Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0316

    Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna n eisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta

    COM/2024/316 final

    An Bhruiséil,23.7.2024

    COM(2024) 316 final

    2024/0187(CNS)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna n‑eisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    An 17 Aibreán 2018, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna neisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta 1 . Leis an togra, mhol an Coimisiún go ndéanfadh an Pharlaimint agus an Chomhairle an rialachán a bhunú ar Airteagal 21(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ar bhonn an togra sin, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle, an 20 Meitheamh 2019, Rialachán (AE) 2019/1157 2 , rialachán atá i bhfeidhm ó bhí an 2 Lúnasa 2021 ann.

    Sa chás Landeshauptstadt Wiesbaden 3 , tháinig an Chúirt Bhreithiúnais ar an gconclúid go bhfuil Rialachán (AE) 2019/1157 neamhbhailí ós rud é gur glacadh é go mícheart ar bhonn Airteagal 21(2) CFAE agus faoin ngnáthnós imeachta reachtach. Dar leis an gcúirt, tá Rialachán (AE) 2019/1157 ar cheann de na bearta a thagann faoi raon feidhme sonrach Airteagal 77(3) CFAE, lena ndéantar foráil maidir le nós imeachta reachtach speisialta agus, go háirithe, maidir le haontoilíocht sa Chomhairle.

    Agus í ag dearbhú go bhfuil Rialachán (AE) 2019/1157 neamhbhailí, rialaigh an Chúirt go bhfuil “éifeachtaí Rialachán 2019/1157 le coinneáil ar feadh tréimhse réasúnta nach faide ná 2 bhliain ón 1 Eanáir den bhliain tar éis dháta seachadta an bhreithiúnais seo go dtí go dtiocfaidh rialachán nua i bhfeidhm, ar rialachán é atá bunaithe ar Airteagal 77(3) CFAE agus é beartaithe go dtiocfaidh sé in ionad Rialachán (AE) 2019/1157”.

    Is é is cuspóir don togra seo an nós imeachta a chur i ngníomh chun go nglacfar rialachán nua maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna n‑eisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta ar an mbunús dlí iomchuí, is é sin Airteagal 77(3) CFAE.

    Is éard atá ann go bunúsach sa togra sin macasamhail de théacs Rialachán (AE) 2019/1157 arna ghlacadh ag an bParlaimint agus ag an gComhairle. Go sonrach, na srianta ar an gceart go nurramófaí an saol príobháideach agus go gcosnófaí sonraí pearsanta, mar a chumhdaítear iad in Airteagail 7 agus 8 den Chairt faoi seach, a eascraíonn as an oibleagáid chun dhá mhéarlorg a áireamh i meán stórála cártaí aitheantais, rialaigh an Chúirt nach raibh an méid sin contrártha do phrionsabal na comhréireachta 4 .

    Mar sin féin, measann an Coimisiún go bhfuil sé iomchuí an téacs a leasú i ndáil le mionghnéithe áirithe. Tugtar míniú ar na leasuithe sin sa roinn dar teideal ‘Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra’.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Cuireann an tAontas ar fáil dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan teorainneacha inmheánacha, ina náirithítear saorghluaiseacht daoine i gcomhar le bearta iomchuí maidir le bainistiú ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, maille leis an gcoireacht agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac. Braitheann roinnt mhaith de bhearta slándála an Aontais ar dhoiciméid taistil agus cónaithe shlána – amhail na seiceálacha córasacha arna mbunú le Cód Teorainneacha Schengen 5 i gCóras Faisnéise Schengen.

    De réir Airteagal 77(1) CFAE, agus mar a thug an Chúirt dá haire in Landeshauptstadt Wiesbaden 6 , tá beartas le forbairt ag an Aontas d’fhonn a áirithiú nach ndéanfar aon rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha, seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha, agus córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a thabhairt isteach de réir a chéile. Is cuid dhílis de bheartas an Aontais Eorpaigh den sórt sin iad na forálacha a bhaineann le pasanna, cártaí aitheantais, ceadanna cónaithe nó aon dhoiciméad eile den sórt sin dá dtagraítear. I gcás shaoránaigh an Aontais Eorpaigh, cuireann na doiciméid sin ar a gcumas, i measc nithe eile, a stádas mar thairbhithe den cheart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 20(2)(a) CFAE a dheimhniú agus, ar an gcaoi sin, an ceart sin a fheidhmiú.

    Leagtar síos le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 na coinníollacha maidir le feidhmiú na gceart chun saorghluaiseachta agus cónaithe (idir shealadach agus bhuan) san Aontas atá ag saoránaigh an Aontais agus ag baill dá dteaghlaigh. Déantar foráil leis an Treoir sin go bhféadfaidh saoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh, i gcomhar le cárta aitheantais nó pas bailí, dul isteach i mBallstát eile agus cónaí ann agus iarratas a dhéanamh ar dhoiciméadacht chónaithe iomchuí. Ní dhéanann Treoir 2004/38/CE rialáil, áfach, ar fhormáid ná ar chaighdeáin na gcártaí aitheantais atá le húsáid chun dul isteach i mBallstát nó chun é a fhágáil. Ar an gcaoi chéanna, ní dhéanann sí foráil do chaighdeáin shonracha do dhoiciméid chónaithe arna neisiúint do shaoránaigh an Aontais agus do bhaill dá dteaghlaigh, seachas an teideal a thabharfar do na doiciméid sin.

    Tríd na caighdeáin slándála arna dtabhairt isteach le Rialachán (AE) 2019/1157 a choinneáil ar bun, ar caighdeáin iad is infheidhme maidir le cártaí aitheantais a eisíonn na Ballstáit dá náisiúnaigh agus le doiciméid chónaithe a eisíonn na Ballstáit do shaoránaigh an Aontais agus do bhaill dá dteaghlaigh agus a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu laistigh den Aontas, tá an togra seo i gcomhréir iomlán leis na bearta beartais atá ann cheana a leagtar amach thuas.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Mar atá ráite ag an gCúirt in Landeshauptstadt Wiesbaden 8 , le Airteagal 77(3) CFAE tugtar inniúlacht don Aontas forálacha a ghlacadh maidir le pasanna, le cártaí aitheantais, le ceadanna cónaithe nó le haon doiciméad den sórt sin atá ceaptha chun feidhmiú an chirt chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, a ráthaítear in Airteagal 20(2)(a) CFAE, a éascú. Rialaigh an Chúirt go leanann sé ó sprioc agus príomhchomhpháirteanna Rialachán (AE) 2019/1157 – maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus ar shlándáil doiciméad cónaithe agus chun na ceanglais a leagan amach, go háirithe i dtéarmaí slándála, nach mór doiciméid den sórt sin a chomhlíonadh – go bhfuil sé ar cheann de na bearta a thagann faoi raon feidhme sonrach Airteagal 77(3) CFAE 9 . Is amhlaidh atá maidir leis an togra seo, togra is macasamhail de Rialachán (AE) 2019/1157 cé is moite de choigeartuithe teoranta nach bhfuil tionchar acu ar a sprioc agus ar a phríomhchomhpháirteanna.

    Déantar foráil maidir le nós imeachta reachtach speisialta le hAirteagal 77(3) CFAE. Agus bearta á nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 77(3) CFAE, gníomhóidh an Chomhairle d’aon toil tar éis di dul i gcomhairle leis an bParlaimint.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Tá an tAontas Eorpach tiomanta do shaorghluaiseacht daoine laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais a áirithiú. Is gnéithe bunriachtanacha iad cártaí aitheantais agus doiciméid chónaithe shlána chun an mhuinín a bhfuil gá léi a áirithiú do shaorghluaiseacht laistigh den limistéar sin.

    Na bacainní ar an tsaorghluaiseacht ag eascairt as fadhbanna i ndáil le hinghlacthacht doiciméad áirithe a chonacthas roimh ghlacadh Rialachán (AE) 2019/1157, is dóchúil go dtiocfaidh na bacainní sin chun cinn arís gan chaighdeán coiteann ar leibhéal an Aontais 10 . Bheadh an méid céanna i bhfeidhm maidir leis na bearnaí slándála a bhí ann roimhe seo mar gheall ar dhoiciméid nach bhfuil slán go leor. In éagmais gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais, bheadh níos mó fadhbanna praiticiúla ann do shaoránaigh den Aontas agus d’údaráis agus gnólachtaí náisiúnta i gcomhthéacs ina mbíonn saoránaigh ina gcónaí agus ag taisteal ar fud an Aontais. Is léir gur gá gníomhú ar bhonn leanúnach ar scála an Aontais chun dul i ngleic le fadhbanna córasacha den sórt sin, trí ardleibhéal slándála a áirithiú do chártaí aitheantais agus do dhoiciméid chónaithe a choinneáil ar bun.

    Cuspóirí aon tionscnaimh chun teacht chun cinn arís na bhfadhbanna sin a réiteach, ní féidir iad a bhaint amach ar leibhéal náisiúnta. Tá gné Eorpach de dhlúth agus d'inneach ag na doiciméid sin a gcumhdaítear leis an togra seo, mar gheall ar an nasc atá acu leis an gceart saorghluaiseachta a fheidhmiú i limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Tá sé deimhnithe cheana ag na Ballstáit gur gá gníomhú ar leibhéal an Aontas trí Rialachán (AE) 2019/1157 a ghlacadh.

    Ní chuirfeadh an Rialachán sin de cheangal ar na Ballstáit doiciméid nach n‑eisítear faoi láthair a eisiúint.

    Comhréireacht

    Is féidir le gníomhaíocht an Aontais leanúint de luach suntasach a chur leis an iarracht dul i ngleic leis na dúshláin thuasluaite. Bíonn bacainní roimh shaoránaigh den Aontais i ndáil lena gcearta a fheidhmiú murar féidir leo a bheith cinnte go nglacfar lena ndoiciméid lasmuigh dá mBallstá(i)t eisiúna.

    Léiríonn dúshláin leantacha slándála an dlúthbhaint atá ag saorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas le dianbhainistiú teorainneacha seachtracha. A mhéid bhaineann le cártaí aitheantais a úsáid chun teorainneacha seachtracha a thrasnú, lena n‑áirítear ag saoránaigh an Aontais, déanfar bearta chun feabhas a chur ar shlándáil agus ar bhainistiú teorainneacha seachtracha a lagú dá rachadh na caighdeáin shlándála a bhaineann le cártaí aitheantais in olcas. Ar an iomlán, éascófar feidhmiú na saorghluaiseachta agus feabhsófar an tslándáil laistigh den Aontas agus ag a theorainneacha leis na caighdeáin íosta i leith na faisnéise a chuirtear a fáil sna doiciméid a gcumhdaítear leis an togra seo agus i leith gnéithe slándála is coiteann do na Ballstáit uile a eisíonn iad.

    Níl údar le comhchuibhiú iomlán ar dhearadh na gcartaí aitheantais agus moltar beart comhréireach lena náirithítear íoschaighdeáin slándála doiciméad. Áirítear leis sin úsáid riachtanach méarlorg, arb ionann í agus bealach iontaofa agus éifeachtach chun céannacht duine a shuí go cinnte, agus ar beart comhréireach í i bhfianaise na spriocanna i ndáil le feidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta agus cónaí a éascú, táirgeadh cártaí aitheantais calaoiseacha agus goid aitheantais a chosc, agus idir-inoibritheacht na gcóras fíoraithe doiciméad aitheantais a áirithiú 11 .

    I gcás cártaí aitheantais a eisítear do bhaill teaghlaigh tríú tír, moltar go leanfar leis an bhformáid chéanna a comhaontaíodh cheana ar leibhéal an Aontais maidir le ceadanna cónaithe náisiúnaigh tríú tír.

    An rogha ionstraime

    Is é rialachán an t‑aon ionstraim dhlíthiúil lena n‑áirithítear cur i bhfeidhm díreach agus coiteann dhlí an Aontais sna Ballstáit uile. I réimse inar cruthaíodh roimhe seo go ndearna dibhéirseachtaí dochar don tsaorghluaiseacht agus don tslándáil, áiritheofar le rialachán go gcoinneofar an chomhchoitiantacht inmhianaithe ar bun.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Measúnú tionchair

    Ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair agus an togra seo á ullmhú, ós rud é gur macasamhail é, go bunúsach, ar théacs Rialachán (AE) 2019/1157, agus tá an téacs sin féin bunaithe ar thogra 12 a raibh measúnú tionchair ag gabháil leis 13 . Dá bhrí sin, ní dócha go neascróidh aon tionchar nua as an togra seo. Thairis sin, breithnítear sa togra seo a ceachtanna a foghlamaíodh ón tuarascáil cur chun feidhme arna ghlacadh an 20 Meán Fómhair 2023 14 . Ós rud é nach raibh 3 bliana ann ó tháinig Rialachán (AE) 2019/1157 i bhfeidhm, ní dhearnadh aon mheasúnú.

    Cearta bunúsacha

    Tá éifeacht dhearfach ag an togra seo ar cheart bunúsach na saoránach den Aontas chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse faoi Airteagal 45 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt) trí aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí i dtaca le haitheantas agus slándáil neamhleor cártaí aitheantais agus doiciméad cónaithe araon.

    Tugtar próiseáil sonraí pearsanta le fios leis an togra seo, lena n‑áirítear sonraí bithmhéadracha, is iad sin íomhá den aghaidh agus dhá mhéarlorg. Próiseáil sonraí pearsanta daoine aonair, lena n‑áirítear bailiú, rochtain agus úsáid sonraí pearsanta, déanann an phróiseáil sin difear don cheart chun príobháideachais agus don cheart chun sonraí pearsanta a chosaint a chumhdaítear faoi Airteagail 7 agus 8 den Chairt.

    Go sonrach, an oibleagáid chun dhá mhéarlorg a áireamh i meán stórála cártaí aitheantais agus cártaí cónaithe, agus an oibleagáid sonraí bithmhéadracha den sórt sin a bhailiú agus a stóráil go sealadach chun críocha na ndoiciméad a chruthú, is srian é an méid sin ar an gceart go nurramófaí an saol príobháideach agus ar an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint araon 15 .

    Ní mór forail a dhéanamh sa dlí do shrianta ar na cearta sin, agus ní mór bunbhrí na gceart sin a urramú. Ina theannta sin, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní féidir srianta den sórt sin a chur i bhfeidhm ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta daoine eile a chosaint 16 .

    Déanfar na srianta sin, mar aon leis na coinníollacha maidir le cur chun feidhme agus raon feidhme na srianta sin, a shainmhíniú sa rialachán. An oibleagáid chun dhá mhéarlorg a áireamh i meán stórála, dheimhnigh an Chúirt nach bhfuil tionchar dhiúltach aici ar bhunbhrí na gceart bunúsach a chumhdaítear faoi Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ós rud é nach féidir forléargas a fháil ar shaol príobháideach agus ar shaol teaghlaigh na ndaoine lena mbaineann na sonraí de bharr na faisnéise a chuirtear ar fáil leis na méarloirg agus de bharr na faisnéise sin amháin 17 .

    Mar a thug an Chúirt faoi deara, freagraíonn na cuspóirí sonracha a shaothraítear leis an rialachán, eadhon monarú cártaí aitheantais bréagacha a chomhrac agus idir-inoibritheacht na gcóras fíoraithe doiciméad aitheantais, do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas. Ina theannta sin, chinn an Chúirt gurb iomchuí dhá mhéarlorg iomlána a chur isteach sa mheán stórála le haghaidh cártaí aitheantais chun na cuspóirí leasa ghinearálta a bhaint amach 18 . Maidir leis an ngá atá ann méarloirg a ionchorprú, chinn an Chúirt gur cosúil go n‑urramaíonn na teorainneacha ar na cearta bunúsacha a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt a eascraíonn as an oibleagáid dhá mhéarlorg iomlána a ionchorprú sa mheán stórála, teorainneacha a bhfuil fíorghá leo 19 .

    Ar deireadh, chinn an Chúirt gur chosúil nach bhfuil na srianta a eascraíonn as dhá mhéarlorg a áireamh – i bhfianaise chineál na sonraí atá i gceist, chineál agus mhodhanna na n‑oibríochtaí próiseála agus na sásraí cosanta dá bhforáiltear – tromchúiseach go leor go bhfuil siad díréireach le tábhacht na gcuspóirí éagsúla a shaothraítear leis an rialachán. Dá bhrí sin, ní mór a mheas go bhfuil beart den sórt sin bunaithe ar chothromaíocht chothrom idir na cuspóirí sin, ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, na cearta bunúsacha lena mbaineann. Dá bhrí sin, tháinig an Chúirt ar an gconclúid, in Landeshauptstadt Wiesbaden, nach sáraíonn teorannú fheidhmiú na gceart a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt prionsabal na comhréireachta 20 .

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon impleacht ag an togra maidir le buiséad an Aontais.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Chun cur chun feidhme éifeachtach na mbeart atá beartaithe a áirithiú, agus chun faireachán a dhéanamh ar na torthaí, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair go dlúth leis na páirtithe leasmhara ábhartha ó na húdaráis náisiúnta agus gníomhaireachtaí an Aontais, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

    Glacfaidh an Coimisiún clár faireacháin chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, torthaí agus tionchair an rialacháin bunaithe ar an gclár faireacháin arna ghlacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/1157 21 .

    Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE a bheidh ag an gcreat dlíthiúil a thiocfaidh as, 6 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an rialacháin. Cinnteofar leis sin go mbeidh go leor sonraí ar fáil don mheasúnú.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Is éard atá ann go bunúsach sa togra atá i gceangal macasamhail de théacs Rialachán (AE) 2019/1157 arna ghlacadh ag an bParlaimint agus an ag an gComhairle. Measann an Coimisiún gur cheart téacs an Rialacháin sin a oiriúnú i leith na nithe seo a leanas, áfach:

    D’fhonn an rialú in Landeshauptstadt Wiesbaden a chur san áireamh, is é Airteagal 77(3) CFAE bunús dlí an rialacháin.

    In aithrisí an rialacháin, baintear tagairtí do dhoiciméid beartais a glacadh roinnt blianta ó shin.

    Baintear an tagairt shainráite sna haithrisí don phaschárta arna eisiúint ag Éirinn, ós rud é nach bhfuil Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin ach amháin má thugann sí fógra gur mhian léi páirt a ghlacadh ina ghlacadh agus ina chur i bhfeidhm. Sa chás sin, cé gur doiciméad taistil é an paschárta arna eisiúint ag Éirinn a chomhlíonann Doiciméad 9303 de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le doiciméid taistil meaisíninléite, ní fhónann sé chun críocha aitheantais in Éirinn, agus níor cheart a mheas go dtagann sé faoi raon feidhme an Rialacháin seo dá bharr.

    In aithrisí an rialacháin, cuirtear isteach tagairt maidir leis an bhfíric gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil an riachtanas maidir le dhá mhéarlorg a áireamh sa mheán stórála comhoiriúnach leis na cearta bunúsacha go nurramófar an saol príobháideach agus go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt.

    Leasaítear an aithris maidir le céimniú amach na ndoiciméad nach gcomhlíonann riachtanais an rialacháin seo chun a léiriú go mba cheart go leanfadh na sprioc-amanna a leagtar amach le Rialachán (AE) 2019/1157 d’fheidhm a bheith acu.

    Cuirtear aithrisí isteach chun rogha an diúltaithe ag Éirinn agus ag an Danmhairg faoi seach a léiriú.

    Déanfar comhairliúchán nua ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

    Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún fógra de bhun Airteagal 5(3), pointe (b), de Rialachán AE 2019/1157, baintear na tagairtí d’fhógraí den sórt sin.

    De bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2019/1157, scoir cártaí cónaithe áirithe de bhaill teaghlaigh shaoránaigh den Aontas de bheith bailí ar dhul in éag dóibh nó faoi cheann an 3 Lúnasa 2023, cibé acu ba thúisce. Ós rud é go bhfuil an dáta sin san am atá caite, luaitear sa rialachán nach bhfuil cárta cónaithe den sórt sin bailí a thuilleadh.

    De bhun Airteagal 11(6) de Rialachán (AE) 2019/1157, sonraí bithmhéadracha a stóráiltear i meán stórála na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe, is iad sin íomhá aghaidhe agus dhá mhéarlorg an sealbhóra, níl na sonraí sin le húsáid ach amháin ag foireann chuí-údaraithe na núdarás inniúil náisiúnta agus ghníomhaireachtaí an Aontais. Mar gheall ar an ríomhshíniú ar mheán stórála na gcártaí aitheantais, tá sé níos iontaofa an sealbhóir a shainaithint trí na sonraí sa mheán stórála a sheiceáil in áit seiceáil ó amharc a dhéanamh ar an doiciméad, go háirithe i gcás sainaitheantais chianda. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh saoránaigh den Aontas ag iarraidh na sonraí i meán stórála a gcártaí aitheantais, lena náirítear íomhá den aghaidh, a úsáid chun iad féin a shainaithint d'eintitis phríobháideacha, amhail bainc nó aeriompróirí. Déantar foclaíocht na forála a oiriúnú dá bhrí sin, chun a chur in iúl nach gceadaítear ach d’fhoireann chuí-údaraithe na núdarás inniúil náisiúnta agus ghníomhaireachtaí an Aontais méarloirg a rochtain. In aon chás, úsáidtear cosaint chripteaghrafach chun rochtain ag daoine neamhúdaraithe ar na méarloirg sa mheán stórála a chosc.

    D’fhonn oibleagáidí tuairiscithe na mBallstát a laghdú, baintear an oibleagáid maidir le liosta na núdarás inniúil a bhfuil rochtain acu ar na sonraí bithmhéadracha atá stóráilte ar an meán stórála a choinneáil agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi ar bhonn bliantúil.

    D’fhonn oibleagáidí tuairiscithe údaráis na mBallstát a laghdú, déantar na rialacha maidir le tuairisciú agus meastóireacht a chuíchóiriú. Le hAirteagal 13 den rialachán, foráiltear, in áit meastóireacht a dhéanamh ar an rialachán gach 6 bliana, go ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht aonair 6 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin, ina ndíreofar go sonrach ar roinnt gnéithe a thagann faoi raon feidhme an rialacháin.

    Ós rud é go bhfuil Rialachán (AE) 2019/1157 á chur i bhfeidhm ag na Ballstáit cheana, ní gá moill a chur ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeidh feidhm ag an rialachán seo ón lá a thiocfaidh sé i bhfeidhm.

    2024/0187 (CNS)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna n‑eisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(3) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 22 ,

    Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Beartaíodh leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE)saorghluaiseacht daoine a éascú agus sábháilteacht agus slándáil phobal na hEorpa á náirithiú leo, trí limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur ar bun, i gcomhréir le forálacha CAE agus an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    (2)Le saoránacht an Aontais, tugtar an ceart chun saorghluaiseachta do shaoránaigh uile an Aontais faoi réir teorainneacha agus coinníollacha áirithe. Tugtar éifeacht don cheart sin le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 . In Airteagal 45 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), déantar foráil freisin maidir le saoirse gluaiseachta agus saoirse cónaithe. Is é atá i gceist leis an tsaoirse gluaiseachta an ceart chun imeacht as Ballstáit agus dul isteach iontu le cárta aitheantais nó pas bailí.

    (3)De bhun Threoir 2004/38/CE, tá na Ballstáit le cártaí aitheantais nó pasanna a eisiúint dá náisiúnaigh agus na cártaí aitheantais nó pasanna sin a athnuachan, i gcomhréir le dlíthe náisiúnta. Thairis sin, foráiltear sa Treoir sin go bhféadfaidh Ballstáit a chur de cheangal ar shaoránaigh an Aontais agus ar bhaill dá dteaghlaigh clárú leis na húdaráis ábhartha. Ceanglaítear ar na Ballstáit deimhnithe clárúcháin a eisiúint do shaoránaigh an Aontais faoi na coinníollacha a leagtar amach ann. De bhun na Treorach sin, ceanglaítear ar na Ballstáit freisin cártaí cónaithe a eisiúint do bhaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad agus, ar iarratas, doiciméid ina ndeimhnítear buanchónaí agus ina ndéantar cártaí buanchónaithe a eisiúint.

    (4)Foráiltear le Treoir 2004/38/CE go bhféadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun aon cheart a thugtar leis an Treoir sin a dhiúltú, a fhoirceannadh nó a tharraingt siar i gcás mí-úsáid ceart nó calaoise. Sainaithníodh mar ghnáthchásanna calaoise faoin Treoir sin brionnú doiciméid nó cur in iúl bréagach fíorais ábharaigh a bhaineann leis na coinníollacha atá leis an gceart cónaithe.

    (5)Roimh ghlacadh na rialacha ar leibhéal an Aontais, bhí difríochtaí suntasacha idir leibhéil slándála na gcártaí aitheantais náisiúnta arna neisiúint ag Ballstáit agus ceadanna cónaithe do shaoránaigh an Aontais agus do bhaill dá dteaghlaigh a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile. Cuireann na difríochtaí sin leis an riosca falsú agus calaois doiciméad a bheith ann, agus i ngeall ar na deacrachtaí sin freisin bíonn deacrachtaí praiticiúla ag saoránaigh agus iad ag iarraidh a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú.

    (6)Tá tábhacht ar leith ag baint le doiciméid shlána taistil agus aitheantais i gcás ina bhfuil gá le haitheantas duine a shuí thar amhras. Tá tábhacht ag baint le hardleibhéal slándála doiciméad chun cosc a chur le mí-úsáid agus le bagairtí ar shlándáil inmheánach, go háirithe maidir le sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann. Cártaí aitheantais náisiúnta nach bhfuil slán go leor, roimhe seo ba iad sin na doiciméid bhréagacha is minice a braitheadh agus a úsáideadh le haghaidh taisteal laistigh den Aontas.

    (7)Chun calaois aitheantais a dhíspreagadh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ngearrfar pionós leormhaith ar fhalsú agus ar ghóchumadh doiciméad aitheantais agus ar úsáid na ndoiciméad falsaithe nó góchumtha sin de réir a ndlí náisiúnta.

    (8)Chun cártaí aitheantais barántúla slána a eisiúint, is gá próiseas iontaofa a bheith ann le haghaidh aitheantas a chlárú chomh maith le doiciméid phórúcháin shlána chun tacú leis an bpróiseas iarratas. Ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus do ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais leanúint de bheith ag obair i gcomhar chun nach mbeadh doiciméid fhoinseacha i mbaol calaoise, i bhfianaise úsáid mhéadaithe doiciméad foinseach bréagach.

    (9)Ní chuirtear de cheangal ar na Ballstáit leis an Rialachán seo cártaí aitheantais nó doiciméid chónaithe a thabhairt isteach i gcás nach ndéantar foráil dóibh faoin dlí náisiúnta, ná ní dhéanann sé dochar d'inniúlacht na mBallstát doiciméid chónaithe eile a eisiúint faoin dlí náisiúnta nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, mar shampla cártaí cónaithe a eisítear do na cónaitheoirí go léir atá ar an gcríoch, gan beann ar a náisiúntacht. Ina theannta sin, níl aon tionchar ag an Rialachán seo ar an bprionsabal a eascraíonn as cásdlí na Cúirte Bhreithiúnais, gur féidir an teidlíocht ar an gceart chun saorghluaiseachta agus cónaithe a fhíorú trí mhodh cruthúnais de chineál ar bith.

    (10)Ní chuirtear cosc ar na Ballstáit leis an Rialachán seo glacadh le doiciméid seachas doiciméid taistil chun críocha aitheantais, ar shlí neamhidirdhealaitheach, chun críocha aitheantais, amhail ceadúnais tiomána.

    (11)Maidir le doiciméid aitheantais a eisítear do shaoránaigh a ndearnadh srian a chur lena gceart chun saorghluaiseachta i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, agus ina léirítear go sainráite nach féidir iad a úsáid mar dhoiciméid taistil, níor cheart iad a mheas mar dhoiciméid a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

    (12)Doiciméid taistil a chomhlíonann Doiciméad 9303 ón Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le Doiciméid Taistil Meaisíninléite (Doiciméad ICAO 9303), ar doiciméid iad nach bhfónann críocha aitheantais sna Ballstáit eisiúna, níor cheart iad a mheas mar dhoiciméid a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

    (13)Ní dhéanann an Rialachán seo difear d'úsáid cártaí aitheantais agus doiciméad cónaithe lena ngabhann feidhm eID ag na Ballstáit chun críocha eile ná ní dhéanann sé difear do na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 , lena ndéantar foráil d'aitheantas frithpháirteach ar fud an Aontais do ríomhshainaitheantais agus rochtain á tabhairt ar sheirbhísí poiblí, agus lena gcuidítear le saoránaigh atá ag bogadh go Ballstát eile trína cheangal go naithneofaí go frithpháirteach meáin ríomhshainaitheantais sa Bhallstát eile sin faoi réir coinníollacha áirithe. Le cártaí aitheantais feabhsaithe, ba cheart go náiritheofaí aitheantas níos fusa agus go rannchuideofaí le rochtain níos fearr ar sheirbhísí.

    (14)Chun gur cuí an fíorú a dhéantar ar chártaí aitheantais agus ar dhoiciméid chónaithe, ceanglaítear ar na Ballstáit an teideal ceart a úsáid le haghaidh gach cineáil doiciméid a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Chun gur fusa a bheidh sé seiceáil a dhéanamh ar na doiciméid a chumhdaítear leis an Rialachán seo i mBallstáit eile, ba cheart teideal an doiciméid a bheith i dteanga oifigiúil amháin bhreise ar a laghad de chuid an Aontais. I gcás ina bhfuil ainmnithe seanbhunaithe seachas an teideal “cárta aitheantais” in úsáid i mBallstáit cheana féin, ba cheart dóibh a bheith in ann leanúint de sin ina dteanga nó ina dteangacha oifigiúla féin. Níor cheart aon ainmniú nua a thabhairt isteach amach anseo, áfach.

    (15)Tá gá le gnéithe slándála chun a fhíorú an doiciméad barántúil atá ann agus chun aitheantas duine a shuí. Maidir le híoschaighdeáin slándála a bhunú agus sonraí bithmhéadracha a chomhtháthú i gcártaí aitheantais agus i gcártaí cónaithe ball teaghlaigh nach náisiúnaigh de chuid Ballstáit iad, is céimeanna tábhachtacha iad chun úsáid na gcártaí sin san Aontas a dhéanamh níos sláine. Ach na sainaitheantóirí bithmhéadracha sin a chur ar áireamh, ba cheart go bhféadfadh saoránaigh an Aontais lántairbhe a bhaint as a gcearta chun saorghluaiseachta.

    (16)I gcás ina ndéantar íomhá den aghaidh agus dhá mhéarlorg (‘sonraí bithmhéadracha’) a stóráil ar chártaí aitheantais agus cónaithe, mar a fhoráiltear dó cheana féin i ndáil le pasanna bithmhéadracha do shaoránaigh den Aontas agus ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír, is ionann é sin agus meascán iomchuí d’aitheantas agus fíordheimhniú iontaofa a bhfuil riosca laghdaithe calaoise ag baint leis, ar mhaithe le slándáil na gcártaí aitheantais agus cónaithe a neartú. Mar atá deimhnithe ag an gCúirt Bhreithiúnais, tá an riachtanas maidir le dhá mhéarlorg a áireamh sa mheán stórála comhoiriúnach leis an gceart bunúsach maidir le hurraim don saol príobháideach agus cosaint sonraí pearsanta a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt.

    (17)Mar chleachtas ginearálta, ba cheart do na Ballstáit, chun barántúlacht an doiciméid agus aitheantas an tsealbhóra a fhíorú, an íomhá den aghaidh a fhíorú go príomha agus, i gcás ina bhfuil gá ann barántúlacht an doiciméid agus céannacht an tsealbhóra a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit na méarloirg a fhíorú freisin.

    (18)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcásanna nach ndeimhnítear barántúlacht an doiciméid ná aitheantas an tsealbhóra le fíorú sonraí bithmhéadracha, go ndéanfaidh foireann cháilithe seiceáil de láimh éigeantach.

    (19)Ní sholáthraítear leis an Rialachán seo bunús dlí chun bunachair sonraí a chur ar bun nó a chothabháil ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh stóráil sonraí bithmhéadracha sna Ballstáit, ar ábhar don dlí náisiúnta é nach mór dó dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh, lena náirítear a cheanglais riachtanais agus chomhréireachta. Thairis sin, ní sholáthraítear bunús dlí leis an Rialachán chun bunachar sonraí láraithe a bhunú nó a chothabháil ar leibhéal an Aontais.

    (20)Ba cheart aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú agus a stóráil i meán stórála na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe chun barántúlacht an doiciméid agus aitheantas an tsealbhóra a fhíorú. Mar gheall ar an ríomhshíniú ar mheán stórála na gcártaí aitheantais, tá sé níos iontaofa an sealbhóir a shainaithint trí na sonraí sa mheán stórála a sheiceáil, ina gcoinnítear na sonraí beathaisnéiseacha céanna atá priontáilte ar an doiciméad, in áit seiceáil ó amharc a dhéanamh ar an doiciméad. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag saoránaigh den Aontas na sonraí i meán stórála a gcártaí aitheantais a úsáid chun iad féin a shainaithint d'eintitis phríobháideacha. Níor cheart, áfach, an fíorú sin a dhéanamh ach amháin ag foireann chuí-údaraithe, agus níor cheart é sin a dhéanamh ach amháin nuair a cheanglaítear le dlí an doiciméad a thaispeáint.

    (21)Sa bhreis air sin, maidir le sonraí bithmhéadracha a stóráiltear chun críocha cártaí aitheantais nó doiciméid chónaithe a phearsanú, ba cheart iad a choinneáil ar bhealach anslán agus go dtí dáta bailithe an doiciméid agus in aon chás i gcomhair tréimhse nach faide ná 90 lá ó dháta eisiúna an doiciméid. Tar éis na tréimhse sin, déanfar na sonraí bithmhéadracha sin a scriosadh nó a dhíothú láithreach. Ba cheart go mbeadh sé sin gan dochar d'aon phróiseáil eile a dhéantar ar na sonraí sin i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí.

    (22)Chun críche an Rialacháin seo, ba cheart aird a thabhairt ar shonraíochtaí Dhoiciméad ICAO 9303 lena náirithítear idir-inoibritheacht dhomhanda, lena náirítear a mhéid a bhaineann le meaisíninléiteacht agus leas a bhaint as amharc-chigireacht.

    (23)Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh i dtaobh an áireofar inscne duine ar dhoiciméad a chumhdaítear leis an Rialachán seo. I gcás ina náireoidh Ballstát inscne duine ar doiciméad den sórt sin, ba cheart na sonraíochtaí ‘F’, ‘M’ nó ‘X’ nó an túslitir aonair comhfhreagrach a úsáidtear i dteanga nó i dteangacha an Bhallstáit sin de chuid Dhoiciméad ICAO 9303 a úsáid, de réir mar is iomchuí.

    (24)Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a áirithiú go ndéanfar caighdeáin slándála agus sonraíochtaí teicniúla a bheidh ann amach anseo arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 25 ón gComhairle a chur san áireamh go cuí, i gcás inarb iomchuí, maidir le cártaí aitheantais agus cártaí cónaithe. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 . Chun na críche sin, ba cheart an Coiste arna bhunú le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún 27 . I gcás inar gá, ba cheart go bhféadfadh na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar fanacht faoi rún chun baol góchumtha agus falsaithe a chosc.

    (25)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta iomchuí agus éifeachtacha i bhfeidhm maidir le haitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, ar nósanna imeachta iad a chomhlíonann na cearta agus na prionsabail a leagtar amach sa Chairt, i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbíonn sárleasanna an linbh ina bpríomhchomaoin i gcaitheamh an nós imeachta bailithe. Chun na críche sin, ba cheart oiliúint chuí ar chleachtais lena dtacaítear le leanaí a chur ar fáil d'fhoireann cháilithe d'fhonn aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú.

    (26)I gcás ina mbíonn deacrachtaí ann aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm chun dínit an duine lena mbaineann a urramú. Dá bhrí sin, ba cheart breithnithe sonracha a bhaineann le hinscne, chomh maith le riachtanais shonracha leanaí agus daoine leochaileacha, a chur san áireamh.

    (27)Ach íoschaighdeáin slándála agus formáide a thabhairt isteach do chártaí aitheantais, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit dul in iontaoibh bharántúlacht na ndoiciméad sin nuair a fheidhmíonn saoránaigh an Aontais a gceart chun saorghluaiseachta. Le tabhairt isteach caighdeán treisithe slándála, ba cheart ráthaíochtaí leordhóthanacha a sholáthar d'údaráis phoiblí agus d'eintitis phríobháideacha chun go mbeidh siad in ann brath ar bharántúlacht cártaí aitheantais agus iad in úsáid ag saoránaigh an Aontais chun críocha aitheantais.

    (28)Le sainchomhartha i bhfoirm cód tíre dhá litir an Bhallstáit a eisíonn an doiciméad, agus é clóite droim ar ais i ndronuilleog ghorm agus 12 cheann de réaltaí buí i gciorcal timpeall air, éascaítear amharc-chigireacht an doiciméid, go háirithe nuair a bhíonn an ceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú ag an sealbhóir.

    (29)Cé go gcoinnítear an rogha foráil a dhéanamh do ghnéithe náisiúnta breise, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéanann na gnéithe sin laghdú ar éifeachtúlacht na ngnéithe coiteanna slándála ná nach ndéanann siad dochar do chomhoiriúnacht trasteorann na gcártaí aitheantais, amhail an fhéidearthacht na cártaí aitheantais a léamh le meaisíní arna núsáid ag Ballstáit seachas na Ballstáit a eisíonn na cártaí aitheantais.

    (30)Níor cheart go dtiocfadh méadú díréireach ar tháillí do shaoránaigh an Aontais nó do náisiúnaigh tríú tír mar thoradh ar chaighdeáin slándála a thabhairt isteach maidir le cártaí aitheantais agus cártaí cónaithe ball teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad. Ba cheart do na Ballstáit an prionsabal sin a chur san áireamh agus glaonna ar thairiscintí á neisiúint acu.

    (31)Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh lena áirithiú go sainaithnítear i gceart, le sonraí bithmhéadracha, an duine ar eisíodh cárta aitheantais dóibh. Chuige sin, d'fhéadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh i dtaobh aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, go háirithe an íomhá den aghaidh, trí bhíthin rollú beo ag na húdaráis náisiúnta a eisíonn cártaí aitheantais.

    (32)Ba cheart do na Ballstáit malartú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin is gá chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá ar an meán stórála slán, agus chun í a fhíordheimhniú agus a fhíorú. Ba cheart na formáidí a úsáidtear leis an meán stórála slán a bheith idir-inoibritheach, lena náirítear i dtaca le pointí trasnaithe teorann uathoibrithe.

    (33)Le Treoir 2004/38/CE, tugtar aghaidh ar an gcás inar cheart gach deis réasúnach a thabhairt do shaoránaigh an Aontais nó do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, nach bhfuil na doiciméid taistil atá riachtanach acu, chun a chruthú ar mhodhanna eile go bhfuil siad cumhdaithe leis an gceart chun saorghluaiseachta. Féadfar a áireamh ar na modhanna sin doiciméid aitheantais a úsáidtear ar bhonn sealadach agus cártaí cónaithe arna neisiúint do na baill teaghlaigh sin.

    (34)Urramaítear leis an Rialachán seo na hoibleagáidí a leagtar amach sa Chairt agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas. Dá bhrí sin, spreagtar na Ballstáit chun oibriú leis an gCoimisiún chun go gcomhtháthófar gnéithe breise a dhéanann cártaí aitheantais níos inrochtana agus níos fusa lena núsáid ag daoine atá faoi mhí-chumas, amhail daoine lagamhairc. Fiosróidh na Ballstáit réitigh, amhail gléasanna clárúcháin soghluaiste, lena bhféadfar cártaí aitheantais a eisiúint do dhaoine nach bhfuil ar a gcumas cuairt a thabhairt ar na húdaráis atá freagrach as cártaí aitheantais a eisiúint.

    (35)Ba cheart faisnéis shonrach a áireamh sna doiciméid chónaithe a eisítear do shaoránaigh an Aontais chun a áirithiú gurb amhlaidh a shainaithnítear iad i ngach Ballstát. Leis sin, ba cheart gurbh fhusa a bheadh sé a aithint nuair a bhaineann saoránach de chuid an Aontais úsáid as an gceart chun saorghluaiseachta agus as na cearta a bhaineann go dlúth leis an úsáid sin, ach níor cheart go rachadh comhchuibhiú thar a bhfuil iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar laigí na ndoiciméad atá ann faoi láthair. Tá sé de shaoirse ag na Ballstáit an fhormáid ina neisítear na doiciméid sin a roghnú agus d'fhéadfaidís iad a eisiúint i bhformáid a chomhlíonann sonraíochtaí Dhoiciméad ICAO 9303.

    (36)Maidir le doiciméid chónaithe a eisítear do bhaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, is iomchuí leas a bhaint as an bhformáid chéanna agus na gnéithe slándála céanna dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 . Sa bhreis ar chruthúnas a thabhairt ar an gceart cónaithe, déanann na doiciméid sin a sealbhóirí, a bhíonn faoi réir oibleagáid víosa i ngach cás eile, a dhíolmhú ón gceanglas víosa a fháil nuair a thionlacann siad an saoránach de chuid an Aontais nó nuair a thagann siad anall ina dhiaidh nó ina diaidh laistigh de chríoch an Aontais.

    (37)I dTreoir 2004/38/CE, foráiltear gur “Cárta cónaithe baill teaghlaigh de shaoránach an Aontais” atá le tabhairt ar na doiciméid a eisítear do bhaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad. Chun aitheantas na ndaoine sin a éascú, ba cheart teideal agus cód caighdeánaithe a bheith ar chárta cónaithe baill teaghlaigh de shaoránach an Aontais.

    (38)Agus aird á tabhairt ar an riosca slándála do na Ballstáit agus ar na costais a thabhódh siad, ba cheart cártaí aitheantais agus cártaí cónaithe baill teaghlaigh de shaoránach an Aontais nach gcomhlíonann riachtanais an Rialacháin seo a chéimniú amach. Tá gá, ar fhorais na slándála, le tréimhse céimnithe amach níos giorra le haghaidh cártaí nach bhfuil gnéithe slándála tábhachtacha acu nó nach bhfuil meaisíninléite.

    (39)Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 maidir leis na sonraí pearsanta atá le próiseáil i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Is gá na coimircí is infheidhme maidir leis na sonraí pearsanta a phróiseáiltear a shonrú tuilleadh agus go háirithe maidir le sonraí íogaire amhail aitheantóirí bithmhéadracha. Ba cheart na hábhair sonraí a chur ar an eolas gurb ann ina ndoiciméid don mheán stórála ina bhfuil a sonraí bithmhéadracha, lena náirítear inrochtaineacht éadadhaill air, agus faoi gach cás ina núsáidtear na sonraí atá ina gcártaí aitheantais agus ina ndoiciméid chónaithe. Ar chaoi ar bith, ba cheart rochtain a bheith ag na hábhair sonraí ar shonraí pearsanta a phróiseáiltear ina gcártaí aitheantais agus ina ndoiciméid chónaithe, agus an ceart a bheith acu na sonraí sin a cheartú trí dhoiciméad nua a eisiúint, i gcás ina bhfuil na sonraí sin earráideach nó neamhiomlán. Ba cheart an meán stórála a bheith anslán agus ba cheart sonraí pearsanta atá stóráilte ann a bheith cosanta go héifeachtach ar rochtain neamhúdaraithe.

    (40)Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as próiseáil cheart na sonraí bithmhéadracha, ó bhailiú go comhtháthú na sonraí ar an meán stórála atá anslán, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

    (41)Ba cheart do na Ballstáit a bheith anchúramach nuair a bhíonn siad ag comhoibriú le soláthraí seirbhíse seachtrach. Aon dliteanas Ballstát a thagann chun cinn faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta i leith sáruithe oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta, níor cheart é sin a eisiamh sa chomhoibriú sin.

    (42)Is gá sonrú a dhéanamh sa Rialachán seo ar an mbunús atá le sonraí a bhailiú agus a stóráil ar mheán stórála na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe. I gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta agus urraim á tabhairt do phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann sonraí eile a stóráil ar mheán stórála le haghaidh ríomhsheirbhísí nó chun críocha eile a bhaineann leis an gcárta aitheantais nó leis an doiciméad cónaithe. Is le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta ba cheart údarú a dhéanamh ar phróiseáil na sonraí sin, lena náirítear bailiú na sonraí sin agus na críocha ar chucu is féidir iad a úsáid. Ba cheart na sonraí náisiúnta go léir a scaradh go fisiciúil nó go loighciúil ó na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear sa Rialachán seo agus ba cheart iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

    (43)I gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 30 ba cheart don Choimisiún, tráth nach déanaí ná 6 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo, lena náirítear ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí shocruithe sonracha faireacháin, chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír an Rialacháin agus ar an ngá atá le haon ghníomhaíocht eile. Chun críocha faireachán a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit staidreamh a bhailiú ar líon na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe a d'eisigh siad.

    (44)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon slándáil a fheabhsú agus feidhmiú chearta na saorghluaiseachta ag saoránaigh an Aontais agus ag baill a dteaghlaigh a éascú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (45)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (46)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (47)Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt, lena náirítear dínit an duine, an ceart chun sláine an duine, toirmeasc ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, an ceart chun comhionannais os comhair an dlí agus chun neamhidirdhealú, cearta an linbh, cearta daoine scothaosta, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun saorghluaiseachta agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil. Ba cheart do na Ballstáit cloí leis an gCairt agus an Rialachán seo á chur chun feidhme acu.

    (48)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 agus thug sé tuairim uaidh an XXXX 32 ,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Caibidil I
    Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

    Airteagal 1
    Ábhar

    Leis an Rialachán seo neartaítear na caighdeáin slándála is infheidhme maidir le cártaí aitheantais a eisíonn na Ballstáit dá náisiúnaigh agus le doiciméid chónaithe a eisíonn na Ballstáit do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh agus a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu.

    Airteagal 2
    Raon feidhme

    Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)cártaí aitheantais arna neisiúint ag na mBallstáit dá náisiúnaigh féin, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Threoir 2004/38/CE;

    (b)deimhnithe clárúcháin a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2004/38/CE do shaoránaigh an Aontais a chónaíonn i mBallstát óstach ar feadh níos mó ná trí mhí agus doiciméid lena ndeimhnítear buanchónaí a eisítear ar iarratas agus i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2004/38/CE do shaoránaigh an Aontais;

    (c)cártaí cónaithe a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2004/38/CE do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad agus cártaí buanchónaithe a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 20 de Threoir 2004/38/CE do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad.

    Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le doiciméid aitheantais arna n‑eisiúint ar bhonn sealadach le tréimhse bhailíochta níos giorra ná sé mhí.

    Caibidil II
    Cárta aitheantais náisiúnta

    Airteagal 3
    Caighdeáin slándála/formáid/sonraíochtaí

    1.Déanfar na cártaí aitheantais arna neisiúint ag na Ballstáit a tháirgeadh i bhformáid ID-1 agus beidh limistéar meaisíninléite (MRZ) orthu. Beidh na cártaí aitheantais sin bunaithe ar na sonraíochtaí agus na bunchaighdeáin slándála arna leagan amach i ndoiciméad ICAO 9303 agus déanfaidh siad na ceanglais a leagtar amach i bpointí (c), (d), (f) agus (g) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1954 a chomhlíonadh.

    2.Comhlíonfaidh na gnéithe sonraí a bheidh san áireamh ar chártaí aitheantais na sonraíochtaí a leagtar amach i gcuid 5 de dhoiciméad ICAO 9303.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar uimhir an doiciméid a chur isteach i limistéar 1 agus beidh sainiú inscne an duine roghnach.

    3.Beidh an teideal (‘Cárta aitheantais’) nó ainmniú seanbhunaithe náisiúnta eile i dteanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna ar an doiciméad, agus na focail ‘Cárta aitheantais’ i dteanga oifigiúil amháin eile ar a laghad de chuid an Aontais.

    4.Ar an gcárta aitheantais, ar an taobh tosaigh, beidh cód tíre dhá litir an Bhallstáit a eiseoidh an cárta, agus é clóite droim ar ais i ndronuilleog ghorm agus 12 cheann de réaltaí buí i gciorcal timpeall air.

    5.Áireofar sna cártaí aitheantais meán stórála anslán ina mbeidh sonraí bithmhéadracha lena náireofar íomhá d'aghaidh shealbhóir an chárta agus dhá mhéarlorg i bhformáidí idir-inoibritheacha digiteacha. Chun aitheantóirí bithmhéadracha a ghabháil, cuirfidh na Ballstáit na sonraíochtaí teicniúla arna mbunú le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2018)7767 33 ón gCoimisiún arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 3726 ón gCoimisiún 34 i bhfeidhm.

    6.Beidh acmhainneacht agus cumas leordhóthanach sa mheán stórála chun sláine, barántúlacht agus rúndacht na sonraí a ráthú. Beidh rochtain éadadhaill ar na sonraí a stóráiltear agus déanfar iad a shlánú amhail dá bhforáiltear i gCinneadh C(2018) 7767 arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 3726. Malartóidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá chun fíorú a dhéanamh ar an meán stórála agus chun na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear i mír 5 a rochtain agus a fhíorú.

    7.Féadfaidh leanaí faoi 12 bhliain d'aois a bheith díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt.

    Beidh leanaí faoi 6 bhliain d'aois díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt.

    Na daoine sin nach féidir méarloirg a fháil ina leith ar chúis fhisiciúil, beidh siad díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt.

    8.Más gá agus más comhréireach i leith na haidhme atá le baint amach, féadfaidh na Ballstáit mionsonraí agus barúlacha a iontráil le haghaidh úsáid náisiúnta de réir mar a cheanglaítear i bhfianaise a ndlí náisiúnta. Ní laghdófar éifeachtúlacht na níoschaighdeán slándála agus idir-inoibritheacht trasteorann na gcártaí aitheantais mar thoradh air sin.

    9.I gcás ina ndéanann na Ballstáit dé-chomhéadan nó meán stórála ar leith a ionchorprú sa chárta aitheantais, comhlíonfaidh an meán stórála breise na caighdeáin ábhartha de chuid ISO agus ní chuirfidh siad isteach ar an meán stórála dá dtagraítear i mír 5.

    10.I gcás ina ndéanann na Ballstáit sonraí le haghaidh ríomhsheirbhísí amhail ríomhrialtas agus ríomhghnó a stóráil sna cártaí aitheantais, déanfar na sonraí náisiúnta sin a scaradh go fisiciúil nó go loighciúil ó na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear i mír 5.

    11.I gcás ina gcuireann na Ballstáit gnéithe slándála breise leis na cártaí aitheantais, ní laghdófar comhoiriúnacht trasteorann na gcártaí aitheantais sin ná éifeachtúlacht na níoschaighdeán slándála mar thoradh air sin.

    Airteagal 4
    Tréimhse bhailíochta

    1.Beidh íostréimhse bhailíochta 5 bliana ag na cártaí aitheantais agus uastréimhse bhailíochta 10 mbliana.

    2.De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhse bhailíochta a bheidh:

    (a)níos giorra ná 5 bliana, i gcomhair cártaí aitheantais arna neisiúint do mhionaoisigh;

    (b)i gcásanna eisceachtúla, níos lú ná 5 bliana, do chártaí aitheantais arna neisiúint do dhaoine in imthosca speisialta agus teoranta agus i gcás ina bhfuil a dtréimhse bhailíochta teoranta i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta;

    (c)níos faide ná 10 mbliana, i gcomhair cártaí aitheantais arna neisiúint do dhaoine in aois 70 agus níos sine.

    3.Eiseoidh na Ballstáit cárta aitheantais a bhfuil bailíocht 12 mhí nó níos lú aige i gcás ina bhfuil sé dodhéanta go fisiciúil méarloirg a thógáil d'aon mhéar de chuid an iarratasóra.

    Airteagal 5
    Céimniú amach

    1.Scoirfidh cártaí aitheantais nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3 de bheith bailí ar dhul in éag dóibh nó faoin 3 Lúnasa 2031, cibé acu is túisce.

    2.De mhaolú ar mhír 1:

    (a)maidir le cártaí aitheantais nach gcomhlíonann na híoscheanglais a leagtar amach i gcuid 2 de dhoiciméad ICAO 9303 nó nach bhfuil MRZ orthu, mar a shainítear i mír 3, scoirfidh a mbailíocht ar dhul in éag dóibh nó faoin 3 Lúnasa 2026, cibé acu is túisce;

    (b)maidir le cártaí aitheantais de dhaoine atá in aois 70 agus níos sine ar an 2 Lúnasa 2021, a chomhlíonann na híoscheanglais a leagtar amach i gcuid 2 de dhoiciméad ICAO 9303 agus a bhfuil MRZ orthu, mar a shainítear i mír 3, scoirfidh a mbailíocht ar dhul in éag dóibh.

    3.Chun críche mhír 2, ciallóidh MRZ feidhmiúil aon cheann díobh seo a leanas:

    (a)limistéar meaisíninléite a chomhlíonann doiciméad ICAO 9303;

    (b)aon limistéar meaisíninléite eile dá dtugann an Ballstát eisiúna fógra maidir leis na rialacha chun an fhaisnéis atá ann a léamh agus a léiriú.

    Caibidil III
    Doiciméid chónaithe do shaoránaigh an Aontais

    Airteagal 6
    An fhaisnéis íosta atá le sonrú

    Sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad sna doiciméid chónaithe nuair a eisíonn na Ballstáit iad do shaoránaigh an Aontais:

    (a)teideal an doiciméid i dteanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann agus i dteanga oifigiúil amháin eile ar a laghad de chuid an Aontais;

    (b)tagairt shoiléir go bhfuil an doiciméad á eisiúint do shaoránach de chuid an Aontais i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE;

    (c)uimhir an doiciméid;

    (d)ainm (sloinne agus céadainm(neacha)) an tsealbhóra;

    (e)dáta breithe an tsealbhóra;

    (f)an fhaisnéis a bheidh le háireamh ar dheimhnithe clárúcháin agus ar dhoiciméid lena ndeimhnítear buanchónaí, arna neisiúint i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 19 de Threoir 2004/38/CE faoi seach;

    (g)an túdarás eisiúna;

    (h)ar an taobh tosaigh, cód tíre 2 litir an Bhallstáit a eisíonn an doiciméad, clóite droim ar ais i ndronuilleog ghorm agus 12 cheann de réaltaí buí i gciorcal timpeall air.

    Má chinneann Ballstát méarloirg a ghabháil, beidh feidhm dá réir sin ag Airteagal 3(7).

    Caibidil IV
    Cártaí cónaithe do bhaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad

    Airteagal 7
    Formáid aonfhoirmeach

    1.Agus cártaí cónaithe á neisiúint acu do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, bainfidh na Ballstáit úsáid as an bhformáid chéanna a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1954 agus arna cur chun feidhme le Cinneadh C(2018)7767 arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 3726.

    2.De mhaolú ar mhír 1, beidh an teideal ‘Cárta cónaithe’ nó ‘Cárta buanchónaithe’ ar chárta. Cuirfidh na Ballstáit in iúl go neisítear na doiciméid sin do bhall teaghlaigh shaoránach de chuid an Aontais i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE. Chun na críche sin, bainfidh na Ballstáit úsáid as an gcód caighdeánaithe “Ball Teaghlaigh AE Airt 10 DIR 2004/38/CE” nó “Ball Teaghlaigh AE Airt 20 DIR 2004/38/CE”, i réimse sonraí [10], amhail dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1954.

    3.Féadfaidh na Ballstáit sonraí a iontráil le haghaidh úsáid náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Agus sonraí sin á niontráil agus á stóráil acu, urramóidh na Ballstáit na ceanglais chéanna a leagtar amach in Airteagal 4, an dara mír, de Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002, arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1954.

    Airteagal 8
    Cártaí cónaithe atá ann cheana a chéimniú amach

    1.Scoirfidh cártaí cónaithe de bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, agus nach gcomhlíonann ceanglais Airteagal 7 de bheith bailí ar dhul in éag dóibh nó faoin 3 Lúnasa 2026, cibé acu is túisce.

    2.De mhaolú ar mhír 1, scoirfidh cártaí cónaithe de bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, agus nach gcomhlíonann na híoscheanglais slándála a leagtar amach i gcuid 2 de dhoiciméad ICAO 9303 nó nach bhfuil MRZ orthu i gcomhréir le cuid 3 de dhoiciméad ICAO 9303, de bheith bailí.

    Caibidil V
    Forálacha coiteanna

    Airteagal 9
    Pointe teagmhála

    1.Ainmneoidh gach Ballstát údarás lárnach amháin ar a laghad ina phointe teagmhála maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. I gcás ina mbeidh níos mó ná údarás lárnach amháin ainmnithe ag Ballstát, ainmneoidh sé cé acu de na húdaráis sin a bheidh ina phointe teagmhála maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Cuirfidh sé ainm an údaráis sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. Má athraíonn Ballstát a údarás ainmnithe, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas dá réir.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na pointí teagmhála ar an eolas faoi na seirbhísí ábhartha faisnéise agus cúnaimh ar leibhéal an Aontais, atá san áireamh ar an Tairseach Aonair Dhigiteach a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 , agus go bhféadfaidh siad oibriú i gcomhar leis na seirbhísí sin.

    Airteagal 10
    Aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú

    1.Ní bhaileoidh ach foireann cháilithe agus chuí-údaraithe ag na húdaráis atá freagrach as cártaí aitheantais nó cártaí cónaithe a eisiúint na haitheantóirí bithmhéadracha, chun críche a bheith comhtháite sa mheán stórála anslán dá bhforáiltear in Airteagal 3(5) i gcomhair cártaí aitheantais agus in Airteagal 7(1) i gcomhair cártaí cónaithe. De mhaolú ar an gcéad abairt, ní bhaileoidh ach foireann cháilithe agus chuí-údaraithe na núdarás sin méarloirg ach amháin i gcás iarratais a thíolacfar chuig údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha an Bhallstáit.

    D'fhonn comhsheasmhacht aitheantóirí bithmhéadracha le aitheantas an iarratasóra a áirithiú, beidh an t‑iarratasóir i láthair go pearsanta uair amháin ar a laghad le linn phróiseas na heisiúna i gcomhair gach iarratais.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta iomchuí agus éifeachtacha i bhfeidhm maidir le haitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, ar nósanna imeachta iad a chomhlíonann na cearta agus na prionsabail a leagtar amach sa Chairt, sa Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

    I gcás ina mbíonn deacrachtaí ann aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, áiritheoidh na Ballstáit gur ann do nósanna imeachta iomchuí chun dínit an duine lena mbaineann a urramú.

    3.Seachas i gcás ina bhfuil gá leo chun críche próiseála i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, coinneofar aitheantóirí bithmhéadracha a stóráiltear chun críche cártaí aitheantais nó doiciméid chónaithe a phearsanú, ar bhealach anslán agus go dtí dáta bailithe an doiciméid, agus go dtí an dáta sin amháin, agus in aon chás i gcomhair tréimhse nach faide ná 90 lá ó dháta eisiúna an doiciméid sin. Tar éis na tréimhse sin, déanfar na haitheantóirí bithmhéadracha sin a scriosadh nó a dhíothú láithreach.

    Airteagal 11
    Sonraí pearsanta a chosaint agus dliteanas

    1.Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, áiritheoidh na Ballstáit slándáil, sláine, barántúlacht agus rúndacht na sonraí a bhaileofar agus a stórálfar chun críche an Rialacháin seo.

    2.Chun críche an Rialacháin seo, measfar na húdaráis a bheidh freagrach as cártaí aitheantais agus doiciméid chónaithe a eisiúint mar an rialaitheoir dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 agus beidh freagracht orthu as próiseáil sonraí pearsanta.

    3.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le húdaráis mhaoirseachta a gcúraimí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/679 a fheidhmiú ina niomláine, lena náirítear rochtain ar na sonraí pearsanta uile agus ar an bhfaisnéis go léir is gá, mar aon le rochtain ar aon áitreabh nó trealamh próiseáilte sonraí de chuid na núdarás inniúil.

    4.Ní eisiafar leis an gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha aon dliteanas ar thaobh Ballstáit a d’fhéadfadh teacht chun cinn faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta i leith sáruithe ar oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta.

    5.Ní áireofar faisnéis i bhfoirm meaisíninléite i gcárta aitheantais nó i ndoiciméad cónaithe ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit eisiúna.

    6.Ní bhainfear leas as na sonraí bithmhéadracha a stóráiltear i meán stórála na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe ach amháin i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta chun críche fíorú a dhéanamh ar:

    (a)bharántúlacht an chárta aitheantais nó an doiciméid cónaithe;

    (b)aitheantas an tsealbhóra trí bhíthin gnéithe inchomparáide atá ar fáil go díreach i gcás inar gá de réir an dlí an cárta aitheantais nó an doiciméad cónaithe a thaispeáint.

    An dhá mhéarlorg a stóráiltear sa mheán stórála, ní bheidh rochtain orthu ach amháin ag foireann chuí-údaraithe na n‑údarás inniúil náisiúnta agus ghníomhaireachtaí an Aontais.

    Airteagal 12
    Faireachán

    1.Faoin [bliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún clár mionsonraithe ar bun chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, torthaí agus tionchair an Rialacháin seo, lena náirítear a thionchar ar chearta bunúsacha.

    2.Sa chlár faireacháin, leagfar amach na modhanna trína mbaileofar na sonraí agus fianaise riachtanach eile, agus a mhinice agus a bhaileofar iad. Sonrófar ann an ghníomhaíocht a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun na sonraí agus fianaise eile a bhailiú agus a anailísiú.

    3.Soláthróidh na Ballstáit na sonraí agus fianaise eile don Choimisiún atá riachtanach chun an faireachán sin a dhéanamh.

    Airteagal 13
    Meastóireacht

    1.Tráth nach luaithe ná [6 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Leagfar béim sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas go háirithe:

    (a)tionchar an Rialacháin seo ar chearta bunúsacha;

    (b)soghluaisteacht shaoránaigh an Aontais;

    (c)éifeachtacht an fhíoraithe bhithmhéadraigh chun slándáil doiciméad taistil a fhíorú;

    (d)comhchuibhiú féideartha breise ar chuma na gcártaí aitheantais.

    2.Soláthróidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais an fhaisnéis don Choimisiún atá riachtanach chun na tuarascálacha sin a ullmhú.

    Airteagal 14
    Sonraíochtaí teicniúla breise

    1.Chun a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, go gcomhlíonfaidh cártaí aitheantais agus doiciméid chónaithe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d'Airteagal 2 na híoschaighdeáin slándála a bheidh ann amach anseo, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí teicniúla breise a bhaineann leis an méid seo a leanas:

    (a)gnéithe slándála breise agus ceanglais bhreise lena náirítear caighdeáin feabhsaithe in aghaidh brionnú, góchumadh agus falsú;

    (b)sonraíochtaí teicniúla do mheán stórála na ngnéithe bithmhéadracha dá dtagraítear in Airteagal 3(5) agus dá slándáil, lena náirítear rochtain neamhúdaraithe a chosc agus fíorú a éascú;

    (c)ceanglais cháilíochta agus comhchaighdeáin theicniúla don íomhá den aghaidh agus do na méarloirg.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

    2.I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2), féadfar a chinneadh go mbeidh an tsonraíocht dá dtagraítear san Airteagal seo rúnda agus nach bhfoilseofar í. I gcás mar sin, ní dhéanfar iad a chur ar fáil ach do na comhlachtaí sin a d'ainmnigh na Ballstáit ina gcomhlachtaí atá freagrach as iad a chur i gcló agus do dhaoine a bhfuil údarú cuí faighte acu ó Bhallstát nó ón gCoimisiún.

    3.Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht amháin a mbeidh an fhreagracht air as cártaí aitheantais a chló agus comhlacht amháin a mbeidh an fhreagracht air as cártaí cónaithe bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais a chló agus cuirfidh sé ainmneacha na gcomhlachtaí sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. Beidh na Ballstáit i dteideal comhlachtaí ainmnithe den sórt sin a athrú agus cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas dá réir.

    Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin comhlacht amháin a ainmniú a mbeidh freagracht air maidir le cártaí aitheantais agus cártaí cónaithe bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais a chló agus cuirfidh siad ainm an chomhlachta sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

    Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó a chinneadh freisin comhlacht amháin a ainmniú chun na críocha sin agus cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile dá réir.

    Airteagal 15
    Nós imeachta coiste

    1.Beidh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 16
    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)     COM(2018) 212 final .
    (2)    Rialachán (AE) 2019/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna neisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta (IO L 188, 12.7.2019, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1157/oj ).
    (3)    Breithiúnas an 21 Márta 2024, C-61/22, Landeshauptstadt Wiesbaden, ECLI:EU:C:2024:251.
    (4)    Breithiúnas an 21 Márta 2024, C-61/22, Landeshauptstadt Wiesbaden, ECLI:EU:C:2024:251, mír 124.
    (5)    Rialachán (AE) 2017/458 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le hathneartú seiceálacha sna bunachair sonraí ábhartha ag teorainneacha seachtracha (IO L 74, 18.3.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/458/oj ).
    (6)    Breithiúnas an 21 Márta 2024, C-61/22, Landeshauptstadt Wiesbaden, ECLI:EU:C:2024:251, mír 51.
    (7)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena naisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch 77, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/38/oj ).
    (8)    Breithiúnas an 21 Márta 2024, C-61/22, Landeshauptstadt Wiesbaden, ECLI:EU:C:2024:251, alt 54.
    (9)    Breithiúnas an 21 Márta 2024, C-61/22, Landeshauptstadt Wiesbaden, ECLI:EU:C:2024:251, ailt 59-61.
    (10)    Le haghaidh tuairisc níos mionsonraithe maidir leis an staid roimh ghlacadh Rialachán (AE) 2019/1157, féach SWD(2018) 110 final .
    (11)    Féach breithiúnas an 21 Márta 2024, C-61/22, Landeshauptstadt Wiesbaden, ECLI:EU:C:2024:251.
    (12)     COM(2018) 212 final .
    (13)     SWD(2018) 110 final .
    (14)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa de bhun Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2019/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna n‑eisiúint do shaoránaigh an Aontais agus do bhaill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta ( COM(2023) 538 final ).
    (15)    Breithiúnas an 21 Márta 2024, C-61/22, Landeshauptstadt Wiesbaden, ECLI:EU:C:2024:251, ailt 73 go 74.
    (16)    Breithiúnas an 21 Márta 2024, C-61/22, Landeshauptstadt Wiesbaden, ECLI:EU:C:2024:251, alt 76.
    (17)    Breithiúnas an 21 Márta 2024, C-61/22, Landeshauptstadt Wiesbaden, ECLI:EU:C:2024:251, ailt 80 go 81.
    (18)    Chuige sin, féach breithiúnas an 17 Deireadh Fómhair 2013, Schwarz, C‑291/12, EU:C:2013:670, míreanna 36 go 38, breithiúnas an 3 Deireadh Fómhair 2019, A agus Eile, C‑70/18, EU:C:2019:823, mír 46 agus an cásdlí a luaitear, agus breithiúnas an 21 Márta 2024, C-61/22, Landeshauptstadt Wiesbaden, ECLI:EU:C:2024:251, míreanna 87 go 89.
    (19)    Breithiúnas an 21 Márta 2024, C-61/22, Landeshauptstadt Wiesbaden, ECLI:EU:C:2024:251, mír 105.
    (20)    Breithiúnas an 21 Márta 2024, C-61/22, Landeshauptstadt Wiesbaden, ECLI:EU:C:2024:251, ailt 123 go 124.
    (21)    SWD(2021) 45 final.
    (22)    IO C […], […], lch. […].
    (23)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena naisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch 77, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/38/oj ).
    (24)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomhshainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomhidirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014 (lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj ).
    (25)    Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/1030/oj ).
    (26)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj ).
    (27)    Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do víosaí (IO L 164, 14.7.1995, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1995/1683/oj ).
    (28)    Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (IO L 286, 1.11.2017, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1954/oj ).
    (29)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj ).
    (30)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj .
    (31)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj ).
    (32)    IO C […], […], lch. […].
    (33)    Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2018)7767 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2018, lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir le formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír agus lena naisghairtear Cinneadh C(2002)3069.
    (34)    Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 3726 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2018) 7767 i ndáil leis an liosta tagairtí normatacha.
    (35)    Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1724/oj ).
    Top