Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0051

    Cás C-51/21: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 30 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tallinna Halduskohus – an Eastóin) – Aktsiaselts M.V.WOOL v Põllumajandus- ja Toiduamet (Tarchur chun réamhrialú – Dlí an bhia – Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 – Critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia – Airteagal 3(1) – Oibleagáidí oibreoirí gnó bia – Iarscríbhinn I – Pointe 1.2 de Chaibidil 1 – Luachanna teorann maidir le Listeria monocytogenes a bheith i dtáirgí éisc sula gcuirtear ar an margadh iad agus tar éis iad a chur ar an margadh – Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 – Airteagal 14(8) – Rialuithe oifigiúla ar an táirge ag an gcéim a chuirtear ar an margadh é – Raon feidhme)

    IO C 318, 22.8.2022, p. 8–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    22.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 318/8


    Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 30 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tallinna Halduskohus – an Eastóin) – Aktsiaselts M.V.WOOL v Põllumajandus- ja Toiduamet

    (Cás C-51/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Dlí an bhia - Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 - Critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia - Airteagal 3(1) - Oibleagáidí oibreoirí gnó bia - Iarscríbhinn I - Pointe 1.2 de Chaibidil 1 - Luachanna teorann maidir le Listeria monocytogenes a bheith i dtáirgí éisc sula gcuirtear ar an margadh iad agus tar éis iad a chur ar an margadh - Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 - Airteagal 14(8) - Rialuithe oifigiúla ar an táirge ag an gcéim a chuirtear ar an margadh é - Raon feidhme)

    (2022/C 318/09)

    Teanga an cháis: an Eastóinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Tallinna Halduskohus

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Aktsiaselts M.V.WOOL

    Cosantóir: Põllumajandus- ja Toiduamet

    An chuid oibríochtúil

    Ní mór forálacha comhcheangailte Airteagal 3(1) agus pointe 1.2 de Chaibidil 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2005 maidir le critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/229 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2019, a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn, i gcás nach bhfuil an monaróir in ann a thaispeáint, chun sástacht an údaráis inniúil, nach saróidh earraí bia, le linn a seilfré, an teorainn de 100 aonad déanta coilíneachta/gram (g), maidir le láithreacht Listeria monocytogenesa, nach bhfuil feidhm ag an teorainn lena gceanglaítear neamhláithreacht bhraite de Listeria monocytogenes in 25 g den táirge bia lena mbaineann, dá bhforáiltear i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn I, maidir le hearraí bia a cuireadh ar an margadh le linn a seilfré.


    (1)  IO C 128, 12.04.2021


    Top