AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,10.7.2024
COM(2024) 281 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an Togra le haghaidh
Cinneadh ón gComhairle
maidir le tabhairt i gcrích Comhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis Phoblacht na Liobáine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla
IARSCRÍBHINN
(dréacht)
Comhaontú
idir
an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine
i ndáil leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis Phoblacht na Liobáine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla
AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,
agus
POBLACHT NA LIOBÁINE, dá ngairtear ‘an Liobáin’ anseo feasta
dá ngairtear ‘na Páirtithe’ anseo feasta,
AG FÉACHAINT do Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an Cinneadh sin, ‘Rialachán Eurojust’, mar a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 47, Airteagal 52(1) agus Airteagal 56(2) de Rialachán Eurojust,
AG FÉACHAINT, go háirithe, d’Airteagal 56(2), pointe (c) de Rialachán Eurojust, ina leagtar amach na prionsabail ghinearálta maidir le sonraí pearsanta a aistriú ó Eurojust chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus ar dá mbun a fhéadfaidh Eurojust sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
I bhFIANAISE leasanna Eurojust agus na Liobáine araon maidir le dlúthchomhar dinimiciúil breithiúnach a fhorbairt in ábhair choiriúla chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an gcoireacht thromchúiseach, go háirithe an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht, agus coimircí iomchuí á n-áirithiú ag an am céanna maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair, lena n-áirítear príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta,
ÓS DEIMHIN LEO go rachaidh comhar breithiúnach idir Eurojust agus an Liobáin chun tairbhe don dá thaobh agus go gcuideoidh sé le limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais an Aontais a fhorbairt, chomh maith leis an Liobáin agus í ag dul i ngleic, go háirithe, le héilliú agus le sciúradh airgid/coireacht airgeadais,
AGUS URRAIM Á TABHAIRT ACU do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa (ETS Uimh. 5) chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, arna dhéanamh sa Roimh an 4 Samhain 1950, rud a léirítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, agus i mBunreacht na Liobáine,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
Caibidil I
Cuspóirí, raon feidhme agus forálacha coiteanna
Airteagal 1
Cuspóirí
1.Is é cuspóir foriomlán an Chomhaontaithe seo feabhas a chur ar an gcomhar breithiúnach idir Eurojust agus údaráis inniúla na Liobáine maidir leis an gcoireacht thromchúiseach a chomhrac.
2.Leis an gComhaontú seo ceadaítear sonraí pearsanta a aistriú idir Eurojust agus údaráis inniúla na Liobáine, chun tacú le gníomhaíocht údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais agus údaráis inniúla na Liobáine agus chun an ghníomhaíocht sin a neartú, chomh maith lena gcomhar maidir leis an gcoireacht thromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh, go háirithe an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht, agus coimircí iomchuí á n-áirithiú i ndáil le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair, lena n-áirítear príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta.
Airteagal 2
Raon feidhme
Áiritheoidh na Páirtithe go gcomhoibreoidh Eurojust agus údaráis inniúla na Liobáine i réimsí gníomhaíochtaí Eurojust agus laistigh d’inniúlacht agus cúraimí Eurojust, mar a leagtar amach i Rialachán Eurojust, mar a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus sa Chomhaontú seo.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críoch an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)Ciallaíonn ‘Eurojust’ Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil, arna bunú le Rialachán Eurojust, lena n-áirítear aon leasú uirthi ina dhiaidh sin;
(2)ciallaíonn ‘Ballstáit’ na Ballstáit den Aontas Eorpach;
(3)ciallaíonn ‘údarás inniúil’, i gcás an Aontais, Eurojust agus, i gcás na Liobáine, údarás náisiúnta ar a bhfuil freagrachtaí faoin dlí náisiúnta a bhaineann le cionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh, lena n-áirítear cur chun feidhme ionstraimí comhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo;
(4)ciallaíonn ‘comhlachtaí an Aontais’ institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, chomh maith le misin nó oibríochtaí arna mbunú faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta, arna gcur ar bun leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó arna gcur ar bun ar bhonn na gconarthaí sin, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo;
(5)ciallaíonn ‘coireacht thromchúiseach’ na saghsanna coireachta a bhfuil Eurojust inniúil ina leith, go háirithe iad a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, lena n-áirítear cionta coiriúla gaolmhara;
(6)ciallaíonn ‘cionta coiriúla gaolmhara’ na cionta coiriúla a dhéantar chun modh a fháil le coireanna tromchúiseacha a dhéanamh, chun coireanna tromchúiseacha a éascú nó a dhéanamh nó chun saoirse ó phionós a áirithiú dóibh a dhéanann coireanna tromchúiseacha;
(7)ciallaíonn ‘Cúntóir’ duine a fhéadfaidh cúnamh a thabhairt do Chomhalta Náisiúnta, dá dtagraítear i gCaibidil II, Roinn II, de Rialachán Eurojust, agus do Leas-Chomhalta an Chomhalta Náisiúnta, nó don Ionchúisitheoir Idirchaidrimh, dá dtagraítear i Rialachán Eurojust agus in Airteagal 5 den Chomhaontú seo faoi seach;
(8)ciallaíonn ‘Ionchúisitheoir Idirchaidrimh’ duine ag a bhfuil feidhm ionchúisitheora phoiblí, breitheamh nó duine a bhfuil inniúlacht choibhéiseach aige sa Liobáin i gcomhréir lena dlí náisiúnta agus atá ar iasacht ón Liobáin do Eurojust, de bhun Airteagal 5 den Chomhaontú seo;
(9)ciallaíonn ‘Giúistís Idirchaidrimh’ giúistís dá dtagraítear i Rialachán Eurojust arna phostú ag Eurojust chuig an Liobáin de bhun Airteagal 8 den Chomhaontú seo;
(10)ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon sonraí a bhaineann le hábhar sonraí;
(11)ciallaíonn ‘próiseáil’, aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
(12)ciallaíonn ‘ábhar sonraí’ duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta; is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe faoi threoir aitheantóra amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh nó aitheantóir ar líne nó faoi threoir toisce amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiciúil, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine sin;
(13)ciallaíonn ‘sonraí géiniteacha’ na sonraí pearsanta a bhaineann le tréithe géiniteacha duine aonair, ar tréithe ó oidhreacht nó faighte iad, a thugann sainfhaisnéis faoi fhiseolaíocht nó sláinte an duine aonair sin, ar sonraí iad a fuarthas go háirithe mar thoradh ar anailís arna déanamh ar shampla bitheolaíoch a tugadh ón duine aonair atá i gceist;
(14)ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha;
(15)ciallaíonn ‘faisnéis’ sonraí pearsanta agus neamhphearsanta;
(16)ciallaíonn ‘sárú i ndáil le sonraí pearsanta’ sárú ar shlándáil as a dtagann díothú, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach;
(17)ciallaíonn ‘Údarás maoirseachta’, i gcás an Aontais, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus, i gcás na Liobáine, údarás poiblí neamhspleách intíre atá freagrach as cosaint sonraí i gcomhréir le hAirteagal 21, agus a bhí faoi réir fógra de bhun Airteagal 28(3).
Airteagal 4
Pointí teagmhála
1.Ainmneoidh an Liobáin pointe teagmhála amháin ar a laghad laistigh dá húdaráis inniúla intíre chun an chumarsáid agus an comhar idir Eurojust agus údaráis inniúla na Liobáine a éascú. Ainmneoidh an Liobáin an pointe teagmhála sin mar a pointe teagmhála le haghaidh cúrsaí sceimhlitheoireachta freisin. Ní bheidh an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh ina phointe teagmhála.
2.Tabharfar fógra don Aontas faoi phointe teagmhála na Liobáine. Cuirfidh an Liobáin Eurojust ar an eolas i gcás ina n-athróidh sé pointe teagmhála.
Airteagal 5
An tIonchúisitheoir Idirchaidrimh agus an fhoireann
1.Chun an comhar dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo a éascú, tabharfaidh an Liobáin Ionchúisitheoir Idirchaidrimh ar iasacht do Eurojust.
2.Ceapfaidh an tAire Dlí agus Cirt an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh agus a chúntóir nó a chúntóirí. Is í an Liobáin, i gcomhaontú le Eurojust, a chinnfidh sainordú agus fad iasachta an Ionchúisitheora Idirchaidrimh.
3.Féadfaidh cúntóir amháin nó níos mó agus foireann tacaíochta eile cúnamh a thabhairt don Ionchúisitheoir Idirchaidrimh, ag brath ar an ualach oibre agus i gcomhaontú le Eurojust. I gcás inar gá, féadfaidh na Cúntóirí teacht in ionad an Ionchúisitheora Idirchaidrimh nó gníomhú thar a cheann.
4.Áiritheoidh an Liobáin go mbeidh an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh agus Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh inniúil chun gníomhú i ndáil le húdaráis bhreithiúnacha eachtracha.
5.Beidh rochtain ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus ag Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh ar an bhfaisnéis atá sna taifid choiriúla náisiúnta, i gcláir na ndaoine gafa, i gcláir imscrúdúcháin, i gcláir ADN nó i gclár nó i gcláir eile d’údaráis phoiblí na Liobáine i gcás ina mbeidh gá leis an bhfaisnéis sin chun a gcúraimí a chomhlíonadh, i gcomhréir lena dlí náisiúnta.
6.Beidh an chumhacht ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus ag Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh dul i dteagmháil go díreach le húdaráis inniúla na Liobáine.
7.Cuirfidh an Liobáin Eurojust ar an eolas faoi chineál agus méid beacht na gcumhachtaí breithiúnacha a thugtar don Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus do Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh laistigh den Liobáin chun a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an gComhaontú seo.
8.Beidh sonraí maidir le cúraimí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh, a gcearta agus a n-oibleagáidí agus na costais lena mbaineann do Eurojust faoi rialú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na Liobáine i gcomhréir le hAirteagal 26.
9.Cinnfidh Eurojust go mbeidh doiciméid oibre an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh ina ndoiciméid oibre dosháraithe.
Airteagal 6
Cruinnithe oibríochtúla agus straitéiseacha
1.Féadfaidh an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh, Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus ionadaithe eile ó údaráis inniúla na Liobáine, lena n-áirítear na pointí teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 4, páirt a ghlacadh i gcruinnithe a bhaineann le cúrsaí straitéiseacha ar chuireadh ó Uachtarán Eurojust, agus i gcruinnithe oibríochtúla a bhaineann le cúrsaí straitéiseacha le formheas na gComhaltaí Náisiúnta lena mbaineann.
2.Féadfaidh Comhaltaí Náisiúnta, a Leas-Chomhaltaí agus a gCúntóirí, Stiúrthóir Riaracháin Eurojust agus foireann Eurojust freastal ar chruinnithe arna n-eagrú ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh, nó ag Cúntóir/Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh nó ag údaráis inniúla eile na Liobáine, lena n-áirítear na pointí teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 4.
Airteagal 7
Foirne Comhpháirteacha Imscrúdaithe
1.Féadfaidh Eurojust cúnamh a thabhairt don Liobáin foirne comhpháirteacha imscrúdaithe a bhunú le húdaráis náisiúnta Ballstáit de bhun an bhunúis dlí is infheidhme eatarthu lena gcumasaítear comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, amhail comhaontuithe maidir le cúnamh frithpháirteach.
2.D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar Eurojust cúnamh airgeadais nó teicniúil a chur ar fáil chun foireann chomhpháirteach imscrúdaithe a oibriú, ar foireann í lena dtacaíonn sí go hoibríochtúil.
Airteagal 8
An Giúistís Idirchaidrimh
1.Chun comhar breithiúnach leis an Liobáin a éascú, féadfaidh Eurojust Giúistís Idirchaidrimh a phostú chun na Liobáine i gcomhréir le Rialachán Eurojust.
2.Beidh sonraí maidir le cúraimí an Ghiúistís Idirchaidrimh, cearta agus oibleagáidí an Ghiúistís sin agus na costais lena mbaineann faoi rialú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na Liobáine dá dtagraítear in Airteagal 26.
Caibidil II
Malartú faisnéise agus cosaint sonraí
Airteagal 9
Cuspóirí na próiseála sonraí pearsanta
1.Ní dhéanfar sonraí pearsanta a iarrtar agus a fhaightear faoin gComhaontú seo a phróiseáil ach amháin chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorchur, laistigh de theorainneacha Airteagal 10(6) agus de shainorduithe féin na n-údarás inniúil.
2.Léireoidh na húdaráis inniúla go soiléir, tráth aistriú na sonraí pearsanta ar a dhéanaí, an chríoch shonrach nó na críocha sonracha dá bhfuil na sonraí á n-aistriú.
Airteagal 10
Prionsabail ghinearálta cosanta sonraí
1.Déanfaidh gach Páirtí foráil, sonraí pearsanta a aistreofar agus a phróiseálfar ina dhiaidh sin faoin gComhaontú seo, maidir leis an méid seo a leanas i leith na sonraí sin:
(a)déanfar iad a phróiseáil go cóir, go dleathach agus ar bhealach trédhearcach chun na gcríoch dár aistríodh iad i gcomhréir le hAirteagal 9, agus chun na gcríoch sin amháin;
(b)beidh siad leordhóthanach, ábhartha agus ní bheidh siad iomarcach i ndáil leis an gcuspóir/na cuspóirí dá ndéantar próiseáil orthu;
(c)beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar cothrom le dáta iad; forálfaidh gach Páirtí go ndéanfaidh na húdaráis inniúla gach beart réasúnta lena áirithiú go scriosfar nó go gceartófar gan moill mhíchuí sonraí pearsanta atá míchruinn, ag féachaint do na cuspóirí dá ndéantar iad a phróiseáil;
(d)déanfar iad a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach;
(e)déanfar iad a phróiseáil ar bhealach lena n-áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, díothú nó damáiste de thaisme, agus úsáid á baint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla.
2.Féadfaidh an t-údarás inniúil a aistríonn na sonraí pearsanta (‘an t-údarás aistrithe’), tráth aistriú na sonraí pearsanta, aon srian ar rochtain orthu nó ar an úsáid atá le baint astu a shonrú i dtéarmaí ginearálta nó sonracha, lena n-áirítear maidir lena n-aistriú ar aghaidh, lena léirscriosadh nó lena scriosadh tar éis tréimhse áirithe ama, nó maidir leis an bpróiseáil bhreise a dhéanfar orthu. I gcás inar léir go bhfuil gá le srianta den sórt sin tar éis sonraí pearsanta a aistriú, cuirfidh an t-údarás aistrithe an t-údarás inniúil a fhaigheann na sonraí pearsanta (‘an t-údarás is faighteoir’) ar an eolas dá réir sin.
3.Áiritheoidh gach Páirtí go gcomhlíonfaidh an t-údarás is faighteoir aon srian ar rochtain nó ar úsáid na sonraí pearsanta arna gcur in iúl ag an údarás aistrithe dá dtagraítear i mír 2.
4.Forálfaidh gach Páirtí go gcuirfidh a údaráis inniúla bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun feidhme ionas go mbeifear in ann a thaispeáint go gcomhlíonann an phróiseáil sonraí an Comhaontú seo agus go gcosnófar cearta na n-ábhar sonraí lena mbaineann.
5.Comhlíonfaidh gach Páirtí na coimircí dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo gan beann ar náisiúntacht an ábhair sonraí lena mbaineann agus gan idirdhealú.
6.Áiritheoidh gach Páirtí nach bhfaighfear sonraí pearsanta arna n-aistriú faoin gComhaontú seo de shárú ar chearta an duine a aithnítear leis an dlí idirnáisiúnta atá ina cheangal ar na Páirtithe.
Áiritheoidh gach Páirtí nach mbainfear úsáid as na sonraí pearsanta a fhaightear chun pionós an bháis nó aon chineál íde atá cruálach nó mídhaonna a iarraidh, a thabhairt nó a chur i gcrích. Chun comhlíonadh na forála thuas a éascú, tabharfaidh an Liobáin fógra do Eurojust faoi liosta na gcionta coiriúla atá inphionóis le bás i gcomhréir lena córas dlí náisiúnta, chomh maith le haon athrú a dhéanfar ar an liosta sin ina dhiaidh sin.
7.Áiritheoidh gach Páirtí go gcoimeádfar taifead de gach aistriú sonraí pearsanta faoin Airteagal seo agus de chríocha na n-aistrithe sin.
Airteagal 11
Catagóirí na n-ábhar sonraí agus catagóirí speisialta sonraí pearsanta
1.Ní cheadófar aistriú sonraí pearsanta maidir le híospartaigh ciona choiriúil, finnéithe nó daoine eile ar féidir leo faisnéis a sholáthar faoi chionta coiriúla ach amháin i gcás ina bhfuil sé sin fíor-riachtanach agus comhréireach i gcásanna aonair chun coir thromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
2.Ní cheadófar aistriú sonraí pearsanta lena nochtar bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ná ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha a phróiseáiltear chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, sonraí a bhaineann leis an tsláinte, ná sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis agus ina bhfuil sé comhréireach i gcásanna aonair chun coir tromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
3.Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh próiseáil sonraí pearsanta faoi mhíreanna 1 agus 2 faoi réir coimircí breise, lena n-áirítear srianta ar rochtain, bearta slándála breise agus srianta ar aistrithe ar aghaidh.
Airteagal 12
Uathphróiseáil sonraí pearsanta
Toirmeascfar cinntí atá bunaithe go huile agus go hiomlán ar uathphróiseáil sonraí pearsanta a aistrítear, lena n-áirítear próifíliú, a d’fhéadfadh éifeacht dhíobhálach dhlíthiúil a bheith aige ar an ábhar sonraí nó a d’fhéadfadh difear mór a dhéanamh dó, mura n-údaraítear iad le dlí chun coir tromchúiseach a scrúdú agus a ionchúiseamh, dlí a sholáthraíonn coimircí iomchuí do chearta agus saoirsí an ábhair sonraí, lena n-áirítear ar a laghad an ceart chun idirghabháil ón duine a fháil.
Airteagal 13
Na sonraí pearsanta a fhaightear a aistriú ar aghaidh
1.Áiritheoidh an Liobáin go dtoirmeascfear sonraí pearsanta a fhaigheann a húdaráis inniúla faoin gComhaontú seo a aistriú ar aghaidh chuig údaráis eile na Liobáine, mura gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)tá údarú sainráite tugtha ag Eurojust roimh ré;
(b)is le haghaidh na gcuspóirí dár aistríodh na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 9 atá an t-aistriú ar aghaidh á dhéanamh, agus le haghaidh na gcuspóirí sin amháin; agus
(c)tá an t-aistriú faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.
Gan dochar d’Airteagal 10(2), níl gá le réamhúdarú i gcás ina gcomhroinntear na sonraí pearsanta i measc údarás inniúil de chuid na Liobáine.
2.Áiritheoidh an Liobáin go dtoirmeascfear sonraí pearsanta a fhaigheann a húdaráis inniúla faoin gComhaontú seo a aistriú ar aghaidh chuig údaráis tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)baineann an t-aistriú ar aghaidh le sonraí pearsanta seachas na sonraí a chumhdaítear le hAirteagal 11;
(b)tá údarú sainráite tugtha ag Eurojust roimh ré; agus
(c)is ionann cuspóir an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir an aistrithe ag Eurojust.
3.Ní thabharfaidh Eurojust a údarú de bhun mhír 2, pointe (b), ach amháin má tá cinneadh leordhóthanachta, comhaontú comhair, nó comhaontú idirnáisiúnta i bhfeidhm lena bhforáiltear do choimircí leordhóthanacha maidir le príobháideacht agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, de réir bhrí Rialachán Eurojust, i ngach cás lena gcumhdaítear an t-aistriú ar aghaidh.
4.Áiritheoidh an tAontas go dtoirmeascfar sonraí pearsanta a fhaigheann Eurojust faoin gComhaontú seo a aistriú ar aghaidh chuig comhlachtaí an Aontais nach liostaítear in Iarscríbhinn III, chuig údaráis tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)baineann an t-aistriú le sonraí pearsanta seachas na sonraí a chumhdaítear le hAirteagal 11;
(b)tá údarú sainráite tugtha ag an Liobáin roimh ré;
(c)is ionann cuspóir an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir an aistrithe ag údarás aistrithe na Liobáine; agus
(d)i gcás aistriú ar aghaidh chuig údaráis tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, tá cinneadh leordhóthanachta, comhaontú comhair, nó comhaontú idirnáisiúnta i bhfeidhm lena bhforáiltear do choimircí leordhóthanacha maidir le príobháideacht agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, de réir bhrí Rialachán Eurojust, i ngach cás lena gcumhdaítear an t-aistriú ar aghaidh.
Níl feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír nuair a roinneann Eurojust na sonraí pearsanta le comhlachtaí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III nó le húdaráis sna Ballstát atá freagrach as coireacht thromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
Airteagal 14
Ceart rochtana
1.Déanfaidh na Páirtithe foráil maidir le ceart an ábhair sonraí deimhniú a fháil ó na húdaráis a phróiseálann na sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo i dtaobh an ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann leis a phróiseáil faoin gComhaontú seo agus, i gcás inarb amhlaidh, rochtain a fháil ar an bhfaisnéis seo a leanas ar a laghad:
(a)críocha agus bunús dlí na próiseála, na catagóirí sonraí lena mbaineann, agus, i gcás inarb infheidhme, na faighteoirí nó na catagóirí faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh;
(b)is ann don cheart sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh ag an údarás, nó próiseáil sonraí pearsanta a shrianadh;
(c)i gcás inar féidir, fad na tréimhse atá beartaithe ina stórálfar na sonraí pearsanta, nó i gcás nach féidir é sin a thabhairt, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;
(d)cumarsáid i bhfoirm intuigthe faoi na sonraí a bhfuil próiseáil á déanamh orthu agus faoi aon fhaisnéis atá ar fáil faoina gcuid foinsí;
(e)an ceart gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 21 agus a shonraí teagmhála.
I gcásanna ina bhfeidhmítear an ceart rochtana dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachfar i gcomhairle leis an údarás aistrithe ar bhonn neamhcheangailteach sula ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarraidh ar rochtain.
2.Déanfaidh na Páirtithe foráil go dtabharfaidh an t-údarás lena mbaineann aghaidh ar an iarraidh gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de trí mhí ón iarraidh a fháil.
3.Féadfaidh na Páirtithe foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht moill a chur ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 nó í a dhiúltú nó a shrianadh a mhéid is gur beart é an mhoill, an diúltú nó an srianadh sin a bhfuil gá leis nó atá réasúnta agus comhréireach agus fad atá sin amhlaidh, agus cearta bunúsacha agus leasanna bunúsacha an ábhair sonraí á gcur san áireamh acu, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla a sheachaint;
(b)dochar do chosc, do bhrath, d’imscrúdú nó d’ionchúiseamh cionta coiriúla nó d’fhorghníomhú pionós coiriúil a sheachaint;
(c)an tslándáil phoiblí a chosaint;
(d)an tslándáil náisiúnta a chosaint; nó
(e)cearta agus saoirsí daoine eile, amhail íospartaigh agus finnéithe, a chosaint.
4.Forálfaidh na Páirtithe go gcuirfidh an t-údarás lena mbaineann an t-ábhar sonraí ar an eolas i scríbhinn maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)aon mhoill, aon diúltú nó aon srian ar rochtain agus na cúiseanna atá leis sin; agus
(b)an deis gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta lena mbaineann nó an deis leigheas breithiúnach a lorg.
An fhaisnéis a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo, féadfar í a fhágáil ar lár i gcás ina mbainfeadh sin an bonn de chúis na moille, an diúltaithe nó an tsriain faoi mhír 3.
Airteagal 15
An ceart go ndéanfaí ceartúchán, léirscriosadh nó srianadh
1.Déanfaidh na Páirtithe foráil go mbeidh sé de cheart ag aon ábhar sonraí ceartú a fháil ó na húdaráis a phróiseálann sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo ar shonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis an ábhar sonraí. Agus cuspóirí na próiseála á gcur san áireamh, áirítear leis an gceart go ndéanfaí ceartúchán an ceart go gcomhlánófaí sonraí pearsanta atá neamhiomlána a aistrítear faoin gComhaontú seo.
2.Déanfaidh na Páirtithe foráil go mbeidh sé de cheart ag aon ábhar sonraí léirscriosadh sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a fháil ó na húdaráis a phróiseálann sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo i gcás ina sáraíonn próiseáil na sonraí pearsanta Airteagal 10(1) nó Airteagal 11(2), nó i gcás nach mór na sonraí pearsanta a léirscriosadh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil na húdaráis faoina réir.
3.Féadfaidh na Páirtithe foráil a dhéanamh go bhféadfaidh na húdaráis srian ar phróiseáil a dheonú seachas sonraí pearsanta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a cheartú nó a léirscriosadh sna cásanna seo a leanas:
(a)i gcás ina gconspóidíonn an t-ábhar sonraí cruinneas na sonraí pearsanta agus nach féidir a gcruinneas nó a míchruinneas a fhionnadh; nó
(b)i gcás inar gá na sonraí pearsanta a choimeád chun críoch fianaise.
4.Cuirfidh an t-údarás aistrithe agus an t-údarás a bheidh ag próiseáil na sonraí pearsanta a chéile ar an eolas faoi na cásanna dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3. Déanfaidh an t-údarás a phróiseálfaidh na sonraí sin próiseáil na sonraí pearsanta lena mbaineann a cheartú, a scriosadh nó a shrianadh i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a dhéanfaidh an t-údarás aistrithe.
5.Déanfaidh na Páirtithe foráil go gcuirfidh an t-údarás a fuair iarraidh faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 in iúl don ábhar sonraí i scríbhinn gan moill mhíchuí gur ceartaíodh nó gur scriosadh na sonraí pearsanta, nó gur srianadh a bpróiseáil.
6.Déanfaidh na Páirtithe foráil go gcuirfidh an t-údarás a fuair iarraidh faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 an t-ábhar sonraí ar an eolas i scríbhinn maidir leis an méid seo a leanas:
(a)aon diúltú ar an iarraidh agus na cúiseanna atá leis;
(b)an fhéidearthacht chun gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta lena mbaineann; agus
(c)an fhéidearthacht leigheas breithiúnach a lorg.
Féadfar an fhaisnéis a liostaítear sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo a fhágáil ar lár faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 14(3).
Airteagal 16
Fógra faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta a thabhairt do na húdaráis lena mbaineann
1.I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta a bhaineann le sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo, déanfaidh na Páirtithe foráil go dtabharfaidh a n-údaráis faoi seach fógra dá chéile agus dá n-údarás maoirseachta faoi seach faoin sárú sin gan mhoill, mura rud é nach dócha go mbeidh riosca do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha mar thoradh ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, agus go ndéanfaidh siad bearta chun na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith aige a mhaolú.
2.Tabharfar tuairisc san fhógra ar an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)an cineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear, nuair is féidir, na catagóirí agus líon na n-ábhar sonraí lena mbaineann agus catagóirí agus líon na dtaifead sonraí pearsanta lena mbaineann;
(b)iarmhairtí dóchúla an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta;
(c)na bearta atá déanta ag an údarás a phróiseálann na sonraí, nó atá beartaithe aige a dhéanamh, chun aghaidh a thabhairt ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear na bearta atá déanta chun aon éifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú a mhaolú.
3.I gcás nach féidir, agus a mhéid nach féidir, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil ag an am céanna, féadfar an fhaisnéis a sholáthar i gcéimeanna gan tuilleadh moille míchuí.
4.Déanfaidh na Páirtithe foráil go ndéanfaidh a n-údaráis faoi seach aon sárú i ndáil le sonraí pearsanta a dhéanann difear do na sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo a dhoiciméadú, lena n-áirítear na fíricí a bhaineann leis an sárú, na héifeachtaí a bhaineann leis agus na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh, rud a chuirfidh ar a gcumas dá n-údaráis mhaoirseachta faoi seach a fhíorú go bhfuil an tAirteagal seo á chomhlíonadh.
Airteagal 17
Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí
1.I gcás inar dócha go mbeidh riosca ard ann do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha de dheasca sárú ar shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 16, déanfaidh na Páirtithe foráil go gcuirfidh a n-údaráis faoi seach an sárú i ndáil le sonraí pearsanta in iúl don ábhar sonraí gan moill mhíchuí.
2.Agus é sin á chur in iúl don ábhar sonraí de bhun mhír 1, tabharfar tuairisc i dteanga shoiléir shimplí ar chineál an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta agus áireofar ar a laghad na heilimintí dá bhforáiltear in Airteagal 16(2), pointe (b) agus pointe (c).
3.An t-eolas a chur in iúl don ábhar sonraí dá dtagraítear i mír 1, ní cheanglófar sin sna cásanna seo a leanas:
(a)má bhí na sonraí pearsanta a bhaineann leis an sárú faoi réir bearta cosanta teicneolaíocha agus eagraíochta iomchuí a fhágann nach mbeidh aon duine nach bhfuil údaraithe chun rochtain a fháil ar na sonraí in ann iad a thuiscint;
(b)má rinneadh bearta ina dhiaidh sin lena n-áirithítear, an riosca ard do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí, nach dócha go dtiocfaidh an riosca sin chun cinn a thuilleadh; nó
(c)dá mbeadh iarracht dhíréireach ag baint leis an eolas sin a chur in iúl, go háirithe i ngeall ar líon na gcásanna lena mbaineann. Más amhlaidh atá, eiseoidh an t-údarás teachtaireacht phoiblí nó déanfaidh sé beart comhchosúil trína dtabharfar fógra do na hábhair sonraí ar bhealach atá chomh héifeachtúil céanna.
4.An t-eolas a chur in iúl don ábhar sonraí, féadfar é sin a mhoilliú, a shrianadh nó a fhágáil ar lár faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 14(3).
Airteagal 18
Sonraí pearsanta a stóráil, a athbhreithniú, a cheartú agus a scriosadh
1.Déanfaidh na Páirtithe foráil go mbunófar teorainneacha ama iomchuí maidir le sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo a stóráil nó maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an ngá atá leis na sonraí sin a stóráil, ionas nach stórálfar na sonraí sin ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na críche dá n-aistrítear iad.
2.In aon chás, déanfar athbhreithniú ar an ngá le stóráil leanúnach tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis aistriú na sonraí pearsanta.
3.I gcás ina bhfuil cúis ag an údarás aistrithe a chreidiúint go bhfuil sonraí pearsanta a d’aistrigh sé roimhe sin mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé an t-údarás is faighteoir ar an eolas, agus ceartóidh nó scriosfaidh sé na sonraí pearsanta, agus tabharfaidh sé fógra ina leith don údarás aistrithe.
4.I gcás ina bhfuil cúis ag údarás inniúil a chreidiúint go bhfuil sonraí pearsanta a fuair sé roimhe sin mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé an t-údarás aistrithe ar an eolas, a chuirfidh a sheasamh ar fáil maidir leis an ábhar.
I gcás ina gcinnfidh an t-údarás is faighteoir go bhfuil na sonraí pearsanta mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé an t-údarás is faighteoir ar an eolas, a cheartóidh nó a scriosfaidh na sonraí pearsanta, agus tabharfaidh sé fógra ina leith d’údarás an aistrithe.
Airteagal 19
Logáil agus doiciméadacht
1.Déanfaidh na Páirtithe foráil maidir le logaí nó doiciméadacht eile a choimeád i ndáil le bailiú, athrú, rochtain, nochtadh, lena n-áirítear aistriú ar aghaidh, comhcheangal agus scriosadh sonraí pearsanta. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, áiritheoidh siad gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cad iad na sonraí pearsanta a bhfuarthas rochtain orthu, cé a rinne an rochtain sin agus cathain a rinneadh an rochtain sin.
2.Cuirfear na logaí nó an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don údarás maoirseachta arna iarraidh sin dó agus ní úsáidfear iad ach chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun sláine agus slándáil iomchuí sonraí a áirithiú.
Airteagal 20
Slándáil sonraí
1.Áiritheoidh na Páirtithe go gcuirfear bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun sonraí pearsanta a aistreofar faoin gComhaontú seo a chosaint.
2.Maidir le huathphróiseáil sonraí, áiritheoidh na Páirtithe go gcuirfear bearta chun feidhme a bheidh ceaptha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)rochtain ar threalamh próiseála sonraí a úsáidtear le haghaidh próiseáil sonraí pearsanta (‘rialú rochtana ar threalamh’) a shéanadh ar dhaoine neamhúdaraithe;
(b)cosc a chur ar mheáin sonraí a bheith á léamh, a n-athrú nó á mbaint ar bhealach neamhúdaraithe (‘rialú meán sonraí’);
(c)ionchur neamhúdaraithe sonraí pearsanta a chosc chomh maith le cigireacht neamhúdaraithe, leasú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe na sonraí pearsanta stóráilte (‘rialú stórála’);
(d)cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu úsáid a bhaint as córais uathphróiseála sonraí (‘rialú úsáideoirí’);
(e)a áirithiú nach mbeidh rochtain ag daoine atá údaraithe chun córas uathphróiseála sonraí a úsáid ach ar na sonraí atá cumhdaithe faoina n-údarú rochtana (‘rialú rochtana sonraí’);
(f)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shocrú cén eintiteas a bhféadfaí sonraí pearsanta a tharchur chucu nó a bhfuil sonraí pearsanta tarchurtha chucu agus úsáid á baint as trealamh cumarsáide sonraí (‘rialú cumarsáide’);
(g)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé acu na sonraí pearsanta a cuireadh isteach i gcórais uathphróiseála sonraí, cén uair a cuireadh isteach na sonraí agus cé a chuir isteach iad (‘rialú ionchuir’);
(h)cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn a n-aistriú nó le linn meáin sonraí a aistriú (‘rialú iompair’);
(i)a áirithiú gur féidir córais atá suiteáilte, i gcás idirbhriste, a aischur láithreach (‘athshlánú’);
(j)a áirithiú go bhfeidhmeoidh feidhmeanna an chórais gan locht, go ndéanfar lochtanna a thiocfaidh aníos sna feidhmeanna a thuairisciú láithreach (iontaofacht) agus nach bhféadfar mífheidhmeanna córais sonraí pearsanta stóráilte a thruailliú (‘sláine’).
Airteagal 21
An t-údarás maoirseachta
1.Déanfaidh na Páirtithe foráil maidir le húdarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó atá freagrach as cosaint sonraí chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar é, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.
2.Áiritheoidh na Páirtithe an méid seo a leanas:
(a)gníomhóidh an t-údarás maoirseachta ar bhealach a bheidh go hiomlán neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige;
(b)tá gach údarás maoirseachta saor ó thionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus ní fhéachann sé le treoracha ná ní ghlacann sé le treoracha;
(c)beidh téarma oifige slán ag comhaltaí gach údaráis maoirseachta, lena n-áirítear coimircí i gcoinne baint threallach.
3.Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t-áitreabh agus an bonneagar is gá ag gach údarás maoirseachta chun a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach.
4.Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh cumhachtaí éifeachtacha imscrúdaithe agus idirghabhála ag gach údarás maoirseachta chun maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí a ndéanann sé maoirseacht orthu agus chun dul i mbun imeachtaí dlíthiúla.
5.Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh cumhachtaí ag gach údarás maoirseachta gearáin a éisteacht ó dhaoine aonair maidir le húsáid a sonraí pearsanta agus aghaidh a thabhairt ar na gearáin sin.
Airteagal 22
Ceart chun leigheas éifeachtach breithiúnach
1.Áiritheoidh na Páirtithe, gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach eile, go mbeidh an ceart ag gach ábhar sonraí leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcás ina measann sé nó sí gur sáraíodh a chearta nó a cearta a ráthaítear faoin gComhaontú seo mar thoradh ar phróiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta i neamhchomhlíonadh an Chomhaontaithe seo.
2.Áireofar leis an gceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil an ceart chun cúiteamh a fháil as aon damáiste a rinneadh don ábhar sonraí leis an bpróiseáil sin mar thoradh ar shárú ar an gComhaontú agus faoi na coinníollacha a leagtar amach i gcreat dlíthiúil gach Páirtí faoi seach.
Caibidil III
Rúndacht faisnéise
Airteagal 23
Faisnéis rúnaicmithe AE nó faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartú
Déanfar malartú faisnéise rúnaicmithe nó faisnéise íogaire neamh-rúnaicmithe an Aontais, más gá faoin gComhaontú seo, agus cosaint na faisnéise sin a rialú le socrú oibre arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na Liobáine.
Caibidil IV
Dliteanas
Airteagal 24
Dliteanas agus cúiteamh
1.Beidh na húdaráis inniúla faoi dhliteanas, i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla faoi seach, i leith aon damáiste a dhéanfar do dhuine mar thoradh ar earráidí dlíthiúla nó fíorasacha san fhaisnéis a mhalartaítear. Chun dliteanas a sheachaint faoina gcreataí dlíthiúla faoi seach i leith duine aonair díobhálaithe, ní fhéadfaidh Eurojust ná údaráis inniúla na Liobáine a phléadáil go raibh faisnéis mhíchruinn aistrithe ag an údarás eile.
2.Má d’íoc údarás inniúil cúiteamh le duine aonair faoi mhír 1, agus má bhí a dhliteanas mar thoradh ar an úsáid a bhain sé as faisnéis a chuir an t-údarás inniúil eile in iúl go hearráideach, nó a cuireadh in iúl mar thoradh ar mhainneachtain an údaráis inniúil eile a oibleagáidí a chomhlíonadh, aisíocfaidh an t-údarás inniúil eile an méid a íocadh mar chúiteamh, mura rud é gur úsáideadh an fhaisnéis de shárú ar an gComhaontú seo.
3.Ní chuirfidh Eurojust ná údaráis inniúla na Liobáine ceangal ar a chéile cúiteamh a aisíoc as damáistí pionósacha nó neamhchúiteacha.
Caibidil V
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 25
Costais
Áiritheoidh na Páirtithe go n-iompróidh na húdaráis inniúla a gcostais féin, ar costais iad a thagann chun cinn le linn an Comhaontú seo a chur chun feidhme, mura sonraítear a mhalairt sa Chomhaontú seo, sa socrú oibre nó i socrú eile.
Airteagal 26
Socrú oibre
1.Beidh mionsonraí an chomhair idir na Páirtithe chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme faoi rialú socrú oibre arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na Liobáine i gcomhréir le Rialachán Eurojust.
2.Cuirfear an socrú oibre in ionad aon socrú oibre atá ann cheana arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na Liobáine.
Airteagal 27
Ceangal le hionstraimí idirnáisiúnta eile
Tá an Comhaontú seo gan dochar d’aon chomhaontú déthaobhach nó iltaobhach maidir le comhar nó aon chonartha maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, d’aon chomhaontú nó socrú comhair eile, ná do chaidreamh comhair bhreithiúnaigh ar leibhéal oibre in ábhair choiriúla idir an Liobáin agus aon Bhallstát, agus ní dhéanfaidh an Comhaontú seo difear ná tionchar ar bith eile dóibh.
Airteagal 28
Fógra a thabhairt maidir le cur chun feidhme
1.Déanfaidh na Páirtithe foráil go gcuirfidh gach údarás inniúil a shonraí teagmhála ar fáil go poiblí mar aon le doiciméad ina leagfar amach, agus teanga shoiléir shimplí á húsáid, faisnéis maidir leis na coimircí le haghaidh sonraí pearsanta a ráthaítear faoin gComhaontú seo, lena n-áirítear faisnéis lena gcumhdaítear ar a laghad na míreanna dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointí (a) agus (c), agus na modhanna atá ar fáil chun cearta na n-ábhar sonraí a fheidhmiú. Áiritheoidh gach Páirtí go soláthrófar cóip den doiciméad don Pháirtí eile.
2.I gcás nach bhfuil siad i bhfeidhm cheana féin, déanfaidh na Páirtithe foráil sa dlí maidir leis na coimircí agus na hoibleagáidí atá i gCaibidil II (Malartú faisnéise agus cosaint sonraí), agus glacfaidh na húdaráis inniúla rialacha lena sonrófar conas a fhorfheidhmeofar comhlíonadh na bhforálacha sin sa chleachtas. Seolfar cóip de na forálacha dlíthiúla agus na rialacha cur chun feidhme sin don Pháirtí eile agus dá n-údaráis mhaoirseachta faoi seach.
3.Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile maidir leis an údarás maoirseachta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus as a áirithiú go gcomhlíonfar an Comhaontú seo i gcomhréir le hAirteagal 21.
Airteagal 29
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1.Déanfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin.
2.Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis na míosa ina mbeidh fógra tugtha ag an dá Pháirtí dá chéile gur cuireadh na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 i gcrích.
3.Beidh feidhm ag an gComhaontú ón gcéad lá tar éis an dáta a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas uile:
(a)tá socrú oibre sínithe ag na Páirtithe dá dtagraítear in Airteagal 26;
(b)tá fógra tugtha ag na Páirtithe dá chéile go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chomhaontú seo curtha chun feidhme ina n-iomláine, lena n-áirítear na cinn a leagtar síos in Airteagal 28; agus
(c)chuir gach Páirtí in iúl don Pháirtí a thugann fógra gur glacadh leis an bhfógra de bhun phointe (b) den fhomhír seo.
Tabharfaidh na Páirtithe fógra i scríbhinn dá chéile lena ndaingneofar comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír.
4.Cuirfidh Páirtí aistriú sonraí pearsanta ar atráth i gcás ina scoirfidh an Páirtí eile, agus fad a scoirfidh sé, d’fhoráil a dhéanamh maidir leis na coimircí agus na hoibleagáidí atá i gCaibidil II (Malartú faisnéise agus cosaint sonraí) den Chomhaontú seo agus de na coimircí agus na hoibleagáidí sin a chur chun feidhme.
Airteagal 30
Leasuithe
1.Féadfar an Comhaontú seo a leasú i scríbhinn aon tráth trí chomhthoil idir na Páirtithe trí fhógra i scríbhinn a dhéanfar a mhalartú eatarthu.
2.Féadfar comhaontú na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo a thabhairt cothrom le dáta ach nótaí taidhleoireachta a mhalartú.
Airteagal 31
Athbhreithniú agus meastóireacht
1.Déanfaidh na Páirtithe cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a athbhreithniú go comhpháirteach bliain amháin tar éis an dáta teacht i bhfeidhm, agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, agus nuair a iarrann ceachtar Páirtí amhlaidh agus má tháinig na Páirtithe ar chomhaontú maidir leis.
2.Déanfaidh na Páirtithe meastóireacht chomhpháirteach ar an gComhaontú seo 4 bliana tar éis a dháta teacht i bhfeidhm.
3.Déanfaidh na Páirtithe cinneadh roimh ré maidir le mionsonraithe an athbhreithnithe agus cuirfidh siad comhdhéanamh a bhfoirne féin in iúl dá chéile. Áireofar ar gach foireann saineolaithe ábhartha ar chosaint sonraí agus ar an gcomhar breithiúnach. Faoi réir na ndlíthe is infheidhme, ceanglófar ar na rannpháirtithe uile san athbhreithniú rúndacht na bpléití a urramú agus imréitigh shlándála iomchuí a bheith acu. Chun críocha aon athbhreithnithe, áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh rochtain ar dhoiciméadacht, ar chórais agus ar fhoirne ábhartha.
Airteagal 32
Díospóidí a réiteach agus fionraíocht
1.Má thagann díospóid chun cinn i ndáil le léirthuiscint, feidhmiú nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus aon ábhar a bhaineann leis, rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúchán agus caibidlíochtaí d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh comhaontaithe go frithpháirteach.
2.D’ainneoin mhír 1, tá Páirtí i dteideal aistriú sonraí pearsanta chuig Páirtí eile a chur ar fionraí má tá fianaise shubstainteach aige go bhfuil sárú córasach nó ábhartha á dhéanamh ag an bPáirtí eile ar théarmaí an Chomhaontaithe seo nó go bhfuil sárú ábhartha ar tí tarlú. Cuirfidh an Páirtí a chuirfidh an Comhaontú seo ar fionraí an Páirtí eile ar an eolas faoin méid sin láithreach.
3.D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, i gcás sárú ábhartha nó neamhchomhlíonadh oibleagáidí faoin gComhaontú seo nó, má tá tásc ann gur dócha go dtarlóidh sárú ábhartha nó neamhchomhlíonadh oibleagáidí den sórt sin go luath amach anseo, féadfaidh ceachtar Páirtí cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile.
Ní thabharfar fógra i scríbhinn den sórt sin go dtí go mbeidh na Páirtithe páirteach i gcomhairliúcháin le linn tréimhse réasúnta gan teacht ar réiteach. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfionraí fiche lá tar éis an dáta a fhaightear an fógra. Féadfaidh an Páirtí a chuirfidh an Comhaontú seo ar fionraí deireadh a chur leis an bhfionraí sin tráth a thabharfar fógra i scríbhinn don Pháirtí eile. Cuirfear deireadh leis an bhfionraí láithreach a luaithe a gheofar an fógra sin.
4.D’ainneoin aon fionraí de bhun mhír 2 nó mhír 3, leanfar d’fhaisnéis a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo agus a aistrítear roimh a fionraí a phróiseáil i gcomhréir leis an gComhaontú seo.
Airteagal 33
Foirceannadh
1.Féadfaidh ceachtar Páirtí fógra a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí eile go bhfuil sé ar intinn aige an Comhaontú seo a fhoirceannadh. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh 3 mhí tar éis an dáta a fhaightear an fógra.
2.Maidir le faisnéis a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo agus a aistrítear sula ndéantar í a fhoirceannadh, leanfar de bheith á próiseáil i gcomhréir leis an gComhaontú seo mar atá i bhfeidhm dáta an fhoirceanta.
3.I gcás ina gcuirfear deireadh leis an gComhaontú, tiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le húsáid leanúnach agus stóráil na faisnéise atá curtha in iúl dá chéile acu cheana. Mura dtagtar ar chomhaontú, tá ceachtar Páirtí i dteideal a éileamh go ndéanfaí an fhaisnéis a chuir sé in iúl a scriosadh nó a thabhairt ar ais dó.
Airteagal 34
Fógraí a thabhairt
1.Seolfar fógraí a thugtar i gcomhréir le hAirteagal 29(2):
(a)thar ceann na Liobáine, chuig Aireacht Dlí agus Cirt na Liobáine;
(b)thar ceann an Aontais, chuig Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Seolfar aon fhógra eile a thugtar i gcomhréir leis an gComhaontú seo:
(a)thar ceann na Liobáine, chuig Aireacht Dlí agus Cirt na Liobáine;
(b)thar ceann an Aontais, chuig an gCoimisiún Eorpach.
2.D’fhéadfadh an fhaisnéis faoi sheolaí na bhfógraí dá dtagraítear i mír 1 a nuashonrú trí bhealaí taidhleoireachta.
Airteagal 35
Téacsanna barántúla
Dréachtófar an Comhaontú seo i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris agus san Araibis agus comhúdarás ag na téacsanna uile. I gcás easaontais, beidh tús áite ag an téacs Béarla.
DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
Thar ceann Phoblacht na Liobáine
IARSCRÍBHINN I
Saghsanna coireachta tromchúisí (Airteagal 3, pointe (5))
–sceimhlitheoireacht,
–coireacht eagraithe,
–gáinneáil ar dhrugaí,
–gníomhaíochtaí sciúrtha airgid,
–coireacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha,
–smuigleáil inimirceach,
–gáinneáil ar dhaoine,
–coireacht mhótarfheithicle,
–dúnmharú agus mórdhíobháil choirp,
–trádáil aindleathach in orgáin agus i bhfíochán an duine,
–fuadach, srianadh neamhdhleathach agus tógáil giall,
–ciníochas agus seineafóibe,
–robáil agus tromghoid,
–gáinneáil neamhdhleathach ar earraí cultúrtha, lena n-áirítear ársaíochtaí agus saothair ealaíne,
–caimiléireacht agus calaois,
–coireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais
–déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaí airgeadais
–cambheartaíocht agus sracadh,
–góchumadh agus píoráideacht táirgí,
–brionnú doiciméad riaracháin agus gáinneáil orthu,
–brionnú airgid agus modhanna íocaíochta,
–coireacht ríomhaire,
–éilliú,
–gáinneáil aindleathach ar airm, ar armlón agus ar pléascáin,
–gáinneáil aindleathach i speicis ainmhithe i mbaol,
–gáinneáil aindleathach ar speicis agus cineálacha plandaí atá i mbaol,
–coireacht chomhshaoil, lena n-áirítear truailliú ó longfhoinsí,
–gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar spreagthóirí fáis eile.
–mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear ábhar a bhaineann le mí-úsáid ar leanaí agus sirtheoireacht leanaí chun críoch collaíochta,
–cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh.
Déanfaidh údaráis inniúla na Liobáine na saghsanna coireachta dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo a mheasúnú i gcomhréir le dlí na Liobáine.
IARSCRÍBHINN II
Údaráis inniúla na Liobáine agus a n-inniúlachtaí
(Airteagal 3, pointe (3))
Is iad seo a leanas údaráis inniúla na Liobáine a bhféadfaidh Eurojust sonraí a aistriú chucu:
Údarás
|
Tuairisc ar na hinniúlachtaí
|
An Aireacht Dlí agus Cirt
|
Is í an Aireacht Dlí agus Cirt an t-údarás lárnach a fhaigheann na hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach dlí ón Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus a aistríonn chuig Ionchúisitheoir Ginearálta na Cúirte Achomhairc iad.
|
Ionchúisitheoir Ginearálta na Cúirte Achomhairc
|
Is é Ionchúisitheoir Ginearálta na Cúirte um Achomharc uachtarán ordlathach Bhreithiúna uile na Seirbhíse Ionchúisimh, agus is é sin an fáth a bhfaighidh sé na hIarrataí Idirnáisiúnta uile ar chomhar maidir le cásanna a bhaineann leis an tSeirbhís Ionchúisimh.
|
Cúirteanna Coiriúla agus Breithiúna
|
Is iad na Cúirteanna Coiriúla an Chúirt Achomhairc Choiriúil, Cúirteanna na gCionta, na Dlísheomraí Cúisimh, agus na Cúirteanna Achomhairc d’Oilghníomhartha i ngach Roinn de Chríoch na Liobáine.
Is iad na Breithiúna Coiriúla na Breithiúna Imscrúdaithe i ngach Roinn de Chríoch na Liobáine, agus na Breithiúna Coiriúla Aonair atá Inniúil ar Chásanna Oilghnímh i ngach Dúiche.
|
IARSCRÍBHINN III
Liosta comhlachtaí de chuid an Aontais
(Airteagal 3, pointe (4))
Comhlachtaí de chuid an Aontais lenar féidir le Eurojust sonraí pearsanta a chomhroinnt:
–An Banc Ceannais Eorpach (BCE)
–An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)
–An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)
–Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
–Misin nó oibríochtaí arna mbunú faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta, atá teoranta do ghníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí agus do ghníomhaíochtaí breithiúnacha
–Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol)
–Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)