AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.5.2025
COM(2025) 291 final/2 Downgraded on 4.7.2025
2025/0152(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le dearbhú comhpháirteach ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe i gComhairle Comhpháirtíochta an Chomhaontaithe sin
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo le cinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú ag an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú’ nó ‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’). Baineann an seasamh le dearbhú comhpháirteach atá le déanamh ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe i gComhairle Comhpháirtíochta an Chomhaontaithe sin.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe
Síníodh an Comhaontú Trádála agus Comhair an 30 Nollaig 2020, cuireadh i bhfeidhm é go sealadach ón 1 Eanáir 2021 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021. Leis an gComhaontú, bunaítear an bonn le haghaidh caidreamh leathan idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a chuimsíonn cearta agus oibleagáidí frithpháirteacha, gníomhaíochtaí coiteanna agus nósanna imeachta speisialta.
2.2.An Chomhairle Comhpháirtíochta
Le hAirteagal 7(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, bunaítear an Chomhairle Comhpháirtíochta. Is iad a príomhchúraimí, a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den Chomhaontú, maoirseacht a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí an Chomhaontaithe, maoirsiú agus éascú a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe . Féadfaidh an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe aon saincheist a bhaineann le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus léiriú an Chomhaontaithe a tharchur chuici.
2.3.An gníomh ón gComhairle Comhpháirtíochta atá beartaithe
Tá na Páirtithe sa Chomhaontú Trádála agus Comhair le dearbhú comhpháirteach a dhéanamh sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú le hAirteagal 7(1) den Chomhaontú sin maidir lena dtuiscint pholaitiúil gur cheart cuspóirí Chuid a Dó, Ceannteideal a hAon, Teideal VIII den Chomhaontú Trádála agus Comhair a shaothrú agus, dá bhrí sin, go mbeadh sé iomchuí síneadh a chur le cur i bhfeidhm Theideal VIII.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tacú le glacadh dearbhaithe chomhpháirtigh atá le déanamh ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.
I gcomhthéacs chur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair mar chuid de chomhpháirtíocht eacnamaíoch atá uaillmhianach, fadréimseach agus cothrom idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, a bhfuil tairbhí frithpháirteacha ag baint léi, chuirfí in iúl sa dearbhú comhpháirteach tuiscint pholaitiúil an Aontais agus na Ríochta Aontaithe go mbeadh sé iomchuí cuspóirí Chuid a Dó, Ceannteideal a hAon, Teideal VIII maidir le fuinneamh den Chomhaontú Trádála agus Comhair (‘Teideal VIII’) a shaothrú agus síneadh a chur le cur i bhfeidhm Theideal VIII. Dhéanfaí an méid sin i gcomhréir le hAirteagal 331(2) den Chomhaontú.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ón gComhairle lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Comhlacht arna chur ar bun le comhaontú is ea an Chomhairle Comhpháirtíochta, mar atá an Comhaontú Trádála agus Comhair.
Is de chomhthoil a dhéanfar an dearbhú comhpháirteach a bheartaíonn an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a dhéanamh sa Chomhairle Comhpháirtíochta.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasaimh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó ceann de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó mar comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí éagsúla á saothrú leis ag an am céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad a bhfuil dlúthnasc doscartha eatarthu gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an ceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na boinn chomhfhreagracha dlí éagsúla a áireamh sa bhunús substaintiúil dlí atá leis an gcinneadh faoi Airteagal 218(9) de CFAE.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is le fuinneamh a bhaineann cuspóir agus inneachar an ghnímh atá beartaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 194(2) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 194(2) CFAE a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é gurb é is cuspóir don chinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta Cinneadh a ghlacadh faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, is iomchuí an cinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2025/0152 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le dearbhú comhpháirteach ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe i gComhairle Comhpháirtíochta an Chomhaontaithe sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thug an tAontas an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’ nó ‘an Comhaontú’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021, tar éis é a bheith á chur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 1 Eanáir 2021 ann.
(2)Is iad cuspóirí Chuid a Dó, Ceannteideal a hAon, Teideal VIII maidir le fuinneamh den Chomhaontú Trádála agus Comhair (‘Teideal VIII’) trádáil agus infheistíocht a éascú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) i réimsí an fhuinnimh agus na n‑amhábhar, agus tacú le slándáil an tsoláthair agus le hinbhuanaitheacht comhshaoil, go háirithe maidir le rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide sna réimsí sin.
(3)I gcomhréir le hAirteagal 331(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, scoirfidh Teideal VIII d’fheidhm a bheith aige an 30 Meitheamh 2026.
(4)I gcomhréir le hAirteagal 331(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, idir an 1 Iúil 2026 agus an 31 Nollaig 2026, féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta a chinneadh síneadh a chur le cur i bhfeidhm Theideal VIII go dtí an 31 Márta 2027. Idir an 1 Aibreán 2027 agus an 31 Nollaig 2027, agus aon tráth in aon bhliain ina dhiaidh sin, féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta a chinneadh síneadh eile a chur le cur i bhfeidhm Theideal VIII go dtí an 31 Márta den bhliain ina dhiaidh sin.
(5)Chun cuspóirí Theideal VIII a bhaint amach, is iomchuí don Aontas agus don Ríocht Aontaithe dearbhú comhpháirteach a dhéanamh sa Chomhairle Comhpháirtíochta ina gcuirfear in iúl a dtuiscint pholaitiúil gurbh iomchuí síneadh a chur le cur i bhfeidhm Theideal VIII.
(6)Tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe le dearbhú comhpháirteach a ghlacadh i gComhairle Comhpháirtíochta an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair.
(7)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a bhunú a mhéid a bhaineann le dearbhú comhpháirteach ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhairle Comhpháirtíochta ina gcuirfear in iúl a dtuiscint pholaitiúil gurbh iomchuí síneadh a chur le cur i bhfeidhm Theideal VIII. Dhéanfaí an méid sin i gcomhréir le hAirteagal 331(2) den Chomhaontú, ar bhonn an chothromaíocht fhoriomlán idir cearta agus oibleagáidí a choinneáil ar bun ar bhealach inbhuanaithe.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a mhéid a bhaineann le dearbhú comhpháirteach ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, leagtar amach é sa Dréachtdhearbhú Comhpháirteach ón gComhairle Comhpháirtíochta atá i gceangal in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo,
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán