EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0702

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2023 Eanáir 12.
SIA „DOBELES HES” v Sabiedrisko pakalpojumu regulēšanas komisija e.a.
Tarchur chun réamhrialú ‑ Státchabhair ‑ Airteagal 107(1) CFAE ‑ Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear d’oibleagáid ar an oibreoir poiblí leictreachas a cheannach ó tháirgeoirí fuinnimh in‑athnuaite ar phraghas níos airde ná praghas an mhargaidh ‑ Éagmais íocaíocht de chuid den chabhair atá i gceist ‑ Éileamh ar chúiteamh a dhéanann na táirgeoirí ar údarás poiblí ar leith ón údarás poiblí a gceanglaítear air, i bprionsabal, de réir na reachtaíochta náisiúnta, an chabhair sin a íoc agus a bhfuil buiséad aige atá ceaptha chun feidhmiú an údaráis féin a áirithiú, seachas aon rud eile ‑ Cabhair nua ‑ Ceanglas maidir le fógra a thabhairt ‑ Cabhair de minimis – Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ‑ Airteagal 5(2) ‑ Carnadh ‑ Cabhair a fuarthas cheana laistigh den tréimhse thagartha bunaithe ar an reachtaíocht náisiúnta a chur san áireamh.
Cás C-702/20.

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:1

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

12 Eanáir 2023 (*)

(Tarchur chun réamhrialú ‑ Státchabhair ‑ Airteagal 107(1) CFAE ‑ Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear d’oibleagáid ar an oibreoir poiblí leictreachas a cheannach ó tháirgeoirí fuinnimh in‑athnuaite ar phraghas níos airde ná praghas an mhargaidh ‑ Éagmais íocaíocht de chuid den chabhair atá i gceist ‑ Éileamh ar chúiteamh a dhéanann na táirgeoirí ar údarás poiblí ar leith ón údarás poiblí a gceanglaítear air, i bprionsabal, de réir na reachtaíochta náisiúnta, an chabhair sin a íoc agus a bhfuil buiséad aige atá ceaptha chun feidhmiú an údaráis féin a áirithiú, seachas aon rud eile ‑ Cabhair nua ‑ Ceanglas maidir le fógra a thabhairt ‑ Cabhair de minimis – Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ‑ Airteagal 5(2) ‑ Carnadh  ‑ Cabhair a fuarthas cheana laistigh den tréimhse thagartha bunaithe ar an reachtaíocht náisiúnta a chur san áireamh)

I gCásanna uamtha C-702/20 agus C-17/21,

IARRATAÍ ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach, an Laitvia), trí bhreitheanna an 18 Nollaig 2020 agus an 7 Eanáir 2021, a fuarthas ag an gCúirt an 22 Nollaig 2020 agus an 11 Eanáir 2021, faoi seach, sna himeachtaí idir

“DOBELES HES” SIA (C-702/20)

Sabiedrisko pakalpojumu regulēšanas komisija (C-17/21)

Páirtithe leasmhara:

Sabiedrisko pakalpojumu regulēšanas komisija,

Ekonomikas ministrija,

Finanšu ministrija,

“GM” SIA,

Tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

Agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Prechal, K. Jürimäe, L. S. Rossi, L. Arastey Sahún, Uachtaráin Dlísheomraí, M. Ilešič, J.-C. Bonichot (Rapóirtéir), N. Piçarra, I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Jääskinen, N. Wahl, M. Gavalec agus O. Spineanu-Matei, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. Rantos,

Cláraitheoir: C. Di Bella, Riarthóir,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus i ndiaidh éisteacht an 29 Márta 2022,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha a cuireadh isteach thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        SIA “DOBELES HES” agus SIA “GM”, ag J. Vaits,

–        an Sabiedrisko pakalpojumu regulēšanas komisija, ag E. Bergmane, I. Birziņš, J. Miķelsons agus A. Ozola, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Laitvia, ag E. Bārdiņš, J. Davidoviča, I. Hūna agus K. Pommere, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller, A. Hoesch, agus R. Kanitz, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Spáinne, ag J. Ruiz Sánchez, i gcáil Gníomhaire,

–        Rialtas na hÍsiltíre, K. Bulterman agus M.A.M. de Ree, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag A. Bouchagiar, G. Braga da Cruz, I. Naglis agus I. Rubene, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht leis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 14 Meitheamh 2022

an breithiúnas seo a leanas

Breithiúnas

1        Baineann na hiarrataí ar réamhrialú leis an léiriú atá le déanamh ar Airteagail 107(1) agus 108(3) CFAE, ar Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar chabhair de minimis (IO 2013 L 352, lch. 1), agus ar Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO 2015 L 248, lch. 9).

2        Rinneadh na hiarrataí sin i gcomhthéacs dhá shraith imeachtaí idir, faoi seach, “DOBELES HES” SIA agus “GM” SIA (“na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí”), agus an Sabiedrisko pakalpojumu regulēšanas komisija (an Coimisiún Rialála um Sheirbhísí Poiblí, an Laitvia; “an Coimisiún Rialála”), maidir le socrú phraghas an leictreachais a d’athcheannaigh an gnóthas dáileacháin leictreachais údaraithe ar phraghas ró-íseal don tréimhse ón 1 Márta 2006 go dtí an 30 Samhain 2007 maidir le DOBELES HES agus don tréimhse ón 1 Márta 2006 go dtí an 30 Meán Fómhair 2008 maidir le GM.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais

 An Conradh Aontachais agus an Ionstraim Aontachais

3        Ar an 16 Aibreán 2003, shínigh Poblacht na Laitvia an Conradh idir Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éire, Poblacht na hIodáile, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine agus Poblacht na Slóvaice maidir le hAontachas Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach (IO 2003 L 236, lch. 17), a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2004 (an “Conradh Aontachais”).

4        De bhun Airteagal 1(2) den Chonradh Aontachais, tugtar na coinníollacha maidir le ligean isteach agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe san Ionstraim maidir leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe (IO 2003, L 236, lch. 33; an “Ionstraim Aontachais”).

5        Le hAirteagal 22 den Ionstraim Aontachais, ar dlúthchuid den Chonradh Aontachais é, ar aon dul leis na forálacha eile dá cuid, sonraítear go ndéanfar na bearta a liostaítear in Iarscríbhinn IV den Ionstraim a chur i bhfeidhm faoi na coinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

6        Foráiltear don mhéid seo a leanas i bpointe 3(1) den Iarscríbhinn IV:

“Na scéimeanna cabhrach agus na cabhracha leithleacha seo a leanas arna gcur in éifeacht i mBallstát nua roimh dháta an aontachais agus atá fós infheidhme tar éis an dáta sin, measfar tráth an aontachais gur cabhair atá ann cheana iad de réir bhrí Airteagal 108(1) CFAE:

(a)      bearta cabhrach a cuireadh i bhfeidhm roimh an 10 Nollaig 1994;

(b)      bearta cabhrach atá liostaithe san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo;

(c)      bearta cabhrach a rinne an t-údarás um fhaireachán cabhrach poiblí de chuid an Bhallstáit nua a mheasúnú roimh dháta an aontachais agus a fuarthas a bheith ag luí leis an acquis, agus nach ndearna an Coimisiún [Eorpach] agóid ina leith ar an bhforas go raibh amhras tromchúiseach ann an raibh an beart ag luí leis an gcómhargadh, de bhun an nós imeachta atá leagtha amach i mír 2.

Gach beart atá fós infheidhme tar éis dháta an aontachais arb éard atá iontu ná Státchabhair agus nach gcomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach thuas, measfar gur cabhair nua é tráth an aontachais chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 108(3) de CFAE.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        Le pointe 3(2) d’Iarscríbhinn IV den Ionstraim Aontachais, leagtar amach an nós imeachta is infheidhme nuair is mian le Ballstát nua go ndéanfaidh an Coimisiúin cabhair a scrúdú i gcomhthéacs an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1(c) den phointe sin, agus foráiltear go mbeidh cumarsáid rialta leis an institiúid sin sa chás sin. De réir phointe 3(3), measfar aon chinneadh ón gCoimisiún agóid a dhéanamh maidir le beart de réir bhrí pointe 3(1)(c) a bheith cothrom le cinneadh an nós imeachta foirmiúil scrúdúcháin a thionscnamh de réir Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle an 22 Márta 1999, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal [108 CFAE] a chur i bhfeidhm (IO 1999 L 83, lch. 1).

 Rialachán Uimh. 1407/2013

8        Foráiltear le hAirteagal 3 de Rialachán Uimh. 1407/2013, dar teideal “cabhair de minimis”:

“ 1.       Measfar nach gcomhlíonann bearta cabhrach Airteagal 107(1) CFAE, agus dá bhrí sin measfar nach mbeidh siad faoi réir an cheanglais maidir le fógra a thabhairt atá in Airteagal 108(3) CFAE, má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.       Ní rachaidh méid iomlán na cabhrach de minimis arna deonú ag Ballstát do ghnóthas aonair thar [EUR] 200 000 thar aon tréimhse trí bliana fioscacha.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9        Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 5(2) den Rialachán sin:

“Ní dhéanfar cabhair de minimis a charnadh le Státchabhair i ndáil leis na costais incháilithe chéanna nó i ndáil le Státchabhair don bheart cabhrach céanna um maoiniú riosca, dá sáródh a leithéid de charnadh an uasteorainn chabhrach lena mbaineann sé nó méid na cabhrach atá seasta in imthosca sonracha gach cáis ar leith trí rialachán díolúine bloic nó trí chinneadh atá glactha ag an gCoimisiún. Féadfar cabhair de minimis nach ndeonaítear i ndáil le costais incháilithe shonracha nó nach bhfuil inchurtha i leith costais dá leithéid a charnadh le Státchabhair eile arna deonú de bhonn Rialachán blocdhíolúine nó cinneadh a ghlac an Coimisiún.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10      Foráiltear le hAirteagal 7(1) den Rialachán sin, dar teideal “Forálacha idirthréimhseacha”:

“Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair arna deonú roimh theacht i bhfeidhm dó má chomhlíonann an chabhair na coinníollacha uile atá leagtha síos sa Rialachán seo. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh measúnú ar aon chabhair nach gcomhlíonann na coinníollacha sin, i gcomhréir leis na creataí, na treoirlínte, na teachtaireachtaí agus na fógraí is ábhartha.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Rialachán 2015/1589

11      Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 1 de Rialachán 2015/1589:

“Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)       ciallaíonn “cabhair”: aon bheart a chomhlíonann Airteagal 107(1) CFAE;

(b)       ciallaíonn “cabhair atá ann cheana”:

(i)        gan dochar d’Airteagail 144 agus 172 den Ionstraim [i dtaobh choinníollacha] Aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne, agus Ríocht na Sualainne, agus [oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe (IO 1994 C 241, lch. 21, agus IO 1995 L 1, lch. 1)], do phointe 3 agus don fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn IV [den Ionstraim Aontachais], do phointe 2 agus do phointe 3(b), agus don fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn V den Ionstraim [i dtaobh choinníollacha] Aontachais Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine agus [oiriúnuithe ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe (IO 2005 L 157, lch. 203)], agus do phointe 2 agus 3(b), agus don fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn IV den Ionstraim [i dtaobh choinníollacha] Aontachais Phoblacht na Cróite agus d’oiriúnuithe don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 2012 L 112, lch. 21), aon chabhair arbh ann di cheana roimh theacht i bhfeidhm [CFAE] sa Bhallstát lena mbaineann, is é sin le rá, scéimeanna cabhrach agus cabhair aonair a cuireadh i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm CFAE, agus atá fós i bhfeidhm ina dhiaidh sin, sna Ballstáit faoi seach;

(ii)      cabhair údaraithe, is é sin le rá, scéimeanna cabhrach agus cabhair aonair atá údaraithe ag an gCoimisiún nó ag Comhairle [an Aontais Eorpaigh];

(iii)      aon chabhair a mheastar a bheith údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 nó le hAirteagal 4(6) den Rialachán seo, nó roimh Rialachán Uimh. 659/1999, ach i gcomhréir leis an nós imeachta seo;

(iv)      cabhair a mheastar gur cabhair atá ann cheana í de bhun Airteagal 17 den Rialachán seo;

(v)      cabhair a mheastar gur cabhair atá ann cheana í toisc gur féidir a chruthú nár chabhair í an tráth ar cuireadh i bhfeidhm í agus gur chabhair í ina dhiaidh sin i ngeall ar éabhlóid sa mhargadh inmheánach agus gan aon athrú a bheith déanta uirthi ag an mBallstát. I gcás ina ndéanfar cabhair de bhearta áirithe tar éis gníomhaíocht a léirscaoileadh le dlí an Aontais, ní dhéanfar na bearta sin a mheas mar chabhair atá ann cheana tar éis an dáta a shocraítear don léirscaoileadh;

(c)      ciallaíonn ‘cabhair nua’ aon chabhair, is é sin le rá, scéimeanna cabhrach nó cabhair aonair, nach cabhair í a bhí ann cheana, lena n-áirítear athruithe ar chabhair a bhí ann cheana;

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12      Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 2, dar teideal “Fógra maidir le cabhair nua”, den Rialachán:

“1.       Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt i rialacháin arna ndéanamh de bhun Airteagal 109 [CFAE] nó i bhforálacha ábhartha eile de, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann aon phleananna chun cabhair nua a dheonú in iúl don Choimisiún in am trátha. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát lena mbaineann go bhfuarthas an fógra a luaithe is féidir.

2.       San fhógra, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann in iúl gach faisnéis is gá ionas go bhféadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagail 4 agus 9 [...].”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

13      Foráiltear le hAirteagal 3 den Rialachán sin, dar teideal “Foráil neamhghníomhaíochta”:

“Maidir le cabhair is infhógartha de bhun Airteagal 2(1), ní chuirfear i bhfeidhm an chabhair sin sula mbeidh cinneadh déanta, nó sula measfar go bhfuil cinneadh déanta, ag an gCoimisiún an chabhair sin a údarú.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

14      Foráiltear le hAirteagal 17, dar teideal “Tréimhse theorann ar chabhair a aisghabháil”, don mhéid seo a leanas:

“1.       Beidh cumhachtaí an Choimisiúin chun cabhair a aisghabháil faoi réir tréimhse theorann deich mbliana.

2.       Tosóidh an tréimhse theorann ar an lá a dheonófar an chabhair neamhdhleathach don tairbhí, mar chabhair aonair nó faoi scéim cabhrach. Aon bheart a dhéanfaidh an Coimisiún nó Ballstát, ag gníomhú arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, maidir leis an gcabhair neamhdhleathach, brisfidh sé an tréimhse theorann. Tosófar ag áireamh an ama as an nua le gach cur isteach. Cuirfear an tréimhse theorann ar fionraí fad atá cinneadh an Choimisiúin ina ábhar d’imeachtaí atá ar feitheamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.       Aon chabhair a mbeidh an tréimhse theorann caite ina leith, measfar gur cabhair atá ann cheana í.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na Laitvia

15      Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 40(1) den Enerģētikas likums (Dlí maidir le fuinneamh) an 3 Meán Fómhair 1998 (Latvijas Vēstnesis, 1998, Uimh. 273) sa leagan a raibh feidhm aige idir an 1 Meitheamh 2001 agus an 7 Meitheamh 2005 (Latvijas Vēstnesis, 2001, Uimh. 83):

“Ceannóidh an gnóthas dáileacháin leictreachais údaraithe an barrachas leictreachais arna tháirgeadh ag stáisiúin chumhachta hidrileictreacha beaga atá lonnaithe sa limistéar sainithe ina bhfuil na stáisiúin ag feidhmiú agus nach bhfuil breis is dhá meigeavata d’acmhainn acu, ar choinníoll gur cuireadh tús le feidhmiú na stáisiún sin agus an trealamh a ghabhann leo roimh an 1 Eanáir 2003, tar éis dóibh freastal ar a gcuid riachtanas féin agus i gcomhréir le critéir náisiúnta maidir le cáilíocht an leictreachais, ar feadh ocht mbliana ó cuireadh tús le feidhmiú an stáisiúin lena mbaineann, ar phraghas eadhon dhá oiread na meántaraife ar leictreachas. Is é an t-údarás rialála a chinnfidh an praghas ina leith sin.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

16      Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 30(1) den Elektroenerģijas tirgus likums (an Dlí maidir leis an margadh leictreachais) an 5 Bealtaine 2005 (Latvijas Vēstnesis, 2005, Uimh. 82) sa leagan a raibh feidhm aige idir an 8 Meitheamh 2005 agus an 31 Nollaig 2014:

“Tairgeoirí a úsáideann foinsí in-athnuaite fuinnimh, chun leictreachas a ghiniúint, agus a chuir tús lena ngníomhaíocht roimh theacht i bhfeidhm an Dlí seo, díolfaidh siad an leictreachas leis an oibreoir poiblí i gcomhréir leis na coinníollacha maidir leis modh oibre, na teorainneacha ama soláthair agus na praghsanna a ghearrtar orthu tráth theacht i bhfeidhm an Dlí seo.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

17      Foráiltear le hAirteagal 30(3) den Dlí sin, sa leagan a bhí i bhfeidhm idir an 8 Meitheamh 2005 agus an 14 Bealtaine 2008, don mhéid seo a leanas:

“Coinneoidh an t‑oibreoir poiblí loigí ar leith le haghaidh mhéid agus chostais an leictreachais a cheannaítear i gcomhréir leis na téarmaí a leagtar amach in míreanna 1 agus 2 den fhoráil seo. Is iad na custaiméirí deiridh go léir sa Laitvia a íocfaidh as sin, de réir an mhéid a thomhail siad féin, i gcás ina ndíoltar cuid den leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh leis an oibreoir poiblí nó i gcás ina bhfuil an praghas don oibreoir poiblí sin faoi réir cúitimh.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

18      Foráiltear le hAirteagal 29(1) den likums Par sabiedrisko pakalpojumu regulatoriem (an Dlí maidir le húdaráis rialála na seirbhíse poiblí), an 19 Deireadh Fómhair 2000 (Latvijas Vēstnesis, 2000, Uimh. 394):

“Déanfar feidhmiú an údaráis rialála a mhaoiniú le hioncam ó bhailiú an mhuirir Stáit le haghaidh rialáil na seirbhísí poiblí (“an muirear Stáit”) agus leis an airgead a íoctar as na seirbhísí arna soláthar ag an údarás rialála, dá bhforáiltear i ndlíthe agus i rialacháin eile.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

19      Foráiltear le hAirteagal 30 den Dlí sin:

“1.       Chun rialáil na seirbhísí poiblí a áirithiú, íocfaidh na soláthraithe seirbhíse poiblí go léir sna hearnálacha rialáilte muirear an Stáit.

2.       Aistreofar muirear an Stáit ó na hearnálacha rialáilte chuig buiséad an Stáit, agus cuirfear chun sochair do chuntas an údaráis rialála dó leis an Státchiste. Tá muirear an Stáit, a íocfar sna hearnálacha rialáilte, le húsáid go heisiach i dtaca le feidhmiú an údaráis rialála.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh

20      Oibríonn na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí stáisiúin chumhachta hidrileictreacha agus mar sin táirgeann siad leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh.

21      Go dtí an 7 Meitheamh 2005, le hAirteagal 40(1) den Dlí maidir le fuinneamh, sonraíodh go raibh sé de cheart ag táirgeoirí fuinnimh, faoi choinníollacha áirithe, an barrachas dá leictreachas a dhíol leis an ngnóthas dáileacháin leictreachais údaraithe ar dhá oiread na meántaraife ar leictreachas.

22      Bhí an fhoráil sin infheidhme maidir leis na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí.

23      Bhí an mheántaraif ar leictreachas le socrú ag an gCoimisiún Rialála, comhlacht neamhspleách poiblí a bunaíodh leis an Dlí maidir le hÚdaráis Rialála na Seirbhíse Poiblí. Tá pearsantacht dhlítheanach ar leith ag an údarás rialála sin, gníomhaíonn sé go neamhspleách agus déanann sé a bhuiséad féin a bhainistiú; buiséad a fhormheastar trí reachtaíocht.

24      Leis an Dlí maidir leis an margadh leictreachais, sa leagan a raibh feidhm aige ón 8 Meitheamh 2005 amach, athraíodh an nós imeachta maidir le táirgeoirí leictreachais a dhíolann farasbharr táirgeachta ar ráta méadaithe. Mar sin féin, sonraítear in Airteagal 30(1) den Dlí sin go raibh iarchoinníollacha fós infheidhme i leith na dtairgeoirí leictreachais in‑athnuaite siúd a raibh tús curtha lena gcuid gníomhaíochtaí cheana féin ar an dáta sin, go háirithe i ndáil le praghsanna.

25      Rinne an t-údarás rialála an fhoráil sin a léiriú amhail go ndearnadh an meánphraghas ar leictreachas a reo mar a bhí ar an 7 Meitheamh 2005 leis agus, ina dhiaidh sin, nach ndearnadh an taraif sin a nuashonrú. Ón 8 Meitheamh 2005 amach, mar sin, dhíol na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí an barrachas dá leictreachas ar phraghas eadhon dhá oiread na meántaraife ar leictreachas a bhí i bhfeidhm ag an am, agus ní dhearna an t-údarás rialála an taraif a nuashonrú a thuilleadh ón dáta sin amach.

26      Le cinneadh an 20 Eanáir 2010, áfach, mheas an Latvijas Republikas Satversmes tiesa (an Chúirt Bhunreachtúil, an Laitvia), nár mhór an téarma “praghas”, a úsáidtear in Airteagal 30(1) den Dlí maidir leis an Margadh Leictreachais, a léiriú mar shásra socraithe praghsanna seachas praghas seasta, agus go raibh an léiriú, ar dá réir nach mbeadh an t-údarás rialála inniúil a thuilleadh chun an mheántaraif ar leictreachas a shocrú tar éis theacht i bhfeidhm an Dlí maidir leis an margadh leictreachais, lochtach.

27      Rinne na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí éileamh ar dhamáistí ón údarás rialála as caillteanais a baineadh dóibh mar gheall ar an mainneachtain an taraif lena mbaineann a shocrú ón 8 Meitheamh 2005 amach. Is éard atá sa damáiste a líomhnaítear an difríocht idir an praghas a d’íoc an t-oibreoir poiblí leis na hiarratasóirí agus an praghas ar a mbeadh ar an oibreoir poiblí leictreachas a cheannach dá socrófaí an taraif ar leictreachas, don tréimhse ón 1 Márta 2006 go dtí an 30 Samhain 2007 le haghaidh DOBELES HES, agus don tréimhse ón 1 Márta 2006 go dtí an 30 Meán Fómhair 2008 le haghaidh GM.

28      Tar éis don údarás rialála diúltú do na suimeanna sin a íoc, thug na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí imeachtaí os comhair na cúirte riaracháin in 2011. Le dhá bhreithiúnas an 31 Bealtaine 2019 agus an 10 Iúil 2019, dheonaigh an Administratīvā apgabaltiesa (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, an Laitvia) go páirteach na hiarratais ó DOBELES HES agus GM, agus d’ordaigh sí don údarás rialála na suimeanna EUR 3 406.63 agus EUR 662.26 a íoc leo, faoi seach. Mheas an Administratīvā apgabaltiesa (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin), áfach, gur íocaíocht Státchabhrach a bhí i gceist leis an méid seo, agus dhearbhaigh sí go raibh an íocaíocht ag brath ar chinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún, nó a mheastar a bheith glactha, lena gceadaítear a leithéid de chabhair. Le linn na n-imeachtaí, d'iarr sí tuairim ar an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 CFAE, a tugadh an 12 Nollaig 2018.

29      Thug an t-údarás rialála achomharc i gcoinne na mbreithiúnas sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur. Is sa chomhthéacs seo a chinn an Augstākā tiesa (Senāts) (an Chúirt Uachtarach, an Laitvia) sin bac a chur ar na himeachtaí sa dá chás agus na ceisteanna seo a leanas, arb ionann iad sa dá chás, a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1)      An oibleagáid nach mór don oibreoir poiblí leictreachas a cheannach ó tháirgeoirí a bhaineann úsáid as foinsí in-athnuaite fuinnimh ar phraghas níos airde ná praghas an mhargaidh, agus leas á bhaint as an oibleagáid nach mór don tomhaltóir deiridh a íoc as sin de réir an mhéid a thomhail siad féin, an gá a dhearbhú gurb í an oibleagáid sin idirghabháil Stáit nó cabhair arna deonú trí acmhainní Stáit de réir bhrí Airteagal 107(1) [CFAE]?

(2)      An gá an coincheap “léirscaoileadh an mhargaidh leictreachais” a léirmhíniú amhail nach mór a dhearbhú gur léirscaoileadh roimh ré más ann do ghnéithe áirithe den saorthrádáil, ar chonarthaí a thugann an t-oibreoir poiblí i gcrích le soláthróirí ó Bhallstáit eile, mar shampla? An féidir a dhearbhú gur cuireadh tús le léirscaoileadh an mhargaidh leictreachais an t-am a ndeonaíodh an ceart dáileoir leictreachais a athrú d’úsáideoirí áirithe leictreachais (ar úsáideoirí leictreachais atá nasctha leis an gcóras iompair nó úsáideoirí neamhtheaghlaigh atá nasctha leis an gcóras dáileacháin, mar shampla) leis an dlí? Ceard is éifeacht d’fhorbairtí i rialú an mhargaidh leictreachais sa Laitvia i leith cabhair arna deonú do tháirgeoirí leictreachais i bhfianaise Airteagal 107(1) [CFAE] (chun críoch fhreagra cheist 1), go háirithe i leith na staide roimh 2007?

(3)      Más léir ó na freagraí ar an gcéad agus an dara ceist nach Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) [CFAE] atá i gceist leis an gcabhair arna deonú do ghinideoirí leictreachais, an ea nach mór breathnú ar chúiteamh as an damáiste amhail is Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) [CFAE] atá ann, toisc is i margadh leictreachais léirscaoilte atá an t-iarratasóir ag obair anois agus toisc tabharfaí leas dó ar oibreoirí eile sa mhargadh sin de bharr an chúitimh?

(4)      Más é an freagra ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist gurb ionann an chabhair arna deonú do ghineadóirí leictreachais agus Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) [CFAE], ní mór déileáil le héileamh an iarratasóra ar chúiteamh as caillteanais a tabhaíodh de bharr fheidhmiú neamhiomlán an chirt reachtúil chun íocaíochta níos airde as an leictreachas a tháirgtear, i gcomhthéacs an mheasúnaithe Státchabhrach dá bhforáiltear in Airteagal 107 [CFAE], mar iarratas ar Státchabhair nua a dheonú nó ar iarratas ar chuid den Státchabhair nach bhfuarthas roimhe sin a íoc?

(5)      Más gá a fhreagairt ar Cheist 4, gur gá éileamh an iarratasóra ar chúiteamh a mheas, ag féachaint d’iar-imthosca, mar iarraidh ar íocaíocht den chuid den Státchabhair nach bhfuarthas roimhe seo, an bhfuil sé ag cloí le hAirteagal 107(1) [CFAE] gur gá, san am i láthair, staid reatha an mhargaidh a mhionscrúdú agus an reachtaíocht atá i bhfeidhm (lena n-áirítear na srianta atá ann cheana ar róchúiteamh) a chur san áireamh d’fhonn cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcuid sin den Státchabhair a íoc?

(6)      An rud ábhartha é i leith léirmhíniú ar Airteagal 107(1) [CFAE], murab ionann agus gléasraí hidreachumhachta, gur tugadh méid iomlán na cabhrach amach i dtaca le stáisiúin chumhachta gaoithe san am a chuaigh thart?

(7)      An rud ábhartha é i leith léirmhíniú ar Airteagal 107(1) [CFAE] go bhfuil cúiteamh le tabhairt ach do chuid de na gléasraí hidreachumhachta nach bhfuair méid iomlán na cabhrach?

(8)      An gá Airteagal 3(2) agus Airteagal 7(1) de Rialachán Uimh. 1407/2013 […] a léirmhíniú amhail ba cheart a dhearbhú go gcomhlíonann an chabhair atá i gceist sa chás seo na critéir a leagtar síos i leith chabhair de minimis, mar ní sháraíonn sé an tairseach ar chabhair de minimis? An gá Airteagal 5(2) den Rialachán sin a léirmhíniú amhail go mbeadh carnadh neamh‑inghlactha sa chás seo, i bhfianaise na gcoinníollacha a leagtar síos i gCinneadh SA.43140 ón gCoimisiún [, an 24 Aibreán 2017 –Tacaíocht d’fhuinneamh in-athnuaite agus comhghiniúint sa Laitvia (NN/2015) (IO 2017 C 176, lch. 2)] d’fhonn bac a chur ar róchúiteamh, toisc caitheadh leis na híocaíochtaí as damáiste amhail is cabhair de minimis a bhí iontu?

(9)      Má dhearbhaítear gurbh ann do dheonú/íocaíocht Státchabhrach sa chás seo, an bhfuil Airteagal 1(b) agus (c) de Rialachán [2015/1589] le léirmhíniú amhail gurb é atá ann leis na himthosca sin agus imthosca dá leithéid ná Státchabhair nua seachas Státchabhair láithreach?

(10)      Más freagra dearfach a thugtar ar Cheist 9, an ea nár cheart breathnú ar aon dáta seachas an dáta a íocadh an chabhair go héifeachtach mar thúsphointe don tréimhse theorann de réir bhrí Airteagal 17(2) de Rialachán 2015/1589 d’fhonn a fháil amach an ionann staid an iarratasóra agus an staid a ndearbhaítear gur cabhair láithreach atá ann in Airteagal 1(b)(iv) den Rialachán sin?

(11)      Má dhearbhaítear gurbh ann do dheonú/íocaíocht Státchabhrach, an gá Airteagal 108(3) [CFAE], Airteagal 2(1) agus Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 2015/1589 a léirmhíniú amhail gur cuí an nós imeachta chun fógra a dhéanamh i leith Státchabhrach atá cosúil leis an gceann sa chás seo, i gcás ina seasfaidh an chúirt náisiúnta le héileamh ar dhamáistí ar choinníoll go bhfuarthas cinneadh ón gCoimisiún lena n-údaraítear an chabhair agus lena n-ordaíonn sé don Aireacht Geilleagair fógra a thabhairt don Choimisiún, laistigh de dhá mhí ón dáta ar tugadh an breithiúnas, maidir leis an gcabhair le haghaidh na gníomhaíochta gnó ?

(12)      An rud ábhartha é i leith léirmhíniú ar Airteagal 107(1) [CFAE] go n-éilítear damáistí ó údarás poiblí (an Coimisiún Rialála) nach raibh air costais den sórt sin a iompar san aimsir a caitheadh agus gurb é atá ina bhuiséad táillí Stáit a íocann soláthraithe seirbhíse poiblí sna hearnálacha rialáilte atá le húsáid ach amháin i dtaca le feidhmiú an údaráis rialála?

(13)      An bhfuil scéim cúitimh amhail atá i gceist sa chás seo ag teacht le prionsabail dhlí an Aontais a bhaineann le hearnálacha rialáilte, go háirithe Airteagal 12 agus aithris 30 de Threoir 2002/20, lena n-áirítear Airteagal 12 agus aithris 30 de Threoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí [an Treoir um údarú) (IO 2002 L 108, lch. 21), arna leasú le Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 [(IO 2009 L 337, lch. 37)]?”

 Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

 Maidir leis an gcéad cheist

30      Leis an gcéad cheist dá cuid, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear léiriú a dhéanamh ar Airteagal 107(1) CFAE amhail go bhfuil idirghabháil “trí bhíthin acmhainní Stáit”, de réir bhrí na forála sin, i gceist le reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar an ngnóthas dáileacháin leictreachais údaraithe leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a cheannach ar phraghas níos airde ná praghas an mhargaidh agus lena sonraítear go ndéanfaí na costais bhreise a eascróidh as a mhaoiniú de bhíthin formhuirear éigeantach a n‑íocfaidh na custaiméirí deiridh as.

31      Ba cheart a mheabhrú go gceanglaítear le haicmiú mar “Státchabhair”, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, ceithre choinníoll a chomhlíonadh, eadhon idirghabháil a bheith ann ón Stát nó “trí bhíthin acmhainní Stáit”, gur dócha go ndéanfaidh an idirghabháil sin difear don trádáil idir Ballstáit, go dtugtar, leis an idirghabháil, buntáiste roghnaitheach don fhaighteoir agus go ndéanann sin saobhadh ar an iomaíocht nó go bhfuil baol ann go ndéanfaidh sin saobhadh ar an iomaíocht (breithiúnas an 2 Márta 2021, an Coimisiún v an Iodáil agus páirtithe eile, C‑425/19 P, EU:C:2021:154, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).

32      Ní bhaineann an chéad cheist a tarchuireadh ach leis an gcéad cheann de na coinníollacha sin. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur féidir, de réir cásdlí socair, beart a aicmiú mar idirghabháil Stáit nó cabhair arna deonú “trí bhíthin acmhainní Stáit” más é (1) go ndeonaítear an beart go díreach nó go hindíreach trí acmhainní an Stáit agus (2) go bhfuil an beart inchurtha i leith Ballstáit (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Márta 2021, an Coimisiún v an Iodáil agus páirtithe eile C-425/19, EU:C:2021:154, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear).

33      Maidir leis, ar an gcéad dul síos, an gcoinníoll a bhaineann le beart a bheith inchurtha i leith Stáit, ní mór a dhearbhú gur tugadh an scéim cúitimh sna príomhimeachtaí isteach trí bhíthin modhanna reachtacha agus gur féidir í a chur i leith an Stáit lena mbaineann, mar sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 19 Nollaig 2013, Vent de colère !, C-262/12, EU:C:2013:851, mír 18, agus an 28 Márta 2019, an Ghearmáin v an Coimisiún, C-405/16 P, EU:C:2019:268, mír 50).

34      Maidir leis, ar an dara dul síos, an gcoinníoll nach mór an buntáiste a dheonú “trí bhíthin acmhainní an Stáit”, arb é go beacht an cheist ón gcúirt a rinne an tarchur, dhearbhaigh an Chúirt gur cosúil le cáin ar leictreachas atá an formhuirear ar phraghas a chuir an Stát i bhfeidhm orthu siúd a cheannaíonn leictreachas, agus gurb ó “achmhainní Stáit” a thagann sé, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Iúil 2008, Essent Netwerk Noord agus páirtithe eile, C-206/06, EU:C:2008:413, míreanna 47 agus 66)

35      Ní mór a dhearbhú, mar sin, gur acmhainní Stáit de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE atá i gceist leis na cistí má thagann siad ó ranníocaíochtaí éigeantacha arna bhforchur le reachtaíocht de chuid an Bhallstáit lena mbaineann agus má dhéantar iad a bhainistiú agus a leithdháileadh i gcomhréir leis an reachtaíocht sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Nollaig 2013, Vent de Colère !, C-262/12, EU:C:2013:851, mír 25). Mar sin, ní dhéanann sé difear nach dtagann an sásra maoiniúcháin faoi chatagóir na bhformhuirear fioscach sa dlí náisiúnta (breithiúnas an 16 Meán Fómhair 2021, FVE Holýšov I agus Páirtithe eile., C-850/19 P, EU:C:2021:740, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

36      Os a choinne sin, agus mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 36 dá Thuairim, ní chruthaítear go bhfuil tréithe “acmhainní an Stáit”, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, ag an bhformhuirear, toisc gur catagóir daoine ar leith a íocann an formhuirear sa chás. Fós thairis sin féin ní mór don fhormhuirear a bheith éigeantach faoin dlí náisiúnta.

37      Mar sin, dhearbhaigh an Chúirt nach leor go ndéanann bainisteoirí an líonra na costais bhreise a chur ar aghaidh chuig na custaiméirí deiridh, ar costais iad a thagann ón oibleagáid atá acu leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh ar phraghasanna a socraíodh leis an dlí, más rud é go n‑eascraíonn an cúiteamh seo as nós, seachas as oibleagáid dlí (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Márta 2019, an Ghearmáin v an Coimisiún, C-405/16 P, EU:C:2019:268, míreanna 70 agus 71).

38      Is léir óna bhfuil thuas gurb éard atá i gceist le cistí arna maoiniú le cáin nó le formhuirir éigeantacha eile faoi reachtaíocht náisiúnta agus arna mbainistiú agus arna leithdháileadh i gcomhréir leis an reachtaíocht seo ná “acmhainní Stáit”, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE.

39      Mar sin féin, agus mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 49 dá Thuairim, ní hé an coinníoll sin ón mír thuas sa bhreithiúnas seo an t-aon choinníoll amháin ar féidir “acmhainní Stáit”, de réir bhrí na forála sin, a aithint dá bhíthin. Is leor, lena n‑aicmiú mar “acmhainní Stáit”, go bhfuil na suimeanna faoi rialú poiblí ar bhonn leanúnach agus go bhfuil siad ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta (breithiúnais an 6 Bealtaine 2002, an Fhrainc v an Coimisiún, C‑482/99, EU:C:2002:294, mír 37, agus an 21 Deireadh Fómhair 2020, Eco TLC, C-556/19, EU:C:220:844, mír 36).

40      Sa chás seo, is léir ó na hiarrataí ar réamhrialú go ndéantar an costas breise don ghnóthas dáileacháin leictreachais údaraithe a bhaineann le ceannach leictreachais arna tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a cheannach ar dhá oiread na meántaraife ar leictreachas, a mhaoiniú, de bhun reachtaíocht na Laitvia lena mbaineann, trí fhormhuirear a leagtar ar na húsáideoirí deiridh go léir de réir an mhéid a thomhail siad féin.

41      Thairis sin, dé réir an eolais a fuarthas ag an gCúirt, an t‑eolas a thug Rialtas na Laitvia le linn na héisteachta go háirithe, is cuideachta atá go hiomlán faoi úinéireacht an Stáit a dhéanann an formhuirear sin a bhailiú, a bhainistiú, agus a leithdháileadh, agus ní féidir é a úsáid ach chun na gcríoch a bhforáiltear dóibh leis an dlí, eadhon cúiteamh ar an gcostas breise a luaitear sa mhír thuas. Bíonn na cistí sin faoi rialú leanúnach poiblí, mar sin.

42      Leanann sé ón méid sin, faoi réir na bhfíorúchán atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, gur “acmhainní Stáit” de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE iad na cistí lena dtugtar buntáiste ó thaobh praghais faoin reachtaíocht ábhartha ón Laitvia do tháirgeoirí leictreachais arna tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, i bhfianaise an dá chritéar mhalartacha den choincheap sin a luaitear i míreanna 38 agus 39 den bhreithiúnas seo.

43      I bhfianaise a bhfuil thuas, ní mór an chéad cheist a tarchuireadh chun réamhrialú a fhreagairt mar seo: ní mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 107(1) CFAE amhail go bhfuil idirghabháil “trí acmhainní Stáit”, de réir bhrí na forála sin, i gceist le reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar an ngnóthas dáileacháin leictreachais údaraithe leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a cheannach ar phraghas níos airde ná praghas an mhargaidh agus lena sonraítear go ndéanfar na costais bhreise a eascróidh as a mhaoiniú de bhíthin formhuirear éigeantach a n‑íocfaidh na custaiméirí deiridh as.

 Maidir leis an dara ceist

44      Leis an dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear léiriú a dhéanamh ar Airteagal 107(1) CFAE amhail go bhfuil aicmiú mar “Státchabhair”, de réir bhrí na forála sin, faoi réir an choinníll nach mór go mbeadh an margadh lena mbaineann léirscaoilte go hiomlán cheana féin agus, sa chás sin, conas a dhéanfaí dáta léirscaoilte mhargadh an leictreachais sa Laitvia a shonrú.

45      Dar le Rialtas na Laitvia, ní mór don Chúirt a dhearbhú go bhfuil an cheist sin do-ghlactha toisc nach féidir tionchar a bheith aici ar thoradh na ndíospóidí sna príomhimeachtaí. Go deimhin, comhlíonann na suimeanna atá á n‑éileamh ag na hiarratasóirí na critéir maidir le “Státchabhair”, beag beann ar an tráth a léirscaoileadh an margadh leictreachais.

46       I ndáil leis sin, is faoin gcúirt náisiúnta, a dtugtar an cás os a comhair agus atá freagrach as an gcinneadh breithiúnach atá le teacht, i bhfianaise ghnéithe speisialta gach cáis, atá sé an gá le réamhrialú ionas go mbeidh sé ar a cumas breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí ar an gCúirt a mheas. Mar sin, ós rud é go mbaineann na ceisteanna arna dtarchur le léiriú ar riail dhlí an Aontais, tá gá breith a thabhairt ar an ábhar (breithiúnais an 16 Meitheamh 2015, Gauweiler agus páirtithe eile, C‑62/14, EU:C:2015:400, mír 24, agus an 7 Feabhra 2018, American Express, C-304/16, EU:C:2018:66, mír 31).

47      Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ann maidir le ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais Eorpaigh. Ní féidir leis an gCúirt diúltú do bhreith a thabhairt i leith ceist arna tarchur ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léirmhíniú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnais an 16 Meitheamh 2015, Gauweiler agus páirtithe eile, C-62/14, EU:C:2015:400, mír 25, agus an 7 Feabhra 2018, American Express, C-304/16, EU:C:2018:66, mír 32).

48      Sa chás seo, baineann an dara ceist a tarchuireadh leis an gcoincheap “Státchabhair”, de réir bhrí Airteagal 107 CFAE agus, mar sin, tá ann don toimhde ábharthachta a luaitear sa mhír thuas.

49      Ní féidir an toimhde ábharthachta sin a bhréagnú sa chás seo. Glactar leis go mbaineann na díospóidí sna príomhimeachtaí le haicmiú mar chabhair an bhuntáiste ó thaobh praghais, arna dheonú do tháirgeoirí leictreachais ó fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh de réir dhlí na Laitvia atá i gceist. Mar a thug an Coimisiún faoi deara sna barúlacha dá chuid, in éagmais léirscaoileadh an mhargaidh fuinnimh, d’fhéadfadh tionchar a bheith ann dá bharr sin ar na coinníollacha a bhaineann leis an aicmiú seo i ndáil leis an dóchúlacht go ndéanfaí difear, leis an idirghabháil atá i gceist, don trádáil idir Ballstáit agus go ndéantar leis, nó go bhfuil baol ann go ndéanfaí leis, saobhadh ar an iomaíocht, dá dtagraítear i mír 31 den bhreithiúnas seo.

50      Leanann sé ón méid sin nach mór diúltú don phléadáil maidir le do-ghlacthacht arna hagairt ag Rialtas na Laitvia.

51      Maidir le tionchar léirscaoileadh an mhargaidh atá i gceist ar an gcinneadh an ann do chabhair, ní mór a mheabhrú gur dócha go ndéanfar difear don trádáil idir na Ballstáit agus go ndéanfar an iomaíocht a shaobhadh le Státchabhair, cé nach bhfuil an margadh lena mbaineann scaoilte ach go páirteach. Is leor, tráth theacht i bhfeidhm an bhirt cabhrach, gurb ann d’iomaíocht éifeachtach sa mhargadh atá i gceist ionas gur dócha go bhféadfaidh an idirghabháil atá beartaithe an Stát nó trí achmhainní Stáit difear a dhéanamh don trádáil idir Ballstáit agus an iomaíocht a shaobhadh nó baol a bheith ann í a shaobhadh (breithiúnas an 23 Eanáir 2019, Fallimento Traghetti del Mediterraneo, C-387/17, EU:C:2019:51, míreanna 39 agus 40).

52      Is dócha ina dhiaidh an mhéid sin go bhféadfaí difear a dhéanamh don trádáil idir Ballstáit agus an iomaíocht a shaobhadh, fiú roimh don mhargadh a bheith léirscaoilte ina iomláine, le buntáiste arna dheonú do gnóthais áirithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Meitheamh 2010, Fallimento Traghetti del Mediterraneo SpA v Presidenza del Consiglio dei Ministri, C-140/09, EU:C:2010:335, mír 49).

53      Mar sin, níl dáta léirscaoilte iomlán an mhargaidh leictreachais sa Laitvia ábhartha chun a chinneadh an Státchabhair í cabhair a chuir an t‑oibreoir poiblí ar fáil sa Bhallstát sin trí leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh a cheannach ar phraghas níos airde ná praghas an mhargaidh.

54      I bhfianaise an mhéid atá thuas, ba cheart an dara ceist a tarchuireadh a fhreagairt amhail nach mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 107(1) CFAE amhail nach mbeidh aicmiú buntáiste mar “Státchabhair”, dé réir bhrí na forála sin, faoi réir an choinníll nach mór go mbeadh an margadh lena mbaineann léirscaoilte go hiomlán cheana féin.

 Maidir leis an tríú ceist

55      Leis an tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá léiriú a dhéanamh ar Airteagal 107(1) CFAE amhail, sa chás nach “Státchabhair” de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE atá sa bhuntáiste arna dheonú do tháirgeoirí leictreachais ó fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh de réir reachtaíocht na Laitvia lena mbaineann, fós go bhféadfadh “cabhair” de réir bhrí na forála sin a bheith in íocaíocht na suimeanna atá á n‑éileamh ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí.

56      Sa chás seo, is ceart a mheabhrú, i gcomhthéacs an nós imeachta arna bhunú le hAirteagal 267 CFAE, nach bhfuil an dlínse fíorais na díospóide sna príomhimeachtaí a mheas ag an gCúirt nó rialacha an Aontais ar thug sí léiriú ina leith a chur i bhfeidhm ar bhearta nó ar staideanna náisiúnta, ar nithe iad sin atá faoi dhlínse eisiach na gcúirteanna náisiúnta (breithiúnas an 10 Meitheamh 2010, Fallimento Traghetti del Mediterraneo SpA v Presidenza del Consiglio dei Ministri, C-140/09, EU:C:2010:335, mír 22 agus an cásdlí dá dtagraítear).

57      Leanann sé ón méid sin, sa chás seo, nach bhfuil an dlínse ag an gCúirt, go sonrach, chun cinneadh a dhéanamh an Státchabhair iatá sna suimeanna atá i gceist sna príomhimeachtaí.

58      Os a choinne sin, tá an dlínse ag an gCúirt gach treoir a bhaineann le léiriú ar dhlí an Aontais a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur, lenar féidir a chur ar chumas na cúirte sin a mheas an bhfuil an beart sin i gcomhréir leis an dlí sin, d’fhonn breith a thabhairt ar an gcás atá os a comhair. I réimse na Státchabhrach, féadfaidh an Chúirt a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur gach treoir maidir le léiriú lenar féidir a chinneadh an féidir gur Státchabhair é beart náisiúnta, de réir bhrí dhlí an Aontais (breithiúnas an 10 Meitheamh 2010, Fallimento Traghetti del Mediterraneo SpA, C-140/09, EU:C:2010:335, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear).

59      Ina leith sin, ní mór a mheabhrú go bhfuil cabhair phoiblí, arb éard atá inti ná bearta ón údarás poiblí lena dtugtar fabhar do ghnóthais nó táirgí áirithe, an éagsúil ó thaobh dlí de, ó na damáistí is féidir a iarraidh ar na húdaráis náisiúnta iad a íoc le daoine aonair mar chúiteamh as an dochar a rinneadh dóibh. Mar sin, ní Státchabhair iad damáistí de réir bhrí dhlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Meán Fómhair 1988, Asteris agus páirtithe eile, 106/87 go dtí 120/87, EU:C:1988:457, míreanna 23 agus 24).

60      Os a choinne sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 69 agus 70 dá Thuairim, ní dhéantar difear, agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil “Státchabhair” i gceist le suimeanna, an ndéantar na caingne chun an íocaíocht a fháil a aicmiú mar “caingne le haghaidh cúitimh” nó “caingne le haghaidh damáistí” faoin dlí náisiúnta.

61      Sa chás seo, is léir ón eolas a thug an chúirt a rinne an tarchur gurb é is cuspóir leis na caingne arna dtabhairt ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí i gcoinne an údaráis rialála os comhair na cúirte riaracháin sa Laitvia ná go n‑íocfar dóibh na suimeanna a mheasann siad a bheith iníoctha leo de réir Airteagal 40(1) den Dlí maidir le fuinneamh, a measann siad a bheith fós ag dul dóibh ón mbliain 2005 amach, faoi Airteagal 30(1) den Dlí maidir leis an margadh leictreachais. Le cinneadh an 20 Eanáir 2010, mheas an Latvijas Republikas Satversmes tiesa (an Chúirt Bhunreachtúil) gur mhainnigh an t‑údarás rialála, i ndiaidh léiriú lochtach ar Airteagal 30(1), praghas an leictreachais arna tháirgeadh ó fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh a nuashonrú ón 8 Meitheamh 2005 amach.

62      Os a choinne sin, ní léir ó na mínithe a thug an chúirt a rinne an tarchur gur “damáistí” de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 58 den bhreithiúnas seo atá i gceist leis na suimeanna sna príomhimeachtaí. Níl i gceist ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí cúiteamh as damáiste nach mainneachtain buntáiste a íoc, buntáiste a mheasann siad a bheith iníoctha leo faoi reachtaíocht na Laitvia ó 2006 go 2008. Os a choinne sin, ní bheadh sé amhlaidh dá mba rud é gur dhamáiste a d’eascair as an mainneachtain seo a bhí mar chuspóir leis na caingne sna príomhimeachtaí.

63      Leanann sé ón méid sin gurb ionann nádúr na suimeanna atá i gceist sna príomhimeachtaí agus na suimeanna a fuair na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí idir 2006 agus 2008, de réir na reachtaíochta sin, nach bhfuil siad ach ag iarraidh go ndéanfaí an méid a cheartú.

64      Ina leithéid de chás seo, braitheann an cinneadh suimeanna a aicmiú mar “Státchabhair”, ar suimeanna amhail na suimeanna atá á lorg ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí faoin reachtaíocht ábhartha de chuid na Laitvia, ar Státchabhair a bheith sa bhuntáiste arna dheonú faoin reachtaíocht chéanna do tháirgeoirí leictreachais arna tháirgeadh ó fhoinsí in‑athnuaite.

65      Ag féachaint don mhéid atá thuas, ní mór an tríú ceist a fhreagairt mar seo: ní mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 107(1) CFAE amhail, i gcás inar bunaíodh Státchabhair sa reachtaíocht náisiúnta, gur “Státchabhair” í freisin íocaíocht suime a ndéantar iarratas ina leith sa chúirt ar bhonn na rialacha sin, de réir bhrí na forála sin.

 Maidir leis an gceathrú ceist

66      Leis an gceathrú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear léiriú a dhéanamh ar Airteagal 107(1) CFAE amhail, sa chás ina ndéanfaí an buntáiste ó thaobh praghais arna dheonú do tháirgeoirí leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite a aicmiú mar “Státchabhair”, de réir bhrí na forála sin, go mbreathnófaí ar éilimh na n-iarratasóirí sna príomhimeachtaí amhail gur éilimh ar chuid den Státchabhair nach bhfuarthas roimhe sin atá iontu, nó amhail gur éilimh ar dheonú Státchabhrach ar leithligh ón gcúirt a éisteann an cás atá iontu.

67      I ndáil leis sin, is léir ó mhíreanna 61 go 63 den bhreithiúnas seo gurb é is cuspóir le héilimh na n-iarratasóirí sna príomhimeachtaí ná go n-íocfar cuid den bhuntáiste ó thaobh praghais arna dheonú do tháirgeoirí leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite a mheasann siad a bheith iníoctha leo faoi reachtaíocht na Laitvia a bhí i bhfeidhm idir 2006 agus 2008.

68      Dá bhrí sin, más “Státchabhair” atá i gceist leis an mbuntáiste sin, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, freagraíonn éilimh na n‑iarratasóirí sna príomhimeachtaí d’iarraidh go n-íocfar cuid den Státchabhair sin.

69      Mar sin féin, dar leis an gCoimisiún, Státchabhair ar leithligh ón mbuntáiste ó thaobh praghais a tugadh isteach le reachtaíocht na Laitvia atá i gceist leis na suimeanna arna ndeonú ag an gcúirt náisiúnta do na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí.

70      Mar thaca lena argóint, maíonn an Coimisiún, sa chéad áit, nach é an Dlí maidir le fuinneamh atá mar bhunús dlí leis an “Státchabhair” a deonaíodh do na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí sna breithiúnais ón Administratīvā apgabaltiesa (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin), ach na breithiúnais féin a tháinig ón gcúirt sin.

71      Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, gur tríd an Dlí maidir leis an margadh leictreachais, faoi mar a léirigh an Latvijas Republikas Satversmes (an Chúirt Bhunreachtúil) é, a chur i bhfeidhm go sainráite, a dheonaigh an chúirt sin, sna breithiúnais sin, na suimeanna a d’éiligh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí.

72      Ina dhiaidh sin, ag tagairt do mhír 17 de bhreithiúnas an 8 Nollaig 2011, France Télécom v an Coimisiún (C-81/10 P, EU:C:2011:811), measann an Coimisiún, go ginearálta, nach ndéanann sé difear, ó thaobh dhlí an Aontais de, an cúirt nó an údarás eile, údarás riaracháin go háirithe, a dheonaíonn an Státchabhair. Déantar bearta Státchabhrach a shainiú go hoibiachtúil ar bhonn a n-éifeachtaí seachas ar bhonn na gcúiseanna nó na gcuspóirí atá leo. Mura bhféadfadh cúirt náisiúnta Státchabhair a dheonú, ní dhéanfaí coincheap “Státchabhair” a shainmhíniú “go hoibiachtúil” de réir éifeachtaí an bhirt lena mbaineann, ach “go suibiachtúil”, de réir an údaráis phoiblí a ghlac an beart.

73      Mar sin féin, ní chiallaíonn an cásdlí a luaitear sa mhír thuas sa bhreithiúnas seo, ina sonraítear gur de réir na n‑éifeachtaí, seachas na gcuspóirí, a dhéantar “Státchabhair” de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE a shainmhíniú, go ndéantar Státchabhair a shainiú go huileghabhálach lena héifeachtaí, d’eisiamh aon chritéar eile. Déantar Státchabhair a shainmhíniú de réir a nádúir féin chomh maith, arb amhlaidh go háirithe de bharr go ndéantar Státchabhair a dheonú “trí bhíthin acmhainní Stáit”, mar a shonraítear go sainráite in Airteagal 107(1) CFAE. Dá bhrí sin, ní hionann an raon feidhme a thugann an Coimisiún don chásdlí agus an raon feidhme atá aige i ndáiríre. Go háirithe, ní féidir aon chonclúid a tharraingt as i ndáil leis an bhféidearthacht go ndéanfadh cúirt náisiúnta Státchabhair a dheonú.

74      Ar deireadh, tá an Coimisiún ag brath ar bhreithiúnas an 4 Márta 2020, Buonotourist v an Coimisiún (C-586/18 P, EU:C:2020:152), inar chinn an Chúirt gur dheonaigh Poblacht na hIodáile Státchabhair trí bhreithiúnas ón Consiglio di Stato (Comhairle Stáit, an Iodáil) lenar tugadh cúiteamh do sholáthróir seirbhísí bus as oibleagáidí seirbhíse poiblí.

75      Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, nár luaigh an Chúirt sa bhreithiúnas sin ach, mar is léir ó mhír 97 de, go raibh an beart cabhrach lena mbaineann “ina ábhar do chinneadh ón Consiglio di Stato (Comhairle Stáit)”. Cé go bhféadfaidh an chúirt náisiúnta, más iomchuí, breithiúnas a thabhairt ónar gcaithfidh ceann de na páirtithe, faoin dlí náisiúnta, suim a fhreagraíonn do Státchabhair a fháil, ní chiallaíonn sé sin ar dhóigh ar bith go ndeonóidh sí féin an chabhair sin sa chás sin. Is é an t-aon éifeacht atá ag breithiúnas den sórt sin, faoin bprionsabal res judicata, an páirtí eile, go ginearálta an t-údarás riaracháin inniúil, a chur faoi cheangal an chabhair sin a íoc. Ar an gcaoi sin, sa chás inar tugadh breithiúnas an 4 Márta 2020, Buonotourist v an Coimisiún (C-586/18 P, EU:C:2020:152), rinneadh foráil do chúiteamh as oibleagáidí seirbhíse poiblí le cinneadh ó údaráis na hIodáile, mar is léir ó mhír 17 den bhreithiúnas sin.

76      Ar aon chaoi, ní féidir Státchabhair a bhunú ina cáil féin le cinneadh ó chúirt. Is éard is bonn le bunú na Státchabhrach ná measúnú nach dtagann faoi dhlínse cúirte.

77      Ba cheart a lua freisin go bhfuil cur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair bunaithe ar oibleagáid maidir le comhar dílis idir, ar thaobh amháin, cúirteanna náisiúnta agus, ar an taobh eile, an Coimisiún agus Cúirteanna an Aontais Eorpaigh, ina ngníomhaíonn gach ceann acu i gcomhréir leis an ról a shanntar dó leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhthéacs an chomhair sin, ní mór do na cúirteanna náisiúnta gach beart iomchuí a glacadh, cibé acu ginearálta nó sonrach a bheadh, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais agus staonadh ó na bearta sin a glacadh a d’fhéadfadh go gcuirfí baint amach chuspóirí an Chonartha a chur i mbaol leo, mar a leanann ó Airteagal 4(3) CAE (breithiúnas an 21 Samhain 2013, Deutsche Lufthansa, 284/12, AE:C:2013:755, mír 41).

78      Dá bhrí sin, má bhunaítear, leis an reachtaíocht náisiúnta ábhartha, buntáiste i bhfabhar táirgeoirí leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in athnuaite a aicmeofar mar Státchabhair, ní féidir breathnú ar na suimeanna a tugadh do na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí sna cásanna inar tugadh na breithiúnais ón Administratīvā apgabaltiesa (an Chúirt Riaracháin Réigiúnach) amhail is Státchabhair ar leithligh ón mbuntáiste sin atá iontu.

79      Ní mór, mar sin, an ceathrú ceist a fhreagairt mar seo a leanas: ní mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 107(1) CFAE amhail nach mór, sa chás inar Státchabhair í reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear ceart faoin dlí chun íocaíochta méadaithe as leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh, breathnú ar chaingne le haghaidh theachtadh iomlán an chirt sin mar éilimh ar an íocaíocht den chuid den Státchabhair sin nach bhfuarthas, seachas éilimh ar dheonú Státchabhrach ar leithligh ón gcúirt a éisteann an cás.

 Maidir leis an gcúigiú ceist

80      Leis an gcúigiú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá léiriú a dheanamh ar Airteagal 107(1) CFAE amhail, sa chás ina ndéantar na héilimh sna príomhimeachtaí a mheas mar éilimh ar íocaíocht den chuid sin den Státchabhair nach bhfuarthas, ar cheart staid an mhargaidh leictreachais agus staid na reachtaíochta a bhí i bhfeidhm tráth a rinneadh an íocaíocht sin a chur san áireamh, lena n-áirítear na srianta ar róchúiteamh.

81      I gcomhréir le cásdlí socair, ní mór don cheist a tharchuirtear chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú a bheith bainteach le léiriú ar dhlí an Aontais a fhreagraíonn do riachtanas oibiachtúil i ndáil leis an gcinneadh nach mór don chúirt náisiúnta a ghlacadh (féach, chuige sin, ordú ó Uachtarán na Cúirte an 7 Meán Fómhair 2016, Velikova, C‑228/15, nár foilsíodh, EU:C:2016:641, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).

82      Ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann na himthosca dá dtagraítear sa chúigiú ceist, go bunúsach, leis an measúnú ar chomhoiriúnacht na mbeart atá i gceist sna príomhimeachtaí leis an margadh inmheánach, dá ndéanfaí na bearta sin a aicmiú mar Státchabhair. De réir cásdlí socair, tagann an measúnú ar chomhoiriúnacht na mbeart cabhrach nó na scéime cabhrach leis an margadh inmheánach faoi inniúlacht eisiach an Choimisiúin, faoi réir athbhreithniú ag Cúirteanna an Aontais Eorpaigh (breithiúnais an 23 Márta 2006, Enirisorse, C‑237/04, EU:C:2006:2006:197, mír 23, agus an 27 Eanáir 2022, Fondul Proprietatea, C‑179/20, EU:C:2022:58, mír 83 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá bharr sin, is léir nach mbeadh an cheist seo ina cabhair ar bith chun na díospóidí sna príomhimeachtaí a réiteach.

83      Leanann sé ón méid sin go bhfuil an cúigiú ceist do‑ghlactha.

 Maidir leis an séú agus an seachtú ceist

84      Leis an séú agus an seachtú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil baint ag an dá rud seo le léiriú Airteagal 107(1) CFAE: (i) gur bhain na stáisiúin chumhachta gaoithe seo, murab ionann agus stáisiúin hidrileictreach, tairbhe as cabhair iomlán cheana, (ii) nach dtugtar cúiteamh do gach aon táirgeoir hidrileictreach, ach cuid díobh.

85      Ba cheart a mheabhrú, maidir leis an ngá atá le léiriú ar dhlí an Aontais a bheadh úsáideach don chúirt náisiúnta, go gceanglaítear go ndéanfaidh an chúirt náisiúnta comhthéacs fíorasach agus reachtach na gceisteanna atá á gcur aici a shainiú nó, ar a laghad ar bith, míniú a thabhairt ar na himthosca fíorasacha a bhfuil na ceisteanna sin bunaithe orthu. I gcomhthéacs an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, níl sé de chumhacht ag an gCúirt rialú a thabhairt ar léiriú ar reachtaíocht an Aontais ar aon bhonn seachas na fíorais a chuireann an chúirt náisiúnta os a comhair (breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2017, Balgarskaenergiyna borsa, C-347/16, EU:C:2017:816, mír 56 agus an cásdlí dá dtagraítear).

86      De réir chásdlí na Cúirte, tá feidhm ag an gceanglas sin maidir le beachtas go háirithe i réimse na hiomaíochta, a bhfuil cásanna casta fíorasacha agus dlíthiúla mar shaintréith de (breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2017, Balgarska energiyna borsa, C-347/16, EU:C:2017:816, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).

87      Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfónann an fhaisnéis a sholáthraítear in orduithe tarchuir ní hamháin don Chúirt a chur ar a cumas freagraí úsáideacha a thabhairt ach, thairis sin, deis a thabhairt do rialtais na mBallstát agus do pháirtithe leasmhara eile barúlacha a thíolacadh go héifeachtach i gcomhréir le hAirteagal 23 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Leagtar amach go sainráite na ceanglais maidir le hábhar iarrataí ar réamhrialú in Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ar cheart go mbeadh an chúirt a rinne an tarchur eolach fúthu agus rí‑mheasúil ina leith, i gcomhthéacs an chomhair dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE (breithiúnais an 26 Deireadh Fómhair 2017, Balgarska energiyna borsa, C-347/16, EU:C:2017:816, míreanna 58 agus 59 agus an cásdlí dá dtagraítear).

88      Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon mhíniú san ordú tarchuir maidir leis na cúiseanna leis an gcúirt a rinne an tarchur a bheith ag fiosrú ábharthacht na n‑imthosca sin i gcomhthéacs léiriú ar Airteagal 107(1) CFAE. Níl ann mar thacaíocht san ordú tarchuir ach na cúinsí a luaitear i mír 84 den bhreithiúnas seo.

89      Sa chomhthéacs seo, ní mór a dhearbhú go bhfuil an séú agus an seachtú ceist do‑ghlactha.

 Maidir leis an ochtú ceist

90      Leis an ochtú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear léiriú a dhéanamh ar Rialachán Uimh. 1407/2013, go háirithe Airteagal 5(2) de, sa chaoi go bhfuil a chuid forálacha maidir le cabhair de minimis infheidhme maidir leis an gcabhair atá i gceist sna príomhimeachtaí, a mhéid nach dtéann méid na cabhrach sin thar an tairseach de minimis a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán sin.

91      Cé, mar a mheabhraítear i mír 82 den bhreithiúnas seo, nach bhfuil dlínse ag cúirteanna náisiúnta breith a thabhairt i leith chomhoiriúnacht na Státchabhrach leis an margadh inmheánach, féadfar imeachtaí a thabhairt os a gcomhair lena gceanglaítear orthu an coincheap “cabhair” de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE a léiriú agus a chur i bhfeidhm, go háirithe chun a chinneadh ar cheart go mbeadh beart Stáit, a tugadh isteach gan aird a thabhairt ar an nós imeachta um grinnscrúdú roimh ré dá bhforáiltear in Airteagal 108(3) CFAE, faoina réir (breithiúnais an 18 Iúil 2007, Lucchini, C-119/05, EU:C:2007:434, mír 50, agus an 26 Deireadh Fómhair 2016, DEI agus an Coimisiún v Alouminion tis Ellados, C-590/14 P, EU:C:2016:797, mír 98). Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar chúirt náisiúnta a mheas an dtagann Státchabhair laistigh den chóras maolaithe de minimis, nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide fógra a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 108(3).

92      Sa chás seo, cuireann an chúirt a rinne an tarchur ceist maidir le hinfheidhmeacht Rialachán Uimh. 1407/2013 maidir leis na díospóidí sna príomhimeachtaí de thoradh cé chomh beag is atá na suimeanna a dheonaigh an chúirt trialach do na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, eadhon EUR 3406.63 agus EUR 662.26 faoi seach. Mar sin féin, faoi Airteagal 5(2) den Rialachán sin, ní mór measúnú a dhéanamh ar an uasteorainn do chabhair de minimis i bhfianaise na cabhrach a deonaíodh cheana féin “le haghaidh na gcostas incháilithe céanna” nó le “beart cabhrach céanna um maoiniú riosca” arb ionann leis. Mar a luaitear i míreanna 63 agus 67 den bhreithiúnas seo, is éard atá i gceist leis na suimeanna arna ndeonú do na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí ná ceartú ar mhéid iomlán na suimeanna a fuarthas cheana, agus a raibh éilimh fós á ndéanamh acu ina leith, idir 2006 agus 2008 de bhun Airteagal 30(1) den Dlí maidir leis an margadh leictreachais. Dá bhrí sin, is i bhfianaise mhéid iomlán na suimeanna a fuarthas cheana agus na suimeanna atá fós á n-éileamh ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí ar an mbonn sin le linn na tréimhse tagartha, más Státchabhair atá iontu, a chaithfear measúnú a dhéanamh ar nádúr de minimis na cabhrach atá i gceist sna príomhimeachtaí.

93      Dá bhrí sin, ní mór an ochtú ceist le haghaidh réamhrialú a fhreagairt mar seo a leanas: ní mór léiriú a dhéanamh ar Rialachán Uimh. 1407/2013, go háirithe Airteagal 5(2) de, sa chaoi nach mór an cheist maidir le comhlíonadh na tairsí de minimis, a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán sin a mheas i bhfianaise mhéid na cabhrach a éilítear faoin reachtaíocht náisiúnta ábhartha i dteannta mhéid na n‑íocaíochtaí a fuarthas cheana le linn na tréimhse tagartha faoin reachtaíocht sin.

 Maidir leis an naoú agus an deichiú ceist

94      Leis an naoú agus an deichiú ceist, arb iomchuí iad a mheas le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear léiriú a dhéanamh ar Airteagal 1(b) agus (c) de Rialachán 2015/1589 sa chaoi nach mór, má dhearbhaítear gur Státchabhair atá i gceist leis na suimeanna á lorg ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, an chabhair sin a aicmiú mar chabhair “nua” nó mar chabhair “atá ann cheana” de réir bhrí na forála sin. Is mian leis an gcúirt a rinne an tarchur, go háirithe, a fháil amach an bhféadfaí na suimeanna sin a mheas mar “chabhair atá ann cheana” de bhun Airteagal 1(b)(iv) de Rialachán 2015/1589.

95      Mar a luaitear i míreanna 62 agus 63 den bhreithiúnas seo, is éard atá i gceist leis na suimeanna arna n-éileamh ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí ná cuid den bhuntáiste ó thaobh praghais a measann siad a bheith iníoctha leo ina gcáil mar tháirgeoirí leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite faoi reachtaíocht na Laitvia a bhí i bhfeidhm idir 2006 agus 2008. Dá bhrí sin, is ionann nádúr na suimeanna sin agus an buntáiste ó thaobh praghais.

96      Sin é an fáth go mbraitheann ceist amháin, eadhon an gcaithfear na suimeanna atá i gceist sna príomhimeachtaí a aicmiú mar “chabhair nua” nó “cabhair atá ann cheana”, ar cheist eile, eadhon cé acu den dá aicmiú sin is ceart a thabhairt ar an mbuntáiste ó thaobh praghais, lena mbaineann na suimeanna sin, más rud é gur ceart an buntáiste céanna a aicmiú mar “Státchabhair”.

97      Maidir leis an gceist faoi aicmiú dlíthiúil fhíorais na díospóide sna príomhimeachtaí, a thagann faoi dhlínse eisiach na cúirte a rinne an tarchur, ba cheart a mheabhrú gur faoin gCúirt atá sé treoir a thabhairt don chúirt sin maidir le léiriú ar fhorálacha dhlí an Aontais, ar forálacha iad a mbeidh ar an gcúirt sin iad a chur i bhfeidhm.

98      In Airteagal 1(c) de Rialachán 2015/1589 déantar “cabhair nua” de réir Airteagal 1(c) den Rialachán sin a shainmhíniú mar seo a leanas: “aon chabhair, is é sin le rá, scéimeanna cabhrach nó cabhair aonair, nach cabhair í a bhí ann cheana, lena n-áirítear athruithe ar chabhair a bhí ann cheana”. Mar sin, chun a dhearbhú gur “cabhair nua” atá sa Státchabhair, ní mór go gcruthófaí nach “cabhair atá ann cheana” atá inti, de réir bhrí Airteagal 1(b) de Rialachán 2015/1589, lena ndéantar idirdhealú idir catagóirí éagsúla cabhrach atá ann cheana.

99      Ar an gcéad dul síos, in Airteagal 1(b)(i) de Rialachán 2015/1589, déantar na rudaí seo a leanas a aicmiú mar “cabhair atá ann cheana”: “scéimeanna cabhrach agus cabhair aonair a cuireadh i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm [CFAE], agus atá fós i bhfeidhm ina dhiaidh sin, sna Ballstáit faoi seach”.

100    I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú gur cuireadh síneadh ama, le hAirteagal 30(1) den Dlí maidir le margadh an leictreachais, leis an mbuntáiste ó thaobh praghais i bhfabhar táirgeoirí hidreachumhachta a bunaíodh in Airteagal 40(1) den Dlí maidir le fuinneamh roimh aontachas Phoblacht na Laitvia leis an Aontas Eorpach.

101    Mar sin féin, agus mar is léir ó fhoclaíocht Airteagal 1(b)(i) de Rialachán 2015/1589, tá an fhoráil sin infheidhme “gan dochar […]don fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn IV den [Ionstraim Aontachais]”. Sonraítear i bpointe 3(1)(2) d’Iarscríbhinn IV go measfar na bearta go léir atá fós infheidhme tar éis dháta an aontachais, agus ar cabhair phoiblí iad, a bheith mar chabhair nua mura mbeidh siad curtha chun feidhme roimh an 10 Nollaig 1994, nó foráil déanta dóibh san fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn IV dá dtagraítear thuas, nó fógra curtha chuig an gCoimisiún ina leith gan agóid a bheith déanta ag an gCoimisiún ar an bhforas go raibh amhras tromchúiseach ann an raibh an beart ag luí leis an margadh inmheánach.

102    Sa chás seo, níl ann do thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha san Fhoscríbhinn le hIarscríbhinn IV den Ionstraim Aontachais agus ní léir ón iarraidh ar réamhrialú go raibh sí curtha i bhfeidhm roimh an 10 Nollaig 1994 ná gur cuireadh fógra maidir le scéim cabhrach chuig an gCoimisiún ina leith.

103    Sa chomhthéacs sin, ní féidir an buntáiste ó thaobh praghais a tugadh isteach leis an Dlí maidir le fuinneamh agus ar cuireadh síneadh leis leis an Dlí maidir leis an margeadh leictreachais, a aicmiú, más Státchabhair atá ann, mar “cabhair atá ann cheana” de réir bhrí Airteagal 1(b)(i) de Rialachán 2015/1589. Is ar an gcúirt a rinne an tarchur atá an dualgas an méid sin a fhíorú, áfach.

104    Sa dara háit, in Airteagal 1(b)(ii) agus (iii) de Rialachán 2015/1589, déantar na rudaí seo a leanas a aicmiú mar “cabhair atá ann cheana”: “cabhair údaraithe, is é sin le rá, scéimeanna cabhrach agus cabhair aonair atá údaraithe ag an gCoimisiún nó ag an gComhairle” nó “a mheastar a bheith údaraithe” ag an gCoimisiún. Is léir ón iarraidh ar réamhrialú nach raibh an buntáiste ó thaobh praghais atá faoi cheist sna príomhimeachtaí údaraithe ag an gComhairle ná ag an gCoimisiún agus nach féidir a mheas go raibh sé údaraithe ag an gCoimisiún, ós rud é nár tugadh fógra dó ina leith. Dá bhrí sin, dá ndéanfaí an buntáiste sin a aicmiú mar Státchabhair, ní féidir a mheas gur “cabhair atá ann cheana” í de réir bhrí Airteagal 1(b)(ii) agus (iii) de Rialachán 2015/1589. Is ar an gcúirt a rinne an tarchur atá an dualgas an méid sin a fhíorú, áfach.

105    Sa tríú háit, rud eile is Státchabhair ann, de réir Airteagal 1(b)(iv) de Rialachán 2015/1589, ná “cabhair a mheastar gur cabhair atá ann cheana í de bhun Airteagal 17 de Rialachán 2015/1589”.

106    Foráiltear le hAirteagal 17(1) de Rialachán 2015/1589 go mbeidh cumhachtaí an Choimisiúin cabhair neamhdhleathach a aisghabháil faoi réir tréimhse theorann 10 mbliana. De réir mhír 2 den Airteagal sin, tosaíonn an tréimhse theorann ar an lá a dheonófar an chabhair neamhdhleathach don tairbhí, mar chabhair aonair nó mar chuid de scéim cabhrach, agus cuirfear isteach ar an tréimhse theorann le beart ar bith a dhéanann an Coimisiún nó Ballstát i ndáil leis an gcabhair neamhdhleathach, ag gníomhú dó arna iarraidh sin ag an gCoimisiún. Thairis sin, faoi mhír 3 den Airteagal sin, déanfar aon chabhair a bhfuil an tréimhse theorann sin imithe in éag ina leith a aicmiú mar chabhair atá ann cheana (breithiúnas an 26 Aibreán 2018, ANGED, C-233/16, EU:C:2018:280, mír 79).

107    Chun a dhearbhú an féidir na suimeanna arna n-éileamh ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí a aicmiú mar “cabhair atá ann cheana” de réir bhrí Airteagal 1(b)(iv) de Rialachán 2015/1589, fiafraíonn an Chúirt a rinne an tarchur, leis an deichiú ceist, cé acu is ceart a bheith mar thúsphointe na tréimhse theorann a leagtar síos in Airteagal 17(1) de Rialachán 2015/1589: an dáta a tugadh isteach an buntáiste ó thaobh praghais a bhféachann na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí lena dtairbhe a bhaint as, nó an dáta a rinneadh an íocaíocht dóibh ina leith.

108    I ndáil leis sin, agus ag féachaint d’Airteagal 17(2) den Rialachán sin, chun an dáta a thosaíonn an tréimhse theorann deich mbliana a shocrú, déantar tagairt san fhoráil sin don dáta ar deonaíodh an chabhair don tairbhí seachas an dáta ar glacadh scéim cabhrach (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Nollaig 2011, France Télécom v an Coimisiún, C-81/10 P, EU:C:2011:811, mír 81).

109    Thairis sin, chun an tréimhse theorann sin a ríomh, ní mór a mheas gur tugadh an chabhair ábhartha don tairbhí ar an dáta deonaíodh don tairbhí go hiarbhír, seachas dáta ar bith eile (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Nollaig 2011, France Télécom v an Coimisiún, C‑81/10 P, EU:C:2011:811, mír 82).

110    Is é is cuspóir le hAirteagal 17 de Rialachán 2015/1589 ná ríomh tréimhse inar féidir leis an gCoimisiún cabhair a aisghabháil, ar cabhair a íocadh go neamhdhleathach. Dá bhrí sin, ní féidir túsphointe na tréimhse sin a shocrú ag dáta níos luaithe ná an dáta ar íocadh an chabhair neamhdhleathach.

111    Sa chás seo, mar atá sonraithe i mír 67 den bhreithiúnas seo, is éard atá sna suimeanna arna n-éileamh ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí ná cuid den bhuntáiste ó thaobh praghais a mheasann siad a bheith iníoctha leo faoi reachtaíocht na Laitvia a bhí i bhfeidhm idir 2006 agus 2008 agus nár íocadh leo ag an am céanna leis an gcuid eile den bhuntáiste sin. Fad nár íocadh na suimeanna iarbhír sin, leanann sé ón mír roimhe seo nár cuireadh tús leis an tréimhse theorann a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán 2015/1589. Is fíor gur rialaigh an Administratīvā apgabaltiesa (an Chúirt Riaracháin Réigiúnach) i bhfabhar éilimh na n-iarratasóirí sna príomhimeachtaí: EUR 3 406.63 agus EUR 662.26 faoi seach. Mar sin féin, agus mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 87 dá Thuairim, foráladh leis na breithiúnais ón gcúirt sin go gcuirfí ar fionraí iad dtí go dtabharfaí fógra faoin gcabhair atá i gceist agus go dtí go dtabharfaí gcinneadh ón gCoimisiún ina leith. Dá bhrí sin, ní dhearnadh an chabhair, is é sin le rá íocaíocht na suimeanna, a dheonú fós, agus níor cuireadh tús leis an tréimhse theorann dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) de Rialachán 2015/1589 agus níl sí imithe in éag ach an oiread.

112    Dá bhrí sin, níl na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 1(b)(iv) de Rialachán 2015/1589 comhlíonta, agus, mar sin, ní féidir na suimeanna sna príomhimeachtaí, más gá iad a aicmiú mar bhearta cabhrach, a aicmiú mar “cabhair atá ann cheana”, de réir bhrí na forála sin.

113    Sa cheathrú háit, is éard atá i gceist le “cabhair atá ann cheana” de réir bhrí Airteagal 1(b)(v) de Rialachán 2015/1589 ná cabhair a mheastar a bheith amhlaidh “toisc gur féidir a chruthú nár chabhair í an tráth ar cuireadh i bhfeidhm í agus gur chabhair í ina dhiaidh sin i ngeall ar éabhlóid sa mhargadh inmheánach agus gan aon athrú a bheith déanta uirthi ag an mBallstát”. Sonraítear leis an bhforáil sin: “I gcás ina ndéantar cabhair de bhearta áirithe tar éis gníomhaíocht a léirscaoileadh le dlí an Aontais, ní dhéantar na bearta sin a mheas mar chabhair atá ann cheana tar éis an dáta a shocraítear don léirscaoileadh”.

114    Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil trácht san iarraidh ar réamhrialú don chás gurb i dtaca le héabhlóid an mhargaidh inmheánaigh a tháinig an beart i dtaca le leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite chun bheith ina Státchabhair. Ina theannta sin, agus mar is léir ó mhír 54 den bhreithiúnas seo, ní gá go mbeadh an margadh leictreachais léirscaoilte go hiomlán cheana féin ionas go ndéanfaí beart a aicmiú mar “Státchabhair”.

115    Ní mór a mheas, dá bhrí sin, nach “cabhair atá ann cheana” de réir bhrí Airteagal 1(b)(v) de Rialachán 2015/1589 atá sna suimeanna arna n‑éileamh ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, más Státchabhair féin atá i gceist leo.

116    I bhfianaise a bhfuil thuas, ní mór an naoú agus an deichiú ceist le haghaidh réamhrialú a fhreagairt mar seo: maidir le hAirteagal 1(b) agus (c) de Rialachán 2015/1589, ní mór léiriú a dhéanamh air amhail, i gcás nach dtagann Státchabhair faoi réim aon cheann de na catagóirí cabhrach atá ann cheana dá bhforáiltear in Airteagal 1(b) den Rialachán sin, nach mór an chabhair sin a aicmiú mar “cabhair nua” de réir bhrí Airteagal 1(c) den Rialachán, lena n‑áirítear an chuid sin den chabhair a bhfuil éileamh déanta ina leith ina dhiaidh.

 Maidir leis an aonú ceist déag

117    Leis an aonú ceist déag, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear léiriú a dhéanamh ar Airteagal 108(3) CFAE, Airteagal 2(1) agus Airteagal 3 de Rialachán 2015/1589 amhail is go bhféadfaidh an chúirt náisiúnta rialú i bhfabhar iarratas a bhfuil mar chuspóir aige suim a íoc arb ionann í agus cabhair nua nár tugadh fógra don Choimisiún ina leith ar an gcoinníoll go dtugann na húdaráis náisiúnta lena mbaineann fógra i leith na cabhrach sin don Choimisiún roimh ré agus go n‑aontaíonn an Coimisiún leis sin, nó go meastar go n-aontaíonn.

118    Tá an cheist sin ceaptha leis an gcúirt a rinne an tarchur a chumasú chun measúnú a dhéanamh an bhfuil na breithiúnais ón Administratīvā apgabaltiesa (an Chúirt Riaracháin Réigiúnach), atá faoi achomharc faoi láthair, i gcomhréir le forálacha dhlí an Aontais dá dtagraítear sa mhír roimhe seo. Mar a luaitear i mír 28 den bhreithiúnas seo, sna breithiúnais sin, dheonaigh an chúirt sin iarratais DOBELES HES agus GM go páirteach agus d’ordaigh sí don údarás rialála EUR 3 406.63 agus EUR 662.26 faoi seach a íoc leo, ar choinníoll go nglacfaidh an Coimisiún cinneadh lena n-údaraítear an chabhair sin, go nó meastar gur ghlac sé an cinneadh sin.

119    Is léir ó chásdlí na Cúirte go bhfuil oibleagáid i gceist leis an gcúram a leagtar ar na cúirteanna náisiúnta faoi dhlí an Aontais mar chuid de chur i bhfeidhm an chórais maoirseachta um Státchabhair, i gcás ina gcinneann na cúirteanna sin gur chóir fógra a bheith tugtha don Choimisiún maidir le beart, eadhon oibleagáid chun a chinntiú gur chomhlíon an Ballstát lena mbaineann an oibleagáid sin, agus murab amhlaidh an cás, a dhearbhú go bhfuil an beart sin neamhdhleathach (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Márta 2015, OTP Bank, C-672/13, EU:C:2015:185, mír 69).

120    Is faoi na cúirteanna náisiúnta atá sé na hiarmhairtí go léir a bhaint as sárú ar Airteagal(3) CFAE, de réir an dlí náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Márta 2015, OTP Bank (C-672/13, EU:C:2015:185, mír 69).

121    I gcás ina dtugtar iarratas os comhair na cúirte náisiúnta lena ndéantar éileamh ar chabhair neamhdhleathach a íoc, ar cabhair í nár tugadh fógra don Choimisiún ina leith, ní mór don chúirt sin diúltú don iarratas, i bprionsabal, mar thoradh ar an gcúram a leagtar faoi dhlí an Aontais ar chúirteanna náisiúnta maidir le maoirseacht a dhéanamh ar Státchabhair.

122    Mar sin féin, maidir le cinneadh ón gcúirt náisiúnta lena n-ordaítear don chosantóir an chabhair atá i gceist a íoc, ach ar choinníoll go dtabharfaidh na húdaráis náisiúnta lena mbaineann fógra ina leith don Choimisiún a luaithe is féidir agus go n-aontóidh sé leis an gcabhair sin, nó go measfar go n-aontóidh sé léi, is dócha go ndéanfaí, leis an gcinneadh sin, íocaíocht cabhrach nua de shárú ar Airteagal 108(3) CFAE, Airteagal 2(1) agus Airteagal 3 de Rialachán 2015/1589 a chosc.

123    Mar sin, maidir le hAirteagal 108(3) CFAE agus Airteagal 2(1) agus Airteagal 3 de Rialachán 2015/1589, ní mór léiriú a dhéanamh orthu mar seo: féadfaidh an chúirt náisiúnta iarratas a dheonú ar íocaíocht suime arb éard atá inti ná cabhair nua nár tugadh fógra don Choimisiún ina leith, ar an gcoinníoll go dtugann na húdaráis náisiúnta lena mbaineann fógra i leith na cabhrach sin don Choimisiún roimh ré agus go n‑aontaíonn an Coimisiún leis sin, nó go meastar go n-aontaíonn.

 Maidir leis an dara ceist déag arna tarchur

124    Leis an dara ceist déag, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear léiriú a dhéanamh ar Airteagal 107(1) CFAE amhail is go bhfuil sé ábhartha, chun a chinneadh an “Státchabhair” de réir bhrí na forála sin atá sna suimeanna, a ndéantar éileamh ina leith ó údarás poiblí ar leithligh ón údarás a bhfuil sé de cheangal air, i bprionsabal, iad a íoc de bhun na reachtaíochta náisiúnta lena mbaineann agus a bhfuil buiséad aige atá ceaptha chun feidhmiú an údaráis féin a áirithiú, seachas aon rud eile.

125    Leanann sé ó Airteagal 107(1) CFAE go mbraitheann an cinneadh i ndáil le Státchabhair a bheith ann ar chistí an Stáit a bheith mar bhunús na gcistí ar tógadh na suimeanna astu, seachas ar an ngnóthas a bhfuil de fhreagracht air an Státchabhair a íoc. Go sonrach, níl sé ábhartha an duine príobháideach nó poiblí, nó duine a bhfuil stádas uathrialach ó thaobh dlí aige, an duine a cheaptar an buntáiste atá i gceist a dháileadh faoin dlí náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Samhain 2017, an Coimisiún v TV2/Danmark (C-656/15 P, EU:C:2017:836, míreanna 44 agus 45).

126    Dá bhrí sin, más ar údarás ar leithligh a dhéantar éileamh ar chuid de bhuntáiste atá le haicmiú mar Státchabhair, ar buntáiste nach bhfuil íoctha ag an gcomhlacht atá, i bprionsabal, freagrach as é sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ní dhéanfaí difear don aicmiú mar gheall air sin.

127    Ina dhiaidh sin, ní mór an dara ceist déag a fhreagairt mar seo: ní mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 107(1) CFAE amhail nach bhfuil sé ábhartha, chun a chinneadh an “Státchabhair” de réir bhrí na forála sin atá i suimeanna, a ndéantar éileamh ina leith ó údarás poiblí ar leithligh ón údarás a bhfuil sé de cheangal air, i bprionsabal, iad a íoc de bhun na reachtaíochta náisiúnta lena mbaineann agus a bhfuil buiséad aige atá ceaptha díreach chun feidhmiú an údaráis féin a áirithiú, seachas aon rud eile.

 Ar an tríú cheist déag arna tarchur

128    Faoin tríú ceist déag, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an féidir le Treoir 2002/20 bac a chur ar “chúiteamh fhéideartha” do na hiarratasóirí ón údarás rialála.

129    Ba cheart a thabhairt faoi deara, mar atá déanta i mír 100 de Thuairim an Abhcóide Ghinearálta, nach bhfuil an Treoir sin, a bhaineann leis an margadh don chumarsáid leictreonach, infheidhme i leith na hearnála leictreachais.

130    Is léir ina dhiaidh sin nach mbeadh an tríú ceist déag seo ina cabhair ar bith chun na díospóidí sna príomhimeachtaí a réiteach agus, mar sin, de réir an chásdlí dá ndéantar tagairt i mír 47 den bhreithiúnas seo, go bhfuil sí do-ghlactha.

 Costais

131    Ós rud é, a mhéid a mbaineann leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas na páirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir le hAirteagal 107(1) CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas: tá idirghabháil “trí bhíthin acmhainní Stáit”, de réir bhrí na forála sin, i gceist le reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar an ngnóthas dáileacháin leictreachais údaraithe leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a cheannach ar phraghas níos airde ná praghas an mhargaidh agus lena sonraítear go ndéanfaí na costais bhreise a eascróidh as a mhaoiniú de bhíthin formhuirear éigeantach a níocfaidh na custaiméirí deiridh as.

2.      Maidir le hAirteagal 107(1) CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas: ní bheidh aicmiú buntáiste mar “Státchabhair”, dé réir bhrí na forála sin, faoi réir an choinníll nach mór go mbeadh an margadh lena mbaineann léirscaoilte go hiomlán cheana féin.

3.      Maidir le hAirteagal 107(1) CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas: amhail, i gcás inar bunaíodh Státchabhair sa reachtaíocht náisiúnta, is “Státchabhair” í freisin íocaíocht suime a ndéantar iarratas ina leith sa chúirt ar bhonn na rialacha sin, de réir bhrí na forála sin.

4.      Maidir le hAirteagal 107(1) CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas: ní mór, sa chás inar Státchabhair í reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear ceart faoin dlí chun íocaíochta méadaithe as leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh, breathnú ar chaingne le haghaidh theachtadh iomlán an chirt sin mar éilimh ar an íocaíocht den chuid den Státchabhair sin nach bhfuarthas, seachas éilimh ar dheonú Státchabhrach ar leithligh ón gcúirt a éisteann an cás.

5.      Maidir le Rialachán Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 CFAE ar chabhair de minimis, go háirithe Airteagal 5(2) de, ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas: ní mór an cheist maidir le comhlíonadh na tairsí de minimis, a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán sin a mheas i bhfianaise mhéid na cabhrach a éilítear faoin reachtaíocht náisiúnta ábhartha i dteannta mhéid na n-íocaíochtaí a fuarthas cheana le linn na tréimhse tagartha faoin reachtaíocht sin.

6.      Maidir le hAirteagal 1(b)(c) de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015, ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas: i gcás nach dtagann Státchabhair faoi réim aon cheann de na catagóirí cabhrach atá ann cheana dá bhforáiltear in Airteagal 1(b) den Rialachán sin, ní mór an chabhair sin a aicmiú mar “cabhair nua” de réir bhrí Airteagal 1(c) den Rialachán, lena náirítear an chuid sin den chabhair a bhfuil éileamh déanta ina leith ina dhiaidh.

7.      Maidir le hAirteagal 108(3) CFAE agus Airteagal 2(1) agus Airteagal 3 de Rialachán 2015/1589 an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 108 [CFAE] a chur i bhfeidhm, ní mór léiriú a dhéanamh orthu mar seo a leanas: féadfaidh an chúirt náisiúnta iarratas a dheonú ar íocaíocht suime arb éard atá inti ná cabhair nua nár tugadh fógra don Choimisiún ina leith, ar an gcoinníoll go dtugann na húdaráis náisiúnta lena mbaineann fógra i leith na cabhrach sin don Choimisiún roimh ré agus go naontaíonn an Coimisiún leis sin, nó go meastar go n-aontaíonn.

8.      Maidir le hAirteagal 107(1) CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas: níl sé ábhartha, chun a chinneadh an “Státchabhair” de réir bhrí na forála sin atá sna suimeanna, a ndéantar éileamh ina leith ó údarás poiblí ar leithligh ón údarás a bhfuil sé de cheangal air, i bprionsabal, iad a íoc de bhun na reachtaíochta náisiúnta lena mbaineann agus a bhfuil buiséad aige atá ceaptha chun feidhmiú an údaráis féin a áirithiú, seachas aon rud eile.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Laitvis.

Top