Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62018TA0101

    Cás T-101/18: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – an Ostair v an Coimisiún (Státchabhair – An tionscal núicléach – Cabhair arna bheartú ag an Ungáir chun dhá imoibreoir núicléach nua a fhorbairt ag stáisiún Paks – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair ag luí leis an margadh inmheánach faoi réir gealltanas áirithe a chomhlíonadh – Airteagal 107(3)(c) CFAE – Comhoiriúnacht na cabhrach le dlí an Aontais seachas an dlí maidir le státchabhair – Nasc doscartha – Fuinneamh núicléach a chur chun cinn – Airteagal 192(1) de Chonradh Euratom – Prionsabail chosaint an chomhshaoil, íoc mar a thruaillítear, an réamhchúraim agus na hinbhuanaitheachta – An ghníomhaíocht eacnamaíoch lena mbaineann a chinneadh – Teip sa mhargadh – Saobhadh iomaíochta – Comhréireacht na cabhrach – An gá atá le hidirghabháil Stáit – Eilimintí na cabhrach a chinneadh – Nós imeachta um sholáthar poiblí – Oibleagáid cúiseanna a lua)

    IO C 35, 30.1.2023, p. 44–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 35/44


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – an Ostair v an Coimisiún

    (Cás T-101/18) (1)

    (Státchabhair - An tionscal núicléach - Cabhair arna bheartú ag an Ungáir chun dhá imoibreoir núicléach nua a fhorbairt ag stáisiún Paks - Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair ag luí leis an margadh inmheánach faoi réir gealltanas áirithe a chomhlíonadh - Airteagal 107(3)(c) CFAE - Comhoiriúnacht na cabhrach le dlí an Aontais seachas an dlí maidir le státchabhair - Nasc doscartha - Fuinneamh núicléach a chur chun cinn - Airteagal 192(1) de Chonradh Euratom - Prionsabail chosaint an chomhshaoil, íoc mar a thruaillítear, an réamhchúraim agus na hinbhuanaitheachta - An ghníomhaíocht eacnamaíoch lena mbaineann a chinneadh - Teip sa mhargadh - Saobhadh iomaíochta - Comhréireacht na cabhrach - An gá atá le hidirghabháil Stáit - Eilimintí na cabhrach a chinneadh - Nós imeachta um sholáthar poiblí - Oibleagáid cúiseanna a lua)

    (2023/C 35/50)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Poblacht na hOstaire (ionadaithe: J. Schmoll, F. Koppensteiner, M. Klamert agus T. Ziniel, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó H. Kristoferitsch, Dlíodóir)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Blanck, K. Herrmann agus P. Němečková, i gcáil Gníomhairí)

    Idiragraí, mar thaca leis an iarratasóir: Ard-Diúcacht Lucsamburg (ionadaithe: A. Germeaux agus T. Schell, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó P. Kinsch, Dlíodóir)

    Idiragraithe, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht na Seice (ionadaithe: M. Smolek, J. Vláčil, T. Müller, J. Pavliš agus L. Halajová, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na Fraince (ionadaithe: E. de Moustier agus P. Dodeller, i gcáil Gníomhairí), an Ungáir (ionadaithe: M. Fehér, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó P. Nagy, N. Gràcia Malfeito, B. Karsai, Dlíodóirí agus C. Bellamy, KC), Poblacht na Polainne (ionadaí: B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire), Poblacht na Slóvaice (ionadaí: S. Ondrášiková, i gcáil Gníomhaire), Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (ionadaithe: F. Shibli, L. Baxter agus S. McCrory, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó T. Johnston, Abhcóide)

    Ábhar

    Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann Poblacht na hOstaire go ndéanfaí Cinneadh (AE) 2017/2112 ón gCoimisiún an 6 Márta 2017, maidir leis an mbeart/scéim chabhrach/Státchabhair SA.38454 – 2015/C (ex 2015/N) atá beartaithe ag an Ungáir a chur chun feidhme mar thaca le dhá imoibreoir núicléach nua a fhorbairt ag stáisiún cumhachta núicléiche Paks II (IO 2017 L 317, lch. 45), a neamhiú.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don achomharc.

    2)

    Ordaítear do Phoblacht na hOstaire a costais féin agus iad siúd arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.

    3)

    Ordaítear do Phoblacht na Seice, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, don Ungáir, do Phoblacht na Polainne, do Phoblacht na Slóvaice agus do Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a gcostais féin a íoc.


    (1)  IO C 152, 30.4.2018.


    Top