Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0411

    Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Lúnasa 1.
    S v Familienkasse Niedersachsen-Bremen der Bundesagentur für Arbeit.
    Tarchur chun réamhrialú — Saoránacht an Aontais Eorpaigh — Saorghluaiseacht Daoine — Cóir chomhionann — Treoir 2004/38/CE — Airteagal 24, míreanna 1 agus 2 — Sochair leasa shóisialaigh — Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 — Airteagal 4 — Sochair teaghlaigh — Eisiamh náisiúnaigh de chuid Ballstát eile nach bhfuil ag obair le haghaidh íocaíochta le linn na chéad trí mhí dá dtréimhse chónaithe sa Bhallstát óstaigh.
    Cás C-411/20.

    Court reports – general

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:602

     BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

    1 Lúnasa 2022 ( *1 )

    “Tarchur chun réamhrialú — Saoránacht an Aontais Eorpaigh — Saorghluaiseacht Daoine — Cóir chomhionann — Treoir 2004/38/CE — Airteagal 24, míreanna 1 agus 2 — Sochair leasa shóisialaigh — Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 — Airteagal 4 — Sochair teaghlaigh — Eisiamh náisiúnaigh de chuid Ballstát eile nach bhfuil ag obair le haghaidh íocaíochta le linn na chéad trí mhí dá dtréimhse chónaithe sa Bhallstát óstaigh”

    I gCás C-411/20,

    IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Finanzgericht Bremen (Cúirt Airgeadais Bremen, an Ghearmáin), trí chinneadh an 20 Lúnasa 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 2 Meán Fómhair 2020, in imeachtaí idir

    S

    agus

    Familienkasse Niedersachsen-Bremen der Bundesagentur für Arbeit,

    Tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

    Agus í comhdhéanta de K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe (Rapóirtéir), C. Lycourgos, E. Regan, N. Jääskinen agus I. Ziemele, Uachtaráin ar Dhlísheomra, M. Ilešič, F. Biltgen, P. G. Xuereb agus N. Wahl, Breithiúna,

    Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,

    Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

    ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

    tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha i scríbhinn arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

    Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus R. Kanitz, i gcáil Gníomhairí,

    Rialtas na Seice, ag J. Pavliš, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

    Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,

    an Coimisiún Eorpach, ag D. Martin agus B.-R. Killmann, i gcáil Gníomhairí,

    tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 16 Nollaig 2021,

    an Breithiúnas seo a leanas:

    Breithiúnas

    1

    Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú ar Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO 2004 L 166, lch. 1, agus ceartúchán IO 2004 L 200, lch. 1) agus ar Airteagal 24 de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus a mbaill teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO 2004, L 158, lch. 77, agus ceartúchán IO 2005, L 197, lch. 34).

    2

    Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí idir S, saoránach de chuid an Aontais ó Bhallstát seachas Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, agus Familienkasse Niedersachsen-Bremen der Bundesagentur für Arbeit (Ciste na Liúntas Teaghlaigh don tSacsain Íochtarach agus do Bremen, de chuid na Gníomhaireachta Fostaíochta Cónaidhme, an Ghearmáin, (“Ciste na Liúntas Teaghlaigh”)) maidir le diúltú an Chiste sin d’iarratas S ar liúntais teaghlaigh don tréimhse a fhreagraíonn do chéad trí mhí a cónaithe sa Ghearmáin.

    An dlí lena mbaineann

    Dlí an Aontais Eorpaigh

    Rialachán Uimh. 883/2004

    3

    Tá na sainmhínithe seo a leanas in Airteagal 1(j), (k) agus (z) de Rialachán Uimh. 883/2004 chun críocha an Rialacháin seo:

    “ j)

    ciallaíonn “áit chónaithe” an áit ina mbíonn cónaí ar an duine de ghnáth;

    k)

    ciallaíonn “fanacht” cónaí sealadach;

    [...]

    z)

    ciallaíonn “sochar teaghlaigh” gach sochar comhchineáil nó gach sochar in airgead tirim atá beartaithe chun costais teaghlaigh a íoc, gan airleacain i leith íocaíochtaí cothabhála agus liúntas speisialta breithe clainne nó uchtaithe a luaitear in Iarscríbhinn I a áireamh.”

    4

    Maidir le raon feidhme pearsanta an Rialacháin sin, luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 2(1) de:

    “Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le náisiúnaigh Ballstáit, daoine gan stát agus dídeanaithe atá ina gcónaí i mBallstát agus atá nó a bhí faoi réir reachtaíocht Ballstáit amháin nó níos mó, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí.”

    5

    Maidir le raon feidhme ábhartha an Rialacháin sin, foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 3(1) de:

    “Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an reachtaíocht ar fad a bhaineann leis na brainsí slándála sóisialta seo a leanas:

    [...]

    j) Na sochair teaghlaigh.”

    6

    Leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004, faoin gceannteideal “Cóir chomhionann”:

    “Mura bhforáiltear a mhalairt faoin Rialachán seo, na daoine a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, beidh na sochair chéanna acu agus na hoibleagáidí céanna orthu faoi reachtaíocht aon Bhallstát le náisiúnaigh an Bhallstáit sin.”

    7

    Foráiltear le hAirteagal 11 den Rialachán sin, sna téarmaí seo a leanas, na rialacha ginearálta maidir leis an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh:

    “1.   Beidh daoine a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo faoi réir reachtaíocht aon Stát amháin. Déanfar an reachtaíocht sin a chinneadh i gcomhréir leis an Teideal seo.

    [...]

    3.   Faoi réir Airteagail 12 go 16:

    a)

    beidh duine a ghabhann do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i mBallstát faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit sin;

    b)

    beidh státseirbhíseach faoi réir reachtaíocht an Stáit a bhfuil an riarachán atá á fhostú faoina réir;

    c)

    beidh duine a fhaigheann sochair dhífhostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 65 faoi reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit sin;

    d)

    beidh duine a ghlaofar nó a aisghlaofar chun seirbhíse sna fórsaí armtha nó le haghaidh seirbhíse sibhialta i mBallstát faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit sin;

    e)

    beidh aon duine eile nach bhfuil feidhm ag pointí a) go d) maidir leis faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe, gan dochar d’fhorálacha eile den Rialachán seo lena ráthaítear dóibh sochair faoi reachtaíocht Ballstáit amháin eile nó níos mó.

    [...]”

    Rialachán (CE) Uimh. 987/2009

    8

    Foráiltear le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (IO 2009, L 284, lch. 1) maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme:

    1.   I gcás ina mbeidh dearcthaí éagsúla ag institiúidí dhá Bhallstát nó níos mó maidir le háit chónaithe duine a chinneadh a bhfuil feidhm ag an mbun-Rialachán maidir leis, suífidh na hinstitiúidí sin de thoil a chéile lárionad leasa an duine lena mbaineann, bunaithe ar mheasúnú foriomlán ar an bhfaisnéis uile a bheidh ar fáil a bhfuil baint aici le fíorais ábhartha, a fhéadfaidh na nithe seo a leanas a áireamh, de réir mar is iomchuí:

    a)

    ré agus leanúnachas na láithreachta ar chríoch na mBallstát lena mbaineann;

    b)

    staid an duine, lena n-áirítear:

    i)

    nádúr agus coinníollacha aon ghníomhaíochta a dhéantar, go háirithe an áit ina ndéantar an ghníomhaíocht go hiondúil, cobhsaíocht na gníomhaíochta, agus ré aon chonartha oibre;

    ii)

    stádas a theaghlaigh agus a naisc teaghlaigh;

    iii)

    cleachtadh aon ghníomhaíochta nach bhfaigheann an duine íocaíocht aisti;

    iv)

    i gcás mac léinn, foinse a n-ioncaim;

    v)

    a staid tithíochta, go háirithe cé chomh buan is atá sí;

    vi)

    an Ballstát a meastar gurb ann atá cónaí ar an duine chun críocha cánach.

    2.   I gcás nach dtiocfaidh comhaontú idir na hinstitiúidí lena mbaineann as breithniú na gcritéar éagsúil bunaithe ar na fíricí ábhartha a leagtar amach i mír 1, an méid a chuir an duine in iúl a bheith ar intinn aige, faoi mar a dhealraíonn sé ó fhíricí agus ó imthosca den sórt sin, go háirithe na cúiseanna lenar tugadh ar an duine bogadh, measfar go mbeidh sé cinntitheach chun áit chónaithe iarbhír an duine sin a shuíomh.”

    Treoir 2004/38

    9

    Leagtar amach in Aithrisí 9, 10, 20 agus 21 de Threoir 2004/38:

    “(9)

    Ba cheart ceart cónaithe a bheith ag saoránaigh an Aontais sa Bhallstát óstach ar feadh tréimhse nach faide ná trí mhí gan a bheith faoi réir aon choinníollacha ná aon fhoirmiúlachtaí seachas an ceanglas cárta aitheantais nó pas bailí a bheith ina seilbh acu, gan dochar do chóir níos fabhraí is infheidhme maidir le cuardaitheoirí poist mar atá aitheanta i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais.

    (10)

    Mar sin féin, ba cheart nach mbeadh daoine a fheidhmíonn a gceart cónaithe ina n-ualach míréasúnta ar chóras cúnaimh shóisialta an Bhallstáit óstaigh le linn tréimhse cónaithe tosaigh. Dá bhrí sin, ba cheart ceart cónaithe shaoránaigh an Aontais agus a mbaill teaghlaigh ar feadh tréimhsí is faide ná trí mhí a bheith faoi réir coinníollacha áirithe.

    [...]

    (20)

    De bhua an toirmisc ar idirdhealú ar fhoras náisiúntachta, ba cheart do gach saoránach den Aontas agus a mbaill teaghlaigh atá ina gcónaí i mBallstát ar bhonn na Treorach seo cóir a fháil sa Bhallstát sin atá comhionann leis an gcóir a fhaigheann a náisiúnaigh féin i raon feidhme an Chonartha, faoi réir na bhforálacha sonracha a leagtar síos go sainráite sa Chonradh agus sa reachtaíocht thánaisteach.

    (21)

    Ba cheart, áfach, go bhfágfaí faoin mBallstát óstach a chinneadh an ndeonóidh sé cúnamh sóisialta le linn na chéad trí mhí cónaithe, nó ar feadh tréimhse níos faide i gcás cuardaitheoirí poist, do shaoránaigh an Aontais seachas iad siúd ar daoine fostaithe nó féinfhostaithe iad, a choinníonn an stádas sin, agus a mbaill teaghlaigh, nó cúnamh cothabhála do staidéar, lena n-áirítear gairmoiliúint, sula bhfaigheann siad ceart buanchónaithe, do na daoine céanna sin.”

    10

    Foráiltear le hAirteagal 6 den Treoir sin:

    “1.   Beidh ceart cónaithe ag saoránaigh an Aontais ar chríoch Ballstáit eile ar feadh tréimhse suas le trí mhí gan aon choinníollacha ná aon fhoirmiúlachtaí seachas an ceanglas cárta aitheantais nó pas bailí a bheith ina seilbh acu.

    2.   Beidh feidhm ag forálacha mhír 1 freisin maidir le baill teaghlaigh a bhfuil pas bailí ina seilbh acu nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, a thagann in éineacht le saoránach den Aontas nó a thagann anall ina dhiaidh.”

    11

    Tá foclaíocht Airteagal 14(1) den Treoir sin mar a leanas:

    “Beidh ceart cónaithe ag saoránaigh an Aontais agus a mbaill teaghlaigh dá bhforáiltear in Airteagal 6 fad nach mbeidh siad ina n-ualach míréasúnta ar chóras cúnaimh shóisialta an Bhallstáit óstaigh.”

    12

    De réir Airteagal 24 den Treoir chéanna:

    “1.   Faoi réir na bhforálacha sonracha a leagtar síos go sainráite sa Chonradh agus sa reachtaíocht thánaisteach, i gcás gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air ar bhonn na Treorach seo i gcríoch an Bhallstáit óstaigh, gheobhaidh sé an chóir chéanna agus atá ag náisiúnaigh an Bhallstáit sin faoi chuimsiú an Chonartha. Cuimsíonn an ceart sin baill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad agus a bhfuil an ceart cónaithe nó an ceart buanchónaithe acu.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an mBallstát óstach teidlíocht a thabhairt chun cúnaimh shóisialta le linn na chéad trí mhí cónaithe nó, i gcás inarb iomchuí, le linn na tréimhse is faide dá bhforáiltear in Airteagal 14(4)(b) ná ní bheidh sé d’oibleagáid air, sula bhfaighidh duine an ceart buanchónaithe, cúnamh cothabhála a dheonú le haghaidh staidéir, lena n-áirítear gairmoiliúint, i bhfoirm deontas do mhic léinn nó iasachtaí do mhic léinn, do dhaoine seachas oibrithe, daoine féinfhostaithe, daoine a bhfuil an stádas sin coimeádta acu nó a mbaill teaghlaigh.”

    Dlí na Gearmáine

    13

    Tá foclaíocht Airteagal 62 den Einkommensteuergesetz (acht cánach ioncaim, arna fhoilsiú an 8 Deireadh Fómhair 2009 (BGBI. 2009 I, lch. 3366), arna leasú ag an Gesetz gegen illegale Beschäftigung und Sozialleistungsmissbrauch (acht um fhostaíocht neamhdhleathach agus mí-úsáid sochair shóisialta, BGBl. 2019 I, lch. 1066) agus a tháinig i bhfeidhm an 18 Iúil 2019 (“EStG”), mar a leanas:

    “(1)   1I gcás leanaí de réir bhrí Airteagal 63, beidh teidlíocht chun liúntais teaghlaigh faoin dlí seo ag aon duine

    1. a bhfuil a sheoladh buan nó a ghnátháit chónaithe sa chríoch náisiúnta

    [...]

    2Chun a bheith incháilithe do liúntas teaghlaigh faoi mhír 1, ní mór an duine atá i dteideal an liúntais sin a shainaithint tríd an uimhir aitheantais atá sannta dó [...]. 3Tá éifeacht chúlghabhálach ag leithdháileadh na huimhreach aitheantais ina dhiaidh sin ar na míonna ina gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad abairt.

    (1a)   1Má shuíonn náisiúnach de Bhallstát eile den Aontas Eorpach nó de stát lena mbaineann an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a áit shainchónaithe nó a ghnátháit chónaithe sa chríoch náisiúnta, ní fhéadfaidh sé liúntais teaghlaigh a éileamh ar feadh na chéad trí mhí tar éis dó a áit shainchónaithe nó a ghnátháit chónaithe a shuí. 2 Ní bheidh feidhm ag an riail seo má chruthaíonn sé go bhfaigheann sé ioncam náisiúnta de réir bhrí uimhreacha 1 go 4 den chéad abairt d’Airteagal 2(1), cé is moite den ioncam dá dtagraítear in uimhir 2 den chéad abairt d’Airteagal 19(1).3 Tar éis don tréimhse dá dtagraítear sa chéad abairt dul in éag, beidh sé i dteideal liúntais teaghlaigh, ach amháin mura bhfuil na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 2(2) nó 2(3), de [Gesetz über die allgemeine Freizügigkeit von Unionsbürgern (dlí maidir le saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais)] á gcomhlíonadh, nó mura gcomhlíontar ach na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(1a) den dlí maidir le saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais gan d’aon cheann de na coinníollacha eile dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den dlí maidir le saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais a bheith comhlíonta roimhe sin. 4 Is faoi lánrogha Chiste na Liúntas Teaghlaigh [...] amháin a dhéanfar an scrúdú chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha incháilitheachta le haghaidh liúntais teaghlaigh á gcomhlíonadh i gcomhréir leis an dara habairt [...]. 5I gcás den sórt sin, nuair a dhiúltaíonn Ciste na Liúntas Teaghlaigh iarratas ar liúntas teaghlaigh, ní mór dó a chinneadh a chur in iúl don údarás inimirce is inniúil. 6I gcás gur trí úsáid a bhaint as doiciméid falsaithe nó athraithe, nó trí mheabhlaireacht, a thug an t-iarratasóir chun a chreidiúint go raibh na coinníollacha is gá chun liúntas teaghlaigh a éileamh comhlíonta aige, cuirfidh Ciste na Liúntas Teaghlaigh an t-údarás inimirce is inniúil ar an eolas faoi gan mhoill.”

    Na príomhimeachtaí agus an cheist arna tarchur chun réamhrialú

    14

    Is í S, an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí, máthair triúr leanaí a rugadh in 2003, 2005 agus 2010 faoi seach. Is é V, a chéile, athair na leanaí sin. Is náisiúnaigh de Bhallstát seachas Poblacht Chónaidhme na Gearmáine iad na tuismitheoirí sin agus a leanaí.

    15

    I mí na Bealtaine 2015, d’iarr S, den chéad uair, liúntais teaghlaigh dá triúr leanaí ar Chiste na Liúntas Teaghlaigh. Ghéill an comhlacht sin don iarratas sin trí chinneadh an 13 Bealtaine 2015 agus thosaigh sé ag íoc na liúntas léi ar bhonn rialta, go dtí an 3 Meitheamh 2016. Ar an dáta sin, chinn an comhlacht sin a chinneadh an 13 Bealtaine 2015 a tharraingt siar, scor de na liúntais sin a íoc le S ó Bhealtaine 2016 agus na liúntais teaghlaigh a íocadh le mí anuas a éileamh ar ais. Rinneadh an cinneadh seo tar éis don údarás clárúcháin S agus a triúr leanaí a bhaint go huathoibríoch óna seoladh in Bremerhaven (an Ghearmáin), ar an bhforas go raibh a gcuid cóiríochta folamh.

    16

    I mí na Nollag 2017, rinne S iarratas ar liúntas teaghlaigh do bheirt dá triúr leanaí leis an Familienkasse Nordrhein-Westfalen Nord (Ciste Liúntas Teaghlaigh do thuaisceart Nordrhein-Westfalen, an Ghearmáin), ag léiriú seoladh in Herne (an Ghearmáin). Mar sin féin, cuireadh litreacha a sheol an comhlacht sin chuig an seoladh lena mbaineann a tugadh ar ais chuige, leis na focail “seolaí anaithnid” orthu. Le cinneadh an 1 Lúnasa 2018, dhiúltaigh an comhlacht sin d’iarratas S ar an bhforas nach raibh sainchónaí ná gnáthchónaí uirthi sa Ghearmáin.

    17

    Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2019, rinne S iarratas nua chuig Ciste na Liúntas Teaghlaigh ar liúntais teaghlaigh dá triúr leanaí, don tréimhse ón 1 Lúnasa 2019.

    18

    Le cinneadh an 27 Nollaig 2019, dhiúltaigh Ciste na Liúntas Teaghlaigh don iarratas sin. Chinn an comhlacht sin go raibh cónaí ar S, V agus a leanaí sa Ghearmáin ón 19 Lúnasa 2019 i leith, agus an dáta sin ag luí lena dteacht isteach ar chríoch an Bhallstáit sin óna mBallstát tionscnaimh agus lena suiteáil in árasán in Bremerhaven (an Ghearmáin). Mheas an comhlacht sin, áfach, nach bhfuair S ioncam náisiúnta le linn na chéad trí mhí tar éis bhunú a chónaithe sa Ghearmáin. Chinn an comhlacht sin, dá bhrí sin, nár chomhlíon sí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 62(1a) de EStG chun bheith i dteideal liúntas teaghlaigh i ndáil leis an tréimhse sin.

    19

    Le cinneadh an 6 Aibreán 2020, dhiúltaigh Oifig na Liúntas Teaghlaigh do ghearán S in aghaidh a chinnidh an 27 Nollaig 2019, rud lenar daingníodh an cinneadh sin. Mheas sí nach raibh fostaíocht shochrach S ann agus go raibh V ag gabháil do ghníomhaíocht dhiomaibhseach i rith na tréimhse ón 5 Samhain 2019 go dtí an 12 Nollaig 2019.

    20

    Thug S caingean os comhair na cúirte a rinne an tarchur, an Finanzgericht Bremen (an Chúirt Airgeadais, Bremen, an Ghearmáin), ag iarraidh go gcuirfí ar neamhní an diúltú dá hiarratas ar liúntais teaghlaigh agus go n-ordófaí don Chiste Liúntas Teaghlaigh liúntais teaghlaigh a íoc do na míonna ó mhí Lúnasa go dtí mí Dheireadh Fómhair 2019.

    21

    De réir na cúirte a rinne an tarchur, sa chéad áit, tagann liúntais teaghlaigh sa Ghearmáin faoin gcoincheap “sochair teaghlaigh” de réir bhrí Airteagal 3(1)(j) de Rialachán Uimh. 883/2004, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(z) den Rialachán sin. Go deimhin, ní trí ranníocaíochtaí na dtairbhithe a mhaoinítear iad, ach trí chánacha. Deonaítear iad dóibh ar bhonn seasamh atá sainmhínithe go dleathach, beag beann ar aon cheanglas ioncaim agus gan aon mheasúnú aonair ná lánroghnach a dhéanamh ar riachtanais phearsanta na dtairbhithe. Tá sé i gceist go n-íocfar, leis na liúntais sin, as costais teaghlaigh.

    22

    Sa dara háit, tugann an chúirt sin faoi deara go ndéantar idirdhealú in Airteagal 62(1a) de EStG, a d’eascair as leasú reachtach i mí Iúil 2019, idir náisiúnach de chuid Ballstáit seachas Poblacht Chónaidhme na Gearmáine a bhunaíonn a áit shainchónaithe nó a áit ghnáthchónaithe sa Bhallstát deireanach sin agus náisiúnach Gearmánach a bhunaíonn a áit shainchónaithe nó a áit ghnáthchónaithe ann tar éis fanacht i mBallstát eile. Faoin bhforáil sin, diúltófaí do náisiúnach de chuid Ballstáit eile, ar nós S, teidlíocht ar liúntais teaghlaigh a fháil le linn na chéad trí mhí dá fhanacht mura gcuireann sé cruthúnas ar fáil go raibh sé fostaithe go sochrach sa Ghearmáin. I gcodarsnacht leis sin, bhainfeadh náisiúnach Gearmánach tairbhe as sin, ón gcéad trí mhí seo, fiú mura mbeadh sé ag gabháil do ghníomhaíocht den sórt sin.

    23

    I ndáil leis sin, deir an chúirt a rinne an tarchur gur mheas reachtóir na Gearmáine, sa dréacht-dlí lenar cuireadh mír 1a le hAirteagal 62 de EStG, mheas reachtóir na Gearmáine go raibh an difríocht sin sa chóir i gcomhréir le dlí an Aontais ar an bhforas go bhféadfaí insreabhadh náisiúnach ó Bhallstáit eile a sheachaint léi, rud a chuirfeadh ualach míréasúnta ar chóras árachais shóisialta na Gearmáine. Tá údar leis an difríocht sin sa chóir chomh maith i bhfianaise Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38, ós rud é go mbeadh an éifeacht chéanna ar airgeadas poiblí an Bhallstáit sin dá mbeadh liúntais teaghlaigh á n-íoc le náisiúnaigh de chuid Ballstáit seachas Poblacht Chónaidhme na Gearmáine nach bhfuil fostaithe go sochrach sa Bhallstát deireanach sin agus a bheadh dá mbeadh deonú sochar sóisialta á n-íoc do na náisiúnaigh sin. Mar sin féin, ní dhearna an reachtóir sin cur síos sainráite, sa dréacht-dlí sin, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004. Ar deireadh, trí thagairt a dhéanamh do bhreithiúnas an 14 Meitheamh 2016, an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe (C-308/14, EU:C:2016:436), thug reachtóir na Gearmáine údar leis an gcóir neamhionann sin leis an ngá le hairgeadas an Bhallstáit óstaigh a chosaint.

    24

    Sa tríú háit, deir an chúirt a rinne an tarchur go bpléitear, áfach, sa litríocht dhlíthiúil an bhfuil na liúntais teaghlaigh atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi chuimsiú an choincheapa “cúnamh sóisialta” de réir bhrí Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38. Dá bhrí sin, áitítear, go háirithe, nach faoin gcoincheap sin atá na liúntais teaghlaigh sin, ach gurb ionann iad, mar “shochair teaghlaigh” de réir bhrí Airteagal 3(1)(j) de Rialachán Uimh. 883/2004, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(z) de, agus sochair slándála sóisialta sa chiall is déine, ós rud é nach bhfuil a ndeonú faoi réir coinníollacha maidir le tástáil acmhainne. Is fíor, i gcás den sórt sin, i gcomhréir le Rialachán Uimh. 883/2004, go bhfuil Poblacht Chónaidhme na Gearmáine inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na coinníollacha chun sochair teaghlaigh a dheonú do náisiúnaigh ó Bhallstáit eile atá ina gcónaí sa Ghearmáin gan bheith ag gabháil do ghníomhaíocht shochrach ansin. Leagtar síos le hAirteagal 4 den Rialachán sin, áfach, oibleagáid maidir le cóir chomhionann, ar dá bhun a chaithfidh náisiúnaigh de Bhallstát eile a bheith faoi réir na gcoinníollacha céanna deontais agus atá i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh an Stáit sin. Níl aon fhoráil sa Rialachán sin lena gceadaítear difríocht sa chaoi a ndéileáiltear leis sa chás seo.

    25

    I ndeireadh na dála, braitheann réiteach na díospóide sna príomhimeachtaí, de réir na cúirte a rinne an tarchur, ar cibé an bhfuil cosc ar an idirdhealú díreach a bhunaítear le hAirteagal 62(1a) de EStG faoi Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004 nó an bhféadfadh údar a bheith leis de bhua an mhaolaithe ar phrionsabal na córa comhionainne in Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38.

    26

    Sna himthosca sin, chinn Finanzgericht Bremen (an Chúirt Airgeadais, Bremen) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais chun réamhrialú a fháil:

    “An gcaithfear Airteagal 24 de Threoir 2004/38 agus Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht Ballstáit faoina réir nach mbeidh náisiúnach de chuid Ballstáit eile a bhunaíonn a áit shainchónaithe nó a áit ghnáthchónaithe sa chríoch náisiúnta agus nach dtugann cruthúnas ar ioncam náisiúnta ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta nó foraoiseachta, ó ghníomhaíocht thionsclaíoch nó tráchtála, ó ghníomhaíocht ghairmiúil fhéinfhostaithe nó ó fhostaíocht shochrach, don chéad trí mhí tar éis bhunú na háite sainchónaithe nó gnáthchónaithe, in ann sochair teaghlaigh a éileamh de réir bhrí Airteagal 3(1)(j), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(z) de Rialachán Uimh. 883/2004, fad a mbeidh náisiúnach den Bhallstát lena mbaineann, atá sa staid chéanna, in ann sochair teaghlaigh a éileamh de réir Airteagal 3(1)(j), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(z) de Rialachán Uimh. 883/2004, gan ioncam náisiúnta ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta nó foraoiseachta, ó ghníomhaíocht thionsclaíoch nó tráchtála, ó ghníomhaíocht ghairmiúil fhéinfhostaithe nó ó fhostaíocht shochrach a chruthú.”

    An cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialaithe

    27

    Lena ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004 agus Airteagal 24 de Threoir 2004/38 a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn siad go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht Ballstáit faoina ndiúltaítear do shaoránach den Aontas ar náisiúnach de Bhallstát eile é agus a bhfuil gnáthchónaí air ar chríoch an chéad Bhallstáit agus atá neamhghníomhach go heacnamaíoch sa mhéid nach bhfuil sé fostaithe go sochrach sa Stát sin “sochair teaghlaigh” a fháil de bhun Airteagal 3(1)(j) de Rialachán Uimh. 883/2004, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(z) den Rialachán sin, le linn na chéad trí mhí dá fhanacht ar chríoch an Bhallstáit, fad atá náisiúnach den Bhallstát sin atá neamhghníomhach go heacnamaíoch i dteideal na sochar sin, lena n-áirítear sna chéad trí mhí tar éis dó filleadh ar an mBallstát céanna tar éis dó úsáid a bhaint, faoi dhlí an Aontais, as a cheart chun gluaiseacht agus cónaí i mBallstát eile.

    Barúlacha tosaigh

    28

    Ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, tá sé beartaithe go mbeidh stádas saoránach den Aontas ina bhunstádas ag náisiúnaigh na mBallstát, lena gceadaítear do na daoine sin atá sa staid chéanna, beag beann ar a náisiúntacht, agus gan dochar do na heisceachtaí dá bhforáiltear go sainráite ina leith sin, an chóir dhlíthiúil chéanna a fháil (féach, chuige sin, breithiúnais an 20 Meán Fómhair 2001, Grzelczyk, C-184/99, EU:C:2001:458, mír 31, agus an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C-709/20, EU:C:2021:602, mír 62).

    29

    Dá bhrí sin, féadfaidh aon saoránach den Aontas brath ar an toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais náisiúntachta a leagtar síos in Airteagal 18 CFAE, a sonraítear i bhforálacha eile CFAE, in Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004 agus in Airteagal 24 de Threoir 2004/38, i ngach cás a thagann faoi raon feidhme ratione materiae dhlí an Aontais. Áirítear leis na cásanna sin, inter alia, feidhmiú na saoirse chun gluaiseacht agus cónaí ar chríoch na mBallstát a thugtar le hAirteagal 21 CFAE, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha arna sainiú sna Conarthaí agus leis na bearta arna nglacadh dá mbun [féach, chuige sin, breithiúnais an 20 Meán Fómhair 2001, Grzelczyk, C-184/99, EU:C:2001:458, míreanna 32 agus 33; an 21 Feabhra 2013, N., C-46/12, EU:C:2013:97, mír 28, agus an 15 Iúil 2021, A. (Cúram sláinte poiblí), C-535/19, EU:C:2021:595, míreanna 40 agus 42].

    30

    Le Treoir 2004/38 leagtar síos na teorainneacha agus na coinníollacha sin. Rinneadh foráil sa Treoir sin do chóras céimseach maidir leis an gceart cónaithe sa Bhallstát óstach lena n-atáirgtear, go bunúsach, na céimeanna agus na coinníollacha a leagtar síos in ionstraimí éagsúla dhlí an Aontais agus sa chásdlí a bhí ann roimh an Treoir sin, as a dtagann an ceart buanchónaithe (breithiúnas an 21 Nollaig 2011, Ziolkowski agus Szeja, C-424/10 agus C-425/10, EU:C:2011:866, mír 38).

    31

    Maidir leis na céad trí mhí de chónaí sa Bhallstát óstach, arb iad sin na cinn amháin a chumhdaítear leis an gceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, foráiltear le hAirteagal 6(1) den Treoir sin go bhfuil sé de cheart ag saoránaigh an Aontais cónaí ar chríoch Ballstáit eile ar feadh tréimhse suas le trí mhí, gan choinníollacha ná foirmiúlachtaí eile seachas an ceanglas cárta aitheantais nó pas bailí a bheith ina seilbh acu. Suitear, in Airteagal 14(1) den Treoir sin, an ceart sin fad is nach dtiocfaidh an saoránach de chuid an Aontais agus a bhaill teaghlaigh chun bheith ina n-ualach míréasúnta ar chóras cúnaimh shóisialta an Bhallstáit óstaigh (féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Nollaig 2011, Ziolkowski agus Szeja, C-424/10 agus C-425/10, EU:C:2011:866, mír 39, agus an 25 Feabhra 2016, García-Nieto agus páirtithe eile, C-299/14, EU:C:2016:114, mír 42).

    32

    Dá bhrí sin, tá ceart cónaithe ag saoránach de chuid an Aontais, fiú má tá sé neamhghníomhach go heacnamaíoch, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(1) de Threoir 2004/38, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(1) de, ar feadh tréimhse trí mhí i mBallstát nach náisiúnach de é.

    33

    Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go raibh S, le linn na chéad trí mhí dá cónaí sa Ghearmáin, ina cónaí go dleathach faoi Airteagal 6(1) de Threoir 2004/38, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(1) de.

    34

    Ar an dara dul síos, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí le deonú liúntais teaghlaigh, ag an mBallstát óstach, de réir bhrí reachtaíocht an Bhallstáit sin. Chuige sin, ní mór a mheabhrú, maidir leis na sochair a dheonaítear go huathoibríoch do theaghlaigh a chomhlíonann critéir oibiachtúla áirithe a bhaineann go háirithe lena méid, lena n-ioncam agus lena n-acmhainní caipitil, gan aon mheasúnú aonair agus lánroghnach ar na riachtanais phearsanta, agus atá beartaithe le costais teaghlaigh a íoc, nach mór iad a mheas mar “shochair teaghlaigh” de réir bhrí Airteagal 3(1)(j) de Rialachán Uimh. 883/2004, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(z) den Rialachán sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Meitheamh 2016, an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe, C-308/14, EU:C:2016:436, mír 60, agus an 21 Meitheamh 2017, Martinez Silva, C-449/16, EU:C:2017:485, mír 22).

    35

    Is léir freisin ón iarraidh ar réamhrialú gurb amhlaidh atá i gcás na liúntas teaghlaigh atá i gceist sna príomhimeachtaí, ós rud é go ndeonaítear iad dá bhfaighteoirí ar bhonn seasaimh arna shainiú go dlíthiúil, atá neamhspleách ar a riachtanais phearsanta, agus nach bhfuil sé i gceist lena ndeonú a gcóir mhaireachtála a ráthú ach costais teaghlaigh a íoc.

    36

    Ina theannta sin, ní mór a mheabhrú go leagtar síos le hAirteagal 11(3)(e) de Rialachán Uimh. 883/2004 “riail choinbhleachta” atá ceaptha chun an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir le fáil na sochar slándála sóisialta a liostaítear in Airteagal 3(1) den Rialachán sin a chinneadh, lena n-áirítear sochair teaghlaigh, a bhféadfaidh gach duine seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 11(3)(a) go (d) den Rialachán sin, is é sin le rá, go háirithe daoine neamhghníomhacha go heacnamaíoch, a éileamh. Leanann sé ó chur i bhfeidhm na rialach seo go mbeidh na daoine deiridh sin, i bprionsabal, faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Meitheamh 2016, an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe, C-308/14, EU:C:2016:436, mír 63, agus an 15 Iúil 2021, A. (Cúram sláinte poiblí),C-535/19, EU:C:2021:595, mír 45). Faoi Airteagal 1(j) de Rialachán Uimh. 883/2004, ciallaíonn “áit chónaithe”, chun críocha chur i bhfeidhm an Rialacháin sin, an áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine lena mbaineann.

    37

    Sa chás seo, deir an chúirt a rinne an tarchur go raibh gnáthchónaí ar S agus ar a teaghlach sa Ghearmáin le linn na tréimhse trí mhí a bhí i gceist sna príomhimeachtaí. Is cosúil, dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil sé neamhghníomhach go heacnamaíoch, go dtagann S faoi raon feidhme reachtaíocht na Gearmáine maidir le deonú sochar teaghlaigh, i gcomhréir le hAirteagal 11(3)(e) de Rialachán Uimh. 883/2004, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(z) agus le hAirteagal 3(1)(j) den Rialachán sin.

    38

    Is i bhfianaise na soiléirithe tosaigh sin a chaithfear a chinneadh, i gcás go bhfuil cónaí air go dleathach faoi Airteagal 6(1) de Threoir 2004/38, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(1) den Treoir sin, an bhféadfaidh saoránach de chuid an Aontais atá neamhghníomhach go heacnamaíoch brath ar an bprionsabal maidir le cóir chomhionann le náisiúnaigh an Bhallstáit óstaigh atá neamhghníomhach go heacnamaíoch agus a fhilleann ar an mBallstát sin tar éis dóibh a gceart chun gluaiseacht agus cónaí i mBallstát eile a fheidhmiú, faoi dhlí an Aontais, chun críocha deonú sochair teaghlaigh, de réir bhrí Airteagal 3(1)(j) de Rialachán Uimh. 883/2004 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(z) den Rialachán sin.

    Léirmhíniú ar Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004 agus ar Airteagal 24 de Threoir 2004/38

    39

    Mar is léir ó mhír 27 den bhreithiúnas seo, baineann an cheist a tharchuirtear le léirmhíniú ar Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004 agus Airteagal 24 de Threoir 2004/38 araon, sa mhéid go sonraítear prionsabal na córa comhionainne sa dá fhoráil sin ina raon feidhme faoi seach.

    40

    A mhéid a bhaineann an cheist sin, go háirithe, le raon feidhme Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38 a chinneadh, is gá réimse na forála sin a chinneadh, sula scrúdófar raon feidhme Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004.

    Airteagal 24 de Threoir 2004/38.

    41

    Foráiltear le hAirteagal 24(1) de Threoir 2004/38 go gcaithfidh gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air ar bhonn na Treorach sin ar chríoch an Bhallstáit óstaigh cóir a fháil atá comhionann leis an gcóir a fhaigheann náisiúnaigh an Bhallstáit sin laistigh de raon feidhme an Chonartha.

    42

    Mar sin téann prionsabal na córa comhionainne chun sochair gach saoránach de chuid an Aontais a bhfuil a chónaí ar chríoch an Bhallstáit óstaigh ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos sa Treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Samhain 2014, Dano, C-333/13, EU:C:2014:2358, mír 69, agus an 25 Feabhra 2016, García-Nieto agus páirtithe eile, C-299/14, EU:C:2016:114, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    43

    Mar sin féin, le hAirteagal 24(2) de Threoir 2004/38 bunaítear maolú ó phrionsabal na córa comhionainne a théann chun sochair saoránaigh de chuid an Aontais seachas oibrithe, daoine féinfhostaithe, daoine a choimeádann an stádas sin agus a mbaill teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu ar chríoch Ballstáit óstaigh, trína cheadú don Stát sin gan teidlíocht ar chúnamh sóisialta a thabhairt, go háirithe le linn na chéad trí mhí cónaithe (breithiúnas an 19 Meán Fómhair 2013, Brey, C-140/12, EU:C:2013:565, mír 56 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    44

    Féadfaidh an Ballstát óstach, dá bhrí sin, dul i muinín an mhaolaithe in Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38 chun diúltú do dheonú sochar cúnaimh shóisialta do shaoránach den Aontas a fheidhmíonn a cheart chun cónaí ar chríoch an Bhallstáit sin le linn na chéad trí mhí den chónaí sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Feabhra 2016, García-Nieto agus páirtithe eile, C-299/14, EU:C:2016:114, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    45

    Dá bhrí sin, is gá a chinneadh an “cúnamh sóisialta” de réir bhrí Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38 atá sna liúntais teaghlaigh atá i gceist sna príomhimeachtaí.

    46

    I ndáil leis sin, chinn an Chúirt cheana féin go ndéantar tagairt le coincheap “sochar cúnaimh shóisialta”, de réir bhrí na forála deiridh sin, do na scéimeanna cabhrach uile arna mbunú ag údaráis phoiblí, bíodh sin ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, atá ar fáil do dhuine aonair nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha aige chun freastal ar a bhunriachtanais agus ar riachtanais a theaghlaigh agus a bhfuil, mar thoradh air sin, i mbaol teacht chun bheith, le linn a thréimhse fanachta, ina ualach ar airgeadas poiblí an Bhallstáit óstaigh a bhféadfadh iarmhairtí a bheith aige maidir le leibhéal foriomlán an chúnaimh a d’fhéadfaidh an Stát sin a dheonú (breithiúnais an 19 Meán Fómhair 2013, Brey, C-140/12, EU:C:2013:565, mír 61, agus an 11 Samhain 2014, Dano, C-333/13, EU:C:2014:2358, mír 63).

    47

    Mar a tugadh le fios i mír 35 den bhreithiúnas seo, deonaítear na liúntais teaghlaigh atá i gceist sna príomhimeachtaí go neamhspleách ar riachtanais aonair an fhaighteora agus níl sé i gceist leo a chóir mhaireachtála a áirithiú.

    48

    Dá bhrí sin, ní thagann liúntais den sórt sin, mar a mheas an tAbhcóide Ginearálta i mír 54 dá Thuairim, laistigh den choincheap “sochair cúnaimh shóisialta” de réir bhrí Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38.

    49

    Sna himthosca sin, is gá freisin a fháil amach, mar a mhol Rialtas na Gearmáine ina chuid barúlacha i scríbhinn, nach mór, i bhfianaise a ratio legis, Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38 a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn, maidir le deonú sochar seachas “sochair cúnaimh shóisialta” de réir bhrí na forála sin, go gceadaítear leis, mar sin féin, don Bhallstát óstach maolú ar an gcóir chomhionann nach mór do shaoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu ina chríoch a theachtadh i bprionsabal faoi Airteagal 6(1) den Treoir sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(1) den Treoir sin.

    50

    Chuige sin, ar an gcéad dul síos, ní mór a mheabhrú, mar mhaolú ar phrionsabal na córa comhionainne a leagtar síos sa chéad mhír d’Airteagal 18 CFAE agus nach bhfuil in Airteagal 24(1) de Threoir 2004/38 ach léiriú sonrach air, ní mór Airteagal 24(2) a léirmhíniú go docht agus i gcomhréir le forálacha an Chonartha, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann le saoránacht an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Feabhra 2013, N., C-46/12, EU:C:2013:97, mír 33, agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, Jobcenter Krefeld, C-181/19, EU:C:2020:794, mír 60).

    51

    Ar an dara dul síos, de réir chásdlí socair na Cúirte, agus foráil dhlí an Aontais á léirmhíniú, is gá machnamh a dhéanamh ní hamháin ar a foclaíocht ach ar an gcomhthéacs ina bhfuil sí agus ar na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha a bhfuil sí mar chuid díobh (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, Jobcenter Krefeld, C-181/19, EU:C:2020:794, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    52

    Ar an gcéad dul síos, maidir le foclaíocht Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38, níl aon ní i bhfoclaíocht na forála sin chun tacú leis an tátal, go raibh sé beartaithe leis an bhforáil sin ag reachtóir an Aontais ceadú don Bhallstát óstach maolú ar phrionsabal na córa comhionainne nach mór, i bprionsabal, a thabhairt do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí go dleathach orthu ina chríoch maidir le sochair seachas cúnamh sóisialta. Os a choinne sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 57 dá Thuairim, is léir ón bhforáil sin go mbaineann sí go heisiach le sochair cúnaimh shóisialta.

    53

    Ina dhiaidh sin, maidir le comhthéacs rialála Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38, ba cheart a mheabhrú, mar is léir ó mhír 31 den bhreithiúnas seo, go gcoimeádtar le hAirteagal 14(1) den Treoir sin an ceart cónaithe ar feadh suas le trí mhí fad is nach dtagann saoránach an Aontais agus a bhaill teaghlaigh chun bheith ina “n-ualach míréasúnta ar chóras cúnaimh shóisialta an Bhallstáit óstaigh”. Dá bhrí sin, tacaíonn Airteagal 14 leis an léirmhíniú go bhfuil an fhéidearthacht chun maolú ó phrionsabal na córa comhionainne, ar bhonn Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38, teoranta do shochair cúnaimh shóisialta agus nach féidir sochair slándála sóisialta a chuimsiú léi.

    54

    Ar deireadh, tá an léirmhíniú sin comhsheasmhach le cuspóir Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38, arb é is aidhm dó, de réir aithris 10 den Treoir sin, an chothromaíocht airgeadais a chaomhnú ní maidir le córas slándála sóisialta na mBallstát, ach maidir lena “gcóras cúnaimh shóisialta”.

    55

    Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 62 dá Thuairim, ní bheidh an maolú ó phrionsabal na córa comhionainne a leagtar síos in Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38 infheidhme maidir le cás ina dhéanann saoránach de chuid an Aontais, le linn na chéad trí mhí dá chónaí sa Bhallstát óstach, iarratas ní ar “shochair cúnaimh shóisialta” de réir bhrí na forála sin, ach ar “shochair teaghlaigh”, de réir bhrí Airteagal 3(1)(j) de Rialachán Uimh. 883/2004, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(z) den Rialachán sin.

    Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004

    56

    Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú go bhfuil saoránach de chuid an Aontais atá neamhghníomhach go heacnamaíoch agus a bhfuil a áit ghnáthchónaithe aistrithe chuig an mBallstát óstach, i gcomhréir le hAirteagal 11(3)(e) de Rialachán Uimh. 883/2004, faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit sin maidir le sochair slándála sóisialta a dheonú.

    57

    I ndáil leis sin, chinn an Chúirt cheana féin gurb í an aidhm atá leis an bhforáil sin, ní hamháin cur i bhfeidhm comhuaineach roinnt reachtaíochta náisiúnta i gcás faoi leith agus na deacrachtaí a d’fhéadfadh teacht as sin a sheachaint, ach freisin cosc a chur ar bhaint na cosanta slándála sóisialta de dhaoine a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin in éagmais reachtaíochta a bheadh infheidhme maidir leo (breithiúnais an 14 Meitheamh 2016, an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe, C-308/14, EU:C:2016:436, mír 64, agus an 15 Iúil 2021, A. (Cúram sláinte poiblí), C-535/19, EU:C:2021:595, mír 46).

    58

    Mar sin féin, ní bhunaítear comhchóras slándála sóisialta le Rialachán Uimh. 883/2004, ach fágtar scéimeanna náisiúnta ar leith le bheith ann agus is é an t-aon chuspóir atá leis comhordú a áirithiú eatarthu chun feidhmiú éifeachtach saorghluaiseacht daoine a ráthú. Dá bhrí sin, níl sé beartaithe lena forálacha, amhail forálacha Airteagal 11(3)(e) de, na coinníollacha substainteacha a chinneadh maidir leis an gceart chun sochair slándála sóisialta a bheith ann (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Meitheamh 2016, an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe, C-308/14, EU:C:2016:436, míreanna 65 agus 67). Cé go bhfanfaidh na Ballstáit mar sin inniúil chun coinníollacha deonaithe na sochar sin a chinneadh ina gcuid reachtaíochta, ní mór an inniúlacht sin a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Aibreán 2013, Jeltes agus páirtithe eile, C-443/11, EU:C:2013:224, mír 59).

    59

    I ndáil leis sin, le hAirteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004, cuirtear in iúl go nithiúil prionsabal na córa comhionainne i ndáil le saoránaigh an Aontais a bhraitheann, sa Bhallstát óstach, ar na sochair slándála sóisialta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Iúil 2021, A. (Cúram sláinte poiblí), C-535/19, EU:C:2021:595, mír 40).

    60

    I gcomhréir lena Airteagal 4, mura bhforálfar a mhalairt i Rialachán Uimh. 883/2004, beidh na sochair chéanna ag daoine a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo agus beidh siad faoi réir na n-oibleagáidí céanna faoi reachtaíocht aon Bhallstáit agus a mbeidh ag náisiúnaigh an Bhallstáit sin.

    61

    Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 71 dá Thuairim, níl aon fhoráil i Rialachán Uimh. 883/2004 lena gceadófaí do Bhallstát óstach saoránaigh den Aontas ar náisiúnach de Bhallstát eile é a bhfuil cónaí dleathach air sa chéad Bhallstát, i bhfianaise an tsaoránaigh sin a bheith neamhghníomhach ó thaobh na heacnamaíochta de, difríocht córa a dhéanamh idir an saoránach sin agus a náisiúnaigh féin maidir leis na coinníollacha a bhaineann le “sochair teaghlaigh” a dheonú, de réir bhrí Airteagal 3(1)(j) den Rialachán sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(z) den Rialachán sin. Dá réir sin, coisctear le hAirteagal 4 den Rialachán sin beart lena ndéantar difríocht chóire den chineál sin.

    62

    Is fíor gur rialaigh an Chúirt cheana féin nach bhfuil aon rud lena gcuirfí cosc ar dheonú sochar a thagann faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 883/2004 do shaoránaigh an Aontais atá neamhghníomhach go heacnamaíoch bheith faoi réir an cheanglais go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha maidir le ceart cónaithe dleathach faoi Threoir 2004/38 sa Bhallstát óstach (féach, chuige sin, breithiúnais an 19 Meán Fómhair 2013, Brey, C-140/12, EU:C:2013:565, mír 44; an 11 Samhain 2014, Dano, C-333/13, EU:C:2014:2358, mír 83, agus an 14 Meitheamh 2016, an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe, C-308/14, EU:C:2016:436, mír 68).

    63

    Mar sin féin, maidir le saoránach de chuid an Aontais a bhfuil cónaí air ar chríoch an Bhallstáit óstaigh de bhun Airteagal 6(1) de Threoir 2004/38, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(1) den Treoir sin, tá cónaí air go dleathach de réir bhrí na Treorach sin, mar is léir ó mhíreanna 31 go 33 den bhreithiúnas seo.

    64

    Dá bhrí sin, baineann an saoránach sin den Aontas tairbhe as prionsabal na córa comhionainne le náisiúnaigh an Bhallstáit sin a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004, lena n-áirítear má tá sé neamhghníomhach go heacnamaíoch le linn na chéad trí mhí dá chónaí sa Bhallstát sin faoi fhorálacha Threoir 2004/38 dá dtagraítear sa mhír roimhe seo.

    65

    Leanann sé as na cúinsí roimhe seo go bhféadfaidh saoránach de chuid an Aontais atá neamhghníomhach go heacnamaíoch agus atá ina chónaí, de bhun Airteagal 6(1) de Threoir 2004/38, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(1) den Treoir sin, ar chríoch Bhallstáit seachas an Ballstát ar náisiúnach de é agus a bhfuil gnáthchónaí air sa chríoch sin a bheith bunaithe, sa Bhallstát óstach, ar phrionsabal na córa comhionainne, a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004, chun sochair teaghlaigh a dheonú dó, de réir bhrí Airteagal 3(1)(j) den Rialachán sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(z) den Rialachán sin.

    66

    Dá bhrí sin, ós rud é go sonraítear in Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004 prionsabal na córa comhionainne maidir le rochtain ar na sochair sin, is gá scrúdú a dhéanamh an ionann reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht dá dtagraítear i mír 27 den bhreithiúnas seo, agus difríocht sa chóir a bheadh contrártha don fhoráil sin.

    Difríocht sa chóir a bheadh contrártha d’Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004

    67

    Is idirdhealú díreach ar shaoránach de chuid an Aontais a bheidh i reachtaíocht an Bhallstáit óstaigh lena n-eisiatar ó theidlíocht sochair teaghlaigh, de réir bhrí Rialachán Uimh. 883/2004, saoránach de chuid an Aontais a bhfuil cónaí dleathach air faoi Airteagal 6(1) de Threoir 2004/38, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(1) den Treoir sin, ar chríoch an Bhallstáit sin agus a bhfuil gnáthchónaí air ann, ar an bhforas go bhfuil an saoránach sin neamhghníomhach go heacnamaíoch, agus go dtugann an Ballstát sin sochair den sórt sin dá náisiúnaigh féin a luaithe a fhilleann siad ar an mBallstát sin tar éis dóibh a gceart gluaiseacht agus cónaí ar chríoch Ballstáit eile a fheidhmiú de réir dhlí an Aontais.

    68

    Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 73 dá Thuairim agus i bhfianaise an méid atá luaite i mír 61 den bhreithiúnas seo, ní féidir údar a thabhairt le hidirdhealú den sórt sin, in éagmais aon mhaolú dá bhforáiltear go sainráite i Rialachán Uimh. 883/2004.

    69

    Dá réir sin, ní mór Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004 a léirmhíniú mar chosc ar an mBallstát óstach reachtaíocht dá dtagraítear i mír 67 thuas a ghlacadh.

    70

    Ní mór a chur in iúl, áfach, maidir le saoránach de chuid an Aontais atá neamhghníomhach go heacnamaíoch agus a éilíonn, sa Bhallstát óstach, go gcuirfí prionsabal na córa comhionainne a chumhdaítear san Airteagal sin i bhfeidhm maidir leis na coinníollacha a bhaineann le sochair teaghlaigh a dheonú, de réir bhrí Rialachán Uimh. 883/2004, nach mór, de bhun Airteagal 2(1) den Rialachán sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(j) den Rialachán sin, go mbunódh sé, le linn na chéad trí mhí a mbeidh sé ag teachtadh cead cónaithe lena linn sa Bhallstát sin de bhun Airteagal 6(1) de Threoir 2004/38, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(1) de, a ghnáthchónaí sa Bhallstát sin, agus gan bheith ag fanacht ann go sealadach i bhfianaise Airteagal 1(k) den Rialachán sin.

    71

    Maidir leis sin, ar an gcéad dul síos, in Airteagal 11 de Rialachán Uimh. 987/2009, dar teideal “Eilimintí chun cónaí a chinneadh”, sainaithnítear, i mír 1 de, sraith fachtóirí chun críocha an Ballstát ina bhfuil cónaí ar an duine lena mbaineann a chinneadh. Luaitear i mír 2 den Airteagal sin nach mór a thuiscint gurb é an coincheap “áit chónaithe”, de réir bhrí Rialachán Uimh. 883/2004, áit chónaithe “iarbhír” an duine sin.

    72

    Ar an taobh eile, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte, is é atá sa choincheap “gnátháit chónaithe” go bunúsach ceist fíorais atá faoi réir measúnaithe ag an gcúirt náisiúnta i bhfianaise na n-imthosca uile a bhaineann go sonrach leis an gcás ar leith. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtugtar le tuiscint leis an gcoinníoll go gcaithfidh saoránach de chuid an Aontais, dá dtagraítear i mír 70 den bhreithiúnas seo, a ghnáthchónaí a aistriú go dtí críoch an Bhallstáit óstaigh, go bhfuil sé léirithe aige go bhfuil rún aige lárionad leasa an duine sin a bhunú go héifeachtach sa Bhallstát sin agus go dtaispeánann sé go léiríonn sé go bhfuil leibhéal leordhóthanach cobhsaíochta aige agus é ar chríoch an Bhallstáit sin, lena ndéantar idirdhealú idir a chás agus fanacht sealadach (féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 25 Samhain 2021, IB (Résidence habituelle d’un époux — Divorce), C-289/20, EU:C:2021:955, mír 58].

    73

    I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar an gceist dá dtagraítear nach mór Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004 a léirmhíniú mar chosc ar reachtaíocht Ballstáit faoina ndiúltaítear "sochair teaghlaigh", de réir bhrí Airteagal 3(1)(j) den Rialachán sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(z) de, do shaoránach de chuid an Aontais ar náisiúnach de Bhallstát eile é a bhfuil gnáthchónaí air ar chríoch an chéad Bhallstáit agus atá neamhghníomhach go heacnamaíoch sa mhéid is nach bhfuil sé fostaithe go sochrach sa Stát sin, le linn na chéad trí mhí dá fhanacht ar chríoch an Bhallstáit sin, agus go dtugann an Ballstát sin sochair den sórt sin dá náisiúnaigh féin atá neamhghníomhach go heacnamaíoch, lena n-áirítear sna chéad trí mhí tar éis dóibh filleadh ar an mBallstát sin tar éis dóibh úsáid a bhaint as a cheart, de réir dhlí an Aontais, chun bogadh agus cónaí ar chríoch Ballstáit eile. Ní mór Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38 a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil sé infheidhme maidir le reachtaíocht den sórt sin.

    Costais

    74

    Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

     

    Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

     

    Ní mór Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 29 Aibreán 2004, maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta, a léirmhíniú mar chosc ar reachtaíocht Bhallstáit faoina ndiúltaítear “sochair teaghlaigh”, de réir bhrí Airteagal 3(1)(j) den Rialachán sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(z) de, do shaoránach de chuid an Aontais ar náisiúnach de Bhallstát eile é a bhfuil gnáthchónaí air ar chríoch an chéad Bhallstáit agus atá neamhghníomhach go heacnamaíoch sa mhéid is nach bhfuil sé fostaithe go sochrach sa Stát sin, le linn na chéad trí mhí dá fhanacht ar chríoch an Bhallstáit sin, agus go dtugann an Ballstát sin sochair den sórt sin dá náisiúnaigh féin atá neamhghníomhach go heacnamaíoch, lena n-áirítear sna chéad trí mhí tar éis dóibh filleadh ar an mBallstát sin tar éis dóibh úsáid a bhaint as a cheart, de réir dhlí an Aontais, chun bogadh agus cónaí ar chríoch Ballstáit eile.

     

    Ní mór Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag a mbaill teaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE, a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil sé infheidhme maidir le reachtaíocht den sórt sin.

     

    Sínithe


    ( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Top