/21 PPU) (Reference for a preliminary ruling — Urgent preliminary ruling procedure — Judicial cooperation in criminal matters — European arrest warrant — Framework Decision 2002/584/JHA — Article 1(3) — Surrender procedures between Member States — Conditions for execution — Charter of Fundamental Rights of the European Union — Second paragraph of Article 47 — Fundamental right to a fair trial before an independent and impartial tribunal previously established by law — Systemic or generalised deficiencies — Two-step examination — Criteria for application — Obligation of the executing judicial authority to determine, specifically and precisely, whether there are substantial grounds for believing that the person in respect of whom a European arrest warrant has been issued, if surrendered, runs a real risk of breach of his or her fundamental right to a fair trial before an independent and impartial tribunal previously established by law)
Cásanna Uamtha C-562/21 PPU agus C-563/21 PPU: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Feabhra 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Rechtbank Amsterdam – an Ísiltír) – Forghníomhú barántas gabhála Eorpach a eisíodh i gcoinne X (C-562/21 PPU), Y (C-563/21 PPU) (Tarchur chun réamhrialú – Nós imeachta práinne um réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Barántas gabhála Eorpach – Cinneadh Réime 2002/584/CGB – Airteagal 1(3) – Nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit – Coinníollacha maidir le forghníomhú – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – An dara mír d’Airteagal 47 – Ceart bunúsach chun triail chóir a fháil os comhair cúirt neamhspleách agus neamhchlaonta arna bunú roimhe sin le dlí – Easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe – Measúnú dhá chéim – Critéir maidir le cur i bhfeidhm – Oibleagáid ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach fíorú ar mhodh nithiúil agus beacht an bhfuil forais shubstaintiúla agus chruthaithe ann chun a chreidiúint go bhfuil, i gcás go dtugtar suas an duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach, fíorbhaol ann go sárófar a cheart bunúsach chun triail chóir a fháil os comhair cúirt neamhspleách agus neamhchlaonta arna bunú roimhe sin le dlí)

IO C 165, 19.4.2022, p. 21–22
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 165, 19.4.2022, p. 18–18
(GA)
19.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 165/18 |
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Feabhra 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Rechtbank Amsterdam – an Ísiltír) – Forghníomhú barántas gabhála Eorpach a eisíodh i gcoinne X (C-562/21 PPU), Y (C-563/21 PPU)
(Cásanna Uamtha C-562/21 PPU agus C-563/21 PPU) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Nós imeachta práinne um réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Barántas gabhála Eorpach - Cinneadh Réime 2002/584/CGB - Airteagal 1(3) - Nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit - Coinníollacha maidir le forghníomhú - An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - An dara mír d’Airteagal 47 - Ceart bunúsach chun triail chóir a fháil os comhair cúirt neamhspleách agus neamhchlaonta arna bunú roimhe sin le dlí - Easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe - Measúnú dhá chéim - Critéir maidir le cur i bhfeidhm - Oibleagáid ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach fíorú ar mhodh nithiúil agus beacht an bhfuil forais shubstaintiúla agus chruthaithe ann chun a chreidiúint go bhfuil, i gcás go dtugtar suas an duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach, fíorbhaol ann go sárófar a cheart bunúsach chun triail chóir a fháil os comhair cúirt neamhspleách agus neamhchlaonta arna bunú roimhe sin le dlí)
(2022/C 165/25)
Teanga an cháis: an Ollainis
An chúirt a rinne an tarchur
Rechtbank Amsterdam
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: X (C-562/21 PPU) Y (C-563/21 PPU)
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 1(2) agus (3) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé i gcás ina bhfuil fianaise ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach a dtugtar air cinneadh a dhéanamh maidir le duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach a thabhairt suas, lena dtugtar le fios go bhfuil easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe maidir le neamhspleáchas bhreithiúnacht an Bhallstáit eisiúna, go háirithe maidir leis an nós imeachta chun comhaltaí na breithiúnachta a cheapadh, nach bhféadfaidh an t-údarás sin diúltú don duine sin a thabhairt suas:
— |
i gcomhthéacs barántas gabhála Eorpach arna eisiúint chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú, ach amháin má chinneann an t-údarás sin go bhfuil, in imthosca sonracha an cháis, forais shubstaintiúla agus chruthaithe lena chreidiúint, ag cur san áireamh go háirithe an fhaisnéis a sholáthair an duine sin a bhaineann le comhdhéanamh fhoirmíocht na cúirte a rinne a chás coiriúil a éisteacht nó aon imthosca eile atá ábhartha maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na foirmíochta sin a mheasúnú, gur sáraíodh ceart bunúsach an duine sin chun triail chóir a fháil os comhair cúirt neamhspleách agus neamhchlaonta, arna bunú roimhe sin le dlí, a chumhdaítear leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, agus |
— |
i gcomhthéacs barántas gabhála Eorpach arna eisiúint chun críoch ionchúisimh choiriúil, ach amháin má chinneann an t-údarás céanna sin, in imthosca sonracha an cháis, go bhfuil forais shubstaintiúla agus chruthaithe lena chreidiúint, agus an fhaisnéis a sholáthair an duine lena mbaineann á cur san áireamh go háirithe maidir lena chúinsí pearsanta, cineál an chiona a bhfuil sé á ionchúiseamh ina leith, an comhthéacs fíorasach lena mbaineann an barántas gabhála Eorpach nó aon imthosca eile atá ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na foirmíochta cúirte ar dócha go n-iarrfar uirthi na himeachtaí a bhaineann leis an duine sin a éisteacht, go bhfuil, i gcás é a thabhairt suas, an duine sin i bhfíorbhaol go sárófar an ceart bunúsach sin. |