Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0480

Cás T-480/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Márta 2023 – Hengshi Egypt Fiberglass Fabrics agus Jushi Egypt for Fiberglass Industry v an Coimisiún (Fóirdheontais – Allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite nó fuaite áirithe de thionscnamh na Síne agus na hÉigipte – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 – Dleacht frithchúitimh chinntitheach – Méid an fhóirdheontais a ríomh – Cuntasacht an fhóirdheontais – Cearta cosanta – Earráid fhollasach measúnaithe – Córas aistarraingthe dleacht allmhairiúcháin – Déileáil cánach le caillteanais malairte eachtraí – Corrlach sladghearrtha a ríomh)

IO C 134, 17.4.2023, p. 7–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 134/7


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Márta 2023 – Hengshi Egypt Fiberglass Fabrics agus Jushi Egypt for Fiberglass Industry v an Coimisiún

(Cás T-480/20) (1)

(Fóirdheontais - Allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite nó fuaite áirithe de thionscnamh na Síne agus na hÉigipte - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 - Dleacht frithchúitimh chinntitheach - Méid an fhóirdheontais a ríomh - Cuntasacht an fhóirdheontais - Cearta cosanta - Earráid fhollasach measúnaithe - Córas aistarraingthe dleacht allmhairiúcháin - Déileáil cánach le caillteanais malairte eachtraí - Corrlach sladghearrtha a ríomh)

(2023/C 134/09)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Hengshi Egypt Fiberglass Fabrics SAE (Ain Soukhna, an Éigipt), Jushi Egypt for Fiberglass Industry SAE (Ain Soukhna) (ionadaithe: B. Servais agus V. Crochet, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Kienapfel, G. Luengo agus P. Němečková, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Tech-Fab Europe eV (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (ionadaithe: L. Ruessmann agus J. Beck, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena gcaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann na h-iarratasóirí go gcuirfí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2020, lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO 2020 L 189, lch. 1), a mhéid a bhaineann sé leo, ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Hengshi Egypt Fiberglass Fabrics SAE agus Jushi Egypt for Fiberglass Fabrics Industry SAE a gcostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach, a íoc.

3)

Ordaítear do Tech-Fab Europe eV a chostais féin a íoc.


(1)  IO C 304, 14.9.2020.


Top