This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024XC01755
Announcement pursuant to Article 13 of Directive 2001/24/EC of the European Parliament and of the Council on the reorganisation and winding up of credit institutions concerning insolvency proceedings against Baltic International Bank SE [insolvent Latvian credit institution]
Fógra de bhun Airteagal 13 de Threoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa a bhaineann le himeachtaí dócmhainneachta i gcoinne Baltic International Bank SE [institiúid creidmheasa Laitviach dhócmhainneach]
Fógra de bhun Airteagal 13 de Threoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa a bhaineann le himeachtaí dócmhainneachta i gcoinne Baltic International Bank SE [institiúid creidmheasa Laitviach dhócmhainneach]
PUB/2024/72
IO C, C/2024/1755, 23.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1755/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/1755 |
23.2.2024 |
Fógra de bhun Airteagal 13 de Threoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa a bhaineann le himeachtaí dócmhainneachta i gcoinne Baltic International Bank SE [institiúid creidmheasa Laitviach dhócmhainneach]
(C/2024/1755)
Le cinneadh ón gCúirt Gnóthaí Eacnamaíocha dar dáta an 24 Eanáir 2024 i gcás sibhialta Uimh. C75007524, dearbhaíodh Baltic International Bank SE, uimhir chláraithe 40003127883, a bheith dócmhainneach le héifeacht ón 24 Eanáir 2024.
Formheasadh Linda Sniega-Svilāne mar riarthóir na n-imeachtaí dócmhainneachta i gcoinne Baltic International Bank SE, seoladh gnó: Grēcinieku iela 6, Ríge, LV-1050, teil.: + 371 67000444 (Luan go hAoine ó 09.00 go 17.00), seoladh ríomhphoist: info@bib.eu.
Ní mór éilimh ó chreidiúnaithe agus éilimh ó dhaoine eile, chomh maith le héilimh eile i gcoinne Baltic International Bank SE atá dócmhainneach, a chur faoi bhráid an riarthóra laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an fhógra seo san Iris Oifigiúil ‘Latvijas Vēstnesis’.
I gcomhréir le hAirteagal 1396 de Dhlí na Laitvia maidir le hinstitiúidí creidmheasa, más rud é, le linn imeachtaí dócmhainneachta i gcoinne institiúid creidmheasa, go ndearna creidiúnaithe a n-éilimh ó chreidiúnaí a chur isteach, nuair a dhearbhófar imeachtaí dócmhainneachta in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa, ní gá do chreidiúnaithe éilimh ó chreidiúnaí a chur isteach an athuair maidir leis an méid a ndearnadh iarratas ina leith sna himeachtaí leachtaithe i gcoinne na hinstitiúide sin.
Ionas go n-aithneofar éileamh ó chreidiúnaí agus ionas go gcuirfear é ar an liosta creidiúnaithe de chuid Baltic International Bank SE atá dócmhainneach a bhfuil cistí airgeadaíochta dlite dóibh, ní mór do chreidiúnaí ar duine nádúrtha é na doiciméid seo a leanas a chur isteach:
1) |
éileamh ó chreidiúnaí arna tharraingt suas agus arna fhormáidiú (moltar úsáid a bhaint as an teimpléad atá ar fáil ar an suíomh gréasáin www.bib.eu) mar dhoiciméad atá ceangailteach ó thaobh dlí de i gcomhréir le ceanglais reachtaíocht sheachtrach Phoblacht na Laitvia agus ina bhfuil an méid seo a leanas:
|
2) |
doiciméid lena gcruthaítear tionscnamh na gcistí; |
3) |
doiciméid lena gcruthaítear úinéireacht chuntas bainc an chreidiúnaí (mar a léirítear in iarratas éilimh an chreidiúnaí) a bhfuil na cistí le haistriú chuige; |
4) |
cóip de dhoiciméad aitheantais atá bailí sa Laitvia; |
5) |
cumhacht aturnae, i gcás ina ndéanann duine eile éileamh an chreidiúnaí thar ceann an chreidiúnaí. |
Ionas go n-aithneofar éileamh ó chreidiúnaí agus ionas go gcuirfear é ar an liosta creidiúnaithe de chuid Baltic International Bank SE atá dócmhainneach a bhfuil cistí airgeadaíochta dlite dóibh, ní mór do chreidiúnaí ar duine dlítheanach é na doiciméid seo a leanas a chur isteach:
1) |
éileamh ó chreidiúnaí arna tharraingt suas agus arna fhormáidiú (moltar úsáid a bhaint as an teimpléad atá ar fáil ar an suíomh gréasáin www.bib.eu) mar dhoiciméad atá ceangailteach ó thaobh dlí de i gcomhréir le ceanglais reachtaíocht sheachtrach Phoblacht na Laitvia agus ina bhfuil an méid seo a leanas:
|
2) |
doiciméid lena gcruthaítear tionscnamh na gcistí; |
3) |
doiciméid lena gcruthaítear comhdhéanamh na gcomhaltaí/scairshealbhóirí agus úinéirí tairbhiúla reatha; |
4) |
doiciméid lena gcruthaítear úinéireacht chuntas bainc an chreidiúnaí (mar a léirítear in iarratas éilimh an chreidiúnaí) a bhfuil na cistí le haistriú chuige; |
5) |
cóip den doiciméad aitheantais atá bailí sa Laitvia den duine a éilíonn éileamh an chreidiúnaí thar ceann an chreidiúnaí agus na doiciméid lena gcruthaítear an ceart chun ionadaíochta/údaráis; |
6) |
i gcás inar neamhchónaitheach é an creidiúnaí, cóip den deimhniú dea-stádais arna eisiúint tráth nach déanaí ná 30 lá sula gcuirtear isteach é; |
7) |
i gcás inar neamhchónaitheach é an creidiúnaí, cóip den deimhniú um oifigigh reatha arna eisiúint tráth nach déanaí ná 30 lá sula gcuirtear isteach é; |
8) |
i gcás ina gcáilíonn an creidiúnaí do stádas micrifhiontair, fiontair bhig nó fiontair meánmhéide de réir bhrí Airteagal 1(1)(32) den Dlí maidir le hathbhunú agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, na doiciméid lena gcruthaítear go bhfuil an stádas sin á chomhlíonadh; |
9) |
i gcás ina gcáilíonn an creidiúnaí do stádas socraithe dhlíthiúil de réir bhrí Airteagal 1(1)(8) den Dlí um sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta agus iomadaithe a chosc, na doiciméid lena gcruthaítear comhlíonadh an stádais sin chomh maith le cuspóir, struchtúr agus socruithe rialachais na bunaíochta, lena n-áirítear an t-úinéir tairbhiúil nó an duine ar chun a leasa a chruthaítear nó a oibríonn an socrú dlíthiúil. |
Ní mór gach doiciméad atá le cur isteach a dhréachtú sa Laitvis nó, má dhréachtaítear doiciméad i dteanga eile, ní mór aistriúchán go Laitvis ar a ndéantar nótaireacht a bheith ag gabháil leis. Ní mór doiciméid bhunaidh nó cóipeanna de dhoiciméid ar a ndéantar nótaireacht a bheith i gceangal le hiarratas éilimh an chreidiúnaí, faoi réir cheanglais Choinbhinsiún na Háige 1961 maidir le deireadh a chur leis an gceanglas maidir le doiciméid phoiblí eachtracha a dhlisteanú.
I gcás ina mbeidh díorthaigh doiciméad i gceangal le hiarratas éilimh an chreidiúnaí, tá an riarthóir i dteideal a cheangal go dtabharfar na doiciméid bhunaidh ar aird agus beidh sé d’oibleagáid ar an gcreidiúnaí iad a thabhairt ar aird. Tá an riarthóir i dteideal doiciméid eile nó díorthaigh díobh a iarraidh freisin i gcás inar gá sin le haghaidh cinneadh maidir le héileamh an chreidiúnaí.
Féadfar aon cheann de na modhanna seo a leanas a úsáid chun doiciméid a chur faoi bhráid an riarthóra:
— |
i bhfoirm doiciméad leictreonach arna shíniú le síniú leictreonach slán agus ina bhfuil stampa ama, i gcomhréir leis an Dlí maidir le doiciméid leictreonacha, chuig an seoladh ríomhphoist: maksatnespeja@bib.eu; |
— |
tríd an bpost cláraithe chuig: Grēcinieku iela 6, Ríge, LV-1050, teil.: |
— |
i bpearsa ag Grēcinieku ielā 6, Ríge Dé Máirt agus Déardaoin idir 10:00 agus 12:00 agus 13:00 go 16:00. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1755/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)