EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0050

Cás C-50/21, Prestige and Limousine: Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 8 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia de Cataluña – an Spáinn) – Prestige and Limousine SL v Área Metropolitana de Barcelona, Asociación Nacional del Taxi (Antaxi), Asociación Profesional Élite Taxi, Sindicat del Taxi de Catalunya (STAC), Tapoca VTC1 SL, Agrupació Taxis Companys (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 49 CFAE – Airteagal 107(1) CFAE – Feithicil fruilithe phríobháideach (FFP) – Scéim ceadúnaithe lena mbaineann an dara ceadúnas oibríochta a eisiúint, chomh maith le ceadúnas chun seirbhísí iompair uirbigh agus idiruirbigh a sholáthar ar fud na críche náisiúnta, chun a bheith in ann seirbhísí iompair uirbigh a sholáthar i limistéar cathrach – Líon na gceadúnas le haghaidh seirbhísí FFP a theorannú go dtí an tríochadú cuid de na ceadúnais le haghaidh seirbhísí tacsaí)

IO C 261, 24.7.2023, p. 18–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

24.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 261/18


Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 8 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia de Cataluña – an Spáinn) – Prestige and Limousine SL v Área Metropolitana de Barcelona, Asociación Nacional del Taxi (Antaxi), Asociación Profesional Élite Taxi, Sindicat del Taxi de Catalunya (STAC), Tapoca VTC1 SL, Agrupació Taxis Companys

(Cás C-50/21 (1), Prestige and Limousine)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 49 CFAE - Airteagal 107(1) CFAE - Feithicil fruilithe phríobháideach (FFP) - Scéim ceadúnaithe lena mbaineann an dara ceadúnas oibríochta a eisiúint, chomh maith le ceadúnas chun seirbhísí iompair uirbigh agus idiruirbigh a sholáthar ar fud na críche náisiúnta, chun a bheith in ann seirbhísí iompair uirbigh a sholáthar i limistéar cathrach - Líon na gceadúnas le haghaidh seirbhísí FFP a theorannú go dtí an tríochadú cuid de na ceadúnais le haghaidh seirbhísí tacsaí)

(2023/C 261/26)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia de Cataluña

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Prestige and Limousine SL

Cosantóirí: Área Metropolitana de Barcelona, Asociación Nacional del Taxi (Antaxi), Asociación Profesional Élite Taxi, Sindicat del Taxi de Catalunya (STAC), Tapoca VTC1 SL, Agrupació Taxis Companys

An chuid oibríochtúil

1.

Ní choisctear le hAirteagal 107(1) CFAE reachtaíocht, is infheidhme i gcomhchathair, lena bhforáiltear, ar an gcéad dul síos, go bhfuil gá le ceadúnas sonrach chun dul i mbun na gníomhaíochta chun feithiclí fruilithe príobháideacha a fhruiliú sa chomhchathair sin, sa bhreis ar an gceadúnas náisiúnta is gá chun feithiclí fruilithe príobháideacha uirbeacha agus idiruirbeacha a sholáthar, agus, ar an dara dul síos, go bhfuil líon na gceadúnas le haghaidh seirbhísí den sórt sin teoranta don tríochadú cuid de na ceadúnais seirbhíse tacsaí arna n-eisiúint don chomhchathair sin, ar choinníoll nach bhfuil ceangaltas acmhainní Stáit ag baint leis na bearta sin de réir bhrí na forála sin.

2.

Ní choisctear le hAirteagal 49 CFAE reachtaíocht, is infheidhme i gcomhchathair, lena bhforáiltear go bhfuil gá le ceadúnas sonrach chun dul i mbun na gníomhaíochta chun feithiclí fruilithe príobháideacha a fhruiliú sa chomhchathair sin, sa bhreis ar an gceadúnas náisiúnta is gá chun feithiclí fruilithe príobháideacha uirbeacha agus idiruirbeacha a sholáthar, más rud é go bhfuil an ceadúnas sonrach sin bunaithe ar chritéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha atá ar eolas roimh ré, go n-eisiatar aon treallachas agus nach ndéantar dúbláil leo ar rialuithe a rinneadh cheana mar chuid den nós imeachta ceadúnaithe náisiúnta, ach go gcomhlíonann siad riachtanais ar leith na comhchathrach sin.

3.

Coisctear le hAirteagal 49 CFAE reachtaíocht, is infheidhme i gcomhchathair, lena ndéantar foráil maidir le líon na gceadúnas d’fheithiclí fruilithe phríobháideacha a theorannú don tríochadú cuid de na ceadúnais seirbhíse tacsaí arna n-eisiúint don chomhchathair sin, i gcás nach suitear go bhfuil an beart sin oiriúnach chun a áirithiú, ar bhealach comhleanúnach córasach, go mbainfear amach na cuspóirí maidir le bainistiú fónta iompair, tráchta agus spáis phoiblí sa chomhchathair sin agus maidir lena chomhshaol a chosaint nó nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.


(1)  IO C 228, 14.6.2021.


Top