EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0555

Cás C-555/21, UniCredit Bank Austria: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – an Ostair) – UniCredit Bank Austria AG v Verein für Konsumenteninformation (Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 2014/17/AE – Comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí i dtaca le maoin chónaithe dho-aistrithe – Airteagal 25(1) – Aisíocaíocht luath – Ceart an tomhaltóra chun laghdú a fháil ar chostas iomlán an chreidmheasa ar chomhréir le hús agus costais atá dlite don tréimhse atá fágtha den chomhaontú – Airteagal 4(13) – Coincheap “costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir” – Costais neamhspleách ar fhad an chomhaontaithe)

IO C 112, 27.3.2023, p. 5–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/5


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – an Ostair) – UniCredit Bank Austria AG v Verein für Konsumenteninformation

(Cás C-555/21 (1), UniCredit Bank Austria)

(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint tomhaltóirí - Treoir 2014/17/AE - Comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí i dtaca le maoin chónaithe dho-aistrithe - Airteagal 25(1) - Aisíocaíocht luath - Ceart an tomhaltóra chun laghdú a fháil ar chostas iomlán an chreidmheasa ar chomhréir le hús agus costais atá dlite don tréimhse atá fágtha den chomhaontú - Airteagal 4(13) - Coincheap “costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir” - Costais neamhspleách ar fhad an chomhaontaithe)

(2023/C 112/06)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: UniCredit Bank Austria AG

Cosantóir: Verein für Konsumenteninformation

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 25(1) de Threoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a i dtaca le maoin chónaithe dho-aistrithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear nach n-áirítear i gceart an tomhaltóra chun laghdú a fháil ar chostas iomlán an chreidmheasa i gcás ina n-aisíocfar an creidmheas go luath ach ús agus costais atá ag brath ar fhad an chreidmheasa.


(1)  IO C 513, 20.12.2021


Top