EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62019CA0883

Cás C-883/19 P: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 12 Eanáir 2023 – HSBC Holdings plc, HSBC Bank plc, HSBC Continental Europe, ar a tugadh HSBC France v an Coimisiún Eorpach (Achomharc – Iomaíocht – Cairtéil – Earnáil na ndíorthach ar rátaí úis in Euro – Cinneadh go raibh sárú ann ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE – Ionramháil ar rátaí tagartha idirbhainc Euribor – Malartú faisnéise rúnda – Srianadh iomaíochta le cuspóir – Cáilíocht – Éifeachtaí i bhfabhar na hiomaíochta á gcur san áireamh – Sárú leanúnach aonair – Nós imeachta “hibrideach” a raibh mar thoradh rathúil air gur glacadh cinneadh maidir le socrú agus cinneadh arna dhéanamh faoi ghnáthnós imeachta – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 41 – An ceart chun dea-riaracháin – Airteagal 48 – Toimhde na neamhchiontachta)

IO C 71, 27.2.2023, p. 2–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 71/2


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 12 Eanáir 2023 – HSBC Holdings plc, HSBC Bank plc, HSBC Continental Europe, ar a tugadh HSBC France v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-883/19 P) (1)

(Achomharc - Iomaíocht - Cairtéil - Earnáil na ndíorthach ar rátaí úis in Euro - Cinneadh go raibh sárú ann ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE - Ionramháil ar rátaí tagartha idirbhainc Euribor - Malartú faisnéise rúnda - Srianadh iomaíochta le cuspóir - Cáilíocht - Éifeachtaí i bhfabhar na hiomaíochta á gcur san áireamh - Sárú leanúnach aonair - Nós imeachta “hibrideach” a raibh mar thoradh rathúil air gur glacadh cinneadh maidir le socrú agus cinneadh arna dhéanamh faoi ghnáthnós imeachta - An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagal 41 - An ceart chun dea-riaracháin - Airteagal 48 - Toimhde na neamhchiontachta)

(2023/C 71/02)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: HSBC Holdings plc, HSBC Bank plc, HSBC Continental Europe, ar a tugadh HSBC France (ionadaithe: C. Angeli, avocate, K. Bacon, KC, D. Bailey, barrister, M. Demetriou, KC, M. Giner, avocate, agus M. Simpson, solicitor)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Berghe, M. Farley agus F. van Schaik, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraithe mar thaca leis na hachomharcóirí: Crédit agricole SA, Crédit agricole Corporate and Investment Bank (ionadaithe: J. Jourdan, J.-J. Lemonnier, A. Sieffert-Xuriguera agus J.-P. Tran Thiet, avocats), JPMorgan Chase & Co., JPMorgan Chase Bank, National Association (ionadaithe: D. Das, N. English, N. French, N. Frey, solicitors, D. Heaton, barrister, A. Holroyd, D. Hunt, solicitors, M. Lester, KC, A. Ojukwu, solicitor, D. Piccinin, barrister, L. Ream, solicitor, D. Rose, KC, agus B. Tormey, solicitor)

An chuid oibríochtúil

1.

Cuirtear Breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 24 Meán Fómhair 2019, HSBC Holdings agus páirtithe eile v an Coimisiún (T-105/17, EU:T:2019:675) ar neamhní, a mhéid a dhiúltaítear, i mír 2 den chuid oibríochtúil, don chaingean arna tabhairt i gCás T-105/17 ag HSBC Holdings plc, HSBC Bank plc agus HSBC France, ar a dtugtar HSBC Continental anois, lenar iarradh go gcuirfí Airteagal 1 de Chinneadh C(2016) 8530 final ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2016 maidir le himeacht de bhun Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39914 – Earnáil na ndíorthach ar rátaí úis in Euro) agus, mar mhalairt air sin, Airteagal 1(b) den Chinneadh sin, ar neamhní.

2.

Diúltaítear don chaingean arna tabhairt i gCás T-105/17 ag HSBC Holdings plc, HSBC Bank plc agus HSBC France, ar a dtugtar HSBC Continental anois, lenar iarradh go gcuirfí Airteagal 1 de Chinneadh C(2016) 8530 final agus, mar mhalairt air sin, Airteagal 1(b) den Chinneadh sin, ar neamhní.

3.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus costais HSBC Holdings plc, HSBC Bank plc agus HSBC Continental Europe, ar a tugadh HSBC France, bhaineann leis an achomharc mar aon lena chostais féin a bhaineann leis an nós imeachta ag an gcéadchéim a íoc.

4.

Ordaítear do HSBC Holdings plc, HSBC Bank plc agus HSBC Continental Europe, ar a tugadh HSBC France, a gcostais féin a bhaineann leis an nós imeachta ag an gcéadchéim a íoc.

5.

Íocfaidh Crédit agricole SA agus Crédit agricole Corporate and Investment Bank a gcostais féin a bhaineann leis an achomharc.

6.

Íocfaidh JP Morgan Chase & Co. agus JP Morgan Chase Bank, National Association, a chostais féin a bhaineann leis an achomharc.


(1)  IO C 45, 10.02.2020.


Top