Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0147

    Cás C-147/21, CIHEF agus Páirtithe eile: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 19 Eanáir 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État – an Fhrainc) – Comité interprofessionnel des huiles essentielles françaises (CIHEF) agus Páirtithe eile v Ministre de la Transition écologique, Premier ministre (Tarchur chun réamhrialú – Comhfhogasú dlíthe – Táirgí bithicídeacha – Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 – Airteagal 72 – Saorghluaiseacht earraí – Airteagal 34 CFAE – Indéantacht do na Ballstáit bearta sriantacha a ghlacadh maidir le cleachtais tráchtála agus fógraíocht – Socruithe díolacháin nach dtagann faoi raon feidhme Airteagal 34 CFAE – Bonn cirt – Airteagal 36 CFAE – Cuspóir chun sláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus an comhshaol a chosaint – Comhréireacht))

    IO C 83, 6.3.2023, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    6.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 83/3


    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 19 Eanáir 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État – an Fhrainc) – Comité interprofessionnel des huiles essentielles françaises (CIHEF) agus Páirtithe eile v Ministre de la Transition écologique, Premier ministre

    (Cás C-147/21 (1), CIHEF agus Páirtithe eile)

    (Tarchur chun réamhrialú - Comhfhogasú dlíthe - Táirgí bithicídeacha - Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 - Airteagal 72 - Saorghluaiseacht earraí - Airteagal 34 CFAE - Indéantacht do na Ballstáit bearta sriantacha a ghlacadh maidir le cleachtais tráchtála agus fógraíocht - Socruithe díolacháin nach dtagann faoi raon feidhme Airteagal 34 CFAE - Bonn cirt - Airteagal 36 CFAE - Cuspóir chun sláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus an comhshaol a chosaint - Comhréireacht))

    (2023/C 83/04)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Conseil d’État

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: Comité interprofessionnel des huiles essentielles françaises (CIHEF), Florame, Hyteck Aroma-Zone, Laboratoires Gilbert, Laboratoire Léa Nature, Laboratoires Oméga Pharma France, Pierre Fabre Médicament, Pranarom France, Puressentiel France

    Cosantóirí: Ministre de la Transition écologique, Premier ministre

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Maidir le hAirteagal 72 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 334/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear, sa bhreis ar an méid dá bhforáiltear san Airteagal sin, go ndéanfar ráiteas a chur ar fhógraíocht atá dírithe ar ghairmithe maidir le táirgí bithicídeacha a thagann faoi chineálacha táirgí 2 agus 4, a áirítear i ngrúpa 1 de na cineálacha táirgí sin, a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, agus faoi chineálacha táirgí 14 agus 18, a áirítear i ngrúpa 3 de na cineálacha táirgí sin, a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin;

    agus ní chuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear fógraíocht atá dírithe ar an bpobal i gcoitinne maidir le táirgí bithicídeacha a thagann faoi chineálacha táirgí 2 agus 4, a áirítear i ngrúpa 1 de na cineálacha táirgí sin, a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Uimh. 528/2012, arna leasú le Rialachán Uimh. 334/2014, agus faoi chineálacha táirgí 14 agus 18, a áirítear i ngrúpa 3 de na cineálacha táirgí sin, a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin.

    2)

    Maidir le hAirteagal 34 agus 36 CFAE,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ní chuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc ar chleachtais tráchtála áirithe, amhail lascainí, lacáistí, lascainí, difreáil ar choinníollacha ginearálta agus speisialta díola, aonaid shaora a sholáthar nó gach cleachtas coibhéiseach, a bhaineann le táirgí bithicídeacha a thagann faoi chineálacha táirgí 14 agus 18, a áirítear i ngrúpa 3 de na cineálacha táirgí sin, a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Uimh. 528/2012, arna leasú le Rialachán Uimh. 334/2014, ar choinníoll go bhfuil bonn cirt leis an reachtaíocht sin de bharr cuspóirí maidir le sláinte agus beatha an duine agus an chomhshaoil a chosaint, go bhfuil an reachtaíocht sin iomchuí chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus nach dtéann an reachtaíocht sin thar a bhfuil riachtanach chun iad a bhaint amach, rud atá de dhualgas ar an gcúirt a rinne an tarchur a fhíorú;

    agus ní chuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear fógraíocht atá dírithe ar an bpobal i gcoitinne maidir le táirgí bithicídeacha a thagann faoi chineálacha táirgí 2 agus 4, a áirítear i ngrúpa 1 de na cineálacha táirgí sin, a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, agus faoi chineálacha táirgí 14 agus 18, a áirítear i ngrúpa 3 de na cineálacha táirgí sin, a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, ar choinníoll go bhfuil bonn cirt leis an reachtaíocht sin de bharr cuspóirí maidir le sláinte agus beatha an duine agus an chomhshaoil a chosaint, go bhfuil an reachtaíocht sin iomchuí chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus nach dtéann an reachtaíocht sin thar a bhfuil riachtanach chun iad a bhaint amach, rud atá de dhualgas ar an gcúirt a rinne an tarchur a fhíorú.


    (1)  IO C 215, an 29.06.2020.


    Top