Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0291

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Airteagail 4 agus 5 de Threoir (AE) 2015/1794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Treoracha 2008/94/CE, 2009/38/CE agus 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoracha 98/59/CE agus 2001/23/CE ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le maraithe

    COM/2024/291 final

    An Bhruiséil,15.7.2024

    COM(2024) 291 final

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

    maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Airteagail 4 agus 5 de Threoir (AE) 2015/1794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Treoracha 2008/94/CE, 2009/38/CE agus 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoracha 98/59/CE agus 2001/23/CE ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le maraithe


    1. Réamhrá

    Baineann an tuarascáil seo le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm dhá fhoráil shonracha de Threoir (AE) 2015/1794 1 (an Treoir) lena dtugtar maraithe faoi 2 raon feidhme Threoir 98/59/CE 3 maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna (an Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna ) agus Threoir 2001/23/CE 4 maidir le haistrithe gnóthas, gnólachtaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnólachtaí (an Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú).

    Leis an Treoir, tugtar maraithe, a eisiadh roimhe seo, faoi raon feidhme cúig threoir maidir le dlí an tsaothair 5 . De réir Airteagal 7 den Treoir, tá an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais, le tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Airteagal 4 (leasuithe ar an Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna) agus Airteagal 5 (leasuithe ar an Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú).

    Tá an tuarascáil bunaithe go príomha ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit agus ag comhpháirtithe sóisialta earnála ar leibhéal an Aontais 6 i gceistneoir maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm praiticiúil na Treorach. Chun léargas iomlán a thabhairt, comhlánaítear an fhaisnéis sin, i gcás inar gá, le faisnéis ó shainanailísí ar chomhréireacht na bhforálacha náisiúnta leis an Treoir agus le himscrúduithe an Choimisiúin féin.

    1.1Cúlra agus comhthéacs

    Thar na blianta, ghlac an tAontas líon mór treoracha i réimse dhlí an tsaothair. Is é is aidhm dóibh sin, go bunúsach, a áirithiú nach mbeidh caighdeáin saothair níos ísle nó saobhadh iomaíochta ann mar thoradh ar chruthú agus ar thabhairt chun críche an mhargaidh aonair agus chun feabhas a chur ar dálaí maireachtála agus oibre san Aontas. Bíonn na treoracha sin infheidhme go ginearálta maidir le gach earnáil gníomhaíochta agus gach catagóir oibrithe, ach rinne na Ballstáit cineálacha éagsúla maraithe 7 a eisiamh nó dfhéadfaidís iad a eisiamh ó raon feidhme roinnt acu. Rinneadh iad a eisiamh go sonrach ó na cúig threoir dá dtagraítear thuas. Dá bhrí sin, níor tugadh an chosaint chéanna dóibh agus a thugtar doibrithe ar tír i ndáil le dócmhainneacht, iomarcaíochtaí comhchoiteanna, agus aistrithe gnóthas agus ní raibh na cearta céanna acu chun Comhairlí Oibreacha Eorpacha a bhunú nó faisnéis ón bhfostóir agus comhairliúchán ag an bhfostóir.

    Glacadh Treoir 2015/1794 an 6 Deireadh Fómhair 2015. Tá sé d’aidhm aici feabhas a chur ar an leibhéal cosanta do mharaithe agus a gcearta sóisialta agus a ndálaí oibre a chomhchuibhiú, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar tharraingteacht na gairme agus cothrom na Féinne a áirithiú san earnáil. Cuireann sé deireadh leis an eisiamh maraithe thuasluaite roimhe seo. Tá sé d’aidhm ag Treoir freisin: (i) a áirithiú go leanfaidh an t‑ualach airgeadais agus riaracháin ar chuideachtaí oibriúcháin long de bheith comhréireach leis na feabhsuithe ar chearta oibrithe; (ii) an cuspóir a chosaint maidir le fostaíocht maraithe a mhéadú san Aontas; agus (iii) an riosca a bhaineann le bratach a aistriú a laghdú (i gcás ina mbogtar soithí ón gclárlann náisiúnta go clárlann stáit eile chun costais agus srianta a sheachaint). Cuirtear san áireamh ann cineál sonrach na gairme maraithe agus déantar foráil ann maidir le hathruithe ar shaintréithe na hearnála, amhail soithí a dhíol go minic agus cuideachtaí nach bhfuil ach soitheach amháin á oibriú acu a dhíol.

    2.Cur chun feidhme Airteagail 4 agus 5

    Bhí ar na Ballstáit an Treoir a thrasuí faoin 10 Deireadh Fómhair 2017 8 , agus thuairiscigh na Ballstáit uile bearta trasuite, lena náirítear i ndáil le hAirteagail 4 agus 5 9 .

    2.1 Ábhar agus cuspóir Airteagal 4

    Leasaítear le hAirteagal 4 den Treoir an Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna. Is é is aidhm don Treoir sin oibrithe a chosaint i gcás iomarcaíochtaí comhchoiteanna trí bhíthin nósanna imeachta maidir le faisnéis, comhairliúchán agus fógra nach mór d’fhostóir a urramú. Ní mór d’fhostóir atá ag cur iomarcaíochtaí comhchoiteanna san áireamh ionadaithe oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo. Is é an sprioc atá ann féachaint ar bhealaí chun iomarcaíochtaí comhchoiteanna a sheachaint nó an líon oibrithe a ndéantar difear dóibh a laghdú agus chun an tionchar a laghdú trí bhearta tionlacain sóisialta a chur chun feidhme. D’fhéadfaí sna bearta sin cabhair a áireamh chun na hoibrithe sin a cuireadh ar iomarcaíocht a ath-imlonnú nó a athoiliúint. Déantar foráil leis freisin nach mór fógra a thabhairt faoi iomarcaíochtaí comhchoiteanna réamh-mheasta don údarás inniúil poiblí agus nach féidir leis an dífhostú teacht i bhfeidhm níos luaithe ná 30 lá tar éis fógra den sórt sin a fháil.

    Le hAirteagal 4 pointe (1) den Treoir, baintear Airteagal 1(2)(c) den Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna. Leagadh amach san fhoráil sin nach raibh feidhm ag an Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna maidir le criúnna soithí muirghabhála cé go gceadaítear do na Ballstáit le hAirteagal 5 den Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna rialacha atá níos fabhraí d’fhostaithe a chur i bhfeidhm nó a ghlacadh. Dá bhrí sin, sula ndéanfaí an Treoir a thrasuí, d’fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh criúnna soithí muirghabhála a eisiamh ó raon feidhme na reachtaíochta lena dtrasuitear an Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna.

    Thairis sin, cuirtear le hAirteagal 4 pointe (2) den Treoir fomhír nua isteach in Airteagal 3(1) den Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna faoin nós imeachta um fhógra a thabhairt atá mar seo a leanas:

    I gcás ina mbainfidh an iomarcaíocht chomhchoiteann réamh-mheasta le baill de chriú soithigh muirghabhála, tabharfaidh an fostóir fógra faoi sin d’údarás inniúil Stát na brataí atá ar foluain ar an soitheach sin.

    Go ginearálta, leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi Airteagail 3 agus 4 den Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna ceadaítear don údarás inniúil réitigh a lorg ar na fadhbanna a dfhéadfadh a bheith ann mar gheall ar iomarcaíochtaí réamh-mheasta, amhail éifeachtaí socheacnamaíocha na niomarcaíochtaí comhchoiteanna i réimse nó in earnáil áirithe a mhaolú. Le hAirteagal 4 pointe (2) a chur isteach sa Treoir léirítear cineál sonrach na gairme maraithe trína leagan síos gur cheart fógra a thabhairt dúdarás inniúil an stáit brataí. De réir a thogra, mheas an Coimisiún go raibh gá leis mar shoiléiriú toisc go bhféadfadh conarthaí fostaíochta a bheith ann faoi dhlíthe náisiúnta éagsúla 10 .

    2.2 Freagraí na mBallstát ar chur chun feidhme Airteagal 4

    2.2. 1 Airteagal 4, pointe (1): deireadh a chur leis an eisiamh

    Deisiaigh 11 Bhallstát ar an iomlán criúnna soithí muirghabhála óna reachtaíocht náisiúnta maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna (BE, DK, DE, IE, EL, EE, CY, LV, LU, MT, SK 11 ). Leasaigh na Ballstáit sin uile a reachtaíocht náisiúnta chun deireadh a chur leis an eisiamh, agus chun criúnna soithigh muirghabhála a thabhairt isteach i raon feidhme an chórais lena rialaítear iomarcaíochtaí comhchoiteanna mar a cheanglaítear le hAirteagal 4 pointe (1) den Treoir.

    Bhí 16 Bhallstát ann nár eisiaigh criúnna soithí muirghabhála riamh (BG, CZ, ES, FR, HR, IT, LT, HU, NL, AT, PL, PT, RO, SI, FI, SE) agus dá bhrí sin níor ghá dóibh a reachtaíocht náisiúnta a leasú chun criúnna den sórt sin a thabhairt faoi raon feidhme na Treorach.

    2.2.2. Airteagal 4, pointe (2): fógra a thabhairt d’údarás inniúil an stáit brataí

    Rinne 13 Bhallstát (BE, DE, IE, EE, EL, IT, CY, LU, HU, MT, PL, RO, SK) Airteagal 4 pointe (2) den Treoir maidir le fógra a thabhairt faoi iomarcaíochtaí ionchasacha d’údarás an stáit brataí atá ar foluain ar an soitheach a thrasuí go sonrach. I measc na mBallstát sin, rinne trí cinn acu é a thrasuí focal ar fhocal (CY, HU, SK), lena leagtar amach, i gcás ina mbaineann na hiomarcaíochtaí comhchoiteanna réamh-mheasta le criúnna soithí muirghabhála, nach mór fógra a thabhairt d’údarás inniúil an stáit brataí atá ar foluain ar an soitheach.

    Cinneann na 10 mBallstát eile cén t‑údarás inniúil a dtabharfar fógra dó ar bhealaí éagsúla a dtugtar tuairisc orthu thíos.

    -Déanann ceithre Bhallstát foráil maidir le fógra a thabhairt dúdarás an stáit brataí ach déantar sin a theorannú do shoithí a bhfuil bratach na stát seo a leanas ar foluain acu: (i) stát eile is páirtí conarthach sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch; (ii) Ballstát eile den Aontas Eorpach (DE); nó (iii) a mBallstát féin (BE, PL).

    -Cuireann an Ghréig agus Málta doibleagáid ar fhostóirí fógra a thabhairt dúdarás inniúil a mBallstáit féin faoi aon iomarcaíocht chomhchoiteann atá beartaithe maidir le criú soithí muirghabhála.

    -Déanann dhá Bhallstát (LU, RO) foráil maidir le fógraí breise i gcás ina mbaineann iomarcaíochtaí comhchoiteanna le criú soithí muirghabhála. I Lucsamburg, ní mór don fhostóir údaráis an stáit brataí a chur ar an eolas chomh maith leis an údarás inniúil náisiúnta féin. Sa Rómáin, ní mór an fógra a chur faoi bhráid údarás inniúil stát brataí an tsoithigh freisin i gcás ina mbaineann na hiomarcaíochtaí comhchoiteanna le baill den chriú soithigh muirghabhála.

    -Déanann Éire idirdhealú idir fógra a thabhairt don Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí i gcás ina bhfuil bratach na hÉireann ar foluain ag an soitheach nó údarás inniúil stáit eile i gcás ina bhfuil bratach an stáit eile ar foluain ag an soitheach.

    -Ar an gcaoi chéanna, san Iodáil, ní mór don fhostóir fógra a thabhairt dúdarás inniúil na hIodáile i gcás ina mbaineann an iomarcaíocht chomhchoiteann réamh-mheasta le baill den chriú de náisiúntacht Iodálach nó a bhfuil a gcaidreamh fostaíochta á rialú ag dlí na hIodáile agus údarás inniúil an stáit eachtraigh ina bhfuil baill den chriú lena mbaineann ar shoitheach a bhfuil bratach eile ar foluain aige seachas bratach na hIodáile.

    Níor leasaigh na 14 Bhallstát eile (BG, CZ, DK, ES, FR, HR, LT, LV, NL, AT, PT, SI, FI, SE) a reachtaíocht náisiúnta maidir leis an bpointe seo agus dá bhrí sin ní shonraíonn siad údarás inniúil chun fógraí a fháil nuair a bhaineann iomarcaíochtaí comhchoiteanna ionchasacha le criúnna soithí muirghabhála. Tuigeann an Coimisiún go bhfuil feidhm freisin ag na forálacha náisiúnta atá ann cheana lena gcuirtear oibleagáid ar fhostóir fógra a thabhairt don údarás inniúil poiblí faoi na hiomarcaíochtaí comhchoiteanna réamh-mheasta i gcás ina mbaineann na hiomarcaíochtaí sin le criúnna soithí muirghabhála. Dá bhrí sin, sna Ballstáit sin, déantar Airteagal 4 pointe (2) den Treoir a thrasuí trí shonrú nach mór d’fhostóir fógra a thabhairt faoi iomarcaíochtaí comhchoiteanna pleanáilte na mball den chriú soithí muirghabhála don údarás poiblí céanna nach mór fógra a thabhairt dó faoi iomarcaíochtaí comhchoiteanna gach oibrí eile.

    2.3 Barúlacha ó chomhpháirtithe sóisialta maidir le cur chun feidhme Airteagal 4

    Maidir le fostóirí muirí, measann Comhlachas Longúinéirí an Chomhphobail Eorpaigh go ndearna na Ballstáit uile Airteagal 4 den Treoir a thrasuí ar bhealach sásúil. Níor sholáthair Europêche, a dhéanann ionadaíocht ar fhostóirí in earnáil na hiascaireachta, ranníocaíocht. Maidir le comhpháirtithe sóisialta a dhéanann ionadaíocht ar lucht saothair, ní raibh Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa in ann faisnéis shubstaintiúil a sholáthar maidir leis an trasuí sna Ballstáit mar gheall ar easpa faisnéise óna cleamhnaithe. Mar sin féin, cháin Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa an trasuí sa Ríocht Aontaithe 12 , a bhí ina Bhallstát ag an am 13 .

    2.4 Ábhar agus cuspóir Airteagal 5

    Leasaítear le hAirteagal 5 den Treoir an Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú. Leagtar amach sa Treoir sin cearta na bhfostaithe nuair a aistrítear úinéireacht cuideachta ina n‑oibríonn siad chomh maith le hoibleagáidí an díoltóra (‘aistreoir’) agus an cheannaitheora (‘aistrí’). Déantar foráil leis nach foras é an t‑aistriú cuideachta le dífhostú agus go gcoimeádann fostaithe a gcearta agus a n‑oibleagáidí ó chonradh nó ó chaidreamh fostaíochta atá ann cheana. Thairis sin, chun teacht ar chomhaontú, ní mór don aistreoir agus don aistrí ionadaithe fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo in am trátha sula ndéanfar an t‑athrú ar an ngnólacht agus sula nglacfar bearta a dhéanann difear d’fhostaithe.

    Roimhe seo, rinneadh foráil le hAirteagal 1(3) den Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú nach raibh feidhm ag an Treoir sin maidir le soithí muirghabhála cé go gceadaítear do na Ballstáit go sainráite le hAirteagal 8 den Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú rialacha atá níos fabhraí d’fhostaithe a chur i bhfeidhm nó a ghlacadh. Dá bhrí sin, sula ndéanfaí an Treoir a thrasuí, d’fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh soithí muirghabhála a eisiamh ó raon feidhme na reachtaíochta lena thrasuí.

    Faoi Airteagal 5 den Treoir, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(3) den Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú:

    Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le haistriú soithigh muirghabhála atá ina chuid d’aistriú gnóthais, cuideachta nó cuid de ghnóthas nó cuideachta de réir bhrí mhíreanna 1 agus 2 ar choinníoll go bhfuil an t‑aistrí suite, nó go bhfuil an gnóthas, an chuideachta nó an chuid de ghnóthas nó cuideachta fós, laistigh de raon feidhme críochach an Chonartha.

    Ní bheidh feidhm ag an Treoir i gcás nach mbeidh san ábhar aistrithe ach soitheach muirghabhála amháin nó níos mó.

    2.5 Freagraí na mBallstát ar chur chun feidhme Airteagal 5

    2.5.1. Airteagal 5 a chuirtear in ionad na chéad fhomhíre d’Airteagal 1(3) den Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú: deireadh a chur leis an eisiamh

    Rinne 11 Bhallstát soithí muirghabhála a dhíolmhú ó raon feidhme a rialacha náisiúnta maidir le gnóthais a aistriú roimh theacht i bhfeidhm Airteagal 5 den Treoir (BE, DK, EE, IE, EL, CY, LU, MT, NL, RO, FI). Leasaigh siad uile a reachtaíocht náisiúnta chun soithí muirghabhála a thabhairt faoi raon feidhme a reachtaíochta náisiúnta.

    Mar sin féin, bhí a reachtaíocht maidir le gnóthais a aistriú chuig soithí muirghabhála curtha i bhfeidhm ag 16 Bhallstát cheana (BG, CZ, DE, ES, FR, HR, IT, LV, LT, HU, AT, PL, PT, SI, SK, SE). Dá bhrí sin, níor ghá dóibh a reachtaíocht a leasú chun í a thabhairt faoi raon feidhme a reachtaíochta náisiúnta.

    2.5.2 Airteagal 5 a chuirtear in ionad na chéad fhomhíre d’Airteagal 1(3) den Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú: raon feidhme críochach

    Ceadaítear le hAirteagal 5 freisin do na Ballstáit raon feidhme críochach chur i bhfeidhm na rialacha a theorannú d’aistrithe soithí muirghabhála má tá an ceannaitheoir lonnaithe san Aontas nó má fhanann an gnóthas aistrithe faoi raon feidhme críochach na gConarthaí.

    Rinne 13 Bhallstát ar an iomlán an fhoráil seo a thrasuí, naoi gcinn acu focal ar fhocal (BE, DK, IE, EL, EE, IT, LV, NL, RO). As na ceithre Bhallstát eile, leagann an Fhionlainn amach go n‑aistrítear na cearta agus na hoibleagáidí ón gcaidreamh fostaíochta agus ó na sochair fostaithe chuig úinéir nua an ghnólachta mura bhfuil an díoltóir nó an ceannaitheoir bunaithe lasmuigh den Aontas Eorpach nó den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Cuireann Lucsamburg agus Málta teorainn leis an raon feidhme críochach trína leagan síos nach mór don cheannaitheoir a bheith suite ina mBallstát nó nach mór don ghnóthas fanacht ina mBallstát. Cuireann an Chipir teorainn leis an raon feidhme do shoithí muirghabhála na Cipire.

    Níor chuir na 14 Bhallstát eile teorainn leis an raon feidhme críochach.

    2.5.3 Airteagal 5 a chuirtear in ionad an dara fomhír d’Airteagal 1(3) den Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú: aistrithe soithigh amháin a eisiamh

    Sa dara habairt d’Airteagal 5 eisiatar aistrithe nach mbaineann ach le soitheach muirghabhála amháin nó níos mó.

    Rinne 13 Bhallstát ar an iomlán an fhoráil seo a thrasuí agus dá bhrí sin eisiatar aistrithe soithigh amháin (BE, DK, IE, EL, EE, IT, CY, LV, LU, MT, NL, PT, RO). Mar sin féin, ní dhearna 14 Bhallstát (BG, CZ, DE, ES, FR, HR, LT, HU, AT, PL, SI, SK, SE, FI) é a thrasuí agus dá bhrí sin ní eisiann siad aistrithe soithigh amháin ón reachtaíocht lena dtrasuitear an Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú.

    2.6 Barúlacha ó na comhpháirtithe sóisialta maidir le cur chun feidhme Airteagal 5

    Maidir le fostóirí muirí, measann Comhlachas Longúinéirí an Chomhphobail Eorpaigh go ndearna na Ballstáit uile Airteagal 5 den Treoir a thrasuí ar bhealach sásúil. Níor sholáthair Europêche, a dhéanann ionadaíocht ar fhostóirí in earnáil na hiascaireachta, ranníocaíocht. Maidir le comhpháirtithe sóisialta a dhéanann ionadaíocht ar lucht saothair, níor sholáthair Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa faisnéis shubstaintiúil maidir leis an trasuí sna Ballstáit mar gheall ar easpa faisnéise óna cleamhnaithe.

    3. Cur i bhfeidhm Airteagal 4 agus Airteagal 5

    Chomh maith le faisnéis faoina mbearta cur chun feidhme, iarradh ar na Ballstáit agus ar na comhpháirtithe sóisialta faisnéis a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagail 4 agus 5.

    3.1. Freagraí na mBallstát

    3.1.1. Fógraí maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna réamh-mheasta

    Níor thuairiscigh ach cúig Bhallstát gur tugadh fógra dá n‑údaráis inniúla faoi iomarcaíochtaí comhchoiteanna réamh-mheasta ball den chriú soithí muirghabhála (FR, CY, LV, NL, FI). Ní raibh na Ballstáit eile ar an eolas faoi chásanna den sórt sin (BE, BG, CZ, DK, DE, EE, IE, EL, ES, IT, LT, LU, HU, MT, AT, PL, PT, RO, SI, SK), ní raibh siad in ann idirdhealú a dhéanamh idir gairmeacha na bhfostaithe ar tugadh fógra faoina n‑iomarcaíochtaí tionscadail dóibh (HR) nó nár sholáthair siad aon fhaisnéis (SE).

    Sa Fhrainc, tugadh fógra don údarás inniúil náisiúnta sé huaire idir 2015 agus 2020.

    Thuairiscigh an Chipir go raibh sí ar an eolas faoi fhógra amháin a bhain le P&O Ferries, atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe. Bhris an chuideachta 800 maraí as a bpost, lena n‑áirítear ar cheithre long paisinéirí a raibh bratach na Cipire ar foluain acu.

    Thuairiscigh an Laitvia fógra amháin a raibh tionchar aige ar 125 fhostaí in 2022 .

    D’fhreagair an Ísiltír gur cláraíodh fógra amháin a raibh tionchar aige ar 63 mharaí in 2020 maidir le fostóir atá lonnaithe ansin . In 2021, bhain an dara fógra le soithí muirghabhála a raibh bratach na hÍsiltíre ar foluain acu, cé nach raibh an fostóir lonnaithe san Ísiltír, agus rinne sé difear do 28 maraí.

    Tá an Fhionlainn ar an eolas faoi fhógraí a bhaineann le baill den chriú soithí muirghabhála ach ní raibh rochtain aici ar fhigiúirí beachta nó ar fhaisnéis eile. Thairis sin, mhínigh an Fhionlainn go bhfuil feidhm cheana ag na forálacha náisiúnta maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna nuair a bheartaíonn an fostóir oibrí amháin a bhriseadh as a phost.

    Níor thuairiscigh aon Bhallstát cás ina bhfuair a n‑údarás inniúil náisiúnta fógraí faoi iomarcaíochtaí comhchoiteanna réamh-mheasta a bhaineann le baill den chriú soithigh muirghabhála a raibh bratach Ballstáit eile ar foluain aige.

    3.1.2. Aistrithe gnóthas a bhfuil baint ag soithí muirghabhála leo

    Ní raibh ach dhá Bhallstát ar an eolas faoi aistrithe soithí muirghabhála a bhí mar chuid d’aistriú faoin Treoir (BE, FI). Luaigh an Bheilg go raibh comhpháirtithe sóisialta ar an eolas faoi chás amháin inar aistríodh roinnt soithí de chuid cuideachta amháin chuig cuideachta eile, agus nár sholáthair an Fhionlainn aon fhaisnéis bhreise. Níor sholáthair dhá Bhallstát faisnéis maidir leis an ábhar (FR, SE), thuairiscigh an Iodáil nach raibh aon aistriú den sórt sin ann, agus ní raibh na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chás.

    3.1.3. Imeachtaí breithiúnacha

     
    Níor thuairiscigh na Ballstáit aon imeacht breithiúnach ina gcúirteanna náisiúnta a bhaineann leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagail 4 agus 5 den Treoir.

    3.1.4. Tionchar na Treorach

    Tugadh oibleagáid tuairiscithe an Choimisiúin isteach faoi Airteagal 7 den Treoir, go háirithe, chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na Treorach nua ar dhá shaincheist: (i) bratach soithí a aistriú chuig stáit eile; agus (ii) leibhéal fostaíochta mharaithe an Aontais. Féadfaidh athruithe ar an gcabhlach faoi bhratach Ballstáit léargas cruinn a thabhairt ar an bhfeiniméan ‘bratach a aistriú’. Tá sé níos deacra measúnú a dhéanamh ar an leibhéal fostaíochta in earnáil shonrach, ach mar gheall ar threochtaí sa líon daoine atá ag obair mar mharaithe, is féidir teacht ar roinnt conclúidí sealadacha maidir leis an tsaincheist sin.

    3.1.4.1. Tionchar ar an líon soithí a bhfuil an bratach Ballstáit ar foluain acu

    Ar an iomlán, ní léiríonn freagraí na mBallstát go ndearna cur chun feidhme Airteagail 4 agus 5 den Treoir dochar don líon soithí a raibh an bratach Ballstát ar foluain acu. Tugtar le fios leis sin nár aistríodh bratach mar gheall ar theacht i bhfeidhm an dá airteagal sin agus a dtrasuí ag na Ballstáit.

    As na Ballstáit a leasaigh a ndlíthe náisiúnta chun criúnna soithí muirghabhála a thabhairt faoi raon feidhme a reachtaíochta lena dtrasuitear an Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna, níor thug ach cúig Bhallstát laghdú ar an líon soithí muirghabhála a bhfuil a mbratach ar foluain acu (BE, EE, EL, IT, PL) dá n‑aire. Chomh maith leis na cúig Bhallstát sin, thuairiscigh an Ísiltír laghdú freisin tar éis dóibh soithí muirghabhála a thabhairt faoi raon feidhme a reachtaíochta lena dtrasuitear an Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú.

    Sholáthair roinnt Ballstát faisnéis níos mionsonraithe maidir leis an laghdú. Thuairiscigh an Bheilg gur tháinig laghdú an-bheag ar an líon soithí trádála a cláraíodh ó 238 go 237 laistigh de níos mó ná 5 bliana idir 2016 agus 2022 ach gur tháinig méadú ar an olltonnáiste ó 7 750 000 GT go 9 780 000 GT. Tháinig laghdú ar an líon soithí iascaireachta sa tír, ach níor shonraigh sé an méid atá i gceist. San Iodáil, tháinig laghdú 8 % ar an líon soithí cabhlaigh trádála os cionn 100 GT idir 2017 agus 2020 (ó 1 448 go 1 334). Thuairiscigh an Pholainn gur tháinig laghdú ar an líon soithí agus olltonnáiste idir 2015 agus 2021 ó 151 go 134 soitheach agus ó thart ar 80 000 GT go 69 000 GT. San Ísiltír, tháinig laghdú ar an líon soithí ó 1 233 go 1 212 idir 2014 agus 2021. Mar sin féin, glacann na Ballstáit sin leis nach bhfuil an treocht sin ag baint le teacht i bhfeidhm na Treorach ach leis an méid seo a leanas: (i) clárú níos saoire soithí faoi bhratacha eile (PL); (ii) dálaí níos fearr má tá bratach stáit eile (EE) ar foluain; (iii) bratach a aistriú (NL); agus (iv) bhí go leor de na cosaintí dá bhforáiltear sa Treoir infheidhme cheana maidir le baill den chriú soithí muirghabhála roimh an Treoir (IT).

    I gcodarsnacht leis sin, thug Éire agus an Phortaingéil faoi deara méadú ar an líon soithí muirghabhála a raibh a mbratach ar foluain acu. Níor sholáthair siad sonraí mionsonraithe, agus níor thug Éire aon chúis a d’fhéadfadh a bheith leis an méadú. Ní cheapann an Phortaingéil gurb é teacht i bhfeidhm na Treorach is cúis leis an méadú sin: glactar leis go bhfuil sé ag baint le simplithe 2015 i gcóras dlí Longchlár Idirnáisiúnta Mhaidéara chomh maith le laghduithe cánach atá ann faoi láthair.

    Níor thuairiscigh seacht mBallstát a thug criúnna soithí muirghabhála faoi raon feidhme a reachtaíochta lena dtrasuitear an Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna aon athrú (DE, CY, MT, LV, LU, HU) ná aon athrú mór (HR) ar an líon soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu. Léirigh na Ballstáit sin, chomh maith leis an Liotuáin, nach raibh aon athrú ann a bhain le soithí muirghabhála a áireamh i raon feidhme na reachtaíochta lena dtrasuitear an Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú.

    Thuairiscigh trí Bhallstát nach raibh sonraí ar bith acu a bhaineann le leathnú na rialacha maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna chuig criúnna soithí muirghabhála (BG, DK, LT). Thuairiscigh ceithre Bhallstát freisin nach raibh sonraí ar bith acu i ndáil le leathnú na reachtaíochta maidir le gnóthais a aistriú chun soithí muirghabhála áireamh (BG, DK, RO, SK). Ba iad na Ballstáit sin nár thuairiscigh aon tionchar seacht mBallstát nár eisiaigh maraithe roimhe sin ó dhlíthe náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna (ES, FR, NL, RO, SI, SE) agus cúig Bhallstát nár eisiaigh soithí muirghabhála roimhe sin ón dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú (ES, FR, SI, SE).

    Thuairiscigh an Fhionlainn nach raibh aon athrú mór ann toisc go raibh feidhm cheana ag an dlí náisiúnta maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna do mharaithe roimhe sin agus toisc go raibh cearta páirteacha ag maraithe i ndáil le gnóthais a aistriú. Luaigh dhá Bhallstát nár stáit bhrataí iad le haghaidh soithí a thagann faoi Airteagail 4 agus 5 den Treoir (CZ, AT). Thuairiscigh an tSlóvaic nár stát brataí í le haghaidh soithí a thagann faoi Airteagal 4 den Treoir.

     
    3.1.4.2. Tionchar ar an líon maraithe

    Ar an iomlán, léiríonn freagraí na mBallstát freisin nach ndearna cur chun feidhme Airteagail 4 agus 5 den Treoir dochar don líon maraithe. Tugtar le fios leis sin nach raibh tionchar ag teacht i bhfeidhm Airteagal 4 agus Airteagal 5 den Treoir agus ag na forálacha náisiúnta gaolmhara ar leibhéal fostaíochta na maraithe ar shoithí atá cláraithe sna Ballstáit.

    Níor thug ach dhá Bhallstát laghdú ar an líon maraithe (EE, EL) faoi deara. Thuairiscigh an Ghréig laghdú ar mharaithe a bhí fostaithe ar shoithí a raibh bratach na Gréige ar foluain acu ó rinne sí an Treoir a thrasuí in 2018, ach níor sholáthair sí aon fhigiúr sonrach. Thuairiscigh an Eastóin laghdú ar an líon ball de chriú cabhlaigh trádála agus laghdú beag ar an líon iascairí ach níor sholáthair sí figiúirí sonracha ach oiread. Ní dhearna an dá thír an laghdú a nascadh le teacht i bhfeidhm na Treorach. Mhínigh an Eastóin gurb é an tuairim atá ann go bhfuil cúiseanna eile ann, amhail paindéim COVID-19 agus an laghdú ar an líon turas a rinneadh.

    Sa Bheilg, léirigh sonraí slándála sóisialta laghdú beag ar fhostaíocht san earnáil cabhlaigh trádála 14 agus dfhan an líon iascairí cobhsaí. Maidir le maraithe a bheith áirithe i raon feidhme an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna, thuairiscigh an Laitvia laghdú ar an líon maraithe a bhfuil cáilíochtaí acu i gcabhlach trádála agus méadú ar an líon maraithe a bhfuil cáilíochtaí acu le bheith mar chuid de chriú soithigh iascaireachta. Ní raibh an dá thír in ann an fhorbairt seo a nascadh le teacht i bhfeidhm na Treorach. Ghlac an Laitvia leis gurbh iad na príomhchúiseanna léi iomaíocht le maraithe na hÁise, deiseanna chun ath-imlonnú ar tír, agus, go háirithe maidir le hiascairí, athruithe ar cheanglais cháilíochta le haghaidh captaein bháid.

    Thug dhá Bhallstát (IE, PT) méadú ar an líon maraithe faoi deara. Níor sholáthair siad sonraí mionsonraithe ar bith, ach níor nasc siad é le teacht i bhfeidhm na Treorach. Maidir le hÉirinn, tá an méadú ann mar gheall ar an méadú atá tagtha ar an líon long trádála. Glacann an Phortaingéil leis, amhail an méadú ar an líon soithí, go bhfuil baint ag an méadú ar an líon maraithe freisin le simplithe 2015 i gcóras dlí Longchlár Idirnáisiúnta Mhaidéara.

    Níor thug trí Bhallstát athrú mór ar an líon maraithe faoi deara (HR, IT, FI). San Iodáil, níor tháinig aon athrú ar an líon maraithe idir 2017 agus 2020 (-1.4 % ó 26 105 go 25 744): rinneadh an laghdú ar an líon soithí lastais a fhritháireamh go páirteach le níos mó soithí paisinéirí atá dian ar fhoireann, agus bhí feidhm cheana ag go leor de na cosaintí dá bhforáiltear sa Treoir maidir le baill den chriú soithí muirghabhála. Níor tháinig athrú mór ar an líon maraithe san Fhionlainn ó 2017 go 2019; measadh go raibh baint ag laghdú ar an líon maraithe in 2020 le paindéim COVID-19.

    Níor thuairiscigh ceithre Bhallstát aon athrú ar an líon maraithe (CZ, HU, MT, PL). Níor thuairiscigh an Liotuáin aon athrú a bhain le soithí muirghabhála a bheith áirithe i raon feidhme na reachtaíochta lena dtrasuitear an Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú. Mhínigh an tSeicia, ós rud é nach bhfuil aon soitheach tráchtála muirghabhála cláraithe faoi bhratach na Seice, go mbaineann an líon maraithe, nár tháinig athrú air, le maraithe a bhfuil leabhar mairnéalaigh acu arna eisiúint ag Údarás Muirí na Seice agus atá fostaithe ar shoithí muirghabhála a oibríonn faoi bhratacha éagsúla de chuid an Aontais agus faoi bhratacha éagsúla nach bratacha de chuid an Aontais iad. Thug an Ghearmáin le fios nach raibh aon éifeacht ag teacht i bhfeidhm Airteagal 4 den Treoir ar an líon maraithe.

    Ní raibh sé Bhallstát in ann sonraí a sholáthar maidir le tionchar na Treorach ar an líon maraithe i ndáil le leathnú na rialacha maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna chuig criúnna soithí muirghabhála (BG, DK, CY, LT, LU, RO). Thuairiscigh na Ballstáit sin, chomh maith leis an Laitvia agus leis an tSlóvaic, nach raibh sonraí acu maidir leis an líon maraithe i ndáil le leathnú na reachtaíochta maidir le Gnóthais a Aistriú. Maidir leis an ábhar céanna, mhínigh an Ísiltír, cé go raibh sonraí 2021 aici maidir le baill foirne ar shoithí faoi bhratach na hÍsiltíre (4 600 ball foirne as an Ísiltír, 16 000 ball foirne eachtracha), nach raibh sonraí iontaofa níos luaithe ar bith aici chun comparáid a dhéanamh.

    Níor eisiaigh cúig Bhallstát (ES, FR, NL, SI, SE) maraithe ó dhlíthe náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna agus, dá bhrí sin, níor thuairiscigh siad aon tionchar ar an líon maraithe. Ar an gcaoi chéanna, níor thuairiscigh ceithre Bhallstát (ES, FR, SI, SE) nár eisiaigh maraithe óna ndlíthe náisiúnta lenar trasuitear an Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú aon tionchar. Luaigh an Ostair nach stát brataí í le haghaidh soithí a thagann faoi Airteagail 4 agus 5 den Treoir, agus thuairiscigh an tSlóvaic nach stát brataí í le haghaidh soithí a thagann faoi Airteagal 4 den Treoir.

    3.2 Barúlacha ó na comhpháirtithe sóisialta

    Maidir le fostóirí muirí, mheas Comhlachas Longúinéirí an Chomhphobail Eorpaigh gur chuir na Ballstáit Airteagal 4 agus Airteagal 5 den Treoir i bhfeidhm agus gur fhorfheidhmigh na Ballstáit iad go sásúil. De réir Chomhlachas Longúinéirí an Chomhphobail Eorpaigh, bhí an líon soithí a raibh bratach Ballstáit ar foluain acu agus an líon maraithe cobhsaí. Ní dhearna Europêche, a dhéanann ionadaíocht ar fhostóirí in earnáil na hiascaireachta, ranníocaíocht.

    Maidir le comhpháirtithe sóisialta a dhéanann ionadaíocht ar lucht saothair, ní raibh Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa in ann faisnéis shubstaintiúil a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 5 den Treoir maidir le gnóthais a aistriú mar gheall ar easpa faisnéise óna cleamhnaithe. Maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 4 den Treoir maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna, luaigh Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa nach bhfuair sí faisnéis óna cleamhnaithe uile agus nár chláraigh na cleamhnaithe sin a thug freagra athrú ar an líon soithí a raibh bratach Ballstáit ar foluain acu nó ar an líon maraithe.

    4.Conclúidí

    Thuairiscigh gach Ballstát bearta trasuite le haghaidh leasuithe ar an Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna lena n‑áirítear criú soithí muirghabhála ina raon feidhme agus lena n‑áirítear soithí muirghabhála i raon feidhme na Treorach maidir le Gnóthais a Aistriú. Níor rith gach ceann acu dlíthe nua nó níor leasaigh siad achtanna a bhí ann cheana toisc nár ceanglaíodh é sin sna Ballstáit sin nár dhíolmhaigh (an criú) soithí muirghabhála cheana ó raon feidhme a rialacha náisiúnta san am a chuaigh thart. Chuir sé sin feabhas ar chearta na maraithe nach raibh an chosaint a thugtar leis na treoracha sin acu roimhe seo.

    Rinne formhór na mBallstát pointe (2) d’Airteagal 4 den Treoir lena gcuirtear d’oibleagáid ar fhostóirí fógra a thabhairt faoi iomarcaíochtaí comhchoiteanna pleanáilte d’údarás inniúil stát brataí an tsoithigh a thrasuí mar fhógra dá n‑údarás inniúil féin. Mar thoradh air sin, beidh an t‑údarás mar an gcéanna leis an údarás nach mór fógra a thabhairt faoi iomarcaíochtaí comhchoiteanna na n‑oibrithe eile uile dó. Ní dhearna ach roinnt Ballstát é a thrasuí mar oibleagáid chun fógra a thabhairt don stát brataí.

    Tá taithí ar chur i bhfeidhm praiticiúil na leasuithe ar an Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna agus ar an Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú an-teoranta. Níor thuairiscigh ach cúig Bhallstát idir fógra amháin agus sé fhógra maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna a bhain le criú soithigh muirghabhála, agus thuairiscigh dhá Bhallstát aistriú amháin nó dhá aistriú soithí muirghabhála. Níor thuairiscigh aon Bhallstát imeachtaí breithiúnacha.

    Tá sé cruthaithe nach bhfuil bunús leis an imní go ndéanfadh na leasuithe dochar don earnáil mhuirí trí bhratach a aistriú agus caillteanais post. Maidir le criú soithí muirghabhála a bheith tugtha faoi raon feidhme na Treorach maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna agus soithí muirghabhála a bheith tugtha faoi raon feidhme na Treorach maidir le Gnóthais a Aistriú, níor thuairiscigh formhór na mBallstát agus na comhpháirtithe sóisialta earnála a dhéanann ionadaíocht ar lucht bainistíochta agus ar lucht saothair aon athrú ar an líon soithí a raibh bratach Ballstáit ar foluain acu nó ar an líon maraithe. I gcás inar thuairiscigh na Ballstáit laghdú nó méadú ar an líon soithí den sórt sin nó ar an líon maraithe, luaigh siad nach raibh baint ag na forbairtí sin le (criú) soithí muirghabhála a áireamh faoi raon feidhme an dá threoir sin.

    (1)

          Treoir (AE) 2015/1794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Treoracha 2008/94/CE, 2009/38/CE agus 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoracha 98/59/CE agus 2001/23/CE ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le maraithe (IO L 263, 8.10.2015, lch. 1).

    (2)

         Úsáidtear an téarma maraithe sa tuarascáil seo chun tagairt a dhéanamh don eisiamh a bhí ann roimhe sin ó raon feidhme na dTreoracha, i.e. criúnna soithí muirghabhála ón Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna agus soithí muirghabhála ón Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú. Cumhdaíonn sé an fhoireann ar bord soithí de chuid an chabhlaigh trádála agus an iascaigh araon. Nuair is gá idirdhealú a dhéanamh idir an dá earnáil sin, déantar tagairt shonrach don earnáil atá i gceist.

    (3)

         Treoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna (IO L 225, 12.8.1998, lch. 16).

    (4)

         Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cosaint chearta na bhfostaithe i gcás aistrithe gnóthas, gnólachtaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnólachtaí (IO L 82, 22.3.2001, lch. 16).

    (5)

         Chomh maith leis an Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna agus an Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú: 

    -    Treoir 2008/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le fostaithe a chosaint i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra (IO L 283, 28.10.2008, lch. 36–42);

    -    Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail chun críoch fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (athmhúnlú) (IO L 122, 16.5.2009, lch. 28);

    -    Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).

    (6)

         Ceistneoir don lucht bainistíochta a seoladh chuig Comhlachas Longúinéirí an Chomhphobail Eorpaigh agus chuig Europêche; ceistneoir don lucht saothair a seoladh chuig Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa.

    (7)

         Scair-iascairí ón Treoir maidir le dócmhainneacht, criú cabhlaigh trádála ón Treoir maidir le Comhairlí Oibreacha Eorpacha, criúnna soithí a théann ar an mórmhuir ón Treoir maidir le Faisnéis agus Comhairliúchán, criúnna soithí muirghabhála ón Treoir maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna, agus soithí muirghabhála ón Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú.

    (8)

         Airteagal 8(1).

    (9)

          https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/NIM/?uri=CELEX%3A32015L1794

    (10)

         COM(2013)798 final an 18.11.2013, lch. 10 (Míniú mionsonraithe ar na forálacha maidir le hAirteagal 4).

    (11)

         Is iad seo a leanas na giorrúcháin do na Ballstáit sa tuarascáil seo: BE (an Bheilg), BG (an Bhulgáir), CZ (Poblacht na Seice), DK (an Danmhairg), DE (an Ghearmáin), EE (an Eastóin), IE (Éire), EL (an Ghréig), ES (an Spáinn), FR (an Fhrainc), HR (an Chróit), IT (an Iodáil), CY (an Chipir), LV (an Laitvia), LT (an Liotuáin), LU (Lucsamburg), HU (an Ungáir), MT (Málta), NL (an Ísiltír), AT (an Ostair), PL (an Pholainn), PT (an Phortaingéil), RO (an Rómáin), SI (an tSlóivéin), SK (an tSlóvaic), FI (an Fhionlainn), SE (an tSualainn).

    (12)

         Dá réir sin ní mór don fhostóir an fógra a thabhairt dúdarás inniúil an stáit ina bhfuil an soitheach cláraithe (in ionad Rúnaí Stáit).

    (13)

         Thagair Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa do chás P&O Ferries. Bunaíodh an chuideachta sa Ríocht Aontaithe agus tugadh fógra dúdaráis na Cipire faoi iomarcaíochtaí comhchoiteanna a bhaineann leis an gcriú ar a longa paisinéirí a bhfuil bratach na Cipire ar foluain acu. Dar le Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa, léirigh sé sin gur cheart go mbeadh an fógra a thugtar don údarás inniúil poiblí faoi bhratach an tsoithigh ann sa bhreis chomh maith leis an dualgas iomarcaíochtaí a thuairisciú dúdarás inniúil poiblí an Bhallstáit óna noibríonn na maraithe agus ní ina ionad sin.

    (14)

         Ar an taobh eile, léirigh sonraí ón gcomhchoiste um an earnáil cabhlaigh trádála méadú mór ar an bhfostaíocht, rud a míníodh, áfach, leis na hearnálacha dreidireachta agus earnálacha amach ón gcósta a chuimsiú san earnáil cabhlaigh trádála le déanaí.

    Top