Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0704

    Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Samhain 8.
    Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid v C agus B agus X v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid.
    Tarchur chun réamhrialú – Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais – Náisiúnaigh tríú tír a choinneáil – Ceart bunúsach chun saoirse – Airteagal 6 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Coinníollacha dlíthiúlachta na coinneála – Treoir 2008/115/CE – Airteagal 15 – Treoir 2013/33/AE – Airteagal 9 – Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 – Airteagal 28 – Athbhreithniú ar dhlíthiúlacht cur nó coimeád faoi choinneáil – Athbhreithniú ex officio – Ceart bunúsach chun leighis bhreithiúnaigh éifeachtaigh – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha.
    Cásanna uamtha C-704/20 agus C-39/21.

    Court reports – general

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:858

     BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

    8 Samhain 2022 ( *1 )

    (Tarchur chun réamhrialú – Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais – Náisiúnaigh tríú tír a choinneáil – Ceart bunúsach chun saoirse – Airteagal 6 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Coinníollacha dlíthiúlachta na coinneála – Treoir 2008/115/CE – Airteagal 15 – Treoir 2013/33/AE – Airteagal 9 – Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 – Airteagal 28 – Athbhreithniú ar dhlíthiúlacht cur nó coimeád faoi choinneáil – Athbhreithniú ex officio – Ceart bunúsach chun leighis bhreithiúnaigh éifeachtaigh – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha)

    I gCásanna uamtha C-704/20 agus C-39/21,

    IARRATAÍ ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón Raad van State (an Chomhairle Stáit, an Ísiltír) agus ó Rechtbank Den Haag, zittingsplaats ‘s‑Hertogenbosch (Cúirt Dúiche na Háige, ina suí in ‘s-Hertogenbosch, an Ísiltír), trí bhreitheanna an 23 Nollaig 2020 agus an 26 Eanáir 2021 faoi seach, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 23 Nollaig 2020 agus an 26 Eanáir 2021, sna himeachtaí idir

    Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

    agus

    C,

    B (C-704/20),

    agus

    X

    agus

    Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (C-39/21),

    Tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

    Agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, C. Lycourgos (Rapóirtéir), E. Regan agus L. S. Rossi, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.-C. Bonichot, I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Jääskinen, N. Wahl, M. Gavalec, Z. Csehi agus O. Spineanu-Matei, Breithiúna,

    Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,

    Cláraitheoir: M. Ferreira, Príomhriarthóir,

    ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 1 Márta 2022,

    tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

    C agus B, ag P. H. Hillen, advocaat,

    X, ag C. F. Wassenaar, advocaat,

    Rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman agus P. Huurnink, i gcáil Gníomhairí,

    an Coimisiún Eorpach, ag A. Azéma, C. Cattabriga agus G. Wils, i gcáil Gníomhairí,

    tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 21 Meitheamh 2022,

    an Breithiúnas seo a leanas:

    Breithiúnas

    1

    Baineann na hiarrataí ar réamhrialú le léiriú Airteagal 15 de Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais (IO 2008 L 348, lch. 98), le hAirteagail 9 agus 21 de Threoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, agus le hAirteagail 6 agus 28 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO 2013 L 180, lch. 31), arna léamh i gcomhar le hAirteagail 6, 24 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).

    2

    Rinneadh na hiarrataí in imeachtaí idir B, C agus X, ar náisiúnaigh tríú tír iad, agus an Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (an Státrúnaí um Cheartas agus Slándáil, an Ísiltír, “an Státrúnaí”) maidir le dlíthiúlacht na mbeart coinneála maidir leis an triúr sin.

    An dlí lena mbaineann

    Dlí an Aontais Eorpaigh

    Treoir 2008/115

    3

    Foráiltear le hAirteagal 1 de Threoir 2008/115, dar teideal “Cuspóirí”:

    “Leagtar amach leis an Treoir seo na caighdeáin choiteanna agus na nósanna imeachta coiteanna is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, i gcomhréir le cearta bunúsacha mar phrionsabail ghinearálta de dhlí [an Aontais] agus den dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear cosaint dídeanaithe agus oibleagáidí maidir le cearta an duine.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    4

    Foráiltear le hAirteagal 3 den Treoir sin, dar teideal “Sainmhínithe”, don mhéid seo a leanas:

    “Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    [...]

    (9)

    ciallaíonn “daoine leochaileacha” mionaoisigh, mionaoisigh neamhthionlactha, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, mná torracha, tuismitheoirí aonair ag a bhfuil leanaí mionaoiseacha agus daoine a d’fhulaing céastóireacht, éigniú nó cineálacha tromchúiseacha eile foréigin shíceolaíoch, fhisicigh nó gnéis.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    5

    Foráiltear le hAirteagal 4 den Treoir sin, dar teideal “Forálacha níos fabhraí”, i mír 3 de, don mhéid seo a leanas:

    “Beidh an Treoir seo infheidhme gan dochar do cheart na mBallstát chun forálacha a ghlacadh nó a choinneáil atá níos fabhraí do na daoine a bhfuil feidhm aici maidir leo, ar choinníoll go mbeidh na forálacha sin comhoiriúnach leis an Treoir seo.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    6

    Foráiltear le hAirteagal 15 den Treoir sin, dar teideal “Coinneáil”, don mhéid seo a leanas:

    “1.   Mura féidir bearta leordhóthanacha eile nach bhfuil chomh comhéigneach céanna a chur i bhfeidhm go héifeachtach i gcás sonrach, féadfaidh na Ballstáit náisiúnach tríú tír atá faoi réir imeachtaí um fhilleadh a choinneáil chun an filleadh a ullmhú agus/nó an próiseas aistrithe a chur i gcrích, agus chuige sin amháin, go háirithe más rud é:

    (a)

    go bhfuil baol éalaithe ann, nó

    (b)

    go seachnaíonn an náisiúnach tríú tír lena mbaineann an t-ullmhúchán maidir le filleadh nó an próiseas aistrithe nó go gcuireann sé bac leo.

    Beidh aon tréimhse choinneála chomh gearr agus is féidir agus ní mhairfidh sí ach fad atá socruithe um aistriú idir lámha agus á gcur i ngníomh le dícheall cuí.

    2.   Déanfaidh údaráis riaracháin nó údaráis bhreithiúnacha coinneáil a ordú.

    Déanfar coinneáil a ordú i scríbhinn ina dtabharfar cúiseanna i dtaca le fíoras agus dlí.

    Nuair atá an choinneáil ordaithe ag údaráis riaracháin, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

    (a)

    déanfaidh siad foráil maidir le hathbhreithniú breithiúnach brostaithe ar dhlíthiúlacht na coinneála ar a ndéanfar cinneadh chomh tapa agus is féidir ó thús thréimhse na coinneála;

    (b)

    nó deonóidh siad ceart don náisiúnach tríú tír lena mbaineann imeachtaí a thionscnamh trína mbeidh dlíthiúlacht na coinneála faoi réir athbhreithniú breithiúnach brostaithe ar a ndéanfar cinneadh chomh tapa agus is féidir tar éis sheoladh na n-imeachtaí ábhartha. I gcás den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit in iúl láithreach don náisiúnach tríú tír lena mbaineann go bhféadfaí imeachtaí den sórt sin a thionscnamh.

    Scaoilfear saor an náisiúnach tríú tír lena mbaineann láithreach mura bhfuil an choinneáil dleathach.

    3.   I ngach cás, déanfar athbhreithniú ar choinneáil ag eatraimh réasúnta, ar iarratas a fháil ón náisiúnach tríú tír lena mbaineann nó ar bhonn ex officio. I gcás tréimhsí fadaithe coinneála, beidh athbhreithnithe faoi réir maoirseacht údaráis bhreithiúnaigh.

    4.   Nuair a dhealraíonn sé nach bhfuil ionchas réasúnta aistrithe ann a thuilleadh ar chúiseanna dlíthiúla nó ar chúiseanna eile, nó nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, níl údar leis an gcoinneáil a thuilleadh agus scaoilfear saor an duine lena mbaineann láithreach.

    5.   Mairfidh tréimhse na coinneála fad atá na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh agus fad atá gá léi chun aistriú rathúil a chinntiú. Socróidh gach Ballstát tréimhse choinneála sheasta, nach féidir a bheith níos faide ná sé mhí.

    6.   Ní fhéadfaidh na Ballstáit an tréimhse dá dtagraítear i mír 5 a shíneadh ach amháin go ceann tréimhse theoranta nach faide ná dhá mhí dhéag bhreise i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcásanna inar dócha, d’ainneoin a gcuid iarrachtaí réasúnta uile, go mairfidh an oibríocht aistrithe tréimhse níos faide de bharr an mhéid seo a leanas:

    (a)

    easpa comhair ón náisiúnach tríú tír lena mbaineann, nó

    (b)

    moilleanna maidir leis an doiciméadacht is gá a fháil ó thríú tíortha.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    Treoir 2013/33

    7

    Foráiltear le hAirteagal 1 de Threoir 2013/33, dar teideal “Cuspóir”:

    “Is é cuspóir na Treorach seo caighdeáin a leagan síos maidir le glacadh le daoine a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta [...] sna Ballstáit.”

    8

    Foráiltear le hAirteagal 2 den Treoir sin, dar teideal “Sainmhínithe”, don mhéid seo a leanas:

    “Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    [...]

    (h)

    ‘coinneáil’: aon bheart leithlisithe iarratasóra ag Ballstát in áit shonrach, ina mbaintear a shaoirse gluaiseachta den iarratasóir.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    9

    Tá na focail seo a leanas in Airteagal 8 den Treoir sin, dar teideal “Cur faoi choinneáil”:

    “1.   Ní chuirfidh na Ballstáit duine faoi choinneáil ar an gcúis amháin gur iarratasóir é i gcomhréir le Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar [(IO 2013 L 180, lch. 60)].

    2.   Nuair is gá sin agus ar bhonn measúnú aonair de réir an cháis, féadfaidh na Ballstáit iarratasóir a chur faoi choinneáil mura féidir bearta malartacha eile nach bhfuil chomh comhéigneach céanna a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

    3.   Ní fhéadfar iarratasóir a choinneáil ach amháin:

    (a)

    chun a chéannacht nó a náisiúntacht a fháil amach nó a fhíorú;

    (b)

    chun na heilimintí sin ar a bhfuil an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta bunaithe a chinneadh, ar eilimintí iad nach bhféadfaí a fháil in éagmais coinneála, go háirithe i gcás ina bhfuil baol ann go n-éalóidh an t-iarratasóir;

    (c)

    chun cinneadh a dhéanamh, i gcomhthéacs imeachtaí, maidir le ceart an iarratasóra dul isteach sa chríoch;

    (d)

    nuair a choinnítear é faoi réir nós imeachta um fhilleadh faoi [Threoir 2008/115], chun an filleadh a ullmhú agus/nó an próiseas aistrithe a chur i gcrích, agus gur féidir leis an mBallstát lena mbaineann bunús a thabhairt ar bhonn critéar oibiachtúil, amhail go raibh an deis aige cheana féin rochtain a fháil ar an nós imeachta tearmainn, go bhfuil forais réasúnta ann lena chreidiúint nach bhfuil sé ag déanamh an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ach chun moill a chur ar fhorfheidhmiú an chinnidh um fhilleadh nó chun bac a chur ar fhorghníomhú an chinnidh sin;

    (e)

    nuair is gá sin chun an tslándáil náisiúnta nó an t-ord poiblí a chosaint;

    (f)

    i gcomhréir le hAirteagal 28 [de Rialachán Uimh. 604/2013].

    Déanfar na forais le haghaidh cur faoi choinneáil a leagan síos sa dlí náisiúnta.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go leagfar síos sa dlí náisiúnta na rialacha a bhaineann le roghanna malartacha ar choinneáil, amhail an oibleagáid i ndáil le tuairisciú rialta do na húdaráis, ráthaíocht airgeadais a thaisceadh, nó oibleagáid fanacht in áit shannta.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    10

    Foráiltear le hAirteagal 9 den Treoir sin, dar teideal “Ráthaíochtaí d’iarratasóirí atá faoi choinneáil”, don mhéid seo a leanas:

    “1.   Ní choimeádfar iarratasóir faoi choinneáil ach ar feadh tréimhse chomh gearr agus is féidir agus fad a bheidh na forais a leagtar amach in Airteagal 8(3) infheidhme.

    Déanfar nósanna imeachta riaracháin is ábhartha do na forais choinneála a leagtar amach in Airteagal 8(3) a fhorghníomhú le dícheall cuí. Ní bheidh moilleanna ar nósanna imeachta riaracháin nach féidir a chur i leith an iarratasóra ina n‑údar le leanúint ar aghaidh leis an gcoinneáil.

    2.   Déanfaidh údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin ordú um iarratasóirí a chur faoi choinneáil i scríbhinn. Sonrófar san ordú coinneála na cúiseanna, de réir fíoras agus de réir an dlí, ar a bhfuil sé bunaithe.

    3.   I gcás ina n‑ordaíonn údaráis riaracháin an choinneáil, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le hathbhreithniú breithiúnach brostaithe ar dhlíthiúlacht na coinneála atá le déanamh ex officio agus/nó arna iarraidh sin ag an iarratasóir. Nuair a dhéanfar sin ex officio, cinnfear an t-athbhreithniú chomh tapa agus is féidir ó chuirtear tús leis an gcoinneáil. Nuair a dhéanfar é arna iarraidh sin ag an iarratasóir, déanfar cinneadh chomh tapa agus is féidir tar éis sheoladh na n‑imeachtaí ábhartha. Chuige sin, saineoidh na Ballstáit sa dlí náisiúnta an tréimhse ar laistigh di a dhéanfar an t-athbhreithniú breithiúnach ex officio agus/nó an t-athbhreithniú breithiúnach arna iarraidh sin ag an iarratasóir.

    Más rud é, mar thoradh ar an athbhreithniú breithiúnach, go meastar an choinneáil a bheith neamhdhleathach, scaoilfear saor an t-iarratasóir lena mbaineann láithreach.

    4.   Cuirfear in iúl láithreach i scríbhinn d’iarratasóirí atá faoi choinneáil, i dteanga a thuigeann siad nó a cheaptar le réasún go dtuigeann siad, cúiseanna na coinneála agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa dlí náisiúnta chun agóid a dhéanamh i gcoinne an ordaithe coinneála, chomh maith leis an bhféidearthacht cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a iarraidh.

    5.   Déanfaidh údarás breithiúnach athbhreithniú ar choinneáil ag eatraimh réasúnta ama, ex officio agus/nó arna iarraidh sin ag an iarratasóir lena mbaineann, go háirithe i gcás tréimhse choinneála fhadaithe, nuair a thagann imthosca ábhartha chun cinn nó nuair a chuirtear faisnéis nua ar fáil a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na coinneála.

    6.   I gcásanna ina ndéantar athbhreithniú breithiúnach ar an ordú coinneála dá bhforáiltear i mír 3, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag iarratasóirí ar chúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce. Áireofar leis sin, ar a laghad, na doiciméid nós imeachta is gá a ullmhú agus rannpháirtíocht san éisteacht os comhair na n‑údarás breithiúnach thar ceann an iarratasóra.

    [...]”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    11

    Foráiltear le hAirteagal 21 de Threoir 2013/33, dar teideal “Prionsabal ginearálta”:

    “Ina ndlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo, cuirfidh na Ballstáit san áireamh staid áirithe daoine leochaileacha, amhail mionaoisigh [...]”

    [Aistriúchán neamhoifiigúil]

    Rialachán Uimh. 604/2013

    12

    Foráiltear le hAirteagal 1 de Threoir 604/2013, dar teideal “Ábhar”:

    “Bunaítear leis an Rialachán seo na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát [...]”

    13

    Foráiltear in Airteagal 6 den Rialachán sin, dar teideal “Ráthaíochtaí do mhionaoisigh”, i mír 1 de, an méid seo a leanas:

    “Tabharfaidh Ballstáit tús áite do leas an mhionaoisigh maidir le gach nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.”

    14

    Foráiltear in Airteagal 28 den Rialachán sin, dar teideal “Coinneáil”, an méid seo a leanas:

    “1.   Ní chuirfidh na Ballstáit duine faoi choinneáil ar an gcúis amháin go bhfuil sé nó sí faoi réir an nós imeachta a bhunaítear leis an Rialachán seo.

    2.   Nuair atá baol suntasach ann go n‑éalóidh duine, féadfaidh Ballstáit an duine lena mbaineann a chur faoi choinneáil chun nósanna imeachta aistrithe a chinntiú i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar bhonn measúnú aonair ar gach cás agus sa mhéid go mbeidh an choinneáil comhréireach, agus sa mhéid sin amháin, agus mura féidir bearta malartacha eile nach bhfuil chomh comhéigeantach a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

    3.   Beidh an tréimhse choinneála chomh gearr agus is féidir agus ní bheidh sí níos faide ná an tréimhse is gá le réasún chun na nósanna imeachta riaracháin a bheidh riachtanach a chomhlíonadh le dícheall cuí go dtí go ndéanfar an t-aistriú faoin Rialachán seo.

    I gcás ina ndéanfar duine a choinneáil de bhun an Airteagail seo, ní bheidh an tréimhse chun iarraidh a dhéanamh an duine sin a ghabháil ar láimh nó as an duine sin a ghabháil ar ais níos faide ná mí amháin ón tráth a ndearnadh an iarraidh. Iarrfaidh an Ballstát a mbeidh an nós imeachta á chomhlíonadh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo freagra práinneach i gcásanna den sórt sin. Tabharfar freagra den sórt sin tráth nach faide ná dhá sheachtain ón iarraidh a fháil. Mura dtabharfar freagra ar an iarraidh laistigh den tréimhse dhá sheachtain sin, is ionann sin agus glacadh leis an iarraidh agus leis an oibleagáid an duine a ghabháil ar láimh nó an duine a ghabháil ar ais, lena n‑áirítear an oibleagáid socruithe cuí a dhéanamh maidir le teacht i dtír an duine sin.

    I gcás ina ndéanfar duine a choinneáil de bhun an Airteagail seo, féadfar an duine sin a aistriú ón mBallstát iarrthach chuig an mBallstát atá freagrach a luaithe a fhéadfar sin a dhéanamh go praiticiúil, agus ar a dhéanaí laistigh de shé seachtaine ón dáta a nglacfaidh Ballstát eile, go hintuigthe nó go sainráite, leis an iarraidh an duine lena mbaineann a ghabháil ar láimh nó an duine sin a ghabháil ar ais [...]

    I gcás ina dteipeann ar Bhallstát iarrthach na teorainneacha ama a chomhlíonadh maidir le hiarraidh a dhéanamh duine a ghabháil ar láimh nó an duine sin a ghabháil ar ais nó i gcás nach ndéanfar an t-aistriú taobh istigh den tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa tríú fomhír, ní dhéanfar an duine sin a choinneáil níos mó. [...]

    4.   I dtaca le coinníollacha coinneála daoine faoi choinneáil agus leis na ráthaíochtaí is infheidhme maidir leo, beidh feidhm ag Airteagail 9, 10 agus 11 de Threoir 2013/33/AE, d’fhonn na nósanna imeachta aistrithe a chur faoi chúram an Bhallstáit atá freagrach.”

    Dlí na hÍsiltíre

    An Vreemdelingenwet 2000

    15

    Foráiltear in Airteagal 59(1)(a) den Wet tot algehele herziening van de Vreemdelingenwet (Vreemdelingenwet 2000) (Dlí maidir le hathbhreithniú ginearálta ar an Dlí um eachtrannaigh (Dlí um eachtrannaigh, 2000)), an 23 Samhain 2000 (Stb. 2000, Uimh. 495), arna leasú le héifeacht ón 31 Nollaig 2011 chun Treoir 2008/115 a thrasuí i ndlí na hÍsiltíre (“an Vreemdelingenwet”), go bhféadfaidh an Státrúnaí, más gá sin ar mhaithe leis an ord poiblí nó leis an tslándáil náisiúnta, náisiúnach eachtrach nach bhfuil cónaí dleathach air a chur faoi choinneáil, d’fhonn é a aistriú ó chríoch na hÍsiltíre.

    16

    Foráiltear le hAirteagal 59a den Vreemdelingenwet 2000 go bhféadfar náisiúnaigh eachtracha a bhfuil feidhm ag Rialachán Uimh. 604/2013 maidir leo, i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán sin, a chur faoi choinneáil, d’fhonn iad a aistriú chuig an mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh san Ísiltír.

    17

    Foráiltear le hAirteagal 59b den Vreemdelingenwet 20000 go bhféadfar náisiúnaigh eachtracha áirithe a bhfuil iarratas déanta acu ar chead cónaithe a choinneáil más gá sin chun aitheantas nó náisiúntacht an iarratasóra a shuíomh nó chun gnéithe eile is gá a chinneadh chun an t-iarratas a mheasúnú, go háirithe má tá baol ann go n‑éalóidh siad.

    18

    Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 91(2) den Vreemdelingenwet 2000:

    “Má mheasann an [Raad van State (an Chomhairle Stáit), ag rialú ar achomharc] nach féidir neamhniú a dhéanamh ar bhonn an ghearáin a rinneadh, féadfaidh sé é féin a theorannú don mheasúnú sin i bhforas a chinnidh.”

    19

    Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 94 den Vreemdelingenwet 2000:

    “1.   I gcás ina mbeidh cinneadh déanta aige lena bhforchuirtear beart lena mbaineann cailleadh saoirse dá dtagraítear in Airteagail [...] 59, 59a agus 59b, tabharfaidh [an Státrúnaí] fógra don [chúirt inniúil] tráth nach déanaí ná an t-ochtú lá is fiche tar éis fógra faoin gcinneadh sin a thabhairt, ach amháin má tá caingean taiscthe cheana féin ag an náisiúnach eachtrach. A luaithe a bheidh fógra tugtha don chúirt, measfar caingean a bheith taiscthe ag an náisiúnach eachtrach i gcoinne an chinnidh lena bhforchuirtear beart lena mbaineann cailleadh saoirse. Iarrfar cúiteamh freisin leis an gcaingean sin.

    [...]

    4.   Socróidh an chúirt láithreach an dáta a ghlacfar fianaise ag an éisteacht. Reáchtálfar an éisteacht tráth nach déanaí ná an ceathrú lá déag tar éis an t-iarratas nó an fógra a fháil. [...]

    [...]

    6.   Má mheasann sí go bhfuil cur i bhfeidhm nó forfheidhmiú an bhirt contrártha leis an Dlí seo nó má mheasann sí, tar éis na leasanna uile lena mbaineann a mheá, nach bhfuil údar leis an mbeart, seasfaidh an chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair leis an gcaingean. Sa chás sin, ordóidh an chúirt go gcuirfear deireadh leis an mbeart nó a socruithe cur chun feidhme a leasú.

    [...]”

    Awb

    20

    Foráiltear in Airteagal 8:69 den wet houdende algemene regels van bestuursrecht (Algemene wet bestuursrecht) (Dlí ginearálta maidir leis an dlí riaracháin an 4 Meitheamh 1992 (Stb. 1992, Uimh. 315)), sa leagan is infheidhme maidir leis na díospóidí sna príomhimeachtaí (“Awb”):

    “1.   Déanfaidh an chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair cinneadh ar bhonn an iarratais, na ndoiciméad a thabharfar ar aird, an réamh-imscrúdaithe agus an imscrúdaithe ar an gcás ag an éisteacht.

    2.   Forlíonfaidh an chúirt na saincheisteanna dlí ex officio.

    3.   Féadfaidh an chúirt na fíorais a fhorlíonadh ex officio.”

    21

    De réir Airteagal 8:77 de Awb:

    “1.   Sonrófar an méid seo a leanas sa chinneadh i scríbhinn:

    [...]

    b. cúiseanna an chinnidh,

    [...]

    Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh

    Na himeachtaí a bhaineann le B agus C (C-704/20)

    22

    Chuir B, náisiúnach na hAilgéire, in iúl go raibh sé ar intinn aige iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta san Ísiltír. Le cinneadh an 3 Meitheamh 2019, chuir an Státrúnaí é faoi choinneáil de bhun Airteagal 59b de Vw 2000, chun a aitheantas a fhíorú agus a chinneadh cad iad na heilimintí is gá chun an t-iarratas a mheasúnú.

    23

    Thionscain B imeachtaí os comhair Rechtbank Den Haag, zittingsplaats ‘s‑Hertogenbosch (Cúirt Dúiche na Háige, ina suí in ‘s-Hertogenbosch, an Ísiltír), i gcoinne an chinnidh sin.

    24

    Le breithiúnas an 18 Meitheamh 2019, sheas an chúirt sin leis an gcaingean, gan rialú ar na saincheisteanna dlí ar a rabhthas ag brath mar thaca leis an gcaingean, ar fhoras nár ardaigh B, nár ghníomhaigh an Státrúnaí le gach cúram cuí. Dá bhrí sin, d’ordaigh an chúirt sin go gcuirfear deireadh leis an mbeart coinneála agus bhronn sí cúiteamh ar B.

    25

    Is náisiúnach de Siarra Leon é C. Le cinneadh an 5 Meitheamh 2019, chuir an Státrúnaí é faoi choinneáil ar bhonn Airteagal 59a de Vw 2000, chun a áirithiú go n‑aistreofar chuig an Iodáil é de bhun Rialachán Uimh. 604/2013.

    26

    Thionscain C imeachtaí os comhair Rechtbank Den Haag, zittingsplaats ‘s‑Hertogenbosch (Cúirt Dúiche na Háige, ina suí in ‘s-Hertogenbosch, an Ísiltír), i gcoinne an chinnidh sin.

    27

    Le breithiúnas an 19 Meitheamh 2019, chinn an chúirt sin go raibh na saincheisteanna a chuir C chun cinn gan bhunús, ach mar sin féin sheas sí leis an gcaingean, ar an bhforas nár shocraigh an Státrúnaí an t-aistriú chuig an Iodáil le gach dícheall cuí. Dá bhrí sin, d’ordaigh an chúirt sin go gcuirfear deireadh leis an mbeart coinneála agus bhronn sí cúiteamh ar C.

    28

    Rinne an Státrúnaí achomharc i gcoinne na mbreithiúnas dá dtagraítear i míreanna 24 agus 27 den bhreithiúnas sin os comhair an Raad van State (an Chomhairle Stáit, an Ísiltír). Is mian leis an gcúirt sin go rialódh an Chúirt Bhreithiúnais ar an argóint a chuir B agus C chun cinn, chomh maith le cúirteanna áirithe de chuid na hÍsiltíre, go gceanglaítear le dlí an Aontais ar na cúirteanna na coinníollacha go léir nach mór do bheart coinneála a chomhlíonadh chun go mbeidh sé dleathach a scrúdú ex officio.

    29

    Maidir le dlí an Aontais go sonrach, shonraigh an chúirt a rinne an tarchur go raibh B agus C ina gcónaí go dleathach san Ísiltír nuair a cuireadh faoi choinneáil iad. Is mian leis an gcúirt sin, agus í den tuairim dá bhrí sin gurb iad na rialacha ábhartha maidir le coinneáil, sna cásanna seo, iad sin atá i dTreoir 2013/33 agus i Rialachán Uimh. 604/2013, go gcuirfí Treoir 2008/115 san áireamh freisin agus an cheist a tarchuireadh á scrúdú.

    30

    Míníonn an chúirt sin go dtagann aon choinneáil dá bhforáiltear leis na hionstraimí sin de dhlí an Aontais, san Ísiltír, faoin dlí nós imeachta riaracháin, nach n‑údaraíonn do chúirteanna na hÍsiltíre, i bprionsabal, scrúdú ex officio a dhéanamh ar chomhlíonadh coinníollacha dlíthiúlachta nár ardaigh an duine lena mbaineann. Baineann an t-aon eisceacht ón bprionsabal sin leis an athbhreithniú ar chomhlíonadh rialacha beartais phoiblí, amhail na rialacha sin a bhaineann le dlínse agus rochtain ar na cúirteanna.

    31

    Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara go mbaineann go leor coinníollacha le dlíthiúlacht birt coinneála i dtaca le náisiúnach tríú tír. Baineann siad sin go háirithe le gabháil an duine lena mbaineann, fíorú a chéannachta, a náisiúntachta agus a cheart cónaithe, an ceart chun cúnaimh consalachta, dlí agus teanga, a chearta cosanta, baol éalaithe nó go seachnóidh sé seiceálacha, ionchas go ndéanfar an duine lena mbaineann a fhilleadh nó a aistriú, an dúthracht a léirigh an Státrúnaí, síniú agus dáta glactha an bhirt coinneála sin, agus cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an beart sin prionsabal na comhréireachta.

    32

    Measann an chúirt sin nach n‑eascraíonn oibleagáid ó dhlí an Aontais Eorpaigh chun scrúdú ex officio a dhéanamh ar na coinníollacha dlíthiúlachta sin go léir. Is léir ó bhreithiúnas an 7 Meitheamh 2007, van der Weerd agus páirtithe eile, (C-222/05 go C-225/05, EU:C:2007:318), nach gceanglaítear le dlí an Aontais ar na cúirteanna athbhreithniú a dhéanamh ex officio in imeachtaí a bhaineann le dlíthiúlacht birt riaracháin, le comhlíonadh rialacha dhlí an Aontais, ach amháin má tá seasamh atá inchomparáide le rialacha beartais phoiblí ag na rialacha sin i ndlí an Aontais, nó má tá sé dodhéanta do na páirtithe sárú ar dhlí an Aontais a phléadáil sna himeachtaí lena mbaineann. Dar leis an gcúirt sin, níl na coinníollacha a bhaineann le coinneáil ar aon chéim le rialacha náisiúnta beartais phoiblí agus, san Ísiltír, is féidir le náisiúnach eachtrach saincheist dlí a ardú ina líomhnaítear gur sáraíodh coinníollacha lena rialaítear dlíthiúlacht an bhirt coinneála a bhfuil sé faoina réir.

    33

    I gcomhréir le prionsabal an neamhspleáchais ó thaobh nósanna imeachta de, tá na Ballstáit i dteideal toirmeasc a chur ar chúirteanna náisiúnta fíorais nó pléadálacha dlí a ardú, ex officio, i gcomhthéacs athbhreithniú breithiúnach ar bhearta coinneála arna nglacadh i ndáil le náisiúnaigh tríú tír.

    34

    Ní bhaineann an toirmeasc sin an bonn de phrionsabal na héifeachtachta, ós rud é go bhfuil rochtain thapa agus saor in aisce ag náisiúnaigh tríú tír ar an gceartas agus go bhfuil siad in ann gach saincheist is mian leo a ardú.

    35

    Ní sháraíonn an toirmeasc sin prionsabal na coibhéise ach oiread. I ndáil leis sin, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur go mbaineann a léiriú ar raon feidhme Airteagal 8:69(2) agus (3) de Awb leis na nósanna imeachta riaracháin go léir agus nach mbaineann go sonrach leis na nósanna imeachta sin a bhaineann le bearta coinneála. De réir an léirithe sin, tugtar le tuiscint le mír 2 den Airteagal sin nach mór don chúirt na saincheisteanna a tharraing an duine aonair anuas agus i mír 3 den Airteagal sin nach bhféadfaidh an chúirt a bheith ag brath ar na fíorais amháin arna gcur i láthair ag na páirtithe. Táthar ag súil, áfach, go dtabharfaidh na páirtithe fianaise prima facie, agus go bhféadfaidh an chúirt iarracht a dhéanamh an fhianaise sin a fhorlíonadh, mar shampla trí fhinnéithe a ghlaoch.

    36

    Dúirt an chúirt a rinne an tarchur gur chuir reachtóir na hÍsiltíre na ráthaíochtaí dá bhforáiltear go sonrach i ndáil le coinneáil le Treoir 2008/115, Treoir 2013/33 agus Rialachán Uimh. 604/2013 chun feidhme le hAirteagal 94 de Vw, go háirithe. Go deimhin, ráthódh an fhoráil seo go mbeadh aon bheart coinneála faoi réir athbhreithniú breithiúnach.

    37

    Sna himthosca sin, chinn an Raad van State (an Chomhairle Stáit) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

    “An gceanglaítear le dlí an Aontais agus, go sonrach, le hAirteagal 15(2) de [Threoir 2008/115] agus le hAirteagal 9 de [Threoir 2013/33], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6 den [Chairt], ar an gcúirt athbhreithniú a dhéanamh ex officio sa chiall go gceanglaítear uirthi a mheas dá tionscnamh féin (ex officio) ar comhlíonadh na coinníollacha uile le haghaidh coinneála, go háirithe na coinníollacha sin nár tharraing an náisiúnach eachtrach anuas a sárú cé gurb amhlaidh go raibh an fhéidearthacht ann dó é sin a dhéanamh?”

    Na himeachtaí a bhaineann le X (C-39/21)

    38

    Is náisiúnach Mharacó é X, a rugadh in 1973. Le cinneadh an 1 Samhain 2020, chuir an Státrúnaí é faoi choinneáil ar bhonn Airteagal 59(1)(a) de Vw 2000, atá ar cheann de na forálacha lenar trasuíodh Treoir 2008/115 isteach i ndlí na hÍsiltíre. Ba é an t‑údar leis an gcoinneáil sin cosaint an oird phoiblí, de bharr go raibh an baol ann go seachnódh X seiceálacha agus go gcuirfeadh sé bac ar an aistriú.

    39

    Le breithiúnas an 14 Nollaig 2020, rinne Rechtbank Den Haag, zittingsplaats ‘s‑Hertogenbosch (Cúirt Dúiche na Háige, ina suí in ‘s-Hertogenbosch, an Ísiltír) an chaingean a thionscain X i gcoinne an beart coinneála sin a dhíbhe.

    40

    Le breithiúnas an 8 Eanáir 2021, rinne an Rechtbank Den Haag, zittingsplaats ‘s-Hertogenbosch (Cúirt Dúiche na Háige, ina suí in ‘s-Hertogenbosch, an Ísiltír) an chaingean a thionscain X i gcoinne an beart coinneála sin a dhíbhe. Mar thaca lena chaingean, d’áitigh sé nach raibh aon ionchas ann go n‑aistreofar é laistigh de thréimhse réasúnta.

    41

    Deir an chúirt a rinne an tarchur nach gceanglaítear measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na coinneála sin ach amháin i leith na tréimhse dar tús an 8 Nollaig 2020. Rinneadh dlíthiúlacht choinneáil X le linn na tréimhse roimh an dáta sin a mheasúnú ina bhreithiúnas an 14 Nollaig 2020.

    42

    Is mian leis an gcúirt sin soiléiriú a fháil maidir leis na ceanglais, a eascraíonn as dlí an Aontais, a bhaineann le déine an athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar dhlíthiúlacht na mbeart coinneála.

    43

    I ndáil leis sin, deir an chúirt a rinne an tarchur, maidir le caingne arna dtionscnamh ag náisiúnaigh tríú tír i gcoinne bearta coinneála arna nglacadh ag an Státrúnaí, go dtagann siad faoi raon feidhme dhlí riaracháin na hÍsiltíre agus maidir le hAirteagal 8:69(1) de Awb, ceanglaítear ar an gcúirt a thugtar na himeachtaí sin os a comhair breith a thabhairt bunaithe ar na caingne sin, ar na doiciméid a thabharfar ar aird, ar an réamh-imscrúdú agus ar an scrúdú ar an gcás ag an éisteacht.

    44

    Is fíor go bhfuil riail den sórt sin cáilithe le míreanna 2 agus 3 den Airteagal sin, ar dá réir a dhéanfaidh an chúirt saincheisteanna dlí a fhorlíonadh ex officio agus a fhéadfaidh sí na fíorais a fhorlíonadh ex officio. Ghlac an Raad van State (an Chomhairle Stáit) léirniú an-docht ar na míreanna sin, áfach, agus dá réir sin is é an t-aon chumhacht scrúdaithe a bhí ag na cúirteanna ex officio athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha maidir le dlínse, ar rochtain ar cheartas agus ar an gceart chun triail chóir a fháil. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs an scrúdaithe shubstaintiúil ar dhlíthiúlacht birt coinneála, toirmisctear ar bhreithiúna ábhair dlí nó fíorais a ardú ex officio. Tá feidhm ag an toirmeasc sin ar an gcaoi chéanna sa chás gur duine leochaileach é an duine lena mbaineann, amhail mionaoiseach.

    45

    Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, i gcásanna ina n‑ardaíonn cúirt a éisteann caingean in aghaidh beart coinneála mar sin féin eilimintí fíorais nó dlí ex officio, go ndéanann an Státrúnaí achomharc go córasach chuig an Raad van State (an Chomhairle Stáit) agus go seastar leis an achomharc sin i gcónaí.

    46

    Deir an chúirt a rinne an tarchur, sa chás seo, go bhfuil, don tréimhse dar tús an 8 Nollaig 2020, tuarascáil agallaimh leathleathanaigh agus tuarascáil leantach aici, dar dáta an 8 Eanáir 2021, i bhfoirm ina leagtar amach na bearta sonracha a ghlac údaráis na hÍsiltíre chun an duine lena mbaineann a aistriú.

    47

    Measann an chúirt sin nach féidir na fíorais ábhartha go léir a bhaint as comhad chomh hachomair sin chun a mheas an bhfuil an beart i ndáil le coimeád faoi choinneáil dleathach. Deir sí gur mian léi, go háirithe, sna príomhimeachtaí a fháil amach an ndearna údaráis na hÍsiltíre scrúdú cuí ar an bhféidearthacht beart nach bhfuil chomh comhéigneach céanna a chur i bhfeidhm. Is mian léi freisin fios a bheith aici cad iad na seirbhísí atá san ionad coinneála chun cabhrú le X déileáil leis an bpaiteolaíocht chleithiúnach lena bhfuil sé ag fulaingt agus atá luaite aige ina iarratas.

    48

    Ós rud é nach bhfuil sé de chumhacht aici scrúdú a dhéanamh ar eilimintí den sórt sin ex officio, measann an chúirt a rinne a tarchur nach féidir léi measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an choimeádta faoi choinneáil i bhfianaise na n‑eilimintí ábhartha go léir. D’fhéadfaí a mheas go bhfuil cás den sórt sin ar neamhréir leis an gceart bunúsach chun leigheas éifeachtach a fháil a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt, go háirithe ós rud é nach féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne breithiúnais a bhaineann le bearta coinneála a choinneáil ar bun. Chun go mbeidh an chosaint bhreithiúnach éifeachtach sna cásanna sin, bheadh sé riachtanach, dar leis an gcúirt a rinne a tarchur, go mbeadh an chúirt in ann a áirithiú go n‑urramófar go hiomlán an ceart bunúsach chun saoirse, a chumhdaítear in Airteagal 6 den Chairt.

    49

    Tugann an chúirt a rinne a tarchur dá haire freisin, maidir leis an oibleagáid cúiseanna a lua a leagtar síos in Airteagal 8:77(1)(b) de Awb, go bhforáiltear d’eisceacht in Airteagal 91(2) de Vw 2000, sa chiall go bhféadfaidh an Raad van State (an Chomhairle Stáit), a éistfidh achomharc i gcoinne breithiúnas a bhaineann le cur faoi choinneáil, rialú a dhéanamh trí bhíthin ráiteas giorraithe ar chúiseanna, atá teoranta go bunúsach do dhearbhú nár ardaigh an duine lena mbaineann aon ghearán bailí.

    50

    Dar leis an gcúirt a rinne a tarchur, baineann eisceacht den sórt sin a gceart chun leighis éifeachtaigh de na daoine lena mbaineann. Dar léi gur cheart Airteagal 47 den Chairt a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé go gcuimsíonn rochtain ar an gceartas, in ábhair a bhaineann leis an dlí maidir le náisiúnaigh eachtracha, an ceart freisin chun cinneadh réasúnaithe a fháil maidir leis an tsubstaint ón gcúirt a rialaíonn an dara céim arb í an chéim dheireanach.

    51

    Sna himthosca sin, chinn Rechtbank Den Haag, zittingsplaats ‘s‑Hertogenbosch (Cúirt Dúiche na Háige, ina suí in ‘s-Hertogenbosch) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

    “(1)

    Ag féachaint d’Airteagal 47 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 6 agus 53 di, agus i gcomhthéacs Airteagal 15(2)(b) de [Threoir 2008/115], Airteagal 9(3) de [Threoir 2013/33] agus Airteagal 28(4) de [Rialachán Uimh. 604/2013], an bhféadfaidh na Ballstáit imeachtaí breithiúnacha a eagrú inar féidir agóid a dhéanamh i gcoinne an chur faoi choinneáil a d’ordaigh na húdaráis ar bhealach ina dtoirmisctear ar an gcúirt gach gné de dhlíthiúlacht na coinneála a scrúdú agus a mheasúnú ex officio agus, má chinneann sí ex officio go bhfuil an choinneáil neamhdhleathach, ón gcoinneáil neamhdhleathach sin a fhoirceannadh láithreach agus ordú a thabhairt an náisiúnach eachtrach a scaoileadh láithreach? Má mheasann an Chúirt nach bhfuil rialacha náisiúnta den sórt sin ag luí le dlí an Aontais, má dhéanann an náisiúnach eachtrach iarratas chun na cúirte ar scaoileadh saor, an gciallaíonn sé seo freisin go mbíonn dualgas ar an gcúirt i gcónaí na fíorais agus na heilimintí go léir a bhaineann le dlíthiúlacht na coinneála a scrúdú agus a mheasúnú ex officio, go gníomhach agus go críochnúil?

    (2)

    Ag féachaint d’Airteagal 24(2) den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(9) de Threoir 2008/115, Airteagal 21 de [Threoir 2013/33] agus Airteagal 6 de [Rialachán Uimh. 604/2013], an bhfuil an freagra ar an gcéad cheist difriúil más mionaoiseach é an náisiúnach eachtrach atá curtha faoi choinneáil ag na húdaráis?

    (3)

    An gciallaíonn an ceart chun leighis éifeachtaigh a ráthaítear le hAirteagal 47 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 6 agus 53 di, agus i gcomhthéacs Airteagal 15(2)(b) de [Threoir 2008/115], Airteagal 9(3) de [Threoir 2013/33] agus Airteagal 28(4) de [Rialachán Uimh. 604/2013], nach mór don chúirt a bhfuil an cás os a comhair, ar gach leibhéal dlínse, i gcás ina n‑iarrann náisiúnach eachtrach ar an gcúirt a choinneáil a fhoirceannadh agus é a scaoileadh saor, cúiseanna leordhóthanacha ar shubstaint an cháis a thabhairt le haon chinneadh maidir leis an iarratas sin más rud é, thairis sin, gur ceapadh an chaingean faoi mar a cheaptar san Ísiltír? Má mheasann an Chúirt go bhfuil cleachtas breithiúnach náisiúnta ar neamhréir le dlí an Aontais inar féidir le cúirt dara céime arb í cúirt na céime deireanaí, dá bhrí sin, í féin a theorannú do rialú a thabhairt gan aon réasúnaíocht ar shubstaint an cháis, i bhfianaise na caoi inar ceapadh an chaingean sin san Ísiltír thairis sin, an gciallaíonn sé sin nach mór a mheas go bhfuil cumhacht na cúirte atá ag breithniú ag an dara céim arb í an chéim dheiridh, dá bhrí sin, i gcásanna tearmainn agus i ngnáthchásanna an dlí inimirce, ar neamhréir le dlí an Aontais freisin, i bhfianaise staid leochaileach an náisiúnaigh eachtraigh, na leasanna tábhachtacha atá i gceist in imeachtaí a bhaineann le dlí an inimirce agus ós rud é, murab ionann agus gach imeacht riaracháin eile, a mhéid a bhaineann le cosaint bhreithiúnach, go mbaineann na ráthaíochtaí nós imeachta laga céanna leis na nósanna imeachta seo don náisiúnach eachtrach agus a bhaineann leis an nós imeachta coinneála? I bhfianaise Airteagal 24(2) den Chairt, an ionann an freagra ar na ceisteanna seo más mionaoiseach an náisiúnach eachtrach a chuireann in aghaidh cinneadh ó na húdaráis i réimse an dlí inimirce?”

    Na himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais

    52

    Faoi Airteagal 107(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, féadfar déileáil le tarchur chun réamhrialú lena ndéantar ceist nó ceisteanna a bhaineann leis na réimsí a thig ón limistéar saoirse, slándála agus ceartais a ardú, ar iarratas ón gcúirt nó ón mbinse a rinne an tarchur nó, go heisceachtúil, de threoir na Cúirte féin, faoi nós imeachta um réamhrialú práinne.

    53

    I gCás C-39/21, ós rud é go raibh X faoi choinneáil agus, dá bhrí sin, go raibh a shaoirse bainte de ar an dáta a rinne Rechtbank Den Haag, zittingsplaats ‘s‑Hertogenbosch (Cúirt Dúiche na Háige, ina suí in ‘s-Hertogenbosch) an iarraidh ar réamhrialú, d’iarr an chúirt sin go gcuirfí an nós imeachta sin i bhfeidhm.

    54

    An 25 Feabhra 2021, chinn an Cúigiú Dlísheomra den Chúirt, ar thogra ón mBreitheamh is Rapóirtéir agus tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, an iarraidh sin a dheonú an nós imeachta réamhrialaithe práinne i gCás C-39/21 a chur i bhfeidhm.

    55

    Mar gheall ar an gceangal páirteach idir Cásanna C-704/20 agus C-39/21, chinn sé, dá threoir féin, an nós imeachta sin a chur i bhfeidhm freisin i gCás C-704/20.

    56

    Chinn sé freisin gur cheart na cásanna sin a tharchur chuig an gCúirt d’fhonn iad a shannadh don Mhór-Dhlísheomra.

    57

    Ina theannta sin, rinneadh na cásanna sin a uamadh chun críocha na gcodanna i scríbhinn agus na gcodanna ó bhéal den nós imeachta agus an bhreithiúnais.

    58

    An 31 Márta 2021, chuir Rechtbank Den Haag, zittingsplaats ‘s-Hertogenbosch (Cúirt Dúiche na Háige, ina suí in ‘s-Hertogenbosch) in iúl don Chúirt go ndearna sé, le cinneadh idirbhreitheach an 26 Márta 2021, coinneáil X a fhoirceannadh.

    59

    I bhfianaise na faisnéise sin, chinn an Chúirt nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos do chur i bhfeidhm an nós imeachta um réamhrialú práinneach agus chinn sí gur cheart déileáil le Cásanna C-704/20 agus C-39/21 faoin ngnáthnós imeachta.

    60

    Chuir Rechtbank Den Haag, zittingsplaats ‘s-Hertogenbosch (Cúirt Dúiche na Háige, ina suí in ‘s-Hertogenbosch) in iúl don Chúirt ina dhiaidh sin gur dhámh sé cúiteamh do X le cinneadh an 26 Aibreán 2021 ar an bhforas go raibh coinneáil X neamhdhleathach agus go ndearnadh dochar dó. Go dtí go dtabharfaidh an chúirt freagraí ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, áfach, chuir an chúirt sin bac ar na himeachtaí i dtaobh X a bheith i dteideal cúiteamh méadaithe.

    Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

    Inghlacthacht

    61

    Tá toimhde ábharthachta ag ceisteanna maidir le léiriú ar dhlí an Aontais arna dtarchur ag cúirt náisiúnta sa chomhthéacs reachtach agus fíorasach a bhfuil an chúirt sin freagrach as a shainiú, agus nach faoin gCúirt atá sé a gcruinneas a fhíorú. Ní fhéadfaidh an Chúirt diúltú do rialú a thabhairt maidir le hiarraidh ar réamhrialú ó chúirt náisiúnta ach amháin i gcás inar léir nach bhfuil aon bhaint ag léiriú ar dhlí an Aontais atá á lorg le fíorais iarbhír na bpríomhimeachtaí ná lena gcuspóir, i gcás ina bhfuil an fhadhb hipitéiseach, nó i gcás nach bhfuil an t-ábhar fíorasach nó dlíthiúil os comhair na Cúirte is gá chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh faoina bráid (breithiúnas an 19 Bealtaine 2022, Spetsializirana prokuratura (Próisis cúisí éalaithigh), C-569/20, EU:C:2022:401, mír 20 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    62

    I gCás C-39/21, áfach, tá an cheist maidir le coinneáil mionaoisigh, dá dtagraíonn Rechtbank Den Haag, zittingsplaats ‘s-Hertogenbosch (Cúirt Dúiche na Háige, ina suí in ‘s-Hertogenbosch) sa dara ceist, hipitéiseach. Is léir, go deimhin, gan athbhrí ón ordú tarchuir sa chás seo gurb é X, a rugadh in 1973 agus atá in aois mar sin, an t-aon duine lena mbaineann an nós imeachta ba bhun leis an tarchur seo le haghaidh réamhrialú.

    63

    Dá bhrí sin, dá dtabharfaí freagra ar an dara ceist a tharchuirtear chun réamhrialú i gCás C-39/21, ní bheadh sé úsáideach don chúirt a rinne an tarchur chun an díospóid a réiteach sna príomhimeachtaí sa chás sin, ach b’ionann é agus tuairim chomhairleach ón gCúirt. Dá bhrí sin, tá an dara ceist a tharchuirtear chun réamhrialú do-ghlactha.

    64

    Thairis sin, maidir leis an tríú ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú i gCás C-39/21, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann an cheist sin, go bunúsach, le cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh an chúirt náisiúnta a chinneann, más gá, ar achomharc i gcás a bhaineann le hathbhreithniú ar dhlíthiúlacht birt coinneála í féin a theorannú d’fhorais ghiorraithe a leagan amach.

    65

    Mar is léir ón bhfaisnéis, a bhfuil achoimre uirthi i míreanna 40 agus 48 den bhreithiúnas seo, ón ordú tarchuir i gCás C-39/21, rialóidh Rechtbank Den Haag, zittingsplaats ‘s Hertogenbosch (Cúirt Dúiche na Háige, ina suí in ‘s-Hertogenbosch) ag an gcéad chéim agus ar an gcéim dheiridh maidir le leanúint leis an mbeart coinneála a bhfuil X faoina réir.

    66

    Cé gur luaigh an chúirt sin, ina barúlacha a bhfuil achoimre déanta orthu i míreanna 49 agus 50 den bhreithiúnas seo, go gceadaítear le dlí na hÍsiltíre achomharc a dhéanamh os comhair an Raad van State (an Chomhairle Stáit) i gcoinne ordú coinneála, is amhlaidh fós go bhfuil an cheist maidir le méid na hoibleagáide atá ar an gcúirt sin cúiseanna a lua i gcás den sórt sin hipitéiseach amháin i gcomhthéacs na n‑imeachtaí atá ar feitheamh os comhair Rechtbank Den Haag, zittingsplaats ‘s-Hertogenbosch (Cúirt Dúiche na Háige, ina suí in ‘s-Hertogenbosch), a bhaineann, ag an gcéad chéim agus ag an gcéim dheireanach, leis an mbeart coinneála lena mbaineann a choinneáil ar bun.

    67

    Dá bhrí sin, ní chomhlíonfadh freagra ón gCúirt ar an tríú ceist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú i gCás C-39/21 riachtanas a bhaineann le réiteach éifeachtach na díospóide atá ar feitheamh os comhair na cúirte a tharchuir an cás sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Márta 2020, Miasto Łowicz agus Prokurator Generalny, C-558/18 agus C-563/18, EU:C:2020:234, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    68

    Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, d’ainneoin an cheangail pháirtigh idir Cásanna C-704/20 agus C-39/21, agus an chinnidh an dá chás sin a uamadh, ní féidir an tríú ceist a chuirtear i gCás C-39/21 a scrúdú i gcomhthéacs an scrúdaithe ar an iarraidh ar réamhrialú i gCás C-704/20.

    69

    I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, i gcomhthéacs an nós imeachta um réamhrialú dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, gur faoin gcúirt náisiúnta amháin ar os a comhair a tugadh an díospóid agus atá freagrach as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin atá sé a chinneadh, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, an gá atá leis na ceisteanna a chuirfidh sí faoi bhráid na Cúirte agus ábharthacht na gceisteanna sin araon (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Consorzio Italian Management agus Catania Multiservizi, C-561/19, EU:C:2021:799, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear). Thabharfaí neamhaird ar an gcásdlí socair sin dá n‑aontódh an Chúirt ceist a tharchuirtear chun réamhrialú a fhreagairt, ceist nach lorgaíonn an chúirt a tharchuir an cheist léiriú ar dhlí an Aontais chun críocha an cás atá ar feitheamh os a comhair a réiteach, ach go bhféachann sí le hiarraidh ar réamhrialú arna dhéanamh ag cúirt eile a fhorlíonadh.

    70

    Dá bhrí sin, tá an tríú ceist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú i gCás C-39/21 do-ghlactha freisin.

    Substaint an cháis

    71

    Leis an gceist a chuirtear i gCás C-704/20 agus leis an gcéad cheist a chuirtear i gCás C-39/21, arb iomchuí a scrúdú le chéile, fiafraíonn na cúirteanna a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear d’Airteagal 15(2) agus (3) de Threoir 2008/115, Airteagal 9(3) agus (5) de Threoir 2013/33 agus Airteagal 28(4) de Rialachán Uimh. 604/2013, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 6 agus 47 den Chairt, a léiriú sa chaoi, nuair a dhéanann údarás breithiúnach athbhreithniú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le dlíthiúlacht coinneála náisiúnaigh tríú tír a eascraíonn as dlí an Aontais, nach mór don údarás sin a ardú ex officio aon mhainneachtain coinníoll dlíthiúlachta nár ardaigh an duine lena mbaineann.

    72

    I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, gur cur isteach tromchúiseach ar an gceart chun saoirse a chumhdaítear in Airteagal 6 den Chairt é náisiúnach tríú tír a choinneáil ar chaoi ar bith, faoi Threoir 2008/115 i gcomhthéacs nós imeachta um fhilleadh mar thoradh ar fhanacht neamhdhleathach, faoi Threoir 2013/33 i gcomhthéacs iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil nó faoi Rialachán Uimh. 604/2013 i gcomhthéacs iarratasóir ar chosaint den sórt sin a aistriú chuig an mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a iarratas (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Márta 2017, Al Chodor, C-528/15, EU:C:2017:213, mír 40, agus an 25 Meitheamh 2020, Ministerio Fiscal (an tÚdarás atá faoi dhliteanas iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a fháil), C-36/20 PPU, EU:C:2020:495, mír 105).

    73

    Mar a fhoráiltear le hAirteagal 2(h) de Threoir 2013/33, is éard atá i mbeart coinneála duine a leithlisiú in áit ar leith. Is léir ó fhoclaíocht, ó stair agus ó chomhthéacs na forála sin, ar féidir a raon feidhme a thrasuí, thairis sin, don choincheap “coinneáil” i dTreoir 2008/115 agus i Rialachán Uimh. 604/2013, go gceanglaítear ar an duine lena mbaineann fanacht go buan laistigh d’imlíne shrianta agus dhúnta, rud a dhéanann an duine sin a leithlisiú ón gcuid eile den daonra agus saoirse gluaiseachta an duine sin a bhaint de (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Bealtaine 2020, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság Dél-alföldi Regionális Igazgatóság, C-924/19 PPU agus C-925/19 PPU, EU:C:2020:367, míreanna 217 go 225).

    74

    Ní hé cuspóir na mbeart coinneála, de réir bhrí Threoir 2008/115, Threoir 2013/33 agus Rialachán Uimh. 604/2013, cionta coiriúla a ionchúiseamh nó a phionósú, ach baint amach na gcuspóirí arna saothrú leis na hionstraimí sin i ndáil le filleadh, scrúdú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus aistriú náisiúnach tríú tír faoi seach.

    75

    Ag féachaint dá thromchúisí atá an cur isteach sin ar an gceart chun saoirse a chumhdaítear in Airteagal 6 den Chairt agus i bhfianaise a thábhachtaí atá an ceart sin, déantar an chumhacht a thugtar do na húdaráis náisiúnta inniúla chun náisiúnaigh tríú tír a choinneáil a theorannú go docht (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Meitheamh 2022, Valstybės sienos apsaugos tarnyba agus páirtithe eile, C-72/22 PPU, EU:2022:505, míreanna 83 agus 86 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá réir sin, ní fhéadfar beart coinneála a ordú ná a shíneadh ach amháin i gcomhréir leis na rialacha ginearálta agus teibí lena leagtar síos na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe ina leith (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Márta 2022, Landkreis Gifhorn, C-519/20, EU:C:2022:178, mír 62).

    76

    Leagtar amach na rialacha ginearálta agus teibí lena leagtar síos, mar chaighdeáin choiteanna de chuid an Aontais Eorpaigh, na coinníollacha coinneála in Airteagal 15(1), (2), dara fomhír, (4), (5) agus (6) de Threoir 2008/115, in Airteagal 8(2) agus (3), in Airteagal 9(1), (2) agus (4) de Threoir 2013/33 agus in Airteagal 28(2), (3) agus (4) de Rialachán Uimh. 604/2013. Tá na rialacha sin gan dochar do na rialacha sin, atá i bhforálacha eile de chuid na n‑ionstraimí sin, ina sonraítear na coinníollacha le haghaidh coinneála i gcásanna áirithe, nach bhfuil ábhartha sna cásanna sna príomhimeachtaí, amhail iad siúd a bhaineann le mionaoisigh a choinneáil.

    77

    Is iad na rialacha dá bhforáiltear i dTreoir 2008/115, i dTreoir 2013/33 agus i Rialachán Uimh. 604/2013, ar thaobh amháin, agus i bhforálacha an dlí náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme iad, ar an taobh eile, na rialacha, a eascraíonn as dlí an Aontais, lena leagtar síos na coinníollacha maidir le dlíthiúlacht na coinneála, lena n‑áirítear ó thaobh Airteagal 6 den Chairt de.

    78

    Go háirithe, ní féidir an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a chur faoi choinneáil, mar a shonraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 15(1) de Threoir 2008/115, in Airteagal 8(2) de Threoir 2013/33 agus in Airteagal 28(2) de Rialachán Uimh. 604/2013, i gcás inar féidir beart nach bhfuil chomh comhéigneach céanna a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

    79

    I gcás ina ndealraíonn sé nár comhlíonadh nó nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha maidir le dlíthiúlacht na coinneála a shainaithnítear i mír 77 den bhreithiúnas seo, ní mór an duine lena mbaineann a scaoileadh láithreach, mar a luaigh reachtóir an Aontais go sainráite sa cheathrú fomhír d’Airteagal 15(2) agus (4) de Threoir 2008/115 agus sa dara fomhír d’Airteagal 9(3) de Threoir 2013/33.

    80

    Is fíor sin, go háirithe, i gcás ina bhfaightear amach nach le gach dícheall cuí a thuilleadh a chuirtear i ngníomh an nós imeachta um fhilleadh, an nós imeachta chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó an nós imeachta aistrithe, de réir mar a bheidh.

    81

    Maidir leis an gceart atá ag náisiúnaigh tríú tír atá á gcoinneáil ag Ballstát chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil, is cásdlí socair é, faoi Airteagal 47 den Chairt, nach mór do na Ballstáit cosaint bhreithiúnach éifeachtach do chearta an duine aonair a eascraíonn ó dhlíchóras an Aontais a áirithiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Bealtaine 2020, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság Dél-alföldi Regionális Igazgatóság, C-924/19 PPU agus C-925/19 PPU, EU:C:2020:367, mír 142).

    82

    Maidir le coinneáil, leagtar amach caighdeáin choiteanna an Aontais maidir le cosaint bhreithiúnach sa tríú fomhír d’Airteagal 15(2) de Threoir 2008/115 agus in Airteagal 9(3) de Threoir 2013/33. Tá feidhm ag an bhforáil dheireanach sin freisin, de bhua Airteagal 28(4) de Rialachán Uimh. 604/2013, i gcomhthéacs na nósanna imeachta aistrithe arna rialú ag an Rialachán sin.

    83

    De réir na bhforálacha sin, arb ionann iad agus sampla nithiúil, sa réimse i dtrácht, den cheart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil a ráthaítear le hAirteagal 47 den Chairt (breithiúnas an 14 Bealtaine 2020, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság Dél-alföldi Regionális Igazgatóság, C-924/19 PPU agus C-925/19 PPU, EU:C:2020:367, mír 289), ní mór do gach Ballstát foráil a dhéanamh, i gcás inar ordaigh údarás riaracháin coinneáil, d’athbhreithniú breithiúnach “brostaithe”, ex officio nó arna iarraidh sin ag an duine lena mbaineann, ar dhlíthiúlacht na coinneála sin.

    84

    Maidir le beart coinneála a choinneáil ar bun, ceanglaítear athbhreithniú tréimhsiúil le hAirteagal 15(3) de Threoir 2008/115 agus Airteagal 9(5) de Threoir 2013/33, atá infheidhme freisin, ar bhonn Airteagal 28(4) de Rialachán Uimh. 604/2013, i gcomhthéacs na nósanna imeachta aistrithe arna rialú ag an Rialachán sin. Faoi na forálacha sin, ní mór athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh “ag eatraimh réasúnta” agus ní mór baint a bheith aige le cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le dlíthiúlacht na coinneála á gcomhlíonadh i gcónaí. I gcás coinneáil a chumhdaítear le Treoir 2013/33 nó le Rialachán Uimh. 604/2013, ní mór d’údarás breithiúnach an t-athbhreithniú sin a dhéanamh i ngach cás, agus ceanglaítear le Treoir 2008/115 go ndéanfaidh údarás den sórt sin maoirseacht i gcás síneadh a chur leis an tréimhse choinneála.

    85

    Ós rud é go gceanglaíonn reachtóir an Aontais, gan eisceacht, go ndéanfar athbhreithniú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le dlíthiúlacht na coinneála “ag eatraimh réasúnta”, ceanglaítear ar an údarás inniúil an t-athbhreithniú sin a dhéanamh ex officio, fiú mura n‑iarrann an duine lena mbaineann amhlaidh.

    86

    Mar is léir ó na forálacha sin go léir, ní hé nach ndearna reachtóir an Aontais ach caighdeáin shubstainteacha choiteanna a leagan síos, ach thug sé isteach rialacha coiteanna nós imeachta freisin, arb é is cuspóir dóibh a áirithiú gurb ann, i ngach Ballstát, do chóras lena gceadaítear don údarás breithiúnach inniúil, i gcás inarb iomchuí tar éis scrúdú ex officio, an duine lena mbaineann a scaoileadh saor a luaithe is dealraitheach nach bhfuil a choinneáil dleathach, nó nach bhfuil a choinneáil dleathach a thuilleadh.

    87

    Chun go n‑áiritheofar go héifeachtach go gcomhlíonfaidh córas cosanta den sórt sin na coinníollacha dochta nach mór do dhlíthiúlacht birt coinneála dá dtagraítear i dTreoir 2008/115, i dTreoir 2013/33 nó i Rialachán Uimh. 604/2013 a chomhlíonadh, ní mór don údarás breithiúnach inniúil a bheith in ann rialú ar gach gné fíorais agus dlí atá ábhartha chun an dlíthiúlacht sin a dheimhniú. Chuige sin, ní mór dó a bheith in ann na fíorais agus an fhianaise a d’ardaigh an t-údarás riaracháin a d’ordaigh an choinneáil tosaigh a chur san áireamh. Ní mór dó a bheith in ann aon fhíorais, aon fhianaise agus aon bharúlacha a chuireann an duine lena mbaineann faoina bhráid a chur san áireamh freisin. Ina theannta sin, ní mór dó a bheith in ann breithniú a dhéanamh ar aon ghné eile atá ábhartha dá chinneadh má mheasann sé gur gá sin. Ní féidir na cumhachtaí atá aige i gcomhthéacs athbhreithnithe a theorannú, in imthosca ar bith, don fhianaise arna tíolacadh ag an údarás riaracháin amháin (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Meitheamh 2014, Mahdi, C-146/14 PPU, EU:C:2014:1320, míreanna 62 agus 64, agus an 10 Márta 2022, Landkreis Gifhorn, C-519/20, EU:C:2022:178, mír 65).

    88

    Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 95 dá Thuairim, ag féachaint don tábhacht a bhaineann leis an gceart chun saoirse, do thromchúis an chur isteach ar an gceart sin arb é atá ann daoine a choinneáil ar fhorais seachas cionta coiriúla a ionchúiseamh nó a phionósú agus don cheanglas a léirítear leis na caighdeáin choiteanna arna mbunú ag reachtóir an Aontais, ardleibhéal cosanta breithiúnaí a fhágann gur féidir an géarghá atá le duine den sórt sin a scaoileadh a shásamh i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha lena rialaítear dlíthiúlacht na coinneála, nó nach gcomhlíontar iad a thuilleadh, ní mór don údarás breithiúnach inniúil an fhaisnéis go léir a chur san áireamh, go háirithe faisnéis fhíorasach, arna cur in iúl dó, arna forlíonadh nó arna soiléiriú i gcomhthéacs bearta nós imeachta a mheasann sé a bheith riachtanach a ghlacadh ar bhonn a dhlí náisiúnta, agus, ar bhonn na faisnéise sin, mainneachtain maidir le comhlíonadh coinníll dlíthiúlachta a thagann ó dhlí an Aontais a shainaithint, i gcás inarb iomchuí, fiú murar tharraing an duine lena mbaineann an mhainneachtain sin anuas. Tá an oibleagáid sin gan dochar don oibleagáid atá ar an údarás breithiúnach, dá bhrí sin, coinníoll dlíthiúlachta den sórt sin a ardú uaidh féin, cuireadh a thabhairt do gach páirtí a thuairimí a chur in iúl maidir leis an gcoinníoll sin i gcomhréir le prionsabal na sáraíochta.

    89

    I ndáil leis sin, go háirithe, ní féidir glacadh leis, sna Ballstáit ina ndéanann údarás riaracháin cinntí coinneála, nach n‑áirítear in athbhreithniú breithiúnach fíorú arna dhéanamh ag an údarás breithiúnach, ar bhonn na n‑eilimintí dá dtagraítear sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo, ar chomhlíonadh coinníll dlíthiúlachta nár thug an duine lena mbaineann ar aird go ndearnadh mainneachtain ina leith, ach, sna Ballstáit ina gcaithfidh gurb é údarás breithiúnach a ghlacann cinntí coinneála, go gceanglaítear ar an údarás sin athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh ex officio ar bhonn na fianaise sin.

    90

    Áirithítear leis an léiriú a glacadh i mír 88 den bhreithiúnas seo go rathófar cosaint bhreithiúnach an chirt bhunúsaigh chun saoirse go héifeachtach sna Ballstáit uile, cibé acu an ndéanann siad foráil do chóras ina nglacann údarás riaracháin an t-ordú coinneála faoi réir athbhreithniú breithiúnach nó do chóras ina nglacann údarás breithiúnach an cinneadh sin go díreach.

    91

    Ní dhéantar an léiriú sin a chur ó bhail le cásdlí na Cúirte, arna lua ag an Raad van State (an Chomhairle Stáit), ar dá réir, i bhfianaise an phrionsabail gur faoi na páirtithe atá sé díospóid a thionscnamh, nach gceanglaítear le dlí an Aontais ar chúirteanna náisiúnta saincheisteanna bunaithe ar shárú ar fhorálacha dhlí an Aontais a ardú ex officio i gcás ina gceanglófaí orthu dul thar theorainneacha na díospóide mar a shainíonn na páirtithe í chun scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna sin, ar bhonn fíorais agus imthosca seachas na fíorais agus na himthosca sin ar bhunaigh an páirtí a bhfuil leas aige i gcur i bhfeidhm na bhforálacha sin a iarraidh (féach, inter alia, breithiúnais an 14 Nollaig 1995, van Schijndel agus van Veen, C-430/93 agus C-431/93, EU:C:1995:441, míreanna 21 agus 22; an 7 Meitheamh 2007, van der Weerd agus páirtithe eile, C-222/05 go C-225/05, EU:C:2007:318, míreanna 35 agus 36, agus an 7 Meán Fómhair 2021, Klaipėdos regiono atliekų tvarkymo centras, C-927/19, EU:C:2021:700, mír 145).

    92

    Is é an toradh a bhíonn ar an gcreat dian, arna bhunú ag reachtóir an Aontais Eorpaigh, do chur faoi choinneáil agus do choimeád birt coinneála staid nach bhfuil cosúil ar gach bealach le himeachtaí riaracháin ina mbaineann tionscnamh agus sainiú na díospóide leis na páirtithe.

    93

    Dá réir sin, tá gá leis an oibleagáid, ar thaobh na n‑údarás breithiúnach atá freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht birt coinneála, a ardú ex officio, ar bhonn na dtosca dá dtagraítear i mír 88 den bhreithiúnas seo, mainneachtain coinníoll a chomhlíonadh maidir le dlíthiúlacht birt den sórt sin a eascraíonn as dlí an Aontais, beag beann ar an gcásdlí a luaitear i mír 91 den bhreithiúnas sin agus ar an gceist, arna tarraingt anuas ag an Raad van State (an Chomhairle Stáit) i bhfianaise bhreithiúnas an 7 Meitheamh 2007, van der Weerd agus páirtithe eile (C-222/05 go C-225/05, EU:C:2007:318, míreanna 29 go 31), an ábhar beartais phoiblí iad na forálacha ábhartha dlí.

    94

    I bhfianaise an méid thuas go léir, ní mór a thabhairt mar fhreagra ar an gceist a chuirtear i gCás C-704/20 agus ar an gcéad cheist a chuirtear i gCás C-39/21 nach mór Airteagal 15(2) agus (3) de Threoir 2008/115, Airteagal 9(3) agus (5) de Threoir 2013/33 agus Airteagal 28(4) de Rialachán Uimh. 604/2013, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 6 agus le 47 den Chairt a léiriú amhail, mar chuid den athbhreithniú a dhéanfaidh údarás breithiúnach ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le dlíthiúlacht coinneála náisiúnaigh tríú tír a eascraíonn as dlí an Aontais, ní mór don údarás sin aon mhainneachtain i gcomhlíonadh coinníoll dlíthiúlachta nár ardaigh an duine lena mbaineann a ardú ex officio, ar bhonn na faisnéise sa chomhad a cuireadh faoina bhráid, arna forlíonadh nó arna soiléiriú le linn na n‑imeachtaí sáraíochta os a chomhair.

    Costais

    95

    Os rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte ginearálta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí barúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

     

    Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

     

    Maidir le hAirteagal 15(2) agus (3) de Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais, Airteagal 9(3) agus (5) de Threoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, agus Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 6 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

     

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

     

    mar chuid den athbhreithniú a dhéanfaidh údarás breithiúnach ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le dlíthiúlacht coinneála náisiúnaigh tríú tír a eascraíonn as dlí an Aontais, ní mór don údarás sin aon mhainneachtain i gcomhlíonadh coinníollacha dlíthiúlachta nár ardaigh an duine lena mbaineann a ardú ex officio, ar bhonn na faisnéise sa chomhad a cuireadh faoina bhráid, arna forlíonadh nó arna soiléiriú le linn na n‑imeachtaí sáraíochta os a chomhair.

     

    Sínithe


    ( *1 ) Teanga an cháis: an Ollainnis.

    Top