EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0209

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil le cinneadh na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil chun clásail éagtha áirithe sa Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh an Athraithe Aeráide a thabhairt cothrom le dáta

COM/2024/209 final

An Bhruiséil,21.5.2024

COM(2024) 209 final

2024/0114(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil le cinneadh na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil chun clásail éagtha áirithe sa Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh an Athraithe Aeráide a thabhairt cothrom le dáta


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhair an togra

Baineann an togra seo le cinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais chun athrú a dhéanamh ar dháta dhá chlásal éagtha maidir le haicmí tionscadail G agus I, faoi seach, den Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh an Athraithe Aeráide (‘CCSU’) den Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’).

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Socrú

Is comhaontú oinigh é an Socrú idir an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe, an Astráil, Ceanada, an Chóiré, an Eilvéis, an Iorua, an Nua-Shéalainn, an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin agus an Tuirc, comhaontú a chuireann creat ar fáil lena bhféadfar creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a úsáid go rianúil. Sa chleachtas, ciallaíonn sé sin go leagann an socrú rialacha síos lena bhféachtar le deireadh a chur le fóirdheontais agus le saobhadh trádála a bhaineann le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil. Tháinig an socrú i bhfeidhm i mí Aibreáin 1978, beidh sé i bhfeidhm go ceann tréimhse éiginnte agus, cé go bhfaigheann sé tacaíocht riaracháin ó Rúnaíocht ECFE, ní Gníomh de chuid ECFE é 1 .

Déantar an Socrú a nuashonrú go rialta chun forbairtí margaidh agus beartais a dhéanann difear do sholáthar creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a chur san áireamh. Rinneadh an Socrú a thrasuí, agus dá bhrí sin, le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, rinneadh ceangailteach é ó thaobh an dlí de san Aontas 2 . Déantar athbhreithnithe ar théarmaí agus ar choinníollacha an tSocraithe a ionchorprú i ndlí an Aontais trí bhíthin Gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011.

Is é atá sa CCSU iarscríbhinn den Socrú ina soláthraítear téarmaí uasta aisíocaíochta níos solúbtha do thionscadail atá neamhdhíobhálach don aeráid agus chun a maoiniú a dhreasú, agus is é is cuspóir dó téarmaí agus coinníollacha airgeadais leormhaithe a sholáthar do thionscadail in earnálacha roghnaithe arna sainaithint mar thionscadail a rannchuidíonn go mór leis an maolú ar an athrú aeráide, lena n-áirítear fuinneamh in-athnuaite, laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) agus tionscadail ardéifeachtúlachta fuinnimh, oiriúnú don athrú aeráide, chomh maith le tionscadail uisce.

2.2.Na Rannpháirtithe sa Socrú

Déanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht thar ceann an Aontais i gcruinnithe de chuid Rannpháirtithe sa Socrú (‘Rannpháirtithe’), agus sna nósanna imeachta i scríbhinn freisin le haghaidh cinnteoireacht a dhéanann Rannpháirtithe. Is de chomhthoil a ghlactar cinntí maidir le gach leasú a dhéantar ar an Socrú.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag Rannpháirtithe

In 2023, chuir na Rannpháirtithe roinnt aicmí nua tionscadail le CCSU a bhféadfaí tacú leo faoina théarmaí. I gcás dhá cheann díobh sin, aicmí tionscadail G (Monarú astaíochtaí ísle) agus I (Mianraí agus Mianta Fuinnimh Ghlain), comhaontaíodh go ndéanfaí measúnú ar bhonn aonair ar an gcumas tacú le hidirbhearta sna haicmí sin le solúbthachtaí CCSU toisc nárbh fhéidir teacht ar chomhaontú maidir le critéir chun na haicmí tionscadail sin a shainiú, go háirithe ós rud é nach raibh aon chritéar a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta ar fáil cheana. Ina theannta sin, agus é mar aidhm Rannpháirtithe a dhreasú chun teacht ar chomhaontú maidir le critéir, áiríodh clásail éagtha don dá aicme tionscadail, mar a leanas: ‘Tar éis an 30 Meitheamh 2024, scoirfear den aicme tionscadail sin mura gcomhaontóidh na Rannpháirtithe a mhalairt. An tráth céanna, déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú ar na caighdeáin idirnáisiúnta a forbraíodh faoin am sin agus cinnfidh siad an ndéanfaidh siad iad a ionchorprú san iontráil seo.’

Cé nár comhaontaíodh aon chritéir agus nár tacaíodh le haon tionscadal faoin dá aicme tionscadail, is chun leasa an Aontais é an fhéidearthacht a choinneáil chun tionscadail aonair a fhormheas faoi na haicmí tionscadail sin má thagann siad chun cinn agus tuilleadh ama a thabhairt chun critéir ábhartha a fhorbairt i bhfóraim idirnáisiúnta eile. Chuir na Rannpháirtithe eile go léir in iúl gur spéis leo an dá aicme a choinneáil mar chlásal éagtha nua nó mar chlásal athbhreithniúcháin.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an aontais

Ba cheart don Aontas Eorpach tacú le modhnú ar an Socrú chun clásal éagtha nua a chur san áireamh go dtí an 30 Meitheamh 2026 ar a laghad. Féadfaidh Rannpháirtithe eile a mholadh go mbogfaí chuig clásal athbhreithniúcháin nó spriocdháta níos faide a shocrú, agus d’fhéadfaí glacadh leis sin freisin.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 3 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

D’fhéadfadh an gníomh atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith aige ar inneachar reachtaíocht an Aontais, eadhon Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle. De bharr Airteagal 2 den Rialachán seo, ina sonraítear ‘[d]éanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 3 chun Iarscríbhinn II a leasú mar thoradh ar leasuithe ar na treoirlínte arna gcomhaontú ag Rannpháirtithe sa Socrú’. Áirítear leis sin leasuithe ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Socrú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is le creidmheasanna onnmhairiúcháin a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe, gníomh a thagann faoi raon feidhme an chomhbheartais tráchtála. Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar CCSU leis an ngníomh ó na Rannpháirtithe, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

6.

2024/0114 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil le cinneadh na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil chun clásail éagtha áirithe sa Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh an Athraithe Aeráide a thabhairt cothrom le dáta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rinneadh na treoirlínte atá sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’) a thrasuí, agus dá bhrí sin, rinneadh ceangailteach iad ó thaobh an dlí de san Aontas Eorpach le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 .

(2)Na clásail éagtha d’aicmí tionscadail G agus I de Thuiscint Earnála an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh an Athraithe Aeráide (‘Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide’), rachaidh siad in éag an 30 Meitheamh 2024.

(3)Is chun leasa an Aontais é go bhféadfadh tionscadail den sórt sin leanúint de thairbhe a bhaint as téarmaí fabhracha na Tuisceana Earnála maidir leis an Athrú Aeráide, agus go mbeadh an fhéidearthacht ann go fóill teacht ar chomhaontú maidir le critéir do na haicmí tionscadail sin. Chuige sin, ba cheart don Aontas tacú le síneadh a chur leis an gclásal éagtha, nó clásal athbhreithniúcháin a chur ina ionad, go dtí an 30 Meitheamh 2026 ar a laghad.

(4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh atá beartaithe ó na Rannpháirtithe sa Socrú (‘Rannpháirtithe’) ina cheangal ar an Aontas agus go mbeidh sé in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, de bhua Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Mar a shainmhínítear in Airteagal 5 de Choinbhinsiún ECFE.
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45).
(3)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45) (‘Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011’).
Top

An Bhruiséil,21.5.2024

COM(2024) 209 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil le cinneadh na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil chun clásail éagtha áirithe sa Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh an Athraithe Aeráide a thabhairt cothrom le dáta





IARSCRÍBHINN

An téacs i bhfonótaí 6 agus 10 d’Aguisín I den Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh an Athraithe Aeráide, scriosfar é agus cuirfear ceann amháin den dá théacs seo a leanas ina ionad, de réir mar a chinnfidh na rannpháirtithe:

‘Tar éis an 30 Meitheamh 2026, scoirfear den aicme tionscadail sin mura gcomhaontóidh na Rannpháirtithe a mhalairt. An tráth céanna, déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú ar na caighdeáin idirnáisiúnta a forbraíodh faoin am sin agus cinnfidh siad an ndéanfaidh siad iad a ionchorprú san iontráil seo.’

‘Tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2026, déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú ar na caighdeáin idirnáisiúnta a forbraíodh faoin am sin agus cinnfidh siad an ndéanfaidh siad iad a ionchorprú san iontráil seo.’

Top