Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0054

    Cás C-54/21: Breithiúnas na Cúirte (Ceathrú Dlísheomra) an 17 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Krajowa Izba Odwoławcza – an Pholainn) – Antea Polska S.A., Pectore-Eco sp. z o.o., Instytut Ochrony Środowiska – Państwowy Instytut Badawczy v Państwowe Gospodarstwo Wodne Wody Polskie (Iarraidh ar réamhrialú – Soláthar poiblí – Treoir 2014/24/AE – Prionsabail maidir le conarthaí a dhámhachtain – Airteagal 18 – Trédhearcacht – Airteagal 21 – Rúndacht – Na prionsabail sin a chur leis an reachtaíocht náisiúnta – Ceart um rochtain ar ábhar bunúsach na faisnéise a chuir forthairgeoirí ar fáil maidir lena gcuid taithí agus teistiméireachtaí, maidir leis na daoine a bhfuil sé beartaithe go ndéanfaidh siad an conradh a chomhlíonadh agus maidir le dearadh na dtionscadal atá beartaithe agus an modh chun é a chur i bhfeidhm – Airteagal 67 – Critéir conradh a dhámhachtain – Critéir i leith cháilíocht na hoibre nó na seirbhíse atá beartaithe – Ceanglas maidir beachtas – Treoir 89/665/CEE – Airteagal 1(1) agus (3) – Ceart chun leighis éifeachtaigh – Leigheas i gcás sáraithe ar an gceart sin mar gheall ar dhiúltú do rochtain ar fhaisnéis neamhrúnda)

    IO C 15, 16.1.2023, p. 11–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    16.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 15/11


    Breithiúnas na Cúirte (Ceathrú Dlísheomra) an 17 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Krajowa Izba Odwoławcza – an Pholainn) – Antea Polska S.A., Pectore-Eco sp. z o.o., Instytut Ochrony Środowiska – Państwowy Instytut Badawczy v Państwowe Gospodarstwo Wodne Wody Polskie

    (Cás C-54/21) (1)

    (Iarraidh ar réamhrialú - Soláthar poiblí - Treoir 2014/24/AE - Prionsabail maidir le conarthaí a dhámhachtain - Airteagal 18 - Trédhearcacht - Airteagal 21 - Rúndacht - Na prionsabail sin a chur leis an reachtaíocht náisiúnta - Ceart um rochtain ar ábhar bunúsach na faisnéise a chuir forthairgeoirí ar fáil maidir lena gcuid taithí agus teistiméireachtaí, maidir leis na daoine a bhfuil sé beartaithe go ndéanfaidh siad an conradh a chomhlíonadh agus maidir le dearadh na dtionscadal atá beartaithe agus an modh chun é a chur i bhfeidhm - Airteagal 67 - Critéir conradh a dhámhachtain - Critéir i leith cháilíocht na hoibre nó na seirbhíse atá beartaithe - Ceanglas maidir beachtas - Treoir 89/665/CEE - Airteagal 1(1) agus (3) - Ceart chun leighis éifeachtaigh - Leigheas i gcás sáraithe ar an gceart sin mar gheall ar dhiúltú do rochtain ar fhaisnéis neamhrúnda)

    (2023/C 15/10)

    Teanga an cháis: an Pholainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Krajowa Izba Odwoławcza

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: Antea Polska S.A., Pectore-Eco sp. z o.o., Instytut Ochrony Środowiska – Państwowy Instytut Badawczy

    Cosantóir: Państwowe Gospodarstwo Wodne Wody Polskie

    Idiragraithe: Arup Polska sp. z o.o., CDM Smith sp. z o.o., Multiconsult Polska sp. z o.o., Arcadis sp. z o.o., Hydroconsult sp. z o.o. Biuro Studiów i Badań Hydrogeologicznych i Geofizycznych

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Maidir le hAirteagal 18(1) agus Airteagal 21(1), arna léamh i bhfianaise Airteagal 50(4) agus Airteagal 55(3), de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE,

    ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas:

    cuirtear bac leo ar reachtaíocht náisiúnta maidir le soláthar poiblí lena gceanglaítear, seachas eisceacht aonair maidir le rúin thrádála, go ndéanfaí fáisnéis arna seoladh ag forthairgeoirí chuig na húdaráis chonarthacha a fhoilsiú ina hiomláine nó a chur in iúl do na forthairgeoirí eile agus ar nós de chuid na n-údarás conarthacha faoinar nglactar go córasach le hiarratais go gcaithfí go rúnda le rúin thrádala.

    2.

    Maidir le hAirteagal 18(1), Airteagal 21(1), agus Airteagal 55(3) de Threoir 2014/24,

    ní mór léiriú a dhéanamh orthu mar seo a leanas:

    caithfidh an t-údarás conarthach, chun a chinneadh an ndiúltóidh sé do fhortháirgeoir ar ndiúltaíodh dá thairiscint inghlactha rochtain ar fhaisnéis a chuir na forthairgeoirí eile isteach i ndáil leis an taithí ábhartha atá acu agus na teistiméireachtaí lena mbaineann, i ndáil le céannacht agus cáilíochtaí gairmiúla na ndaoine a bhfuil sé beartaithe go ndéanfaidh siad an conradh a chomhlíonadh nó na bhfochonraitheoirí agus i ndáil le dearadh na dtionscadal atá le déanamh faoin gconradh agus modh feidhme an chonartha sin, measúnú a dhéanamh an bhfuil luach tráchtála ag baint leis an bhfaisnéis sin lasmuigh de raon feidhme an chonartha phoiblí atá i gceist, toisc go bhféadfaí an bonn a bhaint de leasanna tráchtála dlisteanacha nó d’iomaíocht chóir dá ndéanfaí é a nochtadh;

    thairis sin, d’fhéadfadh an t-údarás conarthach diúltú do rochtain ar an bhfaisnéis sin sa chás, cé nach bhfuil an luach tráchtala sin aige, ina gcuirfí isteach ar fhorfheidhmiú an dlínó ina mbeadh sé i gcoinne leas an phobail í a nochtadh; agus

    caithfidh an t-údarás conarthach, sa chás ina ndiúltaítear do rochtain iomlán ar fhaisnéis, rochtain a thabhairt don fhorthairgeoir sin ar ábhar bunúsach na faisnéise sin, ionas go go ndéanfaí an meas ar an gceart chun leighis éifeachtaigh a áirithiú.

    3.

    Maidir le hAirteagal 18(1) de Threoir 2014/24, arna léamh i bhfianaise Airteagal 67(4) den Treoir,

    ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas:

    ní chuirtear bac leis ar an “dearadh forbartha tionscnaimh”, a bhfuil a chur i bhfeidhm beartaithe faoin gconradh poiblí atá i gceist, ná ar an “cur síos ar mhodh feidhme an chonartha sin” don chonradh sin a bheith mar cheann de na critéir le haghaidh dhámhachtain an chonartha sin, ar an gcoinníoll go bhfuil sonraí ag gabhail leis na critéir sin lena gcuirtear ar cumas an t-údarás conarthach measúnú sonrach oibiachtúil a dhéanamh ar na tairiscintí arna gcur isteach.

    4.

    Maidir le hAirteagal 1(1) agus (3) de Threoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithniúcháin chun conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí a dhámhachtain, arna leasú le Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014,

    ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas:

    sa chás ina ndearbhaítear, i gcomhthéacs caingne arna tabhairt i gcoinne cinneadh lena ndéantar conradh poiblí a dhámhachtain, gurb ann d’oibleagáid ar an údarás conarthach fáisnéis a nochtadh don iarratasóir, ar caitheadh léi mar fhaisnéis rúnda go mícheart, agus gurb ann do shárú ar an gceart chun leighis éifeachtaigh de bhonn mainneachtain an fhaisnéis sin a nochtadh, ní hé nach mór dá bharr sin go nglacfaidh an t-údarás conarthach sin cinneadh nua i leith an conradh a dhámhachtain, ar an gcoinníoll go gceadaítear don chúirt náisiúnta a éistíonn an cás faoi dhlí an nós imeachta náisiúnta, le linn na n-imeachtaí, bearta a ghlacadh lena n-athbhunófaí an urraim don cheart chun leighis éifeachtaigh nó go gceadaítear di a mheas go bhféadfadh an t-iarratasóir caingean nua a thabhairt i gcoinne an chinnidh dámhachtana atá déanta cheana féin. Ní chuirfear tús leis an tréimhse ama chun caingean dá leithéid a thabhairt go dtí go bhfuil rochtain iomlán ag an iarratasóir ar an bhfáisnéis go léir a aicmíodh go mícheart mar fhaisnéis rúnda.


    (1)  IO C 228, 14.6.2021.


    Top