EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62018CJ0059

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Iúil 14.
Poblacht na hIodáile agus Comune di Milano v Comhairle an Aontais Eorpaigh.
Caingean le haghaidh neamhniú — Dlí Institiúideach — Institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais — an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) — Inniúlacht maidir le suíomh a shocrú — Airteagal 341 CFAE — Raon feidhme — Cinneadh arna ghlacadh ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát ar imeall cruinnithe den Chomhairle — Dlínse na Cúirte faoi Airteagal 263 CFAE — Údar agus cineál dlíthiúil an ghnímh — Easpa éifeachtaí ceangailteacha i ndlíchóras an Aontais.
Cásanna uamtha C-59/18 agus C-182/18.

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:567

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

14 Iúil 2022 ( *1 )

(Caingean le haghaidh neamhniú — Dlí Institiúideach — Institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais — an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) — Inniúlacht maidir le suíomh a shocrú — Airteagal 341 CFAE — Raon feidhme — Cinneadh arna ghlacadh ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát ar imeall cruinnithe den Chomhairle — Dlínse na Cúirte faoi Airteagal 263 CFAE — Údar agus cineál dlíthiúil an ghnímh — Easpa éifeachtaí ceangailteacha i ndlíchóras an Aontais)

I gCásanna uamtha C-59/18 agus C-182/18,

CAINGNE le haghaidh neamhniú faoi Airteagal 263 CFAE, arna dtabhairt an 30 Eanáir 2018 agus an 9 Márta 2018,

Poblacht na hIodáile, arna hionadú ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó C. Colelli, S. Fiorentino agus G. Galluzzo, avvocati dello Stato,

Iarratasóir i gCás C-59/18,

Comune di Milano, arna ionadú ag M. Condinanzi, A. Neri agus F. Sciaudone, avvocati,

Iarratasóir i gCás C-182/18

arna dtacú ag:

Poblacht na hIodáile, arna hionadú ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó C. Colelli, S. Fiorentino agus G. Galluzzo, avvocati dello Stato,

Regione Lombardia, arna ionadú ag M. Tamborino, avvocato,

Idiragraithe,

agus

Comhairle an Aontais Eorpaigh, arna hionadú ag M. Bauer, J. Bauerschmidt, F. Florindo Gijón agus E. Rebasti, i gcáil Gníomhairí,

Cosantóir,

arna tacú ag:

Ríocht na hÍsiltíre, arna hionadú ag M. K. Bulterman agus J. Langer, i gcáil Gníomhairí,

An Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag K. Herrmann, M. Konstantinidis agus D. Nardi, i gcáil Gníomhairí,

Idiragraithe,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, A. Arabadjiev, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, S. Rodin, I. Jarukaitis, N. Jääskinen agus J. Passer, Uachtaráin Dlísheomra, J.-C. Bonichot, M. Safjan, F. Biltgen, P. G. Xuereb, A. Kumin agis N. Wahl (Rapóirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Bobek,

Cláraitheoir: R. Şereş, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 8 Meitheamh 2021,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 6 Deireadh Fómhair 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Trína n-iarratais, iarrann Poblacht na hIodáile (C-59/18) agus Comune di Milano (C-182/18) go ndéanfaí an cinneadh a glacadh ar imeall an 3579ú cruinniú den Chomhairle, i bhfoirmíocht “Gnóthaí Ginearálta” an 20 Samhain 2017, a chur ar neamhní, a mhéid a ainmnítear leis an gcinneadh sin Cathair Amstardam mar shuíomh nua na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) (“an cinneadh atá faoi chonspóid”).

An dlí lena mbaineann

2

An 12 Nollaig 1992, ghlac Ionadaithe Rialtais na mBallstát de thoil a chéile, ar bhonn Airteagal 216 de Chonradh CEE, Airteagal 77 de Chonradh CEGC agus Airteagal 189 de Chonradh CEFA, an Cinneadh maidir le suímh institiúidí na gComhphobal Eorpach agus suímh eagras agus ranna áirithe de chuid na gComhphobal Eorpach a shocrú (IO 1992 C 341, lch. 1, “Cinneadh Dhún Éideann”).

3

Socraíodh suímh Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle an Aontais Eorpaigh, an Choimisiúin Eorpaigh, Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa, Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta faoi seach le hAirteagal 1 de Chinneadh Dhún Éideann.

4

De bhun Airteagal 2 den Chinneadh sin:

“Cinnfidh Ionadaithe Rialtais na mBallstát de thoil a chéile ag Comhairle Eorpach amach anseo suíomh comhlachtaí agus ranna eile atá curtha ar bun nó atá le cur ar bun, ag cur san áireamh buntáistí na bhforálacha thuas do na Ballstáit lena mbaineann agus ag tabhairt tosaíocht iomchuí do na Ballstáit sin nach bhfuil ina n-óstach ar shuíomh institiúide de chuid na gComhphobal faoi láthair.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear le hAirteagal 341 CFAE go “[g]Cinnfidh Rialtais na mBallstát, de thoil a chéile, suíomh institiúidí an Aontais”.

6

Faoi Phrótacal Uimh. 6 maidir le suímh institiúidí an Aontais Eorpaigh, suímh comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus ranna áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh a shocrú (“Prótacal Uimh. 6”), atá i gceangal le Conarthaí AE, FAE agus CEFA:

“Tá Ionadaithe Rialtais na mBallstát,

Ag féachaint d'Airteagal 341 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d'Airteagal 189 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

Ag meabhrú dóibh agus ag deimhniú Chinneadh an 8 Aibreán 1965 agus gan dochar do na cinntí maidir le suíomh institiúidí, comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus ranna a bheidh ann amach anseo,

Tar éis comhaontú ar na forálacha seo a leanas [...]:

Airteagal Aonair

a)

Beidh suíomh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg [...].

b)

Beidh suíomh na Comhairle sa Bhruiséil [...]

c)

Beidh suíomh an Choimisiúin sa Bhruiséil. [...]

d)

Beidh suíomh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg.

e)

Beidh suíomh na Cúirte Iniúchóirí i Lucsamburg.

f)

Beidh suíomh an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta sa Bhruiséil.

g)

Beidh suíomh Choiste na Réigiún sa Bhruiséil.

h)

Beidh suíomh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta i Lucsamburg.

i)

Beidh suíomh an Bhainc Ceannais Eorpaigh in Frankfurt.

j)

Beidh suíomh na hOifige Eorpaí Póilíní (Europol) sa Háig.”

Cúlra na díospóide

7

Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Meastóireacht ar Tháirgí Íocshláinte le Rialachán (CEE) Uimh. 2309/93 ón gComhairle an 22 Iúil 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Meastóireacht ar Tháirgí Íocshláinte (IO 1993 L 214, lch. 1). Ní raibh aon fhoráil sa Rialachán sin maidir le suíomh na gníomhaireachta sin a bhunú.

8

De bhua Airteagal 1(e) de Chinneadh 93/C 323/01 an 29 Deireadh Fómhair 1993 arna ghlacadh trí Chomhaontú idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh ar leibhéal na gCeannairí Stáit agus Rialtais, maidir leis an suíomh ina mbeidh suíocháin comhlachtaí agus ranna áirithe de chuid na gComhphobal Eorpach agus Europol (IO 1993, C 323, lch. 1), socraíodh suíomh na gníomhaireachta sin i Londain (an Ríocht Aontaithe).

9

Aisghaireadh Rialachán Uimh. 2309/93 agus ina ionad cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO 2004, L 136, lch. 1). Leis an Rialachán sin, athainmníodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Meastóireacht ar Tháirgí Íocshláinte mar “An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach”. Ní raibh aon fhoráil sa Rialachán sin maidir le suíochán an tsuímh sin a shocrú.

10

An 29 Márta 2017, thug Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann fógra don Chomhairle Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE, go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar ón Aontas Eorpach.

11

An 22 Meitheamh 2017, ar imeall cruinnithe den Chomhairle Eorpach maidir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 50 CAE, d’fhormheas Ceannairí Stáit nó Rialtais na 27 mBallstát eile nós imeachta, ar bhonn togra ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus ó Uachtarán an Choimisiúin, chun cinneadh a ghlacadh maidir le haistriú chuig suíomhanna eile de chuid EMA agus an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas (“na rialacha roghnúcháin”).

12

Foráladh sna rialacha roghnúcháin go háirithe go ndéanfaí an cinneadh sin ar bhonn próiseas cinnteoireachta a bheadh cothrom agus trédhearcach, lena n-áirítear glao ar thairiscintí a eagrú bunaithe ar chritéir oibiachtúla shonracha.

13

Sa chomhthéacs sin, leagtar amach i bpointe 3 de na rialacha roghnúcháin sé chritéar, eadhon, (i) dearbhú gur féidir an ghníomhaireacht a chur ar bun sa suíomh atá beartaithe agus a feidhmeanna a chomhlíonadh ar an dáta a dtarraingeoidh an Ríocht Aontaithe siar ón Aontas; ii) inrochtaineacht an láithreáin bheartaithe; (iii) scoileanna leordhóthanacha a bheith ann do leanaí na foirne gníomhaireachta; (iv) rochtain leordhóthanach ar mhargadh an tsaothair, ar shlándáil shóisialta agus ar chúram leighis do leanaí agus do chéilí; (v) leanúnachas gnó, agus (vi) cothromaíocht gheografach.

14

De réir na rialacha roghnúcháin, bunaíodh na critéir sin de réir analaí leo siúd a leagtar amach sa chur chuige comhchoiteann a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann le dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Iúil 2012 maidir le gníomhaireachtaí díláraithe (“Dearbhú Comhpháirteach 2012”), agus aird ar leith á tabhairt ar an bhfíoras go raibh EMA agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach bunaithe cheana féin agus go raibh leanúnachas a ngníomhaíochtaí bunriachtanach.

15

Luadh freisin i bpointe 2 de na rialacha roghnúcháin go ndéanfaí an cinneadh trí bhíthin nós imeachta vótála, ar aontaigh na Ballstáit ar an toradh de a urramú roimh ré. Go háirithe, tugadh le fios, i gcás go mbeadh comhionannas vótaí idir na tairiscintí a bhí fágtha sa tríú babhta vótála, go ndéanfaí crannchur idir na tairiscintí a bheadh cothrom.

16

An 30 Meán Fómhair 2017, d’fhoilsigh an Coimisiún a mheasúnú ar na 27 dtairiscint a chuir na Ballstáit isteach.

17

An 31 Deireadh Fómhair 2017, d’eisigh an Chomhairle nóta chun na rialacha roghnúcháin a fhorlíonadh maidir leis na saincheisteanna praiticiúla vótála.

18

An 20 Samhain 2017, fuair tairiscintí Phoblacht na hIodáile agus Ríocht na hÍsiltíre, ex aequo, an líon vótaí ab airde sa tríú ballóid. Tar éis crannchur a eagraíodh i gcomhréir le pointe 2 de na rialacha roghnúcháin, glacadh le tairiscint Ríocht na hÍsiltíre.

19

Dá bhrí sin, ar an dáta céanna sin, roghnaigh Ionadaithe Rialtais na mBallstát, tríd an gcinneadh atá faoi chonspóid, ar imeall chruinniú den Chomhairle, cathair Amstardam mar shuíomh nua EMA. Luadh an méid seo a leanas i miontuairiscí agus preaseisiúint an chruinnithe seo:

“Ullmhóidh an Coimisiún tograí reachtacha anois agus vóta an lae inniu á chur san áireamh, d’fhonn iad a ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach, le rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa. Tá an Chomhairle agus an Coimisiún meáite ar a áirithiú go ndéanfar na tograí reachtacha sin a phróiseáil a luaithe is féidir i bhfianaise phráinn an ábhair.”

20

An 29 Samhain 2017, ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 maidir le suíomh shuíochán na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí [COM (2017) 735 final]. Sonraíodh, sna forais leis an togra seo, “tar éis an fhógra a thug an Ríocht Aontaithe an 29 Márta 2017 go bhfuil sé ar intinn aici an tAontas a fhágáil i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, [gur] roghnaigh na 27 mBallstát eile, ag teacht le chéile dóibh ar imeall na Comhairle Gnóthaí Ginearálta (Airteagal 50), Amstardam san Ísiltír mar shuíomh nua EMA”. Foráiltear le hAirteagal 1 den togra sin Airteagal 71a a chur isteach i Rialachán Uimh. 726/2004, a leagadh amach sna téarmaí seo a leanas: “Beidh suíomh na Gníomhaireachta in Amstardam na hÍsiltíre.”

21

An 14 Samhain 2018, glacadh Rialachán (AE) 2018/1718 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 maidir le suíomh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (IO 2018 L 291, lch. 3). Leis an Rialachán sin, a glacadh ar bhonn Airteagal 114 agus Airteagal 168(4)(c) CFAE, cuireadh isteach Airteagal 71a de Rialachán Uimh. 726/2004, agus is mar seo a leanas atá an chéad mhír de:

“Beidh suíomh na Gníomhaireachta in Amstardam na hÍsiltíre.”

An t-ordú atá á lorg

Cás C-59/18

22

Iarrann Poblacht na hIodáile ar an gCúirt:

mar bhearta fiosrúcháin, ar thaobh amháin, a iarraidh, de bhun Airteagal 24 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ar Ríocht na hÍsiltíre, ar EMA agus ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile gach faisnéis is gá chun tuairisciú a dhéanamh ar chumas Amstardam, mar shuíomh EMA, na critéir atá sonraithe a chomhlíonadh agus chun comhfhreagras na faisnéise sin leis an bhfaisnéis ar a luíonn an tairiscint a fhíorú agus, ar an taobh eile, cinneadh a dhéanamh maidir le haon mhodh fiosrúcháin eile a mheastar a bheith úsáideach chun na fíorais a shuí;

an cinneadh atá faoi chonspóid, a mhéid a ainmníonn sé Amstardam mar shuíomh nua EMA, a chur ar neamhní, agus, dá bhrí sin,

a dhearbhú nach mór an suíochán sin a dheonú do chathair Milano.

23

Iarrann an Chomhairle ar an gCúirt:

an t-achomharc a dhíbhe toisc é a bheith neamh-inghlactha nó gan bhunús;

a ordú do Phoblacht na hIodáile na costais a íoc, agus

i gcás ina seasfar leis an achomharc, éifeachtaí dlíthiúla an chinnidh atá faoi chonspóid a choinneáil go ceann tréimhse is gá chun nós imeachta roghnúcháin nua a eagrú.

24

Le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 17 Aibreán 2018, rinne an Chomhairle agóid maidir le neamh-inghlacthacht, i gcomhréir le hAirteagal 151(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

25

Ina barúlacha a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 5 Meitheamh 2018, mhaígh Poblacht na hIodáile gur cheart diúltú don phléadáil neamh-inghlacthachta sin.

Cás C-182/18

26

Trí iarratas a taisceadh i gClárlann Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 30 Eanáir 2018 agus a cláraíodh mar Chás T-46/18, thionscain Comune di Milano caingean i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid. Trí ordú an 8 Márta 2018, Comune di Milano v an Chomhairle (T-46/18, neamhfhoilsithe, EU:T:2018:131), arna ghlacadh de bhun an tríú fomhír d’Airteagal 54 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus de bhun Airteagal 128 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta dlínse i gCás T‑46/18 ionas go bhféadfadh an Chúirt rialú a dhéanamh ar an achomharc sa chás sin, a cláraíodh mar Chás C-182/18.

27

Iarrann Comune di Milano ar an gCúirt:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, agus

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

28

Iarann an Chomhairle ar an gCúirt:

an t-achomharc a dhíbhe toisc é a bheith neamh-inghlactha nó gan bhunús;

a ordú do Comune di Milano na costais a íoc, agus

i gcás ina seasfar leis an achomharc, éifeachtaí dlíthiúla an chinnidh atá faoi chonspóid a choinneáil go ceann tréimhse is gá chun nós imeachta roghnúcháin nua a eagrú.

29

Le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 17 Aibreán 2018, rinne an Chomhairle agóid neamh-inghlacthachta, i gcomhréir le hAirteagal 151(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

30

Ina chuid barúlacha arna dtaisceadh i gClárlann na Cúirte an 5 Meitheamh 2018, mhaígh Comune di Milano, go príomha, gur cheart diúltú don phléadáil neamh-inghlacthachta sin agus, de rogha air sin, gur cheart an phléadáil sin a uamadh le substaint an cháis.

An nós imeachta os comhair na Cúirte

31

Le cinntí ó Uachtarán na Cúirte an 13 Aibreán 2018 agus an 18 Bealtaine 2018 i gCás C-59/18 agus an 17 Aibreán 2018 agus an 18 Bealtaine 2018 i gCás C-182/18, ceadaíodh do Ríocht na hÍsiltíre agus don Choimisiún idiragairt a dhéanamh mar thaca leis na horduithe atá á lorg ag an gComhairle.

32

Le cinntí ó Uachtarán na Cúirte an 11 Meitheamh 2018 agus an 1 Feabhra 2019 i gCás C-182/18, ceadaíodh do Regione Lombardia agus Poblacht na hIodáile idiragairt a dhéanamh mar thaca leis na horduithe atá á lorg ag Comune di Milano.

33

Le hordú ó Leas-Uachtarán na Cúirte an 2 Iúil 2018, Comune di Milano v an Chomhairle (C-182/18 R, neamhfhoilsithe, EU:C:2018:524), diúltaíodh d’iarratas Comune di Milano ar oibriú an chinnidh atá faoi chonspóid a chur ar fionraí.

34

Le breithiúnas na Cúirte an 18 Meán Fómhair 2018, uamadh na pléadálacha neamh-inghlacthachta a d’ardaigh an Chomhairle i gcásanna C-59/18 agus C-182/18 le substaint an cháis.

35

Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 19 Nollaig 2019, uamadh Cásanna C-59/18 agus C-182/18 chun críocha na n-imeachtaí ina dhiaidh sin agus an bhreithiúnais.

Dlínse na Cúirte

Argóintí dlí na bpáirtithe

36

Áitíonn an Chomhairle gur léir go bhfuil na hachomhairc reatha neamh-inghlactha, ós rud é go n-éalaíonn an cinneadh atá faoi chonspóid ón athbhreithniú ar dhlíthiúlacht arna fheidhmiú ag an gCúirt faoi Airteagal 263 CFAE, mar is gníomh é, ó thaobh foirme agus substainte de, arna ghlacadh ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát le chéile ar imeall chruinniú den Chomhairle.

37

Measann an Chomhairle, ar an gcéad dul síos, nach dtagann an inniúlacht, a bhaineann le suíomh gníomhaireachta de chuid an Aontais a shocrú, faoi inniúlacht an Aontais chun limistéar ar leith a rialú go substaintiúil agus, dá bhrí sin, sa chás seo, nach dtagann sí faoin ngnáthnós imeachta reachtach. De réir na hinstitiúide sin, tá an cinneadh a bhaineann le suíomh gníomhaireachta den sórt sin a shocrú difriúil go bunúsach ó na cinntí lena rialaítear sainmhíniú na gcumhachtaí, na rialacha oibriúcháin nó fiú eagraíocht na gníomhaireachta sin. Bheadh gné láidir pholaitiúil agus siombalach ag baint le cinneadh den sórt sin, nach mbeadh teoranta do shainréimse ábhartha na gníomhaireachta lena mbaineann agus a rachadh níos faide ná cúinsí eacnamaíocha nó éifeachtúlachta amháin. Is léir sin ón bhfíoras gur bunaíodh le himeacht ama critéir theicniúla amhail na cinn dá dtagraítear i nDearbhú Comhpháirteach 2012 chun creat a sholáthar maidir le suíomh ghníomhaireachtaí an Aontais a shocrú. Dá bhrí sin, níl cinneadh maidir le suíomh gníomhaireachta de chuid an Aontais a shocrú coimhdeach leis an gcinneadh chun an ghníomhaireacht sin a bhunú agus, os a choinne sin, tá tábhacht ar leith ag baint leis, lena dhinimic féin nach bhfuil coimhdeach leis na cinntí substainteacha maidir le rialáil limistéir ar leith. Déanann an Chomhairle tagairt go háirithe do Chinneadh Dhún Éideann, ach déanann an Chomhairle tagairt freisin don díospóid faoi shuíomh Pharlaimint na hEorpa.

38

Ar an dara dul síos, áitíonn an Chomhairle go bhfuil an chumhacht chun suíomh gníomhaireachta de chuid an Aontais a chinneadh ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag gníomhú dóibh de thoil a chéile. Mar sin, bheadh bunús leis an dlínse sin in Airteagal 341 CFAE, arna léirmhíniú i bhfianaise na forbartha stairiúla, den chomhthéacs ina bhfaightear an t-alt seo, eadhon, Airteagail 340 agus 342 CFAE, Prótacal Uimh. 6 agus Airteagal 2 de Chinneadh Dhún Éideann, agus an cleachtas ginearálta a leantar. Is léir ón gcleachtas sin go háirithe, go dtagann suíomh gníomhaireachta de chuid an Aontais, ar an gcéad dul síos, ón gcinneadh atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlac Ionadaithe Rialtais na mBallstát de thoil a chéile. Ina theannta sin, léirítear éifeacht bhunreachtúil cinnidh den sórt sin, i gcásanna áirithe, nach bhfuil an rogha suímh sa bhunghníomh reachtach, agus nár chuir an imthoisc sin bac ar chruthú na gníomhaireachta lena mbaineann ná ar a thabhairt chun críche an chomhaontaithe ceanncheathrú. Ar an dara dul síos, ní bheadh ach luach dearbhaitheach agus aitheantais ag baint le tásc ar láthair an tsuímh a áireamh sa bhunghníomh reachtach lena mbunaítear gníomhaireacht de chuid an Aontais, mar a bheadh le haon tagairt a dhéantar i dtéacs reachtach do ghné fíorais. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh reachtóir an Aontais imeacht ón rogha atá déanta cheana féin ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát, rud a bheadh ceangailteach mar sin. Ní bheadh aon tábhacht dlí, áfach, ag baint le léiriú ar an suíomh arna dhéanamh ag an oifig cláraithe sa bhunghníomh reachtach. Seachas go mbeadh an tásc sin ina fhachtóir tábhachtach maidir le deimhneacht dhlíthiúil, d’fhéadfadh an téacs reachtach, mar atá sa chás seo nuair a cuireadh Airteagal 71a isteach i Rialachán Uimh. 726/2004 ag Rialachán 2018/1718, an tásc seo a chomhcheangal le sraith d’eilimintí normatacha eile, idir ábhartha agus nóis imeachta, chun cinneadh shuíomh geografach na hoifige cláraithe a chomhlánú.

39

Dar le Ríocht na hÍsiltíre, a dhéanann idiragairt chun tacú leis an gComhairle, níl an cinneadh atá faoi chonspóid, ar gníomh é a thagann ó na Ballstáit agus ní ón gComhairle, faoi réir athbhreithniú na Cúirte faoi Airteagal 263 CFAE. Sa chás seo, bheadh na hairí a ghlac páirt i nglacadh an chinnidh seo tar éis gníomhú i gcáil ionadaithe dá rialtas agus ní mar chomhaltaí den Chomhairle. Ag tagairt di, thairis sin, do bhreithiúnas an 27 Samhain 2012, Pringle (C-370/12, EU:C:2012:756, míreanna 155 go 159), áitíonn Ríocht na hÍsiltíre go bhféadfadh na Ballstáit cúraimí a chur ar na hinstitiúidí ar choinníoll go n-urramaíonn siad inniúlachtaí an Aontais agus a institiúidí.

40

Cé go n-aontaíonn an Coimisiún le seasamh na Comhairle nach bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid faoi réir athbhreithniú ar dhlíthiúlacht arna fheidhmiú ag an gCúirt faoi Airteagal 263 CFAE, cuireann sé snáithe argóinte atá an-difriúil chun cinn. Tá sé den tuairim go bhfuil an inniúlacht a bhaineann le suíomh ghníomhaireachtaí an Aontais a shocrú ag reachtóir an Aontais amháin ag gníomhú dó i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus measann sé dá bhrí sin, sa chás seo, go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid, nach bhfuil mar chuid de dhlí an Aontais agus atá de chineál polaitiúil amháin, in éagmais aon iarmhairtí a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí.

41

Cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir gur cinnte gur de bharr Airteagal 341 CFAE a spreagadh an cleachtas atá á leanúint ag na hinstitiúidí go dtí seo chun suíomh ghníomhaireachtaí an Aontais a chinneadh. Go deimhin, i bhformhór na gcásanna, ní shonródh an Coimisiún an áit a bhfuil suíomh na ngníomhaireachtaí sin ina thograí reachtacha maidir lena gcruthú, ar feitheamh an chinnidh pholaitiúil ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát.

42

Mar sin féin, bheadh saoirse ag an gCoimisiún imeacht ón gcleachtas sin, mar atá déanta aige cheana i gcúinsí éagsúla, trí léiriú a áireamh ina chuid tograí reachtacha maidir leis an áit a bhfuil suíomh gníomhaireachtaí áirithe de chuid an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, cé go gcloíonn reachtóir an Aontais de ghnáth le cinneadh Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ní bheadh oibleagáid dhlíthiúil air déanamh amhlaidh. Sa chás seo, le linn na díospóireachta ar an togra le haghaidh rialacháin dá dtagraítear i mír 20 den bhreithiúnas seo, diúltaíodh d’ainmniú chathair Milano mar shuíomh EMA tar éis di a bheith ina hábhar plé ar leith. Chruthófaí, leis an imthoisc sin, dá mba ghá, nach teoiriciúil amháin an fhéidearthacht imeacht ó chinneadh polaitiúil Ionadaithe Rialtais na mBallstát. I gcás inar socraíodh leis an ngníomh a glacadh ag deireadh an ghnáthnós imeachta reachtaigh suíomh EMA ag suíomh seachas an ceann a shonraítear sa chinneadh atá faoi chonspóid, ní shárófaí aon riail dlí de chuid an Aontais Eorpaigh mar thoradh ar neamhchomhlíonadh an chinnidh seo.

43

Thairis sin, níl an cur chuige coiteann atá i gceangal le Dearbhú Comhpháirteach 2012 de chineál lena bhféadfaí a chruthú go bhféadfaidh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh ina haonar maidir leis an áit ina mbeidh suíomh gníomhaireachta de chuid an Aontais. Go deimhin, cé go bhfuil tagairt i bpointe 6 den chur chuige coiteann seo don chleachtas a leanadh san am a chuaigh thart, arbh é a bhí ann rogha pholaitiúil a dhéanamh, níl raon feidhme normatach ná éifeacht cheangailteach ó thaobh dlí ag an bpointe seo. Ní bheadh de chuspóir aige a chinneadh cé a chinnfidh suíomh ghníomhaireachtaí an Aontais agus cad iad na nósanna imeachta a leanfar, ach foráil a dhéanamh maidir le conas a chaithfear an rogha sin a dhéanamh, eadhon, roimh dheireadh an ghnáthnós imeachta reachtaigh, ar bhonn critéar oibiachtúil agus go trédhearcach.

44

Maidir leis na himthosca a bhaineann le glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, tugann an Coimisiún faoi deara go dtugtar le fios leo gur tháinig an cinneadh sin ó ionadaithe ó 27 de na 28 mBallstát, ag an am, de chuid an Aontais Eorpaigh, ionas nach bhféadfaí an cinneadh sin, a glacadh gan rannpháirtíocht ó chomh‑chomhlachtaí uile na Comhairle, a chur i leith na Comhairle. Ní leor gur chuir an institiúid sin a bonneagar ar fáil do na Ballstáit chun an cinneadh sin a chur ina leith.

45

Áitíonn Poblacht na hIodáile, cé gur dealraitheach go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid glactha go foirmiúil ag Comhdháil Ionadaithe Rialtais na mBallstát, nach mór a mheas go bhfuil sé inchurtha i leith na Comhairle. Tugann sé dá haire, faoi chásdlí na Cúirte, nach leor gníomh a aicmiú mar “chinneadh ó na Ballstáit” chun é a bheith saor ó athbhreithniú a bhunaítear le hAirteagal 263 CFAE. Go deimhin, de réir Phoblacht na hIodáile, a thagraíonn do mhír 14 de bhreithiúnas an 30 Meitheamh 1993, an Pharlaimint v an Chomhairle agus an Coimisiún (C‑181/91 agus C-248/91, EU:C:1993:271), is gá a fhíorú freisin an cinneadh ón gComhairle iarbhír é an gníomh i dtrácht, ag féachaint dá ábhar agus do na himthosca uile inar glacadh é.

46

Sa chás seo, is féidir an cinneadh sin a aicmiú mar ghníomh de chuid na Comhairle mar gheall ar ábhar an chinnidh atá faoi chonspóid agus na himthosca inar glacadh é.

47

Ar an gcéad dul síos, gan amhras, is inniúlacht de chuid an Aontais í an chumhacht chun suíomh a shocrú do EMA, comhlacht arna bhunú le reachtaíocht thánaisteach an Aontais ar bhonn forálacha arb ionann iad faoi láthair agus Airteagal 114 agus Airteagal 168(4)(c) CFAE. Is léir an méid sin go háirithe ó Dhearbhú Comhpháirteach 2012, lenar chomhaontaigh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún go bhféadfadh rogha shuíomh ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh teacht faoi inniúlacht na Comhairle nó na mBallstát. Chun a mheas go bhfuil na caingne arna dtionscnamh i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid neamh-inghlactha, b’ionann sin agus dul timpeall ar dhlínse na Cúirte agus cinntí áirithe ón gComhairle a dhíolmhú ó athbhreithniú ag Cúirteanna an Aontais Eorpaigh aon uair a chomhaontaíonn na Ballstáit gur de chineál idir‑rialtasach é cinneadh a thagann faoi réim inniúlachtaí agus nósanna imeachta an Aontais Eorpaigh.

48

Ar an dara dul síos, áitíonn Poblacht na hIodáile go dtacaítear leis an gconclúid gur glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid i réimse a thagann go bunúsach faoi dhlí an Aontais leis na socruithe sonracha chun é a ghlacadh. Cuireann sí in iúl, ar an gcéad dul síos, gur úsáideadh, le linn an ghlactha seo, ní amháin na háitribh ach freisin struchtúir fheidhmiúla inmheánacha na Comhairle, amhail an Ardrúnaíocht, an tSeirbhís Dlí, Uachtaránacht rothlach na hEastóine agus fiú Coiste na mBuanionadaithe (Coreper). Tugann Poblacht na hIodáile le fios go láidir ansin gurb ionann na nósanna imeachta vótála agus cinnteoireachta agus na cinn dá bhforáiltear leis na rialacha roghnúcháin a formheasadh ag cruinniú an 22 Meitheamh 2017 agus i nóta an 31 Deireadh Fómhair 2017, lena ndeimhnítear rannpháirtíocht chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh le linn an nós imeachta chun suíomh nua EMA a ainmniú. Ar deireadh, tagraíonn riail an tromlaigh a glacadh sa chás seo chun suíomh nua EMA a chinneadh do phróiseas cinnteoireachta atá tipiciúil d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, ach, ar an taobh eile, i gcás glacadh cinnidh de chineál idir-rialtasach atá inchurtha i leith na mBallstát, is í riail na haontoilíochta nó “comhaontú coiteann” a bheadh i réim.

49

Sonraíonn Poblacht na hIodáile, i gcodarsnacht lena bhfuil á éileamh ag an gComhairle, nach bhfuil Airteagal 341 CFAE, faoina “[g]cinnfidh Rialtais na mBallstát, de thoil a chéile, suíomh institiúidí an Aontais” infheidhme le cinntí maidir le suíomh ghníomhaireachtaí an Aontais. Mar sin, is faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh a thagann an cinneadh atá faoi chonspóid, mar a luaigh an Coimisiún go sainráite ina thogra le haghaidh rialacháin dá dtagraítear i mír 20 den bhreithiúnas seo, agus, dá bhrí sin, faoi raon feidhme athbhreithnithe na Cúirte Breithiúnais.

50

Cuireann Comune di Milano, le tacaíocht ó Regione Lombardia, argóintí ar aghaidh atá comhchosúil le hargóintí Phoblacht na hIodáile.

51

Áitíonn an Comune di Milano, ar an gcéad dul síos, nach mór a mheas, gan cur chuige atá iomlán foirmiúil a ghlacadh, go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid inchurtha i leith na Comhairle, agus go háirithe i leith a hUachtaránachta, ar tugadh cúraimí di, faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le haistrú EMA, chun ról breithnithe a fheidhmiú lenar ceadaíodh di cúiteamh a dhéanamh ar éagumas na mBallstát tromlach a fhoirmiú agus, dá bhrí sin, cinneadh a dhéanamh i gcás comhionannas vótaí, fiú trí luchtóga a tharraingt.

52

Ina dhiaidh sin, deir Comune di Milano go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid ag an gComhairle neamh-inghlactha toisc gur glacadh riail vótála tromlaigh agus nach vóta d’aon toil é sa chás seo ar mhaithe le suíomh nua EMA a chinneadh.

53

Ina theannta sin, measann Comune di Milano, fiú dá gcinnfí gur cheart an cinneadh atá faoi chonspóid a chur i leith na mBallstát, gur cheart dó a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach mar sin féin. Míníonn sé, ar an gcaoi chéanna nach mór gníomh arna ghlacadh ag Coreper a chur i leith na Comhairle, nach mór gníomhartha Uachtaránacht an Aontais a chur i leith na Comhairle nuair a fheidhmíonn an Chomhairle an chumhacht chun an beart i dtrácht a ghlacadh go foirmiúil agus go hábhartha. Ní leor é go ndéanann na Ballstáit an gníomh a dhearbhú ina dhiaidh sin lasmuigh den Chomhairle chun é a dhíolmhú ó athbhreithniú ag an gCúirt, toisc go gcuireann an daingniú sin deireadh leis an bpróiseas cinnteoireachta agus go dtugann sé críochnúlacht don ghníomh. Ar bhonn níos bunúsaí, ba cheart go mbeadh gníomhartha chomhlachtaí inmheánacha na Comhairle faoi réir athbhreithniú ar dhlíthiúlacht i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais (breithiúnais an 20 Meán Fómhair 2016, Ledra Advertising agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BCE, C-8/15 P go C-10/15 P, EU:C:2016:701, agus an 20 Meán Fómhair 2016, Mallis agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BCE, C-105/15 P go C-109/15 P, EU:C:2016:702).

54

Ar deireadh, tagraíonn Comune di Milano don mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra le haghaidh rialacháin dá dtagraítear i mír 20 den bhreithiúnas seo, inar chuir an Coimisiún in iúl “go dtagann an cheist maidir le suíomh na Gníomhaireachta a shocrú faoi inniúlacht eisiach an Aontais”, lena ndeimhnítear, dar leis, gur gníomh de chuid na Comhairle a glacadh i bhfeidhmiú na hinniúlachta eisiaiche é an cinneadh atá faoi chonspóid.

55

Ina theannta sin, cháin Comune di Milano an cur chuige foirmiúil atá á mholadh ag an gComhairle.

56

Ar an gcéad dul síos, cuireann sé in iúl gurb é an critéar cinntitheach chun údar an ghnímh i dtrácht a shainaithint an cheist cibé an ionann an gníomh sin agus cinneadh ón gComhairle, ag féachaint dá ábhar agus do na imthosca inar glacadh é. Go deimhin, leanann sé go beacht ó na himthosca go léir inar glacadh é agus óna inneachar nach féidir an cinneadh sin a aicmiú mar ghníomh polaitiúil agus idir-rialtasach nach bhfuil faoi réir athbhreithniú ar dhlíthiúlacht arna bhunú leis na Conarthaí. Cuireann an Comune di Milano in iúl go háirithe nach amháin gur ullmhaigh seirbhísí riaracháin na Comhairle an cinneadh sin, ach gur ghlac Uachtaránacht na Comhairle é. Ar an gcaoi chéanna, rinneadh an rogha ní hamháin maolú ar phrionsabal na haontoilíochta, ach freisin leanúint ar aghaidh trí chrannchur, agus leis na himthosca deiridh sin cruthaítear nach bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid bunaithe ar aon mheasúnú lánroghnach nó cothromú leasanna lena mbaineann, ar gnéithe sainiúla iad de chinneadh atá de chineál polaitiúil amháin.

57

Ar an dara dul síos, tá na hargóintí substainteacha a chuir an Chomhairle in iúl sa chomhthéacs sin gan bhunús. Ar an gcéad dul síos, le hAirteagal 341 CFAE, ina bhforáiltear go “(g)cinnfidh Rialtais na mBallstát, de thoil a chéile” an cinneadh maidir le suíomh institiúidí an Aontais, ní féidir, san ábhar a chumhdaítear leis an Airteagal sin, vótáil a dhéanamh. Ina theannta sin, mar is léir go háirithe ón togra le haghaidh rialacháin a luaitear i mír 20 den bhreithiúnas seo, thiocfadh an rogha maidir le suíomh EMA faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Ní féidir an chumhacht sin a fheidhmiú trí ghníomh de chuid na mBallstát, áfach. Thairis sin, ní féidir Airteagal 341 CFAE a léirmhíniú go forleathan mar thagairt do ghníomhaireachtaí an Aontais. Dar le Comune di Milano, is léir ón gcleachtas a rinne le déanaí maidir le suíomh na ngníomhaireachtaí sin a roghnú go bhfuil claonadh ann freagracht as an rogha sin a aistriú ó na Ballstáit go dtí an Chomhairle, nó fiú chuig an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa. Ina theannta sin, níl aon bhunús leis an argóint atá ag an gComhairle go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid inchurtha i leith na mBallstát ar an bhforas gur roghnaíodh suíomh EMA roimhe sin trí ghníomh a ghlac na Ballstáit féin. Ar deireadh, tagraíonn Comune di Milano do ghnéithe eile de chineál foirmiúil lena ndeimhnítear nach bhfuil an cinneadh seo inchurtha i leith na Comhairle, is é sin, ar dtús, taifeadadh agus dáileadh gníomhartha agus tuarascálacha ag an gComhairle féin agus, ar an dara dul síos, na doiciméid faisnéise arna ndáileadh ag EMA agus ag údaráis na hÍsiltíre.

58

Ar an tríú dul síos, áitíonn Comune di Milano, mar mhalairt air sin, gur cheart na gníomhartha arna nglacadh ag Uachtaránacht reatha na Comhairle a bheith faoi réir athbhreithniú na Cúirte. Ar an gcéad dul síos, measann sé, a mhéid a chuireann an cinneadh atá faoi chonspóid deireadh leis an nós imeachta chun an suíomh nua a roghnú, go bhfuil sé de chineál críochnaitheach agus go gcaithfidh sé a bheith faoi réir athbhreithniú ar dhlithiúlacht. Ar an taobh eile, ba cheart go mbeadh gníomhaíocht chomhlachtaí inmheánacha na Comhairle i gcomhthéacs ghlacadh an chinnidh, in aon chás, faoi réir athbhreithniú na Cúirte, ós rud é go bhfuil oibleagáid ar institiúidí an Aontais an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a urramú, fiú nuair a ghníomhaíonn siad lasmuigh de chreat institiúideach an Aontais.

Breithniú na Cúirte

59

Is Aontas dlí é an tAontas Eorpach a bhfuil córas iomlán leigheasanna agus nósanna imeachta aige arna dheonú ag Conradh FAE, atá ceaptha chun a chur ar chumas na Cúirte athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht ghníomhartha na n‑institiúidí (féach, chuige sin, breithiúnais an 23 Aibreán 1986, Les Verts v an Pharlaimint, 294/83, EU:C:1986:166, mír 23; an 3 Meán Fómhair 2008, Kadi agus Al Barakaat International Foundation v an Chomhairle agus an Coimisiún, C-402/05 P agus C-415/05 P, EU:C:2008:461, mír 281, agus an 3 Meitheamh 2021, An Ungáir v an Pharlaimint, C-650/18, EU:C:2021:426, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).

60

I dtaobh na caingne maidir le neamhniú dá bhforáiltear in Airteagal 263 CFAE, tá sí ar fáil i leith gach birt arna ghlacadh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, beag beann ar a gcineál nó ar a bhfoirm, atá beartaithe chun éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a bheith acu (féach, chuige sin, breithiúnais an 31 Márta 1971, an Coimisiún v an Chomhairle, 22/70, EU:C:1971:32, mír 42, agus an 3 Meitheamh 2021, an Ungáir v an Pharlaimint, C-650/18, EU:C:2021:426, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

61

Bíodh sin mar atá, i gcomhthéacs na caingne le haghaidh neamhniú dá dtagraítear in Airteagal 263 CFAE, níl dlínse ag cúirteanna an Aontais ach chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na ngníomhartha atá inchurtha i leith institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais. Leanann sé uaidh sin, maidir leis na gníomhartha arna nglacadh ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát atá ag gníomhú, ní ina gcáil mar chomhaltaí na Comhairle nó na Comhairle Eorpaí, ach mar ionadaithe ar a rialtais, agus dá bhrí sin a fheidhmíonn cumhachtaí na mBallstát go comhpháirteach, níl siad faoi réir athbhreithniú breithiúnach ag cúirteanna an Aontais Eorpaigh (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Meitheamh 1993, an Pharlaimint v an Chomhairle agus an Coimisiún, C‑181/91 agus C-248/91, EU:C:1993:271, mír 12, agus ordú an 16 Meitheamh 2021, Sharpston v an Chomhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát, C-685/20 P, EU:C:2021:485, mír 46).

62

Mar sin féin, ní leor an cinneadh is ábhar do na caingne seo a bheith tíolactha go foirmiúil mar chinneadh ó na Ballstáit ionas go mbeadh an gníomh sin saor ón athbhreithniú ar dhlíthiúlacht a leagtar síos in Airteagal 263 CFAE. Is gá fós nach cinneadh ón gComhairle iarbhír an gníomh sin, ag féachaint dá ábhar agus do na himthosca uile inar glacadh é (féach chuige sin, breithiúnas an 30 Meitheamh 1993, an Pharlaimint v an Chomhairle agus an Coimisiún, C‑181/91 agus C-248/91, EU:C:1993:271, mír 14).

63

Sa chás seo, ní mór an cinneadh atá faoi chonspóid a thuiscint i bhfianaise an chreata dhlíthiúil is infheidhme maidir le suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a chinneadh. Chuige sin, easaontaíonn na páirtithe maidir leis an gceist an féidir brath go bailí ar Airteagal 341 CFAE, ar dá réir a shocraítear suíomh “na n-institiúidí”, “de thoil a chéile” ag “Rialtais na mBallstát”, mar bhonn do chinntí a bhaineann le suíomh na gcomhlachtaí, na n‑oifigí agus na ngníomhaireachtaí sin a chinneadh.

64

Ar thaobh amháin, áitíonn an Chomhairle nach mór léirmhíniú leathan a dhéanamh ar an Airteagal sin mar thagairt, trína leathnú, do na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí sin, ionas gur ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag gníomhú dóibh de thoil a chéile, agus acu sin amháin, a bheidh an chumhacht a bhaineann le suíomh comhlachta nó gníomhaireachta den sórt sin a chinneadh. Fágann an méid sin nach bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid, mar ghníomh a thagann ó na Ballstáit agus ní ón gComhairle, faoi réir athbhreithniú ar dhlíthiúlacht na Cúirte Breithiúnais faoi Airteagal 263 CFAE.

65

Ar an taobh eile, áitíonn na hiarratasóirí gur gá go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid inchurtha i leith na Comhairle agus nach féidir leis, dá bhrí sin, an t‑athbhreithniú ar dhlíthiúlacht arna dhéanamh ag an gCúirt a sheachaint.

66

Is gá, dá bhrí sin, a rialú ar an gcéad dul síos an gcaithfidh na Ballstáit an cinneadh a dhéanamh maidir le suíomh comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais a chinneadh, de bhun na rialach a leagtar síos in Airteagal 341 CFAE, nó an gcaithfidh reachtóir an Aontais é a chinneadh, de bhua an bhunúis dlí shubstaintigh is infheidhme maidir leis an réimse ina n-iarrtar ar an gcomhlacht, ar an oifig nó ar an ngníomhaireacht i dtrácht gníomhú.

Inniúlacht chun suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a shocrú

67

De réir chásdlí socair na Cúirte, agus foráil de dhlí an Aontais á léirmhíniú aici, is gá machnamh a dhéanamh ní hamháin ar a foclaíocht agus ar na cuspóirí atá á saothrú aici, ach ar a comhthéacs freisin. Féadfaidh gnéithe atá ábhartha dá léirmhíniú a bheith ag gabháil le bunús forála de dhlí an Aontais chomh maith (féach, chuige sin breithiúnas an 10 Nollaig 2018, Wightman agus páirtithe eile, C-621/18, EU:C:2018:999, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear ann).

68

Dá bhrí sin, is gá a scrúdú, ar bhonn na modhanna léirmhínithe sin, an bhfuil feidhm ag Airteagal 341 CFAE maidir le cinntí a bhaineann le suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh.

69

Ar an gcéad dul síos, maidir le téarmaí Airteagal 341 CFAE, ní thagraítear leo ach do “institiúidí an Aontais”. I gcomhréir le hAirteagal 13(1) CAE, tagraítear leis an gcoincheap “institiúidí” do liosta beacht eintiteas, nach n-áirítear comhlachtaí, oifigí agus, go háirithe gníomhaireachtaí an Aontais leis.

70

Sa dara háit, maidir le comhthéacs Airteagal 341 CFAE, ní mór a chur in iúl, ar an gcéad dul síos, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 94 dá Thuairim, gur leasaíodh roinnt forálacha de na Conarthaí le Conradh Liospóin chun go n-áireofaí tagairt shainráite do “chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais”, a raibh sé d’éifeacht acu idirdhealú sainráite a dhéanamh, ar thaobh amháin, idir institiúidí an Aontais dá dtagraítear go sainráite in Airteagal 13(1) CAE agus, ar an taobh eile, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Dá bhrí sin, cé nach mbaineann forálacha áirithe CFAE ach le hinstitiúidí an Aontais, tagraíonn forálacha eile dá chuid, amhail Airteagail 15, 16, 123, 124, 127, 130, 228, 263, 265, 267, 282, 298 agus 325 den Chonradh sin, ar bhonn níos leithne, d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais. Is amhlaidh atá go háirithe, maidir le dlínse na Cúirte, i gcás Airteagal 263, Airteagal 265 agus Airteagal 267 CFAE.

71

Ní mór a rá go bhfreagraíonn foclaíocht Airteagal 341 CFAE, nach dtagraíonn ach do “institiúidí”, do na forálacha a tháinig roimh an Airteagal sin, eadhon, Airteagal 216 de Chonradh CEE (Airteagal 216 de Chonradh CE ina dhiaidh sin, agus Airteagal 289 CE anois).

72

Mar atá curtha in iúl ag an gComhairle, luann forálacha Chuid a Seacht (“Forálacha Ginearálta agus Críochnaitheacha”) CFAE, a bhfuil Airteagal 341 CFAE ina chuid de, na “hinstitiúidí”, ach ní féidir é a léirmhíniú dá bhrí sin cé, mar is léir ó mhír 70 den bhreithiúnas seo, ar chaoi go ndéantar idirdhealú soiléir in CAE idir institiúidí an Aontais, ar thaobh amháin, agus a chomhlachtaí, a oifigí agus a ghníomhaireachtaí, ar an taobh eile, mar léiriú ar rún údair na gConarthaí tuiscint leathan a thabhairt ar an gcoincheap “institiúidí”, sa chiall go gcuimseofaí leis an gcoincheap sin ní hamháin na heintitis atá liostaithe in Airteagal 13(1) CAE, ach chomh maith leis sin, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais arna mbunú leis na Conarthaí nó de bhun na gConarthaí agus atá beartaithe chun rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a bhaint amach. Tá sé seo níos fíre fós toisc gur bunús aonadach bunreachtúil don Aontas iad conarthaí CAE agus CFAE de bhua an tríú mír d’Airteagal 1 CAE agus Airteagal 1(2) CFAE, agus is é an toradh atá air sin ná go gcaithfidh an sainmhíniú ar an gcoincheap “institiúidí” in Airteagal 13(1) CAE agus an t-idirdhealú idir na hinstitiúidí sin, ar thaobh amháin, agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ar an taobh eile, a bheith ag feidhmiú ar bhealach trasnach agus aonfhoirmeach sa dá chonradh.

73

Ní féidir ach an oiread leis an léirmhíniú leathan a thugann an Chúirt ar an gcoincheap “institiúidí” de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 340 CFAE, ina sonraítear, “[i] gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an tAontas, de réir na bprionsabal ginearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a institiúidí nó a sheirbhísigh ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.”

74

Go deimhin, cé gur chinn an Chúirt go gcuimsítear leis an gcoincheap “institiúidí”, de réir bhrí na forála deiridh sin, ní hamháin na hinstitiúidí de chuid an Aontais atá liostaithe in Airteagal 13(1) CAE, ach freisin comhlachtaí agus oifigí uile an Aontais arna gcur ar bun leis na Conarthaí, nó dá mbua, agus atá ceaptha chun rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a ghnóthú (breithiúnas an 16 Nollaig 2020, an Chomhairle agus páirtithe eile v K. Chrysostomides & Co. agus páirtithe eile, C-597/18 P, C-598/18 P, C-603/18 P agus C-604/18 P, EU:C:2020:1028, mír 80 agus cásdlí dá dtagraítear ann), bhraith sí go sainráite, chun an cásdlí sin a shuíomh, ar an imthoisc, ar an gcéad dul síos, go bhfuil sé beartaithe ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais arna mbunú leis na Conarthaí nó faoi na Conarthaí rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais agus, ar an dara dul síos, go mbeadh sé contrártha leis an rún a bhí ag údair na gConarthaí don Aontas, agus é ag gníomhú trí chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht, a bheith saor ó iarmhairtí fhorálacha na gConarthaí lena rialaítear dliteanas neamhchonarthach an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Nollaig 1992, SGEEM agus Etroy v BEI, C-370/89, EU:C:1992:482, míreanna 13 go 16).

75

Mar sin, comhlíonann an léirmhíniú leathan a thugann an Chúirt ar an gcoincheap “institiúidí”, chun críocha an dara mír d'Airteagal 340 CFAE a chur i bhfeidhm, an riachtanas, a bhfuil údar maith leis de réir na bprionsabal ginearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát dá dtagraítear go sainráite san fhoráil sin, chun an tAontas a chosc ó dhul timpeall ar chur i bhfeidhm an chórais dliteanais neamhchonarthaigh faoi Airteagal 268 CFAE, arna léamh i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 340 CFAE, agus an t-athbhreithniú breithiúnach iarmhartach ón gCúirt, i gcás ina ngníomhaíonn sé trí chomhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais seachas na hinstitiúidí atá liostaithe in Airteagal 13(1) CAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Nollaig 1992, SGEEM agus Etroy v BEI, C-370/89, EU:C:1992:482, míreanna 14 agus 16). Ní mór gur fíre an méid sin fós ós rud é, mar atá luaite ag an Abhcóide Ginearálta i bpointe 100 dá Thuairim, go gcumhdaítear leis an gcoincheap “seirbhísigh” dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 340 CFAE, ó thaobh feidhme de, an fhoireann uile atá ag obair don Aontas Eorpach, bíodh sin in institiúidí nó i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí an Aontais.

76

Dá bhrí sin, ní féidir brath ar an léiriú a thugtar don choincheap “institiúidí”, de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 340 CFAE, lena rialaítear méid dhliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh, chun críche raon feidhme Airteagal 341 CFAE a shainiú de réir analaí, raon feidhme a bhaineann le méid na gcumhachtaí arna bhforchoimeád do na Ballstáit faoi na Conarthaí.

77

Ní féidir leis an gComhairle brath ach oiread go fóinteach ar an gcoincheap “institiúidí” in Airteagal 342 CFAE, ar dá réir go “(n)déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú trí bhíthin rialachán di d'aon toil, na rialacha i dtaobh theangacha institiúidí an Aontais a chinneadh, gan dochar do na forálacha atá i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.” Go deimhin, mar atá luaite ag an Abhcóide Ginearálta, i mír 98 dá Thuairim, ní gá an coincheap “institiúidí”, de réir bhrí an airteagail dheireanaigh seo, a léirmhíniú mar ní lena n-áirítear comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, a mhéid a d’fhéadfadh réimeas teanga comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais a bheith éagsúil leis an gceann atá i bhfeidhm sna hinstitiúidí.

78

Maidir le Prótacal Uimh. 6, de réir mar a áitíonn an Chomhairle, cé go socraítear leis ní hamháin suíomh institiúidí an Aontais ach suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí áirithe an Aontais chomh maith, lena n-áirítear Europol, agus go dtagraítear leis d’Airteagal 341 CFAE, ní fhoráiltear leis, áfach, go gcinnfidh na Ballstáit suímh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais ar bhonn comhchoiteann i gcomhréir leis an bprionsabal a leagtar síos san Airteagal sin. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gurb í an tsaintréith atá coiteann do na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais ná gur chruthaigh na Ballstáit iad, ach nach amhlaidh an cás do ghníomhaireacht de chuid an Aontais amhail EMA, a cruthaíodh ar bhonn na gconarthaí bunaidh, ag reachtóir an Aontais. Dá bhrí sin, ní féidir a thuiscint ón bprótacal sin go raibh sé beartaithe ag na Ballstáit an prionsabal a leagtar amach san Airteagal sin a chur i bhfeidhm, go díreach nó de réir analaí, maidir le suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí uile an Aontais Eorpaigh a shocrú.

79

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 112 dá Thuairim, léiríonn glacadh prótacail ar leith, i gcodarsnacht leis sin, gur mheas na Ballstáit gur cheart a gcinneadh comhchoiteann maidir le socrú suíomh comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí áirithe de chuid an Aontais atá liostaithe go cuimsitheach a bheith cumhdaithe go sonrach sa dlí príomha d’fhonn éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu i ndlí an Aontais.

80

Maidir leis an tagairt shainráite, i bPrótacal Uimh. 6, d’Airteagal 341 CFAE, mínítear go dtagraítear sa phrótacal sin go príomha do na hinstitiúidí atá luaite in Airteagal 13(1) CAE.

81

Ina theannta sin, is fíor, mar is léir ó Airteagal 2 de Chinneadh Dhún Éideann, gur chuir Ionadaithe Rialtais na mBallstát in iúl gur mhian leo, ar an gcaoi chéanna a dtugtar cumhacht dóibh go sainráite agus go soiléir le hAirteagal 341 CFAE suíomh institiúidí an Aontais Eorpaigh a bhunú, cinntí a fhorchoimeád dóibh féin maidir le suímh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, ag an gcomhdháil idir-rialtasach as ar eascair glacadh Chonradh Amstardam, glacadh téacs Chinneadh Dhún Éideann mar Phrótacal atá i gceangal le Conarthaí AE, CE, CEGC agus CEFA, arb ionann é anois agus Prótacal Uimh. 6, atá i gceangal le Conarthaí AE, FAE agus CEFA anois.

82

Mar sin féin, ar thaobh amháin, socraítear leis an airteagal aonair den Phrótacal deiridh sin, i dtéarmaí atá inchomparáide le téarmaí Airteagal 1 de Chinneadh Dhún Éideann, suíomh institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais arna gcruthú ag na Ballstáit amháin. Ar an taobh eile, cé gur aithin an Chúirt luach ceangailteach dlíthiúil an chinnidh seo i mbreithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 1997, an Fhrainc v an Pharlaimint (C-345/95, EU:C:1997:450), dá ndearna sí tagairt i mbreithiúnais eile ina dhiaidh sin [Féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Nollaig 2012, an Fhrainc v an Pharlaimint, C‑237/11 agus C-238/11, EU:C:2012:796, míreanna 36 go 42, agus an 2 Deireadh Fómhair 2018, An Fhrainc v an Pharlaimint (Cumhacht bhuiséadach a fheidhmiú), C-73/17, EU:C:2018:787, mír 33], ní fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar Airteagal 2 den chinneadh sin go ndéanfaí léirmhíniú ar Airteagal 341 CFAE a bheadh contrártha lena fhoclaíocht shoiléir.

83

Braitheann an Chomhairle freisin, mar ghné chomhthéacsúil, ar an gcleachtas institiúideach a bhí ann roimhe seo a bhaineann le suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a shocrú agus áitíonn sí go bhfuil “aitheantas institiúideach” ag baint leis an gcleachtas sin trí bhíthin Dhearbhú Comhpháirteach 2012 agus an chur chuige choitinn atá i gceangal leis sin.

84

Is léir, áfach, ón eolas atá curtha faoi bhráid na Cúirte i gcomhthéacs na gcásanna atá ann faoi láthair go bhfuil an cleachtas líomhnaithe i bhfad ó bheith ginearálaithe. Go deimhin, is iad na Ballstáit amháin a rinne na nósanna imeachta a leanadh chun suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a ainmniú, nó bhí baint ag institiúidí an Aontais leo, bíodh sin mar ina gcáil mar ghníomhairí sa nós imeachta reachtach nó nach ea, i méideanna éagsúla agus ar bhoinn éagsúla.

85

Ag glacadh leis, áfach, gur féidir, mar a áitíonn an Chomhairle, cleachtas atá bunaithe agus comhsheasmhach san am a chuaigh thart a shainaithint, faoinar socraíodh suímh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais go córasach ar bhonn rogha pholaitiúil arna déanamh ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát amháin, ní féidir leis an léirmhíniú ar Airteagal 341 CFAE a mholann an Chomhairle ar bhonn an chleachtais sin leas a bhaint as “aitheantas institiúideach” trí bhíthin Dhearbhú Comhpháirteach 2012 agus an chur chuige choitinn atá i gceangal leis. Go deimhin, níl aon chineál ceangailteach ó thaobh dlí de leis an dearbhú seo, mar a leagtar béim air sa chúigiú mír de, agus ní áirítear leis, ina theannta sin, aon aitheantas d’aon fhorchoimeád inniúlachta atá ag na Ballstáit maidir le suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a chinneadh.

86

In aon chás, ní fhéadfaidh cleachtas den sórt sin, a bheadh contrártha le rialacha CFAE agus, go háirithe, le hAirteagal 341 CFAE, trí raon feidhme an Airteagail sin a leathnú, in ainneoin a fhoclaíochta soiléire, chun suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a chinneadh, fasach a chruthú a bheadh ina cheangal ar na hinstitiúidí (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Bealtaine 2008, an Pharlaimint v an Chomhairle, C-133/06, EU:C:2008:257, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear ann).

87

Sa tríú háit agus san áit dheireanach, maidir le cuspóir Airteagal 341 CFAE, is é an cuspóir sin cumhachtaí cinnteoireachta na mBallstát a chaomhnú agus suíomh institiúidí an Aontais Eorpaigh amháin a chinneadh. I gcodarsnacht leis an seasamh a ghlac an Chomhairle ag an éisteacht, ní fhéadfaidh sé a bheith d’éifeacht ag léirmhíniú ar an Airteagal sin sa chiall nach mbainfeadh sé le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh gach éifeacht phraiticiúil a bhaint de, mar a thugtar faoi deara ag an Abhcóide Ginearálta i mír 138 dá Thuairim. Cé gur fíor go socraítear suíomh institiúidí an Aontais Eorpaigh leis an dlí príomha cheana féin, sa chás seo le Prótacal Uimh. 6, tá Airteagal 341 CFAE fós ábhartha d’aon chinneadh amach anseo lena modhnófar suíomh institiúide atá ann cheana nó lena socrófar suíomh institiúide nua.

88

Sa chomhthéacs sin, ní mór a mheabhrú, murab ionann agus institiúidí AE, a ndéantar foráil sna Conarthaí féin maidir lena gcruthú agus lena bhfeidhmeanna, mar gheall ar a dtábhacht bhunreachtúil, nach bhfuil comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, amhail EMA, a bhfuil sé mar chuspóir acu cuspóirí beartais áirithe de chuid an Aontais a bhaint amach, mar riail ghinearálta, cruthaithe leis na Conarthaí. Sna himthosca sin, mura dtagann a gcruthú ón dlí príomha, ní mór é a bheith mar thoradh ar ghníomh reachtaíochta tánaistí arna ghlacadh ar bhonn na bhforálacha substainteacha lena gcuirtear chun feidhme beartas an Aontais Eorpaigh ina bhfuil an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann ag gníomhú agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos leis na forálacha sin.

89

In éagmais sonraí breise ina leith sin sna Conarthaí, is amhlaidh gur faoi reachtóir an Aontais atá sé, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos le forálacha na gConarthaí atá infheidhme go hábhartha, suíomh comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais atá bunaithe aige féin a chinneadh le gníomh reachtaíochta tánaistí arna ghlacadh ar bhonn na bhforálacha sin, sa chaoi chéanna leis an gcumhacht atá aige, faoi na forálacha sin, cumhachtaí, eagrú agus modh oibríochta an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta sin a shainiú.

90

Dá bhrí sin, tá an cinneadh maidir le suíomh comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais a shocrú, amhail gníomhaireacht de chuid an Aontais, in aghaidh áitiú na Comhairle, i gcomhréir leis an gcinneadh maidir lena bunú. Is cinneadh den chineál céanna é cinneadh a bhaineann le hathlonnú suíomh gníomhaireachta den sórt sin.

91

Go deimhin, is féidir cúinsí polaitiúla a chur san áireamh i socrú suíomh comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais, amhail an gá atá ann, agus comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais á gcur ar bun, cothromaíocht gheografach áirithe a áirithiú nó tacú le Ballstáit nach bhfuil suíomh comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais acu go fóill.

92

Mar sin féin, ní thugann cineál polaitiúil an chinnidh lena socraítear suíomh comhlachta nó gníomhaireachta den sórt sin de chuid an Aontais ann féin údar maith go mbeidh an cinneadh sin saor ó inniúlacht reachtóir an Aontais, a dtreoraítear go rialta chun roghanna polaitiúla a dhéanamh i bhfeidhmiú chumhachtaí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2016, an Ghearmáin v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-113/14, EU:C:2016:635, mír 55).

93

Thairis sin, caithfidh cinneadh den sórt sin a bheith in ann a áirithiú go gcuirfí i gcrích na cúraimí a chuirtear ar an gcomhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais lena mbaineann d’fhonn cuspóirí beartais ar leith a bhaint amach.

94

Ní féidir ach oiread seasamh leis an argóint lena maítear, i gcás go nasctar socrú suíomh comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais leis an mbonn substainteach ar a bhfuil a gcruthú bunaithe, go bhféadfadh go n-eascródh sé as an méid sin, i gcomhréir leis an mbunús ábhartha dlí, go mbeadh an cinneadh sin faoi réir vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle, agus ní faoi réir cinnidh arna ghlacadh de thoil a chéile ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát, agus an socrú sin ina ghné chomhréitigh i gcomhthéacs na díospóireachta reachtaí.

95

Mar a tugadh le fios i mír 92 den bhreithiúnas seo, cé go bhféadfadh gné thábhachtach pholaitiúil a bheith ag gabháil leis an gcinneadh maidir le suíomh comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais, sa mhéid is nach mór dó freagairt, inter alia, do thosca a bhaineann le cothromaíocht gheografach, ní chuirtear cosc leis an méid sin ar fhéidearthacht reachtóir an Aontais an cinneadh sin a ghlacadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos le forálacha na gConarthaí atá infheidhme go hábhartha, ós rud é go bhféadfadh an ghné pholaitiúil sin a bheith, i ndáil leis sin, ina gné a fhéadfaidh reachtóir an Aontais a chur san áireamh agus a lánrogha á feidhmiú aige. Thairis sin, ní mór a chur in iúl, ós rud é go bhfuil prionsabal na trédhearcachta i leith na saoránach mar threoir do phróiseas reachtach an Aontais, faoin dara mír d’Airteagal 1 i gcomhar le hAirteagal 10(3) CAE, gurb é an toradh atá ar an bpróiseas sin ná go neartófar an bonn daonlathach do chinneadh maidir le suíomh comhlachta, oifige nó gníomhaireachta an Aontais a ainmniú, amhail EMA.

96

I ndáil leis sin, agus ar bhonn níos bunúsaí, toisc go bhfuil cinneadh, amhail an cinneadh a bhaineann le suíomh comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais, íogair ó thaobh na polaitíochta de, ní féidir na cumhachtaí a thugtar d’institiúidí an Aontais leis na Conarthaí a athrú, nó feidhmiú na gcumhachtaí sin a eisiamh ó na nósanna imeachta reachtacha atá leagtha síos sna Conarthaí. Ní fhéadfadh cinneadh maidir le raon feidhme den fhoráil de chuid na gConarthaí lena rialaítear inniúlacht shubstainteach an Aontais a bheith ag brath, dá bhrí sin, ar bhreithnithe a bhaineann le híogaireacht pholaitiúil an ábhair lena mbaineann nó ar an ábhar imní chun éifeachtacht ghníomhaíochta a áirithiú.

97

Leanann sé as na breithnithe sin go léir, agus go háirithe as foclaíocht Airteagal 341 CFAE, nach féidir an fhoráil sin a léirmhíniú sa chiall go rialaítear socrú shuíomh chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht an Aontais léi, amhail EMA.

98

Sna himthosca sin, ní ag na Ballstáit ach ag reachtóir an Aontais Eorpaigh atá an chumhacht chun cinneadh a dhéanamh maidir le socrú shuíomh na gníomhaireachta sin, agus ceanglaítear air gníomhú chun na críche sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i bhforálacha ábhartha na gConarthaí, sa chás seo Airteagal 114 CFAE agus Airteagal 168(4) CFAE, ina ndéantar foráil maidir le húsáid an ghnáthnós imeachta reachtaigh.

99

I bhfianaise an chinnidh sin, is gá rialú a thabhairt ina dhiaidh sin ar dhlínse na Cúirte chun rialú a thabhairt ar na caingne seo.

Údar an chinnidh atá faoi chonspóid agus dlínse na Cúirte Breithiúnais faoi Airteagal 263 CFAE

– Údar an chinnidh atá faoi chonspóid

100

Is gá, ar an gcéad dul síos, a fháil amach an bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid, a rinneadh ar imeall cruinnithe den Chomhairle ag Comhdháil Ionadaithe Rialtais na mBallstát, inchurtha i leith na n-ionadaithe sin.

101

I ndáil leis sin, maidir le hinneachar an chinnidh atá faoi chonspóid, is léir óna theideal agus ó mhiontuairiscí chruinniú na Comhairle an 20 Samhain 2017, dá dtagraítear i mír 19 den bhreithiúnas seo, gurb éard atá sa chinneadh sin ná gníomh de chuid Chinn Stáit nó Rialtais na 27 mBallstát arna ghlacadh ar imeall chruinniú na Comhairle tar éis nós imeachta idir-rialtasach. Comhthacaítear leis an anailís sin leis an ráiteas, sa togra ón gCoimisiún an 29 Samhain 2017 dá dtagraítear i mír 20 den bhreithiúnas sin, go bhfuil sé beartaithe obair leantach a dhéanamh leis an togra sin, i bhfianaise an fhógra a thug an Ríocht Aontaithe an 29 Márta 2017 go raibh sé ar intinn aici an tAontas Eorpach a fhágáil, ar rogha í a rinneadh do chathair Amstardam mar ionad shuíomh nua EMA leis “na 27 mBallstát eile, ag teacht le chéile di ar imeall na Comhairle Gnóthaí Ginearálta”.

102

Deimhnítear an chonclúid go gcaithfear an cinneadh atá faoi chonspóid a chur i leith Ionadaithe Rialtais na mBallstát agus ní ar an gComhairle, trí ghlacadh Rialacháin 2018/1718 ina dhiaidh sin, ós rud é nár tharla sé ach i ndiaidh ghlacadh an chinnidh sin go raibh an Chomhairle rannpháirteach, ina cáil mar chomhreachtóir leis an bParlaimint, sa ghnáthnós imeachta reachtach, d’fhonn an tagairt do shuíomh EMA a chur isteach, leis an Rialachán sin, i Rialachán Uimh. 726/2004 lenar bunaíodh an ghníomhaireacht sin.

103

Maidir leis na cúinsí a bhaineann le glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil rannpháirtíocht institiúidí an Aontais sa phróiseas as ar lean glacadh an chinnidh sin, go háirithe rannpháirtíocht an Choimisiúin, trína mheasúnú ar na tairiscintí, agus rannpháirtíocht na Comhairle, trína cathaoirleacht ar chruinniú an 20 Samhain 2017 agus trína háitribh agus a struchtúir fheidhmiúla inmheánacha a sholáthar, amhail an Ardrúnaíocht, ag tacú leis an gconclúid gur féidir an cinneadh sin a chur i leith na Comhairle seachas i leith na mBallstát.

104

Go deimhin, nuair a ghlactar gníomh san áitreabh nó le cúnamh ó institiúid an Aontais Eorpaigh, ní thugtar dlínse de bharr an méid sin ann féin don Chúirt measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an ghnímh sin (féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 22 Márta 1990, Le Pen, C-201/89, EU:C:1990:133, míreanna 11 agus 16).

105

Dá bhrí sin, ní féidir an cinneadh atá faoi chonspóid a aicmiú mar ghníomh de chuid na Comhairle, bíodh sin trína ábhar nó trí na himthosca inar glacadh é. A mhalairt ar fad, is ionann an cinneadh sin agus gníomh arna ghlacadh i dteannta a chéile agus de chomhthoil idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát.

– Dlínse na Cúirte faoi Airteagal 263 CFAE

106

Ar an dara dul síos, ba cheart a mheabhrú gurb é an critéar ábhartha a úsáideann an Chúirt chun dlínse Chúirteanna an Aontais Eorpaigh a eisiamh maidir le caingean bhreithiúnach a éisteacht agus a chinneadh nuair a thionscnaítear í i gcoinne gníomhartha arna nglacadh ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát, agus iad sin amháin, an critéar a bhaineann lena n-údar, beag beann ar na héifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a bheidh acu (ordú an 16 Meitheamh 2021, Sharpston v an Chomhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát, C-685/20 P, EU:C:2021:485, mír 47).

107

Ní féidir, dá bhrí sin, glacadh le hargóint na n-iarratasóirí gurb iomchuí sa chás seo dearcadh leathan a ghlacadh ar údair na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 263 CFAE, eadhon, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, d’fhonn a mheas gur ghlac institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais an cinneadh atá faoi chonspóid de réir bhrí an Airteagail sin, nó, ar a laghad, na caingne reatha seo a chomhshamhlú le caingne arna dtionscnamh i gcoinne cinnidh ón gComhairle, gan foclaíocht shoiléir an Airteagail sin a shárú (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Meitheamh 2021, Sharpston v an Chomhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát, C-685/20 P, EU:C:2021:485, mír 48)

108

Bheadh léirmhíniú den sórt sin ag teacht salach ar rún údair na gConarthaí, mar a léirítear in Airteagal 263 CFAE, a bhfuil a raon feidhme teoranta do ghníomhartha de dhlí an Aontais arna nglacadh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, chun gníomhartha na mBallstát a eisiamh ó athbhreithniú Chúirteanna an Aontais.

109

Mar sin féin, má fhéachtar ar an gcinneadh atá faoi chonspóid mar ghníomh arna ghlacadh ag na Ballstáit ina n-aonar, agus atá saor dá bhrí sin ó athbhreithnithe ar dhlíthiúlacht dá bhforáiltear in Airteagal 263 CFAE, ní féidir, áfach, é a chomhshamhlú ar an mbealach céanna le cinneadh arna ghlacadh faoi Airteagal 341 CFAE, ós rud é, mar is léir ó na cúinsí a leagtar amach i míreanna 67 go 97 den bhreithiúnas seo, nach mór an tAirteagal sin a léiriú mar thagairt go heisiach do chinneadh ar shuíomh na n-institiúidí dá dtagraítear in Airteagal 13(1) CAE, agus ní do chinneadh ar shuíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais.

110

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 166 dá Thuairim, is cinneadh é nach bhfuil aon éifeacht cheangailteach dlí aige i ndlí an Aontais é cinneadh a rinne na Ballstáit, amhail an cinneadh atá faoi chonspóid, i réimse nach bhforáiltear sna Conarthaí dá ngníomhaíocht ann. Ní athraítear cineál an chinnidh toisc go raibh ról áirithe ag institiúid amháin nó níos mó de chuid an Aontais sa nós imeachta as ar eascair glacadh an chinnidh sin, nach dtagann faoi réim dhlí an Aontais (féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2016, Ledra Advertising agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BCE, C-8/15 P go C-10/15 P, EU:C:2016:701, mír 54).

111

Sa chomhthéacs sin, is faoi reachtóir an Aontais atá sé, ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus cosanta éifeachtaí breithiúnaí araon, gníomh de chuid an Aontais a ghlacadh, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos le forálacha na gConarthaí atá infheidhme go hábhartha, lena bhformhuinítear nó, ar a mhalairt, n-imítear ón gcinneadh polaitiúil arna ghlacadh ag na Ballstáit, agus cuirtear in iúl go soiléir nach féidir ach leis an ngníomh sin de chuid reachtóir an Aontais éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a chruthú faoi dhlí an Aontais agus, i gcomhthéacs mar sin sa chás seo, go gcaithfidh an gníomh sin teacht roimh aon bheart nithiúil forfheidhmithe do shuíomh nua na gníomhaireachta lena mbaineann.

112

Dá bhrí sin, sa chás seo, maidir le cinneadh shuíomh nua EMA, is é Airteagal 71d de Rialachán Uimh. 726/2004, an t-aon fhoráil atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, an t-aon fhoráil amháin a chuirtear isteach i Rialachán 2018/1718.

113

Leanann sé as na breithnithe uile roimhe seo nach gníomh de chuid na Comhairle é an cinneadh atá faoi chonspóid ach gur gníomh de chineál polaitiúil é nach bhfuil aon éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha aige arna nglacadh ag na Ballstáit i dteannta a chéile, agus de thoradh air sin nach féidir leis a bheith ina ábhar do chaingean neamhnithe faoi Airteagal 263 CFAE.

114

Dá dheasca sin agus gan dó a bheith riachtanach rialú a thabhairt ar iarratas ar bhearta fiosrúcháin arna dhéanamh ag Poblacht na hIodáile, ní foláir na caingne arna dtionscnamh ag Poblacht na hIodáile agus Comune di Milano a dhíbhe mar chaingean atá dírithe in aghaidh gníomh nach bhfuil dlínse ag an gCúirt a dhlíthiúlacht a athbhreithniú ar bhonn Airteagal 263 CFAE.

Costais

115

Faoi Airteagal 138(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc má tá iarraidh ina leith sin sna pléadálacha.

116

I gcomhréir le hAirteagal 138(3) de na Rialacha Nós Imeachta, i gcás go n‑éiríonn le gach páirtí i roinnt de na pointí agus go dteipfidh orthu i roinnt eile, íocfaidh gach páirtí a chostais féin. Más dealraitheach údar maith a bheith leis de réir imthosca an cháis, áfach, féadfaidh an Chúirt a ordú go n‑íocfaidh páirtí amháin, chomh maith lena chostais féin, sciar de chostais an pháirtí eile.

117

Sa chás seo, agus é mar phríomhthréith an cháis go bhfuil cleachtas éagsúil agus léirmhínithe éagsúla ar cheist na hinniúlachta cinnteoireachta maidir le suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a shocrú sna himthosca a bhaineann le glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, is cosúil go bhfuil údar maith le cinneadh a dhéanamh go n-íocfaidh gach ceann de na príomhpháirtithe, eadhon, Poblacht na hIodáile, Comune di Milano agus an Chomhairle, a chostais féin.

118

I gcomhréir le hAirteagal 140(1) de na Rialacha Nós Imeachta, beidh ar Regione Lombardia, Ríocht na hÍsiltíre agus an Coimisiún, a gcostais féin a íoc.

 

Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Déantar na hachomhairc a dhíbhe.

 

2.

Is ar Phoblacht na hIodáile, Comune di Milano agus Comhairle an Aontais Eorpaigh a gcostais féin a íoc.

 

3.

Is ar Regione Lombardia, Ríocht na hÍsiltíre agus an Coimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Iodáilis.

Top