EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XG03543

Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le hoidhreacht Bhliain Eorpach na hÓige 2022

ST/9864/2024/INIT

IO C, C/2024/3543, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3543/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3543/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3543

31.5.2024

Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le hoidhreacht Bhliain Eorpach na hÓige 2022

(C/2024/3543)

DÉANANN AN CHOMHAIRLE AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE, AN MÉID SEO A LEANAS

DEARBHAÍONN SIAD, agus todhchaí rathúil, cuimsitheach, slán agus inbhuanaithe á thógáil, go dteastaíonn cruthaitheacht, fuinneamh agus buanna éagsúla gach saoránaigh, go háirithe daoine óga, chun an daonlathas a chothú, an tsíocháin a áirithiú, seasamh go diongbháilte le luachanna na hEorpa agus lántairbhe a bhaint as an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Léirigh Bliain Eorpach na hÓige (‘an Bhliain’) (1) go dteastaíonn gach uile duine óg san Eoraip agus leagadh béim ar an luach a chuireann an tAontas Eorpach le saol na ndaoine óga, ar an gcaoi a dtacaíonn sé lena bhforbairt phearsanta agus ar an gcaoi a n-ullmhaíonn sé iad le príomh-acmhainní agus scileanna chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus ina ngníomhairí don dlúthpháirtíocht agus d’athrú dearfach. Ina theannta sin, léirigh an Bhliain go measann daoine óga gur cheart dearcadh na hóige a chur san áireamh i réimsí beartais ábhartha an Aontais, go háirithe trí phríomhshruthú na hóige (2).

CUIREANN SIAD I dTREIS gur bhuaicphointe den chomhar Eorpach a bhí sa Bhliain, agus nach mór go mairfeadh a hoidhreacht chun domhan níos fearr a fhágáil do na glúine atá le teacht. Ba cheart go spreagfaí leis an dlúthpháirtíocht idir na glúine gach gníomhaíocht a dhéanann an tAontas. Chun gealltanas an Aontais Eorpaigh do dhaoine óga na hEorpa a chothú, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu, ní mór comhar maidir le Beartas Óige na hEorpa, mar a chuimsítear é i Straitéis Óige an Aontais 2019-2027, a chur in oiriúint do na forbairtí agus do na riachtanais nua a sainaithníodh le linn na Bliana. Ní mór céimeanna breise a thabhairt chun cinn chun torthaí nithiúla a bhaint amach do dhaoine óga agus i gcomhar le daoine óga.

LEAGANN SIAD BÉIM ar an ról tábhachtach a bhí ag comhairlí óige, ag eagraíochtaí don óige agus ag eagraíochtaí oibre don óige agus ag oibrithe don óige ar gach leibhéal, chomh maith leis na húdaráis náisiúnta, i measc grúpaí eile, chun daoine óga a shlógadh agus tacú leo, mar a chonacthas le linn na Bliana.

ATHDHEARBHAÍONN SIAD gur réimsí tábhachtacha oibre don Aontas Eorpach iad príomhshruthú na hóige agus dearcadh láidir na hóige a dhaingniú i mbeartais ábhartha uile an Aontais.

Cuireann siad in iúl gur DÍOL SÁSAIMH DÓIBH na tionscnaimh éagsúla atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar oidhreacht na Bliana, (3) chomh maith le huaillmhian na Teachtaireachta maidir le Bliain Eorpach na hÓige (4) chun dul chun cinn a dhéanamh in dhá phríomhréimse: guth níos láidre a thabhairt do dhaoine óga i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais agus aghaidh a thabhairt ar ábhair imní don óige ar fud réimsí beartais.

TUGANN SIAD DÁ nAIRE na príomhghníomhaíochtaí atá beartaithe sa Teachtaireacht mar fhreagairt ar ábhair imní daoine óga i gcúig phríomhréimse beartais atá ábhartha dóibh: sláinte agus folláine, an comhshaol agus an aeráid, oideachas agus oiliúint, comhar idirnáisiúnta agus luachanna Eorpacha, fostaíocht agus cuimsiú.

IARRANN SÍ AR an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, oibriú leis an óige agus ar son na hóige chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.

Príomhshruthú na hóige a chur chun cinn agus tacú leis an bpríomhshruthú sin ar fud réimsí beartais. Agus an méid sin á dhéanamh, tacú le malartú dea-chleachtas agus forbairt acmhainní idir na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ábhartha, agus an malartú sin agus an fhorbairt sin a chur chun cinn, idir na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara ábhartha — lena n-áirítear comhordaitheoirí náisiúnta, i gcás inar ann dóibh — i ndáil le haghaidh a thabhairt ar ábhair imní na n-óg uile.

2.

Leas a bhaint as an móiminteam, leanúint den chomhchruthú, agus gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí (5) a chur ar bun agus a chur in úsáid, mar shampla sainghrúpaí, gníomhaíochtaí piarfhoghlama nó ardán nua um pháirtithe leasmhara na hóige, chun féachaint ar ionstraimí nithiúla príomhshruthúcháin — mar atá seiceáil óige nó tástáil óige nó uirlis chomhchosúil atá le cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais — in éineacht le daoine óga agus páirtithe leasmhara ábhartha eile lena n-áirítear Comhairle na hEorpa, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine óga ar fud an Aontais Eorpaigh, agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta. Ba cheart do na hionstraimí príomhshruthúcháin prionsabail an dea-rialachais, na trédhearcachta, na mbreithnithe fianaisebhunaithe agus na hoibiachtúlachta a chomhlíonadh, go háirithe ó thaobh measúnaithe agus roghnaíochta de.

3.

Cáilíocht, infheictheacht agus for-rochtain Idirphlé Óige an Aontais a neartú, i gcomhréir le straitéisí ábhartha maidir le cuimsiú, agus naisc a bhunú le clár oibre an Choimisiúin Eorpaigh, agus aird chuí á tabhairt ar shainiúlacht Idirphlé Óige an Aontais agus ar an gcreat faoina n-eagraítear é. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh faoi chuimsiú an athbhreithnithe mheántéarma ar Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 agus trí athbhreithniú a dhéanamh ar an rún ón gComhairle lena mbunaítear treoirlínte maidir le rialachas Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh — Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 chun na rúin sin a oiriúnú d’fhorbairtí agus do riachtanais nua, agus trí straitéis chumarsáide (6) a bhunú d’Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, i measc nithe eile.

4.

Agus comhiarracht mhór á déanamh, machnamh breise a dhéanamh ar ról, sainordú, cuspóir agus comhdhéanamh an ardáin nua um pháirtithe leasmhara na hóige agus na nithe sin a mhúnlú, agus aird chuí á tabhairt ar na hinniúlachtaí lena mbaineann.

5.

Iarrachtaí breise a dhéanamh chun faisnéis maidir le deiseanna a chur in iúl trí Thairseach Eorpach na hÓige, do dhaoine óga i bhfoclaíocht atá oiriúnach don óige, ar bhealach inrochtana agus i bhformáidí atá iomchuí dá riachtanais, go háirithe riachtanais na ndaoine sin ar lú na deiseanna atá acu, go háirithe i réimsí na rannpháirtíochta daonlathaí agus na sochaithe cuimsitheacha, chomh maith le leas a bhaint as a gcearta mar shaoránaigh den Aontas.

6.

Na príomhghníomhaíochtaí beartaithe a luaitear thuas a mhúnlú a thuilleadh, oibriú i gcomhar le Comhairlí Náisiúnta Óige na mBallstát, agus, i gcás inarb ábhartha, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil, agus ag an am céanna deiseanna a chur ar fáil chun daoine óga ó chúlraí éagsúla agus ar lú na deiseanna atá acu a áireamh, lena n-áirítear daoine óga ó na ceantair thuaithe, iargúlta, imeallacha, lagfhorbartha agus ó na réigiúin is forimeallaí chomh maith leo siúd atá i staideanna leochaileacha.

7.

Á mheabhrú di a thábhachtaí atá cláir óige an Aontais, mar shampla Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, leanúint de dheiseanna a chur ar fáil trí na cláir sin agus iad a dhéanamh níos inrochtana agus níos cuimsithí, go háirithe trí mhicreadheontais a thabhairt isteach agus trí shineirgí a fhorbairt idir cláir agus gníomhaíochtaí náisiúnta agus cláir agus gníomhaíochtaí soghluaisteachta óige an Aontais.

8.

A áirithiú go ndéanfar oidhreacht na Bliana a ionchorprú san athbhreithniú ar Straitéis Óige an Aontais 2019-2027 chun gealltanas an Aontais Eorpaigh do dhaoine óga na hEorpa a choinneáil ar bun.

9.

Pleananna Oibre AE don Óige a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar réimsí coiteanna oibre a shainaithnítear sna conclúidí seo.

10.

Obair leantach a leagan amach don Chomhairle agus do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme na mbeart thuas i dtuarascáil an Aontais maidir leis an óige, mar a leagtar amach i Straitéis Óige an Aontais.


(1)  Dá bhforáiltear i gCinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022),(IO L 462, 28.12.2021).

(2)  Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le príomhshruthú na hóige i bpróisis chinnteoireachta san Aontas Eorpach a chur chun cinn (C/2023/1342), agus go háirithe míreanna 30 agus 32.

(3)  Áirítear ar na tionscnaimh sin an Chomhdháil ‘Éileamh ar an Todhchaí’ a tionóladh an 6 Nollaig 2022 mar imeacht clabhsúir Bhliain Eorpach na hÓige, an t-imeacht beartais a eagraíodh an 26 Aibreán 2023 maidir le measúnú tionchair/seiceáil an Aontais ó thaobh na hóige de, agus príomhshruthú an imeachta maidir le beartas na hóige lenar tugadh aghaidh ar oidhreacht na Bliana, a tionóladh an 19 Meitheamh 2023 sa Bhruiséil.

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Bliain Eorpach na hÓige 2022, COM(2024)1.

(5)   ‘Ba cheart an fhoghlaim fhrithpháirteach idir na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus na páirtithe leasmhara ábhartha a bheith ina huirlis chun beartas na hóige a chur chun cinn i ndáil le réimsí lárnacha agus trasearnála araon. Leanfaidh grúpaí saineolaithe de threoraíocht bheartais a cheapadh, uirlisí praiticiúla a fhorbairt agus dea-chleachtais a chomhroinnt; leis an straitéis sin, cuirfear uirlisí nua ar fáil don fhoghlaim fhrithpháirteach, mar shampla athbhreithnithe piaraí agus piarchomhairleoireacht, fóraim ardleibhéil, anailís agus staidéir, i gcomhréir le tosaíochtaí Straitéis Óige an Aontais i gcoitinne, agus laistigh de na Pleananna Oibre tríbhliantúla. Beidh cur chuige níos córasaí á chur i bhfeidhm maidir le faisnéis, for-rochtain agus scaipeadh le haghaidh na hóige, ag tógáil ar na líonraí atá ann cheana.’ (aistriúchán neamhoifigiúil) Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis an Aontais Eorpaigh i leith na hÓige 2019-2027, (2018/C 456/01).

(6)  Féach mír 35 den Rún ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le torthaí an 9ú Timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh (2023/C 185/04), mír 34 den Rún ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le torthaí an 8ú timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh (2021/C 504/01) agus mír 14 den Rún ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an bhforbhreathnú ar phróiseas an idirphlé struchtúrtha lena n-áirítear cuimsiú sóisialta daoine óga (2014/C 183/01).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3543/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top