Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0111

    Cás C-111/21: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 20 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – an Ostair) – BT v Laudamotion GmbH (Tarchur chun réamhrialú – Aeriompar – Coinbhinsiún Montréal – Airteagal 17(1) – Dliteanas aeriompróirí i gcás báis nó díobhála pearsanta do phaisinéir – Coincheap “díobhála pearsanta” – Neamhord struis iarthrámach a d'fhulaing paisinéir le linn aslonnaithe éigeandála aerárthaigh)

    IO C 472, 12.12.2022, p. 11–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    12.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 472/11


    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 20 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – an Ostair) – BT v Laudamotion GmbH

    (Cás C-111/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Aeriompar - Coinbhinsiún Montréal - Airteagal 17(1) - Dliteanas aeriompróirí i gcás báis nó díobhála pearsanta do phaisinéir - Coincheap “díobhála pearsanta” - Neamhord struis iarthrámach a d'fhulaing paisinéir le linn aslonnaithe éigeandála aerárthaigh)

    (2022/C 472/12)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Oberster Gerichtshof

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: BT

    Cosantóir: Laudamotion GmbH

    An chuid oibríochtúil

    Maidir le hAirteagal 17(1) den Coinbhinsiún maidir le haontú rialacha áirithe i dtaca le hiompar idirnáisiúnta d'aer, a tugadh chun críche in Montréal an 28 Bealtaine 1999, arna shíniú ag an gComhphobal Eorpach an 9 Nollaig 1999 agus arna fhormheas thar a cheann le Cinneadh 2001/539/CE ón gComhairle an 5 Aibreán 2001,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ní mór díobháil shíceolaíoch a tharla do phaisinéir mar gheall ar “thimpiste”, de réir bhrí na forála sin, nach

    mbaineann le “díobháil pearsanta”, de réir bhrí na forála sin, a chúiteamh ar an mbealach céanna le díobháil pearsanta den sórt sin, ar choinníoll go léiríonn an paisinéir gortaithe go bhfuil lagú ar a shláine mheabhrach chomh tromchúiseach nó chomh dian sin go gcuireann sé isteach ar a staid ghinearálta sláinte agus nach féidir é a laghdú gan cóir leighis.


    (1)  IO C 228, 14.06.2021.


    Top