Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0515

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann sa Pholainn

    COM/2024/515 final

    An Bhruiséil,8.7.2024

    COM(2024) 515 final

    2024/0170(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann sa Pholainn


    2024/0170 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann sa Pholainn

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 126(6) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint do na barúlacha a thug an Pholainn,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    1.De réir Airteagal 126 CFAE, seachnóidh na Ballstáit easnaimh rialtais iomarcacha.

    2.Tá an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis bunaithe ar chuspóir an airgeadais rialtais fhónta mar mhodh chun na dálaí a neartú a bhaineann le cobhsaíocht praghsanna agus le fás cuimsitheach inbhuanaithe láidir a mbeidh cobhsaíocht airgeadais mar bhonn taca leis, rud a thacóidh le cuspóirí an Aontais maidir le fás inbhuanaithe agus fostaíocht a ghnóthú.

    3.Leis an nós imeachta um easnamh iomarcach faoi Airteagal 126 CFAE, mar a soiléiríodh le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air( 1 ) (ar cuid den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis é), déantar foráil maidir le cinneadh i ndáil le heasnamh iomarcach a bheith ann. I bPrótacal Uimh. 12 maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, leagtar amach forálacha breise a bhaineann le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach. Leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle( 2 ) rialacha agus sainmhínithe mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha sin. Áirítear i gcreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle. Leis an athchóiriú, coinníodh rialacha an nós imeachta um easnamh iomarcach mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chritéir easnaimh gan athrú tríd is tríd, ach i gcás na mBallstát a bhfuil cóimheas fiachais rialtais os cionn 60 % de OTI acu, díreofar leis an nós imeachta um easnamh iomarcach mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chritéir fiachais ar imeachtaí ón gconair ghlanchaiteachais a shocróidh an Chomhairle faoi Rialachán (AE) 2024/1263 ar bhonn na bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha atá le cur isteach ag na Ballstáit. Ní bhaineann an cinneadh seo ón gComhairle ach le barrachas an chóimheasa idir an teasnamh rialtais agus an olltáirgeacht intíre (OTI) i ndáil leis an luach tagartha 3 % de OTI.

    4.De réir Airteagal 126(5) CFAE, má mheasann an Coimisiún go bhfuil easnamh iomarcach ann i mBallstát nó go bhféadfadh easnamh iomarcach a bheith ann i mBallstát, ní mór dó tuairim a dhíriú chuig an mBallstát lena mbaineann agus an Chomhairle a chur ar an eolas dá réir sin. Tar éis dó a thuarascáil arna glacadh de bhun Airteagal 126(3) CFAE a chur san áireamh agus ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais arna glacadh de bhun Airteagal 126(4) CFAE, chinn an Coimisiún go bhfuil easnamh iomarcach ann sa Pholainn. Dá bhrí sin, an 8 Iúil 2024 chuir an Coimisiún an tuairim sin faoi bhráid na Polainne agus chuir sé an Chomhairle ar an eolas dá réir sin.( 3

    5.Luaitear in Airteagal 126(6) CFAE nach mór don Chomhairle aon bharúil a bhreithniú, ar barúil í is mian leis an mBallstát lena mbaineann a thabhairt, sula gcinnfidh sí, tar éis measúnú foriomlán a dhéanamh, an ann d’easnamh iomarcach. I gcás na Polainne, is iad na conclúidí seo a leanas a eascraíonn as an measúnú foriomlán.

    6.De réir na sonraí a bhailíochtaigh Eurostat an 22 Aibreán 2024 ( 4 ), bhain easnamh ginearálta an rialtais sa Pholainn 5,1 % de OTI amach in 2023, agus ba é 49,6 % de OTI fiachas ginearálta an rialtais. Measadh sa tuarascáil ón gCoimisiún faoi Airteagal 126(3) CFAE nach eisceachtúil é farasbarr an easnaimh os cionn luach tagartha an Chonartha 3 % de OTI in 2023, toisc nach neascraíonn sé as imeacht neamhghnách ná as mórshleabhcadh eacnamaíoch de réir bhrí an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis. In 2023 tháinig méadú 0,2 % de OTI ar fhíor-OTI na Polainne, tar éis fhás 5,6 % ar OTI in 2022. Níl an barrachas os cionn luach tagartha an Chonartha sealadach ach oiread, bunaithe ar réamhaisnéis earrach 2024 ón gCoimisiún, ina dtuartar go bhfanfaidh easnamh ginearálta an rialtais os cionn 3 % de OTI in 2024 agus 2025. Mar achoimre, bhí an teasnamh in 2023 os cionn agus gan a bheith gar do luach tagartha an Chonartha arbh é a bhí ann 3 % de OTI. Ní mheastar gur barrachas eisceachtúil é an barrachas mar a shainítear sa Chonradh agus sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, ná ní barrachas sealadach é. Dá bhrí sin, níor comhlíonadh prima facie an critéar easnaimh mar a shainítear é sa Chonradh agus i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97.

    7.Bunaithe ar na sonraí ar tugadh fógra ina leith do Eurostat, tá sé beartaithe go mbainfidh easnamh rialtais ghinearálta na Polainne 5,1 % de OTI amach in 2024.( 5 )  Léirítear i réamhaisnéis earrach 2024 ón gCoimisiún( 6 )  easnamh 5,4 % de OTI, atá os cionn agus gan a bheith gar do luach tagartha an Chonartha arbh é atá ann 3 % de OTI. Léiríonn an méadú ar an easnamh i gcomparáid le 2023 caiteachas atá ag méadú den chuid is mó, go háirithe caiteachas méadaitheach ar acmhainneacht chosanta a neartú, lena náirítear infheistíochtaí i dtrealamh míleata agus i mbonneagar míleata agus i gcaiteachais mhíleata reatha, sochair shóisialta nua lena náirítear ardú ar na liúntais teaghlaigh, méadú 30 % ar thuarastal le haghaidh múinteoirí agus méadú 20 % ar thuarastal le haghaidh oifigigh riaracháin phoiblí.

    8.I gcomhréir le ceanglais Airteagal 126(3) CFAE, rinne an Coimisiún anailís freisin ar na tosca ábhartha uile ina thuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE. Mar a leagtar síos in Airteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, aon uair nach sáraíonn an cóimheas idir fiachas rialtais agus OTI an luach tagartha, cuirfear tosca ábhartha san áireamh le linn na gcéimeanna as a dtiocfaidh an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann. Ar an iomlán, meastar go gcuirtear pictiúr measctha i láthair sna tosca ábhartha a ndearnadh scrúdú orthu sa tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE. Le breithniú na dtosca ábhartha sin, ní mhodhnaítear an chonclúid nach gcomhlíontar an critéar easnaimh sa Chonradh.

    9.I bhfianaise spriocdháta an 20 Meán Fómhair 2024 chun an plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, tugann an Chomhairle dá haire go dtarlóidh an chéad chéim eile sa nós imeachta, is é sin an moladh ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE maidir leis an easnamh iomarcach a cheartú, in éineacht leis na tuairimí ón gCoimisiún maidir le dréachtphleananna buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 473/2013. Leis an gcur chuige sin, is féidir comhsheasmhacht a áirithiú idir na ceanglais bhuiséadacha faoin nós imeachta um easnamh iomarcach agus conair an choigeartaithe a leagtar amach sna pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha. Chun an chomhsheasmhacht sin a chumasú agus bearna faireachais á seachaint faoin nós imeachta um easnamh iomarcach, ní mór pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha na mBallstát a chur isteach go tráthúil. Tá an amlíne sin eisceachtúil agus tá sí nasctha leis an aistriú chuig an gcreat nua, rud a fhágann nach fasach a bheidh inti. Tugann an Chomhairle dá haire freisin, in éagmais chur isteach tráthúil an phlean mheántéarmaigh, go mbreithneofar sa mholadh ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) an chonair thagartha arna tarchur ag an gCoimisiún chuig an mBallstát arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1263.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Fágann measúnú foriomlán go bhfuil easnamh iomarcach ann sa Pholainn mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chritéir easnaimh.

    Airteagal 2

    Is chuig Poblacht na Polainne a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1) ()    IO L 209, 2.8.1997, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/1467/2024-04-30 .
    (2) ()    IO L 145, 10.6.2009, lch. 1.
    (3) ()    Is féidir teacht ar na doiciméid uile a bhaineann leis an nós imeachta um easnamh iomarcach le haghaidh na Polainne ag an suíomh seo a leanas: https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and‑fiscal-governance/stability-and‑growth‑pact/corrective-arm-excessive-deficit‑procedure/closed‑excessive-deficit‑procedures/poland_en .
    (4) ()    Táscairí Euro Eurostat a foilsíodh an 22 Aibreán 2024. Féach: https://ec.europa.eu/eurostat/en/web/products‑euro-indicators/w/2-22042024-AP .
    (5) ()    An teasnamh atá beartaithe mar a tuairiscíodh do Eurostat i gcomhthéacs fhógra fioscach earrach 2024 Féach: https://ec.europa.eu/eurostat/web/government‑finance-statistics/excessive-deficit‑procedure/edp-notification‑tables .
    (6) ()    Réamhaisnéis Eacnamaíoch na hEorpa - Earrach 2024, Geilleagar na hEorpa-Páipéar Institiúideach, Uimh. 286, an 15 Bealtaine 2024.
    Top