Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0608

    Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Gréige

    COM/2024/608 final

    An Bhruiséil,19.6.2024

    COM(2024) 608 final

    Moladh le haghaidh

    MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Gréige

    {SWD(2024) 600 final} - {SWD(2024) 608 final}


    Moladh le haghaidh

    MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Gréige

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle 1 , agus go háirithe Airteagal 3(3) de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú 2 , agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

    Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

    Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tháinig sé i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíocht a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí ó thaobh an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a bhaint amach, agus ó thaobh athchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an taistriú glas agus an taistriú digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an tairgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

    (2)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU 4 , arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Ba chuidiú é sin ó thaobh an tslándáil fuinnimh a bhaint amach agus soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, agus an tráth céanna, thiocfadh méadú dá bharr ar acmhainneachtaí stórála, ar ghlacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh agus ar an éifeachtúlacht fuinnimh. Chuir an Ghréig caibidil nua REPowerEU lena plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí ríthábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach.

    (3)An 16 Márta 2023, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’ 5 , chun bonn eolais a chur faoi chinntí beartais agus chun na creatdálaí a chruthú chun an fás a mhéadú. Déanann an Teachtaireacht an iomaíochas a bhunú ar naoi spreagadh a threisíonn a chéile. I measc na spreagthaí sin, is iad an rochtain ar chaipiteal príobháideach, an taighde agus an nuálaíocht, an toideachas agus na scileanna, agus an margadh aonair na príomhthosaíochtaí beartais maidir le hathchóirithe agus infheistíocht chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin táirgiúlachta atá ann faoi láthair agus chun iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát a fhorbairt. An 14 Feabhra 2024, lean an Coimisiún an Teachtaireacht sin leis an Tuarascáil Bhliantúil maidir leis an Margadh Aonair agus an Iomaíochas 6 . Déantar cur síos sa tuarascáil ar láidreachtaí agus dúshláin iomaíocha Mhargadh Aonair na hEorpa, agus rianú á dhéanamh ar fhorbairtí bliantúla de réir na naoi spreagthach maidir le hiomaíochas a sainaithníodh.

    (4)An 21 Samhain 2023 ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2024 don Fhás Inbhuanaithe 7 , rud a chuir tús le timthriall 2024 an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 22 Márta 2024 d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 21 Samhain 2023, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2024 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil ar shainaithin sé inti go bhfuil an Ghréig ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh gá le grinn-athbhreithniú ina leith. An dáta céanna, ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le dréachtphlean buiséadach na Gréige 2024. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 12 Aibreán 2024, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2024 lena ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a ghlac an Chomhairle an 11 Márta 2024.

    (5)An 30 Aibreán 2024, tháinig creat rialachais eacnamaíoch nua an Aontais i bhfeidhm. Cuimsítear sa chreat an Rialachán nua ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (AE) 2024/1263 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle. Cuimsítear ann freisin Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme agus Treoir 2011/85/AE leasaithe maidir le creataí buiséadacha na mBallstát 8 . Tá sé de chuspóirí ag an gcreat nua inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a bhaint amach trí chomhdhlúthú fioscach céimnitheach mar aon le hathchóirithe agus infheistíochtaí. Cuireann sé úinéireacht náisiúnta chun cinn agus díríonn sé níos mó ar an meántéarma, agus ina theannta sin, tá forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí i gceist leis. Ba cheart do gach Ballstát plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin. Sna pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta atá ag Ballstát, tá a ghealltanais fhioscacha, athchóiriúcháin agus infheistíochta, lena gcumhdaítear tréimhse phleanála 4 bliana nó 5 bliana, de réir fhad rialta an reachtais náisiúnta. Ba cheart an chonair ghlanchaiteachais 9 sna pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263 a chomhlíonadh, lena náirítear na ceanglais maidir leis an bhfiachas rialtais ghinearálta a chur ar chonair anuas inchreidte, nó é a choinneáil ar an gconair sin, faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe ar a dhéanaí, nó é a choinneáil ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % de OTI, agus an teasnamh rialtais a thabhairt faoi bhun an luacha tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, nó é a choinneáil faoi bhun an luacha sin. I gcás ina ngeallann Ballstát sraith ábhartha athchóirithe agus infheistíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263, féadfar síneadh 3 bliana ar a mhéad a chur leis an tréimhse choigeartaithe. Chun tacú le hullmhú na bpleananna sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, an [21 Meitheamh] 2024, treoir a thabhairt do na Ballstáit maidir le hábhar na bpleananna agus na dtuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn a eiseofar ina dhiaidh sin a bheidh orthu a chur isteach agus, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1263, tarchuirfidh sé chucu treoir theicniúil maidir leis na coigeartuithe fioscacha (conairí tagartha agus faisnéis theicniúil i gcás inarb infheidhme). Ba cheart do na Ballstáit a bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha a chur isteach faoin 20 Meán Fómhair 2024, mura gcomhaontóidh an Ballstát agus an Coimisiún síneadh ama réasúnta a chur leis an sprioc-am. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh a bparlaimintí náisiúnta rannpháirteach, agus go rachfar i gcomhairle le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha, le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara náisiúnta eile, de réir mar is iomchuí.

    (6)In 2024 tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go gcuidíonn na pleananna ó thaobh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na ndúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020, 2022 agus 2023 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna nathbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

    (7)An 27 Aibreán 2021, chuir an Ghréig a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 13 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle a Cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Gréige 10 , a leasaíodh an 8 Nollaig 2023 de réir Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2021/241 chun an ranníocaíocht uasta airgeadais le haghaidh tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a nuashonrú, agus chun an chaibidil REPowerEU a áireamh 11 ). Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an nGréig. Ní féidir comhlíonadh sásúil a bheith i gceist ach sa chás nach ndeachthas siar ar ghnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.

    (8)An 30 Aibreán 2024, thíolaic an Ghréig a Clár Náisiúnta um Athchóiriú 2024 agus a Clár Cobhsaíochta 2024, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú 2024 ar thuairisciú leathbhliantúil na Gréige maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.

    (9)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2024 maidir leis an nGréig 12 an 19 Meitheamh 2024. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na Gréige ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2023, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Gréige. Ar bhonn na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na Gréige ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, sin agus ar an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

    (10)Rinne an Coimisiún grinn-athbhreithniú faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 maidir leis an nGréig. Foilsíodh príomhthorthaí mheasúnú foirne an Choimisiúin ar leochaileachtaí maicreacnamaíocha i gcás na Gréige chun críoch an Rialacháin sin i mí Aibreáin 2024 13 . An 19 Meitheamh 2024, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sa Ghréig tar éis míchothromaíochtaí iomarcacha a bheith sainaitheanta maidir léi in 2023. Go háirithe, tá leochaileachtaí os comhair na Gréige a bhaineann le fiachas ard rialtais agus iasachtaí neamhthuillmheacha móra i gcomhthéacs na dífhostaíochta airde, leochaileachtaí atá fós ábhartha ach a bhfuil laghdú mór tagtha orthu agus a bhfuil coinne leis go dtiocfaidh laghdú breise orthu, ach tá an staid sheachtrach fós lag. Tá an cóimheas fiachais rialtais–OTI fós ag dul i laghad, agus cé go bhfuil sé fós ard ag beagnach 162 % in 2023, is cosúil go bhfuil na rioscaí gearrthéarmacha maidir le hinbhuanaitheacht fiachais íseal. Ba é an fás OTI ainmniúil ba chúis mhór le laghdú tapa an chóimheasa fiachais le blianta beaga anuas, ach tá coinne leis go dtiocfaidh feabhas breise ar na hiarmhéid bhuiséadacha, rud lena náiritheofar go leanfaidh sé de bheith ag dul i laghad. Tháinig laghdú nach beag ar an easnamh sa chuntas reatha in 2023, rud a leathnaigh go mór sna blianta 2020 go 2022, ach tá sé fós ard i gcomhthéacs an éilimh bhuacaigh intíre. Ní mheastar go dtiocfaidh ach feabhsaithe imeallacha ar an gcuntas reatha i mbliana agus sa bhliain seo chugainn toisc go réamh-mheastar go gcoinneofar na hallmhairí ard leis an bhfás láidir ar an infheistíocht. Tháinig feabhas freisin ar an gcóimheas an-diúltach idir an staid ghlan infheistíochta idirnáisiúnta agus OTI anuraidh de dhroim an fháis aird OTI ainmniúil, ach tá sé fós ar an gcóimheas is laige san Aontas. Tá laghdú mór tagtha ar iasachtaí neamhthuillmheacha le blianta beaga anuas agus lean an laghdú sin in 2023, ach tá réiteach na niasachtaí neamhthuillmheacha lasmuigh den earnáil baincéireachta fós mall, agus dá dheasca sin tá siad fós ina nualach ar an ngeilleagar. Tháinig méadú ar an bhfostaíocht agus tháinig laghdú breise ar an dífhostaíocht cé go bhfuil sí fós sách ard. Is léir gur chuidigh blianta de ghníomhaíocht leanúnach beartais agus d’athchóirithe struchtúracha fairsinge chun na leochaileachtaí a sainaithníodh a laghdú. Tá sé ríthábhachtach go fóill an staid fhioscach stuama a choinneáil ar bun agus an plean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go tráthúil chun feabhas a chur ar an iomaíochas agus chun athchothromú an gheilleagair a áirithiú, lena náirítear maidir leis an staid sheachtrach.

    (11)Ar bhonn na sonraí arna mbailíochtú ag Eurostat 14 , tháinig laghdú ar easnamh rialtais ghinearálta na Gréige ó 2,5 % de OTI in 2022 go 1,6 % in 2023, agus tháinig laghdú ar an bhfiachas rialtais ghinearálta ó 172,7 % de OTI ag deireadh 2022 go 161,9 % ag deireadh 2023.

    (12)An 12 Iúil 2022, mhol an Chomhairle 15 go ndéanfadh an Ghréig beartas fioscach stuama a áirithiú in 2023, go háirithe trí theorainn a chur leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta faoi bhun an fháis aschuir fhéideartha mheántéarmaigh 16 , agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí ó thaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus do dhaoine ar a dteitheadh ón Úcráin á cur san áireamh. An tráth céanna, moladh don Ghréig an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag síorathrú. Moladh don Ghréig freisin cur le hinfheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena náirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais. In 2023, de réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach 17 forleathnaitheach, faoi 0,5 % de OTI, i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú crapthach 0,6 % de OTI leis an staid fhioscach, agus bhí an fás sin i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Bhí an rannchuidiú crapthach den chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta mar thoradh ar chostais laghdaithe na mbeart tacaíochta éigeandála (spriocdhírithe agus neamh-spriocdhírithe) do theaghlaigh agus gnólachtaí mar fhreagairt ar arduithe ar phraghsanna fuinnimh (faoi 2,7 % de OTI). Ba iad pá na hearnála poiblí agus pinsin na príomhchúiseanna leis an bhfás sa chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim). Is éard a bhí i gceist le caiteachas arna mhaoiniú le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais 2,5 % de OTI in 2023. Is éard a bhí i gceist leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta 2,6 % de OTI in 2023, is é sin méadú 0,2 pointe céatadáin i gcomparáid le 2022. Mhaoinigh an Ghréig infheistíocht bhreise tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais. Mhaoinigh an Ghréig infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail tacaíocht d’úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh nua san eangach leictreachais, beart a éascaítear tríd an mbonneagar tarchurtha a uasghrádú agus cabhair airgeadais a sholáthar do FBManna chun réitigh dhigiteacha a ghlacadh, rudaí a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.

    (13)Is féidir achoimre a dhéanamh ar na príomh-mheastacháin i gClár Cobhsaíochta 2024 mar a leanas. Sa chás maicreacnamaíoch atá mar bhonn taca leis na réamh-mheastacháin bhuiséadacha, réamh-mheastar go bhfásfaidh an fíor-OTI 2,5 % in 2024 agus 2,6 % in 2025, agus tuartar boilsciú ICPT 2,6 % in 2024 agus 2,0 % in 2025. Meastar go dtiocfaidh laghdú ar an easnamh rialtais ghinearálta go 1,2 % de OTI in 2024 agus go 0,9 % de OTI in 2025, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le laghdú go 152,7 % faoi dheireadh 2024 agus go 146,3 % faoi dheireadh 2025. Ní áirítear réamh-mheastacháin bhuiséadacha tar éis 2025 sa Chlár Cobhsaíochta.

    (14)Tuartar i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún go méadóidh an fíor-OTI faoi 2,2 % in 2024 agus 2,3 % in 2025, agus go seasfaidh boilsciú ICPT ag 2,8 % in 2024 agus 2,1 % in 2025.

    (15)Tuartar i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún easnamh rialtais ghinearálta de 1,2 % de OTI le haghaidh 2024, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le laghdú go 153,9 % faoi dheireadh 2024. Tá laghdú an easnaimh in 2024 ina thoradh ar fhás maolaithe na sochar sóisialta den chuid is mó i gcomparáid le fás ioncaim. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh an staid fhioscach forleathnaitheach, faoi 0,3 % de OTI, in 2024.

    (16)Maoineofar caiteachas ar fiú 1,5 % de OTI é le tacaíocht neamh-inaisíoctha (‘deontais’) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2024, i gcomparáid le 1,0 % de OTI in 2023, de réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún. Le caiteachas a mhaoinítear le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, beifear in ann infheistíocht ardcháilíochta agus athchóirithe a dhéanamh lena gcuirfear leis an táirgiúlacht gan tionchar díreach a bheith aige ar chomhardú rialtais ghinearálta agus fiacha na Gréige. Meastar, le hiasachtaí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2023 agus 2024 araon, go dtacófar le caiteachas ar fiú is lú ná 0,1 % de OTI é, de réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún.

    (17)An 14 Iúil 2023 mhol an Chomhairle 18 don Ghréig beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe tríd an méadú ainmniúil ar an nglanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta 19 in 2024 a theorannú go méid nach mó ná 2,6 %. Agus a mbuiséid le haghaidh 2023 á gcur i bhfeidhm acu agus a nDréachtphleananna Buiséadacha le haghaidh 2024 á nullmhú acu, iarradh ar na Ballstáit a chur san áireamh go molfadh an Coimisiún don Chomhairle tús a chur leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh bunaithe ar na sonraí olltoraidh le haghaidh 2023. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú 1,8 % ar ghlanchaiteachas príomhúil na Gréige a mhaoinítear go náisiúnta in 2024 20 , rud atá faoi bhun an uasráta fáis atá molta. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle.

    (18)Thairis sin, mhol an Chomhairle don Ghréig gníomhaíocht a dhéanamh chun na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála atá i bhfeidhm a fhoirceannadh, agus úsáid á baint as an gcoigilteas gaolmhar chun an teasnamh rialtais a laghdú, a luaithe is féidir in 2023 agus 2024. Shonraigh an Chomhairle thairis sin, dá mbeadh gá le bearta tacaíochta nua nó leantacha chun dul i ngleic le méaduithe a thiocfadh an athuair ar phraghsanna fuinnimh, gur cheart don Ghréig a áirithiú go spriocdhírítear na bearta tacaíochta sin ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, go mbeidís inacmhainne go fioscach, agus go gcaomhnófaí leo dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 0,0 % de OTI a bhí i nglanchostas buiséadach 21 na mbeart tacaíochta éigeandála fuinnimh in 2023, agus réamh-mheastar gurb é 0,1 % a bheidh ann in 2024, agus 0,1 % in 2025. Go háirithe, glactar leis go bhfanfaidh an méadú ar an liúntas téimh agus an tobhach speisialta ar dhíosal d’fheirmeoirí a tugadh ar ais arís i bhfeidhm in 2024 agus 2025, cé nach mbeidh ach tionchar beag acu 22 . Meastar go ndéanfar na bearta tacaíochta éigeandála fuinnimh a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle.

    (19)Ina theannta sin, mhol an Chomhairle freisin don Ghréig infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú agus a áirithiú go nionsúfar deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais go héifeachtach, go háirithe chun an taistriú glas agus an taistriú digiteach a chothú. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, maidir le hinfheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta, réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú uirthi go 2,4 % de OTI in 2024, ó 2,6 % de OTI in 2023. Is é uainiú chlárthréimhsí chistí struchtúracha an Aontais is cúis leis sin. Go háirithe, glactar leis go bhfuil ráta cómhaoinithe an Aontais do na hinfheistíochtaí faoin gclár nua níos airde ná ráta na ninfheistíochtaí faoin gclárthréimhse roimhe sin. Mar thoradh air sin, tagann laghdú ar an gcaiteachas cómhaoinithe náisiúnta ar infheistíochtaí. Ní hé an laghdú ar infheistíocht is príomhchúis leis an gcoigeartú fioscach in 2024. Agus na tosca breise sin á gcur san áireamh, meastar go nurraimítear an moladh ón gComhairle leis an infheistíocht phoiblí in 2024. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena náirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go dtiocfaidh méadú air go 3,4 % de OTI in 2024 ó 2,5 % de OTI in 2023.

    (20)Ar bhonn bearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise agus ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, tuartar i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún easnamh rialtais 0,8 % de OTI in 2025. Tá laghdú an easnaimh in 2025 ina thoradh ar an laghdú ar an gcaiteachas úis agus ar fhás maolaithe an phárolla phoiblí den chuid is mó. Meastar go dtiocfaidh laghdú go 149,3 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI faoi dheireadh 2025. Tá an laghdú ar an gcóimheas fiachais-OTI in 2025 ina thoradh ar phríomhbharrachas méadaithe agus an fás OTI ainmniúil den chuid is mó, chomh maith le coigeartuithe sreabhaidh i leith stoic. Ba cheart go gcuideodh beartas fioscach stuama le neartú na staide seachtraí freisin.

    (21)Ar bhonn na ndea-chleachtais agus na nathchóirithe a rinneadh mar chuid den phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena náirítear athchóiriú nua arb é is aidhm dó iarrachtaí na Gréige a neartú a thuilleadh chun imghabháil cánach a chomhrac, tá deis ann fós an creat beartais cánach a neartú a thuilleadh chun a chur ar chumas na Gréige tuilleadh infheistíochtaí a mhealladh, agus an bhearna infheistíochta atá fós suntasach a laghdú ar an mbealach sin. Go háirithe, dá dtabharfaí isteach réamhchóras rialaithe cánach níos leithne i gcomhréir le dea-chleachtais an Aontais, d’fhéadfaí léirmhíniú trédhearcach ar an dlí cánach atá ann cheana a thabhairt do cháiníocóirí, rud a thabharfadh deimhneacht dhlíthiúil níos fearr d’infheisteoirí. Thairis sin, trí dhlús a chur leis na hiarrachtaí chun acmhainneacht an Údaráis Neamhspleách um Ioncam Poiblí a leathnú, go háirithe trína neamhspleáchas a neartú chun a acmhainní daonna a bhainistiú agus a fhorbairt, d’fhéadfaí cur leis an gcomhlíonadh cánach a thuilleadh.

    (22)Tá bearta déanta ag an nGréig go leanúnach chun a riarachán poiblí a nuachóiriú, ach tá deis ann fós a éifeachtúlacht a mhéadú a thuilleadh. Tar éis coigeartú suntasach tar éis 2010, rinneadh méid agus costas a riaracháin phoiblí a ailíniú go ginearálta le meán an Aontais. Bhí bille pá earnáil phoiblí na Gréige cobhsaí fós in 2023 ag 10,8 % de OTI, beagán os cionn mheán an Aontais (10,2 % de OTI), agus na méaduithe pá a tharla den chéad uair ó 2010 i leith á gcur san áireamh. Bhí an coigeartú lamháltas, lena náirítear le haghaidh poist a mbaineann freagrachtaí bainistíochta leo, a tháinig i bhfeidhm ag tús 2024, comhsheasmhach leis an ngreille pá aontaithe, mar a cuireadh i bhfeidhm iad ar fud an riaracháin phoiblí. Chun na gnóthachain sin a chosaint amach anseo, tá sé ríthábhachtach an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) cur i bhfeidhm leanúnach na greille pá aontaithe a áirithiú, agus na leibhéil foirne atá ann faoi láthair á gcoinneáil ar bun an tráth céanna tríd an riail earcaíochta ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ a chur i bhfeidhm go leanúnach maidir le baill foirne bhuana; agus (ii) an uasteorainn maidir le baill foirne shealadacha a tugadh isteach in 2022 a choinneáil ar bun. Tá bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta chun éifeachtacht an riaracháin phoiblí a fheabhsú, lena náirítear creat rialachais il-leibhéil a glacadh in 2023 a bhunú. Chun go dtiocfaidh na feabhsuithe a bhfuil coinne leo ar an gcomhordú idir na leibhéil lárnacha, réigiúnacha agus áitiúla chun cinn, meastar go mbeidh an creat, lena náirítear na struchtúir rialachais agus an córas faisnéise atá beartaithe, ag feidhmiú go hiomlán le linn 2024.

    (23)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Meastar go gcuideoidh na nithe sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Laistigh den tréimhse dhocht sin, tá sé ríthábhachtach dul ar aghaidh go pras le cur chun feidhme éifeachtach an phlean, lena náirítear caibidil REPowerEU, a luaithe a ghlacfar í, chun borradh a chur faoi iomaíochas fadtéarmach na Gréige leis an aistriú glas agus an leis an aistriú digiteach, agus cothroime shóisialta a áirithiú an tráth céanna. Chun gealltanais an phlean a chomhlíonadh faoi mhí Lúnasa 2026, tá sé ríthábhachtach don Ghréig leanúint d’athchóirithe a chur chun feidhme agus dlús a chur le hinfheistíochtaí trí aghaidh a thabhairt ar an mbaol go mbeidh moilleanna ann agus cumas láidir riaracháin á chinntiú an tráth céanna. Tá bearta glactha ag údaráis na Gréige chun feabhas a chur ar an gcur chun feidhme agus chun borradh a chur faoin acmhainneacht riaracháin, agus tá bearta sonracha breise sa phlean téarnaimh agus athléimneachta a mheastar a chuideoidh leis an gcuspóir sin a bhaint amach. Áirítear an méid seo a leanas ar na dúshláin shonracha atá roimh an nGréig: (i) próisis fhada dlíthíochta chun aghaidh a thabhairt ar éilimh dhlíthiúla in aghaidh nósanna imeachta soláthair phoiblí, rud a d’fhéadfadh moill a chur ar an dáta críochnaithe atá beartaithe d’infheistíochtaí tar éis mhí Lúnasa 2026; (ii) aistriú mall ceart maoine; agus (iii) comhordú lag, rud atá follasach go háirithe maidir le hinfheistíocht agus athchóirithe lena gcumhdaítear réimsí beartais a théann thar shainchúram Aireacht amháin. Tá rannpháirtíocht chórasach na núdarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha eile ríthábhachtach i gcónaí i ndáil le húinéireacht leathan a áirithiú maidir le cur chun feidhme rathúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta.

    (24)Mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chistí an bheartais chomhtháthaithe, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060, tá sé de cheanglas ar an nGréig gach clár a athbhreithniú faoi mhí an Mhárta 2025, agus na dúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2024, le cois nithe eile, á gcur san áireamh aici, mar aon lena plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Is é an tathbhreithniú sin is bunús le leithdháileadh críochnaitheach an chistithe ón Aontas atá san áireamh i ngach clár. Tá dul chun cinn déanta ag an nGréig maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, ach tá dúshláin ann fós. Go háirithe, tá fás mall fós á chlárú ag an nGréig sna réigiúin níos forimeallacha agus tá éagothromaíochtaí nach beag á gclárú aici idir limistéir uirbeacha agus neamhuirbeacha. Tá sé ríthábhachtach dlús a chur le cur chun feidhme clár beartais comhtháthaithe, mar aon le hacmhainneacht riaracháin a neartú, ar an leibhéal náisiúnta agus go háirithe ar an leibhéal réigiúnach. Tá na tosaíochtaí a comhaontaíodh sna cláir fós ábhartha. Go háirithe, tá gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear cumas nuálaíochta cuideachtaí agus lena ndírítear ar thacaíocht ghnó spriocdhírithe araon ríthábhachtach chun borradh a chur faoin iomaíochas. Mar chuid den aistriú glas, tá gá le hinfheistíocht i mbainistiú dramhaíola chun spriocanna athchúrsála a bhaint amach agus chun líonadh talún a laghdú. Tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar bhainistiú uisce ar bhealach cuimsitheach, lena gcuimsítear bainistiú uisce agus fuíolluisce, aisghabháil fuinnimh, digitiú, athúsáid uisce, uisce báistí agus díshalannú inbhuanaithe atá bunaithe ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite. Tá sciar níos mó d’fhuinneamh in-athnuaite, réitigh stórála agus éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh, riachtanach le haghaidh an aistrithe fuinnimh. Tá sé ríthábhachtach freisin sciar an iompair uirbigh ghlain a mhéadú chun neodracht carbóin a bhaint amach. Ba cheart do chláir an bheartais chomhtháthaithe leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i scileanna, ar bhonn straitéis chuimsitheach, chun an Ráthaíocht do Leanaí a chur chun feidhme, chun seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh agus tithíocht shóisialta ardcháilíochta agus inacmhainne a chur chun cinn agus chun feabhas a chur ar ghníomhachtú an mhargaidh saothair agus le lánpháirtiú sóisialta pobal imeallaithe, amhail Romaigh agus daoine a mbaineann cúlra imirceach leo. I gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarma ar chláir an bheartais chomhtháthaithe, ba cheart aird níos mó a thabhairt ar chosc agus ullmhacht in aghaidh rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide. D’fhéadfadh an Ghréig tionscnamh an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip a ghiaráil freisin chun tacú lena claochlú tionsclaíoch, go háirithe táirgeadh agus stóráil fuinnimh ghlain, loingseoireacht ghlas agus biteicneolaíocht ghlas, agus forbairt scileanna glasa agus digiteacha.

    (25)Anuas ar na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus le cistí eile an Aontais, tá roinnt dúshláin bhreise roimh an Ghréig a bhaineann leis an bhfás eacnamaíoch, an creat rialála agus uas-sciliú an lucht saothair, dúshláin lena bhféadfaí borradh a chur faoi iomaíochas na tíre dá dtabharfaí aghaidh orthu. Cé go bhfuil an ráta fostaíochta ag dul i méid, tá sé i measc na rátaí fostaíochta is ísle san Aontas agus tá rochtain ar an margadh saothair fós dúshlánach, go háirithe i gcás ban agus an aos óg. Maidir leis an oideachas, tá bearta déanta ag an nGréig le blianta beaga anuas chun curaclaim a athbhreithniú, lena náirítear i gcomhthéacs an phlean téarnaimh agus athléimneachta, agus chun roinnt cúrsaí maidir le scileanna boga agus digiteacha a chomhtháthú iontu. Mar sin féin, tá an fheidhmíocht sna mbunscileanna fós an-íseal, rud a bhaineann an bonn de thorthaí an mhargaidh saothair, den táirgiúlacht agus den iomaíochas. Léirítear é sin le i bhfeidhmíocht daltaí 15 bliana d’aois sa mhatamaitic, sa léitheoireacht agus san eolaíocht, ar feidhmíocht í atá ag dul in olcas go mór ó bhí 2012 ann agus atá ar an bhfeidhmíocht is ísle san Aontas, de réir an Chláir Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí is déanaí de chuid ECFE. Léiríonn sciar ard agus méadaitheach na ndaltaí tearcfheidhmíochta, lena náirítear iad siúd a thagann ó chúlraí a bhfuil buntáiste níos mó ag baint leo, agus sciar íseal na ndaltaí barrfheidhmíochta dúshláin struchtúracha maidir le cáilíocht agus cothromas an chórais oideachais. Tá an Ghréig ar an tír is measa i measc Bhallstáit an Aontais ó thaobh rannpháirtíocht in oideachas agus cúram luath-óige de, rud a fuarthas go bhfuil tionchar deimhneach aige ar thorthaí oideachais ina dhiaidh sin. Is féidir na dúshláin a bhaineann an bonn de thorthaí oideachais na Gréige a nascadh leis na nithe seo a leanas: (i) tearcmhaoiniú an chórais oideachais; (ii) béim neamhleor a chur ar mhodhanna teagaisc agus foghlama atá bunaithe ar inniúlachtaí agus béim láidir á leagan ar scileanna fiontraíochta, boga agus idirdhisciplíneacha; (iii) leibhéil ísle neamhspleáchais scoile; agus (iv) easpa meastóireachta córasaí ar mhúinteoirí.

    (26)Is tosaíochtaí tábhachtacha fós iad seirbhísí don phobal a fheabhsú agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch, fhioscach agus aeráide a mhéadú. Sa chomhthéacs sin, tá deis ann tuilleadh feabhais a chur ar bhainistiú sócmhainní stáit, lena náirítear trí fhiontair faoi úinéireacht stáit a nuachóiriú agus réadmhaoin phoiblí a fhorbairt. I gcás cuideachtaí áirithe faoi úinéireacht stáit, cuireadh roinnt athchóirithe chun feidhme go rathúil, rud a chuidigh le solúbthacht oibríochtúil agus neamhspleáchas tráchtála a mhéadú, a nacmhainneachtaí bainistíochta inmheánaí a neartú agus a mbeartais agus a bpróisis soláthair, luacha saothair agus fruilithe a fheabhsú. Rachadh macasamhlú cleachtas den sórt sin chun tairbhe d’fhiontair eile faoi úinéireacht stáit chun luach méadaithe a sholáthar don tsochaí agus don gheilleagar araon. Tá ról lárnach ag an gCorparáid Heilléanach um Shócmhainní agus Rannpháirtíochtaí agus ag a fochuideachtaí maidir le sócmhainní stáit den sórt sin a bhainistiú. Tá machnamh á dhéanamh ar conas éifeachtúlacht agus éifeachtacht na Corparáide a fheabhsú a thuilleadh, amhail trína cumas eagraíochtúil agus feidhmiúil a mhéadú, agus trína neamhspleáchas oibríochtúil agus a saineolas infheistíochta inmheánach a neartú.

    (27)Le ceadúnú comhshaoil mall mar gheall ar bhearnaí rialála, i measc nithe eile, leantar de bhac a chur ar infheistíocht ar an leibhéal lárnach agus réigiúnach. Tá ceadúnú comhshaoil ina dhlúthchuid den phróiseas ceadúnúcháin foriomlán d’aon chineál infheistíochta agus tá an próiseas chun cead comhshaoil a fháil casta agus fada. Go háirithe, níl aon aicmiú comhshaoil ann fós le haghaidh foinsí in-athnuaite fuinnimh ná coinníollacha lena gcinntear na himthosca faoinar féidir gníomhaíochtaí tionsclaíocha a bhfuil tionchar teoranta acu ar an gcomhshaol a cheadúnú. Ní mór na critéir le haghaidh cásanna ina bhfuil gá le próiseas simplithe ceadaithe i ngeall ar athruithe neamhshubstaintiúla a leagan amach freisin. Mar gheall ar an easpa gníomhartha rialála chun cabhrú leis na saincheisteanna sin a réiteach, cuirtear cosc ar aon tionchar a bheith ag feabhsuithe reachtacha a tugadh isteach roimhe seo chun ceadúnú comhshaoil a bhunú ar chritéir níos réasúnaí agus níos rioscabhunaithe. Dá nglacfaí na gníomhartha rialála sin atá ar feitheamh, d’fhéadfadh tionchar ábhartha a bheith aige sin ar am agus ar cháilíocht na measúnuithe comhshaoil le haghaidh ceadanna nua nó ceadanna leasaithe/athnuachana araon le haghaidh na ninfheistíochtaí lena mbaineann. Thairis sin, in ainneoin gur cuireadh an creat rialála i gcrích chun measúnóirí comhshaoil ón earnáil phríobháideach a chur in úsáid, tá an chlárlann ábhartha fós gan saothrú agus níl an córas curtha i bhfeidhm go fóill. Dá gcuirfí an creat rialála i gcrích tríd an reachtaíocht thánaisteach atá in easnamh a ghlacadh agus trí chóras na measúnóirí comhshaoil príobháideacha deimhnithe a oibríochtú, chuideofaí le timpeallacht ghnó na Gréige a neartú, ós rud é go meastar go laghdófar leo sin scrogaill sa phróiseas ceadúnúcháin comhshaoil agus go gcuirfear borradh faoi mhuinín na ninfheisteoirí. Meastar go néascófar infheistíochtaí leis na gníomhaíochtaí beartais thuasluaite, a bhfuil coinne leis go méadóidh siad an táirgiúlacht agus go leathnóidh siad an bonn onnmhairiúcháin, agus ar an mbealach sin go laghdófar spleáchas ar allmhairí, go bhfeabhsófar an tionchas fáis agus go dtacófar leis an athchothromú seachtrach chomh maith le leachtú míchothromaíochtaí stoic.

    (28)In ainneoin na niarrachtaí a rinne an Ghréig, go háirithe trí sciar na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh ina tairgeadh leictreachais a leathnú, tá an Ghréig fós ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise, agus bhí a meascán fuinnimh comhdhéanta de 55 % ola agus de 20 % gáis in 2022. Cé gur cuireadh caibidil REPowerEU le plean athbhreithnithe téarnaimh agus athléimneachta na Gréige ina bhfuil roinnt athchóirithe agus infheistíochtaí a mheastar a chuirfidh dlús le hiarrachtaí dícharbónaithe na Gréige, tá gá fós le gníomhaíochtaí breise chun spleáchas na Gréige ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Tá ceann de na flíteanna feithiclí is sine san Aontas ag an nGréig agus tá úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh san iompar fós an-íseal. Mar thoradh air sin, tá earnáil iompair na Gréige fós ar cheann de na hastaírí dé-ocsaíde carbóin is mó. Chun dlús a chur le leictriú na hearnála iompair, d’fhéadfaí an bealach a réiteach trí bheartas níos uaillmhianaí. D’fhéadfaí a áireamh leis sin catagóirí na bhfeithiclí a cheanglaítear faoin Dlí Aeráide náisiúnta a leathnú chun aistriú ó innill dócháin go mótair leictreacha agus tarraingt siar feithiclí a bhfuil truailliú mór ag baint leo a fhorfheidhmiú.

    (29)Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar mhinicíocht agus ar dhéine na dtubaistí nádúrtha a dhéanann difear don Ghréig, tá brú mór ar an gcóras cosanta sibhialta. In 2023, bhí an Ghréig thíos le falscaithe agus tuilte tromchúiseacha, rudaí ba chúis le básanna daoine, le díobháil thubaisteach don chomhshaol nádúrtha agus le damáiste forleathan do mhaoin agus do bhonneagar. Meastar go gcuirfidh infheistíochtaí sa chosaint shibhialta faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta agus faoi na cistí comhtháthaithe borradh faoi acmhainneachtaí freagartha do thubaistí. Mar sin féin, d’fhéadfaí na hiarrachtaí coisctheacha a neartú a thuilleadh. Le hathchóirithe agus infheistíochtaí chun feabhas a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an luathrabhaidh, an bhonneagair um dhíonadh ar an athrú aeráide agus bearta eile chun rioscaí a chosc, d’fhéadfaí bearta ullmhachta a chomhlánú agus an damáiste a dhéanfaidh tubaistí nádúrtha amach anseo a laghdú. Thairis sin, d’fhéadfadh raon feidhme na ninfheistíochtaí a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a chuireann leis an athléimneacht trí aghaidh a thabhairt ar chosc agus ar ullmhacht agus trí chineálacha cur chuige atá bunaithe ar éiceachórais a úsáid.

    (30)I bhfianaise na n‑idirnasc dlúth idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidithe choitinn le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadais, in 2024, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, lena n‑áirítear trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, chun an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur chun feidhme. I gcás na Gréige, cuidíonn moltaí (1), (2) agus (3) le cur chun feidhme an chéad mholta, an dara moladh, an tríú moladh, an cheathrú moladh agus an chúigiú moladh maidir leis an limistéar euro.

    (31)I bhfianaise ghrinn-athbhreithniú an Choimisiúin agus a chonclúide maidir le míchothromaíochtaí a bheith ann, léirítear moltaí faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 i moltaí (1), (2) agus (3) thíos. Na beartais dá dtagraítear i moladh (1), cuidíonn siad le haghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann le fiachas rialtais, an staid sheachtrach agus iasachtaí neamhthuillmheacha. Tacaíonn na beartais dá dtagraítear i moltaí (2) agus (3) le fás ionchasach OTI, agus mar thoradh air sin, cuidíonn siad freisin le haghaidh a thabhairt ar mholadh (1). Cuidíonn Moltaí (1), (2) agus (3) chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí agus chun an Moladh a chur chun feidhme le haghaidh an limistéir euro, i gcomhréir le haithris 30.

    AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an Ghréig in 2024 agus 2025 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    1.An plean struchtúrach fioscach meántéarmach a chur isteach go tráthúil. I gcomhréir le ceanglais an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis athchóirithe, srian a chur ar an bhfás sa ghlanchaiteachas 23 in 2025 go ráta atá comhsheasmhach leis an bhfiachas rialtais ghinearálta a chur ar chonair anuas shochreidte sa mheántéarma agus leis an easnamh rialtais ghinearálta a choinneáil faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 3 % de OTI. Leanúint den chóras cánachais a dhéanamh níos fabhraí don infheistíocht trína dheimhneacht dhlíthiúil a threisiú agus leanúint de neamhspleáchas oibríochtúil an údaráis cánach a mhéadú chun a acmhainní daonna a bhainistiú agus a fhorbairt. Éifeachtúlacht an riaracháin phoiblí a chosaint agus a áirithiú san an am céanna gur féidir na scileanna cearta a mhealladh chuige agus comhsheasmhacht leis an ngreille pá aontaithe a chaomhnú, agus an creat rialachais il-leibhéil a oibríochtú. A áirithiú go leanfaidh comharduithe seachtracha de bheith ag feabhsú go seasta trí fhás cothrom a chur chun cinn agus trí thacú le hinfheistíocht tháirgiúil intíre. Leanúint den laghdú leanúnach ar stoc na niasachtaí neamhthuillmheacha atá i seilbh banc agus seirbhíseoirí creidmheasa, lena náirítear trí na próisis ríomhcheantála a fheabhsú a thuilleadh chun cóimheas na gceantanna nár éirigh leo a laghdú.

    2.An acmhainneacht riaracháin a neartú chun cistí an Aontais a bhainistiú, dlús a chur le hinfheistíochtaí agus móiminteam a choinneáil i gcur chun feidhme na nathchóirithe. Aghaidh a thabhairt ar mhoilleanna atá ag teacht chun cinn chun gur féidir an plean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme ar bhealach leanúnach pras éifeachtach, lena náirítear caibidil REPowerEU, chun a áirithiú go dtabharfar athchóirithe agus infheistíochtaí chun críche faoi mhí Lúnasa 2026. Dlús a chur le cur chun feidhme clár beartais comhtháthaithe. I gcomhthéacs a nathbhreithnithe meántéarma, leanúint de bheith ag díriú ar na tosaíochtaí a comhaontaíodh, gníomhú chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais maidir le cosc agus ullmhacht in aghaidh na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide, agus na deiseanna a chuireann tionscnamh an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip ar fáil chun feabhas a chur ar an iomaíochas á gcur san áireamh an tráth céanna.

    3.Borradh a chur faoin iomaíochas trí dhul i ngleic le tearcghnóthachtáil sna bunscileanna, trí bhainistiú sócmhainní stáit a threisiú agus tríd an gcreat rialála maidir le ceadúnú comhshaoil a thabhairt chun críche.

    4.An spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí dhlús a chur le dícharbónú na hearnála iompair. Bainistiú tubaistí nádúrtha a neartú trí chóras éifeachtach luathrabhaidh agus coiscthe riosca a chur i bhfeidhm.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    IO L 2024/1263, 30.4.2024. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj .
    (2)    IO L 306, 23.11.2011, lch. 25. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1176/oj .
    (3)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17). ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1176/oj .
    (4)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1). ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/435/oj .
    (5)    COM(2023) 168 final.
    (6)    COM(2024) 77 final.
    (7)    COM(2023) 901 final.
    (8)    Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj ) agus Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj ).
    (9)    Glanchaiteachas mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 (IO L 2024/1263, 30.4.2024. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj ). Ciallaíonn glanchaiteachas caiteachas rialtais atá glan ar (i) chaiteachas úis, (ii) bearta lánroghnacha ioncaim, (iii) caiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) caiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) gnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) bearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
    (10)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Gréige (ST10152/2021).
    (11)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Gréige (ST15831/1/2023).
    (12)    SWD(2024) 608 final.
    (13)    SWD(2024) 102 final.
    (14)    Táscairí Eurostat-Euro, 22.4.2024.
    (15)    Moladh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta 2022 um Athchóiriú de chuid na Gréige agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2022 de chuid na Gréige, IO C 334, 1.9.2022, lch. 60.
    (16)    Ar bhonn Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 4,5 % i dtéarmaí ainmniúla a bhí san fhás aschuir féideartha meántéarmach sa Ghréig in 2023, agus úsáidtear sin chun an staid fhioscach a thomhas, bunaithe ar an meánráta fáis ionchasach iarbhír 10 mbliana agus ar dhíbhoilsceoir OTI 2023.
    (17)    Sainmhínítear an staid fhioscach mar thomhas ar an athrú bliantúil ar riocht buiséadach foluiteach an rialtais ghinearálta. Is é is aidhm dó measúnú a dhéanamh ar an spreagadh eacnamaíoch a eascraíonn as beartais fhioscacha, idir na cinn sin a mhaoinítear go náisiúnta agus na cinn a mhaoinítear le buiséad an Aontais. Déantar an staid fhioscach a thomhas mar an difríocht idir (i) an fás féideartha meántéarmach agus (ii) an tathrú ar chaiteachas príomhúil glan ar bhearta ioncaim lánroghnacha (agus gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le géarchéim COVID-19 a áireamh) agus lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú le tacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile an Aontais.
    (18)    Moladh ón gComhairle an 14 Iúil 2023 maidir le Clár Náisiúnta na Gréige um Athchóiriú 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Gréige 2023, IO C 312, 1.9.2023, lch. 67.
    (19)    Sainmhínítear glanchaiteachas príomhúil mar chaiteachas a mhaoinítear go náisiúnta agus atá glan ar (i) bhearta lánroghnacha ioncaim, (ii) caiteachas úis, (iii) caiteachas timthriallach dífhostaíochta, agus (iv) bearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
    (20)    Cuirtear san áireamh leis sin 0,1 % de OTI arb é atá ann bearta aonuaire in 2024, a bhaineann le caiteachais ar thionchar tubaistí nádúrtha a mhaolú (chomh maith le 0,2 % de OTI in 2023, a bhaineann le caiteachais tar éis na dtubaistí nádúrtha freisin). An 14 Iúil 2023 thagair an Chomhairle freisin do na tuilte tubaisteacha a bhuail an Iodáil i mí na Bealtaine 2023 agus d’aontaigh sí go gcuirfí costas na tacaíochta éigeandála dírí a bhain leis na tuilte sin san áireamh i measúnuithe ar chomhlíonadh ina dhiaidh sin agus go measfaí, i bprionsabal, gur bearta aonuaire agus sealadacha a bhí ann. Leanadh cur chuige den chineál céanna maidir leis na tuilte sa Ghréig.
    (21)    Léiríonn an figiúr leibhéal chostas buiséadach bliantúil na mbeart sin, lena náirítear ioncam agus caiteachas agus, i gcás inarb infheidhme, glan ar an ioncam ó chánacha ar bhrabúis amhantair soláthróirí fuinnimh
    (22)    Na bearta a bheidh i bhfeidhm go dtí deireadh 2024, de réir na Gréige, glactar leis, i bprionsabal, i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún go mbeidh tionchar buiséadach acu freisin in 2025.
    (23)    De réir Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2024/1263, ciallaíonn ‘glanchaiteachas’ caiteachas rialtais atá glan ar chaiteachas úis, ar bhearta lánroghnacha ioncaim, ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
    Top