Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0266

    Cás C-266/21: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 6 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski gradski sad – an Bhulgáir) – nós imeachta coiriúil i gcoinne HV (Tarchur chun réamhrialú – Comhbheartas iompair – Treoir 2006/126/CE – Airteagal 11(2) agus (4) – Fionraí an chirt mótarfheithicil a thiomáint – Ceadúnas tiomána arna eisiúint ag an mBallstát ina bhfuil gnáthchónaí orthu mar mhalairt ar cheadúnas tiomána arna eisiúint ag Ballstát eile – Diultú an chéad Bhallstáit cinneadh an ceart chun tiomáint a chur ar fionraí arna ghlacadh ag an dara Ballstát a chur i bhfeidhm – Oibleagáid ar an dara Ballstát gan aitheantas a thabhairt, i gcríocha dá chuid féin, do bhailíocht an cheadúnais tiomána atá curtha ar fionraí)

    IO C 451, 28.11.2022, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    28.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 451/3


    Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 6 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski gradski sad – an Bhulgáir) – nós imeachta coiriúil i gcoinne HV

    (Cás C-266/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Comhbheartas iompair - Treoir 2006/126/CE - Airteagal 11(2) agus (4) - Fionraí an chirt mótarfheithicil a thiomáint - Ceadúnas tiomána arna eisiúint ag an mBallstát ina bhfuil gnáthchónaí orthu mar mhalairt ar cheadúnas tiomána arna eisiúint ag Ballstát eile - Diultú an chéad Bhallstáit cinneadh an ceart chun tiomáint a chur ar fionraí arna ghlacadh ag an dara Ballstát a chur i bhfeidhm - Oibleagáid ar an dara Ballstát gan aitheantas a thabhairt, i gcríocha dá chuid féin, do bhailíocht an cheadúnais tiomána atá curtha ar fionraí)

    (2022/C 451/04)

    Teanga an cháis: an Bhulgáiris

    An chúirt a rinne an tarchur

    Sofiyski gradski sad

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    HV

    Idiragraí: Sofiyska gradska prokuratura

    An chuid oibríochtúil

    Maidir le forálacha comhcheangailte Airteagal 11(2) agus an dara fomhír d’Airteagal 11(4) de Threoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ceadaítear don Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar shealbhóir ceadúnais tiomána arna eisiúint ag an mBallstát sin dul gan aitheantas a thabhairt do chinneadh agus dul gan é a chur i bhfeidhm ina chríoch, ar cinneadh é lena chuirtear ar fionraí ceart an sealbhóra sin mótarfheithicil a thiomáint arna ghlacadh ag Ballstát eile mar gheall ar chion tráchta bóthair a rinneadh i gcríoch an Bhallstáit sin, lena n-áirítear an cás inar eisíodh an ceadúnas tiomána sin mar mhalairt ar cheadúnas tiomána arna eisiúint cheana féin ag an mBallstát inar ndearnadh an cion tráchta bóthair.


    (1)  IO C 263, 05.07.2021


    Top