EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0609

Cás T-609/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Meitheamh 2022 – LA International Cooperation v an Coimisiún (An Ionstraim um chúnamh réamhaontachais – Imscrúdú OLAF – Cinneadh ón gCoimisiún lena bhforchuirtear pionóis riaracháin – Eisiamh ó nósanna imeachta chun conarthaí agus deontais a dhámhachtain arna maoiniú le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh ar feadh tréimhse ceithre bliana – Iontráil i mbunachar sonraí an chórais luathbhraite agus eisiaimh – Rialachán Airgeadais – Dlínse neamhtheoranta – Comhréireacht an phionóis)

IO C 318, 22.8.2022, p. 35–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/35


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Meitheamh 2022 – LA International Cooperation v an Coimisiún

(Cás T-609/20) (1)

(An Ionstraim um chúnamh réamhaontachais - Imscrúdú OLAF - Cinneadh ón gCoimisiún lena bhforchuirtear pionóis riaracháin - Eisiamh ó nósanna imeachta chun conarthaí agus deontais a dhámhachtain arna maoiniú le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh ar feadh tréimhse ceithre bliana - Iontráil i mbunachar sonraí an chórais luathbhraite agus eisiaimh - Rialachán Airgeadais - Dlínse neamhtheoranta - Comhréireacht an phionóis)

(2022/C 318/47)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: LA International Cooperation Srl (Milano, an Iodáil) (ionadaithe: B. O’Connor agus M. Hommé, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaí: R. Pethke, Gníomhaire)

Maidir le:

Trína ghníomhaíocht bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt go ndéanfar cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh an 20 Iúil 2020 lenar eisiaigh an Coimisiún é, a neamhniú, ar feadh tréimhse ceithre bliana, ó rannpháirtíocht sna nósanna imeachta chun conarthaí agus deontais a dhámhachtain arna maoiniú le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus ó rannpháirtíocht sna nósanna imeachta chun cistí a dhámhachtain faoi Rialachán (AE) 2015/323 ón gComhairle, an 2 Márta 2015, lena leagtar síos Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir leis an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag (IO 2015 L 58, lch. 17), agus lenar ordaíodh go bhfoilseofaí an t-eisiamh sin ar a shuíomh gréasáin.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do LA International Cooperation Srl na costais a íoc.


(1)  IO C 19, 18.1.2021.


Top