Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62019TA0246

    Cás T-246/19: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Samhain 2022 – an Chambóid agus CRF v an Coimisiún (Bearta cosanta – Margadh na ríse – Allmhairí ríse Indica ón Chambóid agus Maenmar/Burma – Rialachán (UE) Uimh. 978/2012 – Coincheap “táirgeoirí de chuid an Aontais” – Coincheap “táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach” – Deacrachtaí móra – Cearta chun cosanta – Fíorais agus breithnithe riachtanacha – Earráidí follasacha measúnaithe)

    IO C 15, 16.1.2023, p. 35–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    16.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 15/35


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Samhain 2022 – an Chambóid agus CRF v an Coimisiún

    (Cás T-246/19) (1)

    (Bearta cosanta - Margadh na ríse - Allmhairí ríse Indica ón Chambóid agus Maenmar/Burma - Rialachán (UE) Uimh. 978/2012 - Coincheap “táirgeoirí de chuid an Aontais” - Coincheap “táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach” - Deacrachtaí móra - Cearta chun cosanta - Fíorais agus breithnithe riachtanacha - Earráidí follasacha measúnaithe)

    (2023/C 15/45)

    Teanga an cháis: an Béarla.

    Páirtithe

    Iarratasóirí: Ríocht na Cambóide, Cambodia Rice Federation (CRF) (Phnom Penh, an Chambóid) (ionadaithe: R. Antonini, E. Monard agus B. Maniatis, avocats)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Biolan, H. Leupold agus E. Schmidt, i gcáil Gníomhairí)

    Idiragraithe mar thaca leis an gcosantóir: Ente Nazionale Risi (Milano, an Iodáil) (ionadaithe: F. Di Gianni agus A. Scalini, Dlíodóirí), Poblacht na hIodáile (ionadaithe: G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó P. Gentili, avvocato dello Stato)

    Ábhar

    Trína gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go neamhneofaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/67 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2019, lena mbunaítear bearta cosanta maidir le hallmhairí ríse Indica de thionscnamh na Cambóide agus Maenmar/Burma (IO 2019, L 15, lch. 5), trína ndearna an Coimisiún Eorpach dleachtanna na Comhtharaife Custaim a athbhunú ar allmhairí na ríse sin ar feadh tréimhse trí bliana agus lenar chuir sé laghdú de réir a chéile i bhfeidhm ar an ráta dleachta is infheidhme.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Neamhnítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/67 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2019, lena mbunaítear bearta cosanta maidir le hallmhairí ríse Indica de thionscnamh na Cambóide agus Maenmar/Burma.

    2)

    Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Ríocht na Cambóide agus Cambodia Rice Federation (CRF) a íoc.

    3)

    Ordaítear do Phoblacht na hIodáile agus Ente Nazionale Risi a gcostais féin a íoc.


    (1)  IO C 213, 24.6.2019.


    Top