Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0632

    Cás C-632/20 P: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 17 Eanáir 2023 – an Ríocht Aontaithe v an Coimisiún Eorpach (Achomharc – Caidreamh seachtrach – Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile – Cumarsáid leictreonach – Rialachán (AE) 2018/1971 – Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) – Airteagal 35(2) – Rannpháirtíocht údarás rialála na Cosaive sa chomhlacht sin – Coincheapa “tríú tír” agus “tríú Stát” – Inniúlacht an Choimisiúin Eorpaigh)

    IO C 83, 6.3.2023, p. 2–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    6.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 83/2


    Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 17 Eanáir 2023 – an Ríocht Aontaithe v an Coimisiún Eorpach

    (Cás C-632/20 P) (1)

    (Achomharc - Caidreamh seachtrach - Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile - Cumarsáid leictreonach - Rialachán (AE) 2018/1971 - Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) - Airteagal 35(2) - Rannpháirtíocht údarás rialála na Cosaive sa chomhlacht sin - Coincheapa “tríú tír” agus “tríú Stát” - Inniúlacht an Choimisiúin Eorpaigh)

    (2023/C 83/02)

    Teanga an cháis: an Spáinnis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Ríocht na Spáinne (ionadaithe: Centeno Huerta ar dtús, agus A. Gavela Llopis ina dhiaidh sin, Gníomhairí)

    Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: F. Castillo de la Torre, M. Kellerbauer agus T. Ramopoulos, Gníomhairí)

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Cuirtear breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Meán Fómhair 2020, an Spáinn v an Coimisiún (T-370/19, EU:T:2020:440), ar neamhní..

    2)

    Cuirtear cinneadh an Choimisiúin an 18 Márta 2019 maidir le rannpháirtíocht údarás rialála náisiúnta na Cosaive i gComhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach ar neamhní.

    3)

    Déantar éifeachtaí Chinneadh an Choimisiúin an 18 Márta 2019 maidir le rannpháirtíocht údarás rialála náisiúnta na Cosaive i gComhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach a choimeád ar bun go dtí go dtiocfaidh socruithe oibre nua i bhfeidhm, laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná sé mhí ó dháta fógartha an bhreithiúnais seo, arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 idir Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC), Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) agus údarás náisiúnta rialála na Cosaive.

    4)

    Ordaítear don Choimisiún Eorpach, i dteannta lena chostais féin, na costais a thabhaigh Ríocht na Spáinne sna himeachtaí achomhairc seo agus sna himeachtaí os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh a íoc.


    (1)  IO C 62 an 22.02.2021


    Top