EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0921

Togra le haghaidh DRÉACHTBHUISÉAD LEASAITHEACH Uimh. 3 A GHABHANN LE BUISÉAD GINEARÁLTA 2024 Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a threisiú tar éis aontachas na Polainne agus rannpháirtíocht ionchasach na Sualainne

COM/2024/921 final

An Bhruiséil,9.4.2024

COM(2024) 921 final

2024/0090(BUD)

Togra le haghaidh

DRÉACHTBHUISÉAD LEASAITHEACH Uimh. 3
A GHABHANN LE BUISÉAD GINEARÁLTA 2024

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a threisiú tar éis aontachas na Polainne agus rannpháirtíocht ionchasach na Sualainne


Ag féachaint don mhéid seo a leanas:

an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Tháinig Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh 1 i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2021,

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (...) 2 , agus go háirithe Airteagal 44 de,

buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, a glacadh an 22 Samhain 2023 3 ,

dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2024 4 , a glacadh an 29 Feabhra 2024,

dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2024 5 , a glacadh an [9 Aibreán 2024],

Leis seo, cuireann an Coimisiún Eorpach Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 3 a ghabhann le buiséad 2024 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

ATHRUITHE AR AN RÁITEAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DE RÉIR ROINNE

Tá na hathruithe ar an ráiteas ginearálta ioncaim agus ar roinn III féin le fáil ar EUR-Lex ( https://eur-lex.europa.eu/budget/www/index-ga.htm ).

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Réamhrá

Is é is cuspóir do Dhréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 3 le haghaidh na bliana 2024 (DBL 3/2024) an treisiú is gá a thabhairt isteach d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) tar éis an chinnidh ón gCoimisiún lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na Polainne sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú OIPE a glacadh an 29 Feabhra 2024 6 , chomh maith le rannpháirtíocht ionchasach na Sualainne.

Ar an iomlán, is é méadú EUR 3,6 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí tionchar glan DBL 3/2024 ar chaiteachas.

2.Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)

Ó bunaíodh é, tá 22 Bhallstát rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú OIPE faoi Rialachán (AE) 2017/1939 7 . An 29 Feabhra 2024, dheimhnigh an Coimisiún rannpháirtíocht na Polainne sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú OIPE, tar éis don Pholainn fógra a thabhairt go bhfuil sé ar intinn aici a bheith rannpháirteach an 5 Eanáir 2024. Tá coinne leis go ndeimhneofar aontachas na Sualainne amach anseo sna míonna amach romhainn.

Dá bhrí sin, molann an Coimisiún in DBL 3/2024 OIPE a threisiú trí fhiche post breise atá ábhartha don phlean bunaíochta a leithdháileadh chun Ionchúisitheoirí Eorpacha a earcú agus le haghaidh na bhfeidhmeanna tacaíochta is gá, chun an t‑ualach oibre breise mar gheall ar dhá Bhallstát rannpháirteacha breise a chur san áireamh. Moltar buiséad OIPE a mhéadú EUR 3,6 milliún chun go gcumhdófar, don chuid eile den bhliain 2024, an caiteachas a bhaineann le rannpháirtíocht na Polainne agus na Sualainne, a bhaineann le tuarastail na foirne atá le fostú chomh maith le caiteachas oibríochtúil, lena n‑áirítear tuarastail Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha breise atá le ceapadh sa Pholainn agus sa tSualainn.

EUR

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

Roinn III – An Coimisiún

07 10 08

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)

3 600 000

3 600 000

Iomlán    

3 600 000

3 600 000

Ós rud é nach bhfuil corrlach ann i bhfo-cheannteideal 2b (Athléimneacht agus Luachanna), tá sé beartaithe an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh le haghaidh an treisithe sin.

Leagtar amach san iarscríbhinn bhuiséadach na hathruithe gaolmhara ar an bplean bunaíochta.

3.Maoiniú

Ar an iomlán, is é méadú EUR 3,6 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí tionchar glan DBL 3/2024 ar chaiteachas.

Ós rud é nach bhfuil corrlaigh ná spás le haghaidh ath-imlonnú ann faoi fho-cheannteideal 2b, molann an Coimisiún an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 8 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh méid EUR 3,6 milliún le haghaidh fho-cheannteideal 2b Athléimneacht agus Luachanna chun OIPE a threisiú.

Meastar gurb é EUR 1 738,0 milliún atá i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí 2024 a bhaineann le slógadh na hIonstraime Solúbthachta sna blianta 2021 go 2024. Tá sceideal íocaíochta measta na méideanna gaolmhara gan íoc do na blianta sin sonraithe sa tábla seo a leanas:

An Ionstraim Sholúbthachta - próifíl íocaíochta (i milliúin EUR)

Bliain slógtha

2024

2025

2026

2027

Iomlán

2021

7,6

0,0

0,0

0,0

7,6

2022

49,8

36,7

0,0

0,0

86,5

2023

279,0

120,6

83,2

0,0

482,8

2024

1 401,6

107,6

83,7

46,3

1 639,1

Iomlán

1 738,0

265,0

166,9

46,3

2 216,1



4.Tábla achomair de réir cheannteideal CAI

In EUR

 

Buiséad 2024 (lena n‑áirítear DBL 1-2/2024)

Dréachtbhuiséad Leasaitheach 3/2024

Buiséad 2024 (lena n‑áirítear DBL 1-3/2024)

CA

PA

CA

PA

CA

PA

1

An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

21 493 372 987

20 827 967 003

 

 

21 493 372 987

20 827 967 003

 

Uasteorainn

21 598 000 000

 

 

 

21 598 000 000

 

 

Corrlach

104 627 013

 

 

 

104 627 013

 

2

Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna

74 560 690 949

33 715 996 204

3 600 000

3 600 000

74 564 290 949

33 719 596 204

 

Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Sholúbthachta

1 289 495 333

 

3 600 000

 

1 293 095 333

 

 

Uasteorainn

73 289 000 000

 

 

 

73 289 000 000

 

 

Corrlach

17 804 384

 

 

 

17 804 384

 

2a.

Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

64 665 195 616

24 155 654 152

 

 

64 665 195 616

24 155 654 152

 

Uasteorainn

64 683 000 000

 

 

 

64 683 000 000

 

 

Corrlach

17 804 384

 

 

 

17 804 384

 

2b.

Athléimneacht agus luachanna

9 895 495 333

9 560 342 052

3 600 000

3 600 000

9 899 095 333

9 563 942 052

 

Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Sholúbthachta

1 289 495 333

 

3 600 000

 

1 293 095 333

 

 

Uasteorainn

8 606 000 000

 

 

 

8 606 000 000

 

 

Corrlach

 

 

 

 

 

 

3

Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

57 338 630 839

54 151 402 941

 

 

57 338 630 839

54 151 402 941

 

Uasteorainn

57 449 000 000

 

 

 

57 449 000 000

 

 

Corrlach

110 369 161

 

 

 

110 369 161

 

 

Lena n‑áirítear: Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha

40 517 278 000

40 505 482 213

 

 

40 517 278 000

40 505 482 213

 

Fo‑uasteorainn CERT

41 649 000 000

 

 

 

41 649 000 000

 

 

An difríocht slánaithe fágtha as an áireamh chun an fochorrlach a ríomh

722 000

 

 

 

722 000

 

 

Glanaistrithe idir CERT agus CETFT

-1 046 000 000

 

 

 

-1 046 000 000

 

 

An t‑iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT (fo-uasteorainn arna ceartú le haistrithe idir CERT agus CETFT)

40 603 000 000

 

 

 

40 603 000 000

 

 

Fochorrlach CERT

85 722 000

 

 

 

85 722 000

 

4

Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

3 892 705 671

3 248 967 443

 

 

3 892 705 671

3 248 967 443

 

Uasteorainn

4 020 000 000

 

 

 

4 020 000 000

 

 

Corrlach

127 294 329

 

 

 

127 294 329

 

5

Slándáil agus Cosaint

2 697 177 926

2 035 413 531

 

 

2 697 177 926

2 035 413 531

 

Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Sholúbthachta

317 177 926

 

 

 

317 177 926

 

 

Uasteorainn

2 380 000 000

 

 

 

2 380 000 000

 

 

Corrlach

 

 

 

 

 

 

6

An Chomharsanacht agus an Domhan

16 731 000 000

15 315 050 313

 

 

16 731 000 000

15 315 050 313

 

Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Sholúbthachta

28 828 204

 

 

 

28 828 204

 

 

Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair 11(1)(a)

371 171 796

 

 

 

371 171 796

 

 

Uasteorainn

16 331 000 000

 

 

 

16 331 000 000

 

 

Corrlach

 

 

 

 

 

 

7

An Riarachán Poiblí Eorpach

11 988 000 603

11 988 000 603

 

 

11 988 000 603

11 988 000 603

 

Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair 11(1)(a)

215 000 603

 

 

 

215 000 603

 

 

Uasteorainn

11 773 000 000

 

 

 

11 773 000 000

 

 

Corrlach

 

 

 

 

 

 

 

lena n‑áirítear: Caiteachas riaracháin na n‑institiúidí

9 175 375 841

9 175 375 841

 

 

9 175 375 841

9 175 375 841

 

Fo-uasteorainn

9 006 000 000

 

 

 

9 006 000 000

 

 

Fochorrlach

 

 

 

 

 

 

Leithreasuithe le haghaidh ceannteideal

188 701 578 975

141 282 798 038

3 600 000

3 600 000

188 705 178 975

141 286 398 038

 

Uasteorainn

186 840 000 000

170 543 000 000

 

 

186 840 000 000

170 543 000 000

 

Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Sholúbthachta

1 635 501 463

1 734 392 297

3 600 000

3 600 000

1 639 101 463

1 737 992 297

 

Lena n‑áirítear, faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair 11(1)(a)

586 172 399

 

 

 

586 172 399

 

 

Corrlach

360 094 887

30 994 594 259

 

 

360 094 887

30 994 594 259

 

Ionstraimí speisialta téamacha

6 517 600 432

5 491 076 559

 

 

6 517 600 432

5 491 076 559

Iomlán na leithreasuithe

195 219 179 407

146 773 874 597

3 600 000

3 600 000

195 222 779 407

146 777 474 597

(1)      Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom, IO L 424, 15.12.2020.
(2)      Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena naisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, IO L 193, 30.7.2018.
(3)      IO L 2024/207, 22.2.2024.
(4)      COM(2024) 80 final.
(5)      COM(2024) 920 final.
(6)      Cinneadh (AE) 2024/807 ón gCoimisiún an 29 Feabhra 2024 lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na Polainne sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (IO L, 2024/807, 29.2.2024).
(7)      Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.
(8)      Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11.
Top