This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020CA0534
Case C-534/20: Judgment of the Court (First Chamber) of 22 June 2022 (request for a preliminary ruling from the Bundesarbeitsgericht — Germany) — Leistritz AG v LH (Reference for a preliminary ruling — Protection of natural persons with regard to the processing of personal data — Regulation (EU) 2016/679 — Second sentence of Article 38(3) — Data protection officer — Prohibition of the dismissal, by a controller or processor, of a data protection officer or of the imposition, by a controller or processor, of a penalty on him or her for performing his or her tasks — Legal basis — Article 16 TFEU — Requirement of functional independence — National legislation prohibiting the termination of a data protection officer’s employment contract without just cause)
Cás C-534/20: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht – an Ghearmáin) – Leistritz AG v LH (Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Règlement (AE) 2016/679 – Dara habairt d’Airteagal 38(3) – Oifigeach cosanta sonraí – Toirmeasc ar rialaitheoir nó ar phróiseálaí oifigeach cosanta sonraí a chur as a phost nó as a post as na cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh – Bunús dlí – Airteagal 16 CFAE – Ceanglas maidir le neamhspleáchas feidhmiúil – Rialacháin náisiúnta lena dtoirmisctear Oifigeach Cosanta Sonraí a dhífhostú in éagmais cúiseanna troma)

IO C 303, 8.8.2022, p. 3–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 303/3 |
Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht – an Ghearmáin) – Leistritz AG v LH
(Cás C-534/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil - Règlement (AE) 2016/679 - Dara habairt d’Airteagal 38(3) - Oifigeach cosanta sonraí - Toirmeasc ar rialaitheoir nó ar phróiseálaí oifigeach cosanta sonraí a chur as a phost nó as a post as na cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh - Bunús dlí - Airteagal 16 CFAE - Ceanglas maidir le neamhspleáchas feidhmiúil - Rialacháin náisiúnta lena dtoirmisctear Oifigeach Cosanta Sonraí a dhífhostú in éagmais cúiseanna troma)
(2022/C 303/03)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesarbeitsgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Leistritz AG
Cosantóir: LH
An chuid oibríochtúil
Ní mór an dara habairt d’Airteagal 38(3) de Rialachán (UE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), a léirmhíniú sa chaoi nach gcuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhféadfaidh rialaitheoir nó próiseálaí Oifigeach Cosanta Sonraí is comhalta dá fhoireann a dhífhostú ar chúiseanna troma amháin, fiú mura bhfuil baint ag an dífhostú le comhlíonadh cúraimí an oifigigh sin, ar choinníoll nach gcuirfidh reachtaíocht den sórt sin gnóthú chuspóirí an rialacháin sin i mbaol.