Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0144

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN maidir le treoirphlean le haghaidh céim Eorpach

    COM/2024/144 final

    An Bhruiséil,27.3.2024

    COM(2024) 144 final

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

    maidir le treoirphlean le haghaidh céim Eorpach

    {SWD(2024) 74 final}


    1.Réamhrá

    Tá an toideachas ríthábhachtach le haghaidh thodhchaí an Aontais Eorpaigh. Is bunchloch é le haghaidh an tsásaimh phearsanta, na hinfhostaitheachta, na gnóthachtála, agus le haghaidh saoránacht ghníomhach fhreagrach. Is eiseamláirí dár ndóigh bheatha Eorpach iad ollscoileanna 1 trí oideachas ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Áirítear leis sin luachanna acadúla agus barr feabhais, chomh maith le cleachtais dhaonlathacha agus cearta bunúsacha a chur chun tosaigh, agus an comhionannas, an éagsúlacht agus an cuimsiú a chothú.

    Tá iomaíochas agus rathúnas na hEorpa ag brath ar scileanna na glúine atá ann faoi láthair agus na nglúnta atá le teacht, ar scileanna iad a sheasfaidh an aimsir, chun dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus chun smacht a choinneáil orthu, chun na treochtaí déimeagrafacha a chúiteamh agus chun neamhspleáchas straitéiseach oscailte na hEorpa a áirithiú i bpríomhréimsí. Tá an t‑oideachas ríthábhachtach freisin maidir le forbairt eacnamaíoch shóisialta agus athléimneacht na dtíortha ar mian leo teacht isteach san Aontas. Ní mór dúinn a bheith ullamh chun an t‑athrú sin a stiúradh agus chun an todhchaí a mhúnlú.

    De réir mar a éiríonn príomhdhúshláin ár linne níos domhanda, agus de réir mar is gá don Eoraip a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a neartú, is riachtanas anois é an t‑oideachas trasnáisiúnta seachas rogha ‘inmhianaithe’. Is coinníoll é chun na hinniúlachtaí agus na scileanna a thabhairt do na glúnta atá le teacht, ar inniúlachtaí agus scileanna iad a bheidh ag teastáil ó shochaithe na hEorpa chun go mbeidh rath orthu i ndomhan a bheidh níos idirnasctha ná riamh.

    Tá an tAontas in iomaíocht le réimsí oideachais eile ar fud an domhain. Acmhainneacht an Aontais chun an tallann is fearr a mhealladh, braitheann sí, go páirteach, ar na céimeanna is féidir lena institiúidí ardoideachais a thairiscint. Sin é an fáth a bhféachann cuid mhaith ollscoileanna san Eoraip le saineolas a chomhthiomsú agus láidreachtaí comhlántacha a chomhcheangal, nithe nach bhfuil ar fáil in aon institiúid amháin , chun scileanna straitéiseacha a thabhairt do chéimithe agus d’fhoghlaimeoirí ar feadh an tsaoil le haghaidh a dtodhchaí. 

    Ó seoladh an Limistéar Eorpach Oideachais in 2020, rinneadh dul chun cinn suntasach. Tá an comhar trasnáisiúnta ina cheann feadhna ar na hathchóirithe chun teacht chun cinn samhlacha nuálacha amhail na comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha, a mbeidh 60 acu ann go luath, 2 a éascú agus chun tacú leo, rud a bhaineann le thart ar 500 institiúid ardoideachais ó gach cearn den Eoraip, ó phríomhchathracha go ceantair thuaithe.  Feidhmíonn siad mar cheannródaithe le haghaidh na hearnála ardoideachais trí chéile.

    Is féidir comhar ollscoile thar theorainneacha a fhorbairt ar go leor bealaí éagsúla. Cláir a mbíonn céim chomhpháirteach mar thoradh orthu, sin iad na bealaí is uaillmhianaí chun oideachas comhpháirteach a sholáthar idir tíortha. Mar sin féin, is deacair fós na céimeanna sin a chur ar fáil mar gheall ar constaicí móra dlí agus riaracháin. Tá an méid sin ina chúis le cúl a chur ar an gclaochlú is gá in earnáil ardoideachais na hEorpa. Sa straitéis Eorpach maidir le hollscoileanna 3 a glacadh in 2022, leagadh amach gníomhaíochtaí uaillmhianacha chun Limistéar Eorpach Oideachais san ardoideachas a bhaint amach chun céim Eorpach a fhorbairt. Leis an teachtaireacht seo, cuirtear an cuspóir sin i ngníomh trí threoirphlean soiléir a chur ar fáil chun céim Eorpach a fhíorú.

    A bhuí leis an gcéim Eorpach, ar cineál nua cáilíochta í a chumhdófar sa reachtaíocht náisiúnta, bheadh sé níos éasca d’ollscoileanna ó thíortha éagsúla oibriú i gcomhar go rianúil agus cláir chomhpháirteacha nuálacha a fhorbairt a mbeadh céim chomhpháirteach mar thoradh orthu, i gcomhréir iomlán lena neamhspleáchas institiúideach agus le hinniúlachtaí na mBallstát nó na rialtas réigiúnach. Rannchuideodh an chéim Eorpach sin freisin chun féiniúlacht Eorpach choiteann agus muintearas Eorpach níos láidre a chruthú. 

    Bheadh sí bunaithe ar chritéir Eorpacha arna gcomhaontú go comhchoiteann, lena léireofaí ábharthacht na taithí foghlama, an tiomantas do luachanna coiteanna agus barr feabhais na socruithe comhair idir ollscoileanna. Chuirfí chun cinn leis an gcéim tuilleadh comhthuisceana ar riachtanais an Aontais ó thaobh riachtanais acadúla agus scileanna de, ar aon dul leis an straitéis Eorpach maidir le hollscoileanna. D’fhéadfadh sé go spreagfaí léi athbhreithniú a dhéanamh ar éagothromaíochtaí atá ann faoi láthair agus aghaidh a thabhairt orthu, ar éagothromaíochtaí iad a chuireann teorainn faoi láthair le cumas na n‑ollscoileanna oibriú i gcomhar san Eoraip.

    Chuimseofaí leis an gcéim Eorpach iarrachtaí comhoibríocha, cuir chuige idirdhisciplíneacha, agus peirspictíochtaí idirnáisiúnta, lena gcuirtear i bhfios go bhfuil an Eoraip ullamh chun tacú le lucht saothair na hEorpa atá níos ardoilte, níos inoiriúnaithe agus níos iomaíche ar fud an domhain, agus chun an lucht saothair sin a fhorbairt. Le cláir oideachais chomhpháirteacha a mbeadh céim Eorpach mar thoradh orthu, d’fhéadfaí mic léinn a mhealladh ó gach cearn den domhan agus cuidiú leis na buanna riachtanacha a aimsiú le haghaidh ár ngeilleagair, rud atá ábhartha go háirithe i réimsí teicneolaíochta criticiúla atá ríthábhachtach maidir lenár niomaíochas agus ár gceannasacht theicneolaíoch. An tráth céanna, dá dtairgfí céim Eorpach, chuirfí borradh faoin tsoghluaisteacht foghlama laistigh den Aontas, thabharfaí aghaidh ar riachtanais na réigiún a bhfuil sáinn na forbartha tallainne rompu 4 , agus chuideofaí freastal ar éileamh mhargadh an tsaothair le haghaidh céimithe Eorpacha agus domhanda.

    Céim mhór chun an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach is ea an Teachtaireacht seo, mar aon le dhá thogra le haghaidh moltaí ón gComhairle, ceann amháin maidir le córas Eorpach um dhearbhú cáilíochta agus aitheantas san ardoideachas, agus ceann eile maidir le gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe san ardoideachas. 

    Cé go dtéann na tograí le haghaidh an dá mholadh ón gComhairle thar an uaillmhian maidir le céim Eorpach a fhorbairt agus cé go bhfuil siad ábhartha do gach cineál institiúide ardoideachais agus don oideachas a chuireann siad ar fáil, tá dlúthnasc eatarthu. Tá córas um dhearbhú cáilíochta agus aitheantas ríthábhachtach chun muinín a chothú i gcláir oideachais chomhpháirteacha. Tá gairmithe acadúla ardoilte spreagtha fíor-riachtanach chun teagasc agus taighde ar ardchaighdeán a chur ar fáil inár n‑ollscoileanna. Is minic nach meastar gur cuid de phríomhghníomhaíochtaí na foirne acadúla iad cláir chomhpháirteacha agus, dá bhrí sin, in amanna bíonn siad ina n‑ualach breise, rud a fhágann go bhfuil gá le haitheantas breise agus dreasachtaí breise.

    2.Céim Eorpach: príomhghné chun an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach agus chun borradh a chur faoi iomaíochas agus tarraingteacht na hEorpa

    An Limistéar Eorpach Oideachais - spás coiteann cuimsitheach le haghaidh oideachais agus soghluaisteacht foghlama ar ardchaighdeán thar theorainneacha do chách - bheadh céim Eorpach ina hionstraim straitéiseach chun an limistéar sin a bhaint amach, limistéar lena ngabhfaí córais oideachais agus oiliúna atá idirnasctha go dlúth. Leis an gcéim Eorpach, chuirfí feabhas ar iomaíochas agus ar tharraingteacht earnáil ardoideachais an Aontais, agus thógfaí ar thaithí na mblianta maidir le comhar trí chláir an Aontais.

    2.1.Infhostaitheacht a mhéadú agus ábharthacht scileanna

    Fostóirí, lena n‑áirítear cuideachtaí ilnáisiúnta agus FBManna, lorgaíonn siad daoine aonair a bhfuil meascán scileanna idirdhisciplíneacha acu (faisnéis chultúrtha, smaointeoireacht chriticiúil, scileanna réitigh fadhbanna, cruthaitheacht agus inoiriúnaitheacht) — ar scileanna iad a meastar a mbeidh éileamh orthu uile chun spriocanna an Aontais maidir leis an aistriú glas a bhaint amach de réir Ionchas ECFE 2023 maidir le Scileanna. Dá gcuirfí borradh faoi acmhainneacht na n‑institiúidí ardoideachais na scileanna sin a thabhairt do níos mó daoine, chuideofaí leis an éileamh sin a shásamh.

    Leis an gcéim Eorpach, thabharfaí tacaíocht chun níos mó clár comhpháirteach a chruthú lena léireofaí éilimh an gheilleagair eolasbhunaithe. Leis na critéir Eorpacha bhunúsacha arna gcomhaontú go comhchoiteann, d’fhéachfaí le hinfhostaitheacht na gcéimithe a mhéadú trí inniúlachtaí agus scileanna a sheasfaidh an aimsir a thabhairt dóibh, ar inniúlachtaí agus scileanna iad a mbíonn an‑tóir ag fostóirí orthu.

    Léirítear san fhianaise a fuarthas i staidéir agus i suirbhéanna agus a bailíodh sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an Teachtaireacht seo go dtuairiscíonn céimithe ó chláir chomhpháirteacha thrasnáisiúnta an tionchar is mó ar a ngairmeacha agus ar a n‑eispéiris idirchultúrtha de thairbhe scileanna feabhsaithe a bhaineann le fostaíocht (amhail scileanna teanga, smaointeoireacht chriticiúil, scileanna a bhaineann go sonrach le hearnáil nó le réimse ar leith, cumarsáid, scileanna anailíseacha agus scileanna réitigh fadhbanna) agus cumais phearsanta agus idirchultúrtha fheabhsaithe, lena n‑áirítear oscailteacht i leith dúshláin nua, caoinfhulaingt, muinín, agus feasacht níos fearr ar a láidreachtaí agus ar a laigí féin.

    Leis an meascán sin de scileanna agus d’inniúlachtaí idirdhisciplíneacha agus earnáilsonracha, méadaítear infhostaitheacht na mac léinn ar scála Eorpach. Agus céim Eorpach faighte ag céimithe, bheidís níos tarraingtí d’fhostóirí amach anseo. Bheadh céim Eorpach comhchiallach le cláir ardcháilíochta lena n‑ullmhófaí daoine aonair ardoilte san Eoraip agus ar fud an domhain.

    Go hachomair: leis an gcéim Eorpach, thacófaí le cláir chomhpháirteacha a chruthú atá ábhartha don mhargadh saothair. Leis na príomhinniúlachtaí a bhaineann le céim Eorpach, dhéanfaí de chéimithe gairmithe a mbeadh tóir orthu sa mhargadh fostaíochta san Eoraip agus ar fud an domhain, áit a seasfaidís amach mar dhaoine ardcháilithe ag a bhfuil meascán de chumas réitigh fadhbanna, d’inoiriúnaitheacht, de scileanna ilteangacha, d’fheasacht ilchultúrtha, agus de shaineolas idirdhisciplíneach a bheadh ag teacht gan stró le héilimh athraitheacha an lucht saothair dhomhanda.

    2.2.An rómhaorlathas a laghdú chun trédhearcacht agus infheictheacht na gcóras ardoideachais a mhéadú

    Tá go leor ollscoileanna ann ar mian leo comhar trasnáisiúnta a dhoimhniú a mbíonn deacrachtaí acu maidir le neamhréireachtaí sa reachtaíocht náisiúnta. Úsáideann sé seo acmhainní agus cuireann sé isteach as a gcuid oibre iarbhír. Trí shimpliú a dhéanamh ar an obair a dhéanann ollscoileanna, is féidir linn acmhainní luachmhara a úsáid ar mhaithe le teagasc agus taighde.

    I suirbhé Eorabharaiméadair 2018, shainaithin 92 % de na hollscoileanna gur saincheist thábhachtach is ea constaicí móra dlí agus riaracháin ar chomhpháirtíochtaí institiúideacha straitéiseacha idirnáisiúnta a dhíothú, rud a chuirfeadh borradh faoin gcomhar trasnáisiúnta 5 .

    D’ainneoin 25 bliana de chomhar le linn phróiseas idir-rialtasach Bologna, agus d’ainneoin roinnt uirlisí a fhorbairt chun feabhas a chur ar thrédhearcacht na gcóras ardoideachais náisiúnta, ar dhearbhú cáilíochta tairiscintí oideachais agus ar aitheantas céimeanna, tá dúshláin shuntasacha fós ann. Cuireadh isteach ar an dul chun cinn laistigh de Limistéar Eorpach an Ardoideachais mar gheall ar leibhéil éagsúla chur chun feidhme idir tíortha agus laistigh díobh. Ní mór don Aontas bogadh níos faide agus níos tapúla chun go mbeidh a chuid ollscoileanna in ann oibriú i gcomhar go rianúil agus go héifeachtúil.

    I staidéar a rinneadh le déanaí 6 , d’fhreagair 92 % de na húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha a ndearnadh suirbhé orthu go bhféadfadh céim Eorpach feabhas a chur ar chur chun feidhme uirlisí Bologna atá ann cheana, dar le 84 % díobh go gcuirfeadh sí feabhas ar cháil dhomhanda an ardoideachais Eorpaigh, agus dar le 88 % díobh go mbeadh sí ina cuidiú chun comhar a éascú idir na húdaráis náisiúnta maidir le beartais oideachais.

    Le tionscadail tástála beartais Erasmus+ 7 a rinneadh le 140 institiúid ardoideachais, léirítear go bhféadfadh céim Eorpach próisis a shimpliú agus an rómhaorlathas a laghdú maidir le cláir céime comhpháirtí a chruthú le conair shoiléir choiteann lena náiritheofaí go mbeadh na cineálacha uile ollscoileanna san Eoraip in ann oibriú go héifeachtúil le chéile.

    Go hachomair: is bealach í an chéim Eorpach chun próisis a shimpliú agus chun an rómhaorlathas a laghdú maidir le cláir céime comhpháirtí a chruthú, lena n‑áiritheofaí go mbeadh ollscoileanna san Eoraip in ann oibriú go héifeachtúil le chéile. Dá réir sin, tacóidh sé sin le níos mó clár comhpháirteach a fhorbairt - cláir a rachaidh chun tairbhe líon níos mó mac léinn.

    2.3.Spreagadh don chomhar straitéiseach, don iomaíochas domhanda agus don tarraingteacht

    Leis an gcéim Eorpach, beidh ollscoileanna in ann comhar níos doimhne a chruthú le comhpháirtithe ar bhealach níos tapúla agus níos simplí, rud a chuirfidh lena bhfeidhmíocht agus lena mbarr feabhais maidir le tarraingteacht agus iomaíochas domhanda.

    Léirítear in Innéacs U-Multirank maidir le Comhar san Ardoideachais 8 gur fearr a fheidhmíonn institiúidí ardoideachais a oibríonn i gcomhar le hinstitiúidí eile, le gnólachtaí, le lucht tionscail, le rialtais agus le comhlachtaí réigiúnacha, agus thar theorainneacha, ná na hinstitiúidí sin nach bhfuil chomh dírithe céanna ar an gcomhar. Ós rud é go bhfuil ag méadú ar an líon ollscoileanna a thugann tús áite don chomhar, mheasfaí gurbh é an rogha is éasca oibriú le chéile laistigh den Aontas. Faoi láthair, tuairiscíonn roinnt ollscoileanna go mbíonn sé níos éasca cláir céime comhpháirtí a chur ar bun le comhpháirtithe neamh-AE.

    Tá dul chun cinn na teicneolaíochta ag éirí níos tapúla i gcónaí, agus é ag sárú teorainneacha traidisiúnta idir ábhair agus disciplíní. Trí oibriú ar fud ábhar le cur chuige idirdhisciplíneach, is féidir léargas nua a fháil, réitigh nua a fháil ar na dúshláin a bhaineann le domhan casta, agus scileanna nua a fhorbairt. Ceann de phríomhghnéithe na céime Eorpaí is ea tairbhe níos fearr a bhaint as an gcomhar idirdhisciplíneach, ar bhonn an chuir chuige foghlama agus taighde is nuálaí san ardoideachas nua-aimseartha. Ar bhonn an chuir chuige sin, le céim Eorpach, neartófaí cumas nuálaíochta na hEorpa agus, san fhadtéarma, an t‑iomaíochas domhanda a ghabhann léi.

    Go hachomair: bheadh an chéim Eorpach ina spreagadh chun i bhfad níos mó clár céime comhpháirtí a chruthú atá iomaíoch agus tarraingteach ar fud an domhain, le haghaidh náisiúnaigh Eorpacha agus náisiúnaigh tríú tíortha araon, lena n‑áirítear tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, ar cláir iad a thabharfaidh na buanna agus na scileanna is gá don Eoraip ionas go mbeidh rath uirthi, go mbeidh sí nuálach agus go bhfásfaidh sí.

    3.Céim Eorpach: príomhpharaiméadair agus breisluach

    3.1.Cad é a bheadh i gceist le céim Eorpach?

    Is é a bheadh i gceist le céim Eorpach:

    -céim a chuirtear ar fáil mar chéim chomhpháirteach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó institiúideach, amhail aon chéim eile, i gcomhréir iomlán le prionsabail na coimhdeachta, an neamhspleáchais institiúidigh agus na saoirse acadúla.

    -céim arna dámhachtain ar bhonn deonach ag ollscoileanna atá ag obair le chéile ar fud an Aontais, ar céim í lena ndearbhaítear torthaí foghlama a baineadh amach mar chuid de chláir thrasnáisiúnta.

    -céim atá bunaithe ar shraith critéar coiteann 9 arna gcomhaontú ar an leibhéal Eorpach agus arna gcur i bhfeidhm maidir leis an gclár céime comhpháirtí. Leis na critéir Eorpacha sin, léireofaí comhthuiscint agus riachtanais shonracha chun inniúlachtaí agus scileanna ábhartha a thabhairt do lucht saothair na hEorpa chun borradh a chur faoina cumas nuálaíochta, go háirithe i bhfianaise an dá aistriú. Dhéanfaí inrochtaineacht agus tarraingteacht do mhic léinn ó gach cúlra, lena náirítear iad siúd ar lú na deiseanna atá acu, a chur chun cinn trí na critéir chuimsitheachta.

    -céim arna húdarú le reachtaíocht ardoideachais náisiúnta ábhartha le tacaíocht ó chreataí náisiúnta um cháilíochtaí 10 chun go mbeidh institiúidí in ann na céimeanna sin a chreidiúnú agus a chur ar fáil, in éineacht le céimeanna náisiúnta eile, ar leibhéal Baitsiléara, Máistreachta agus Dochtúireachta.

    -céim a chuirtear ar fáil i bhformáid dhigiteach más féidir 11 .

    -céim a aithnítear go huathoibríoch 12 ar fud an Aontais.

    3.2.Céim Eorpach amháin, an iliomad buntáistí

    A bhuí le taighde, 40 babhta de chomhairliúchán le páirtithe leasmhara, glao ar fhianaise, agus na réamhthorthaí ó thionscadail tástála beartais Erasmus+ atá ag dul ar aghaidh go fóill, sainaithníodh an iliomad buntáistí agus deiseanna a bhaineann le céim Eorpach a chruthú.

    Léirítear leis na torthaí díograis shuntasach ó ollscoileanna maidir le conair chun simpliú níos fearr agus comhpháirtíocht straitéiseach níos fearr a bhaint amach. Iarrann mic léinn go mbeadh fáil níos forleithne ann ar chláir chomhpháirteacha. Cuireann fostóirí in iúl go bhfuil an‑suim acu in ionstraim atá infheicthe agus éasca le tuiscint lena dtabharfar, ar bhealach éifeachtach, inniúlachtaí an‑luachmhar d’oibrithe amach anseo.

    Bheadh na buntáistí seo a leanas ag baint le céim Eorpach:

    I gcás mic léinn:

    Bheadh mic léinn i gcroílár na céime Eorpaí, rud a thabharfadh deis dóibh a bheith páirteach i bpobail acadúla éagsúla, agus chuirfeadh sé sin le Limistéar Eorpach Oideachais a bheadh níos éagsúla agus níos idirnasctha. I suirbhé a rinneadh le déanaí 13 , shainaithin 9 as 10 mac léinn gurb iad na nithe seo a leanas na príomhbhuntáistí féideartha a bhaineann le céim Eorpach:

    -níos mó deiseanna a chruthú chun staidéar a dhéanamh i roinnt tíortha Eorpacha, le haitheantas creidmheasa uathoibríoch;

    -soláthar clár staidéir comhpháirteach nuálach agus eispéiris acadúil gan stró a éascú ar fud na gcampas; agus

    -sealbhú scileanna agus inniúlachtaí, rud a fhágann go mbeidh siad níos infhostaithe ar fud an domhain.

    I gcás fostóirí agus an mhargaidh saothair:

    Tá meas mór ag fostóirí agus ag gnólachtaí ar an gcoincheap a bhaineann le céim Eorpach, ar céim í lena dtabharfadh le fios go bhfuil sraith shonrach inniúlachtaí idirdhisciplíneacha luachmhara ag an té a bhfuil an chéim sin acu. Óna ndearcadh féin, bheadh na nithe seo a leanas mar thoradh ar chéim Eorpach:

    -earcaíocht níos éasca le trédhearcacht agus soiléireacht mhéadaithe a bhuí le céim Eorpach atá éasca le léamh agus le tuiscint, i gcomparáid le céimeanna éagsúla le haghaidh an chláir staidéir chéanna;

    -bheadh an Eoraip níos tarraingtí mar cheann scríbe chun scileanna ábhartha le haghaidh mhargadh saothair na hEorpa a thabhairt do mhic léinn éirimiúla; agus

    -deiseanna breise chun bheith ag obair le hollscoileanna e.g. trí pháirt a ghlacadh i ndearadh curaclam.

    I gcás na foirne acadúla:

    Ní hamháin go mbeadh tionchar ag céim Eorpach ar aistear acadúil na mac léinn, ach bheadh tionchar aici ar an timpeallacht le haghaidh lucht léinn agus fhoireann na hollscoile freisin, agus thabharfaí cumhacht léi don lucht léinn dul i ngleic le castachtaí timpeallachta acadúla domhandaithe. San anailís a rinne Clár Eorpach an oideachais tríú leibhéal ar 1,500 ollscoil, léirítear go bhfuil idirnáisiúnú na foirne acadúla míchothrom ar fud na gcineálacha institiúidí agus tíortha.

    I gcás baill foirne acadúla, bheadh an méid seo a leanas ag baint le céim Eorpach:

    -níos mó deiseanna le haghaidh na soghluaisteachta, chun oideolaíochtaí nua agus eispéiris teagaisc tharraingteacha a thástáil;

    -Níos lú constaicí maorlathacha, rud a fhágfaidh go mbeidh lucht léinn in ann díriú ar ábhar agus ar cháilíocht an chomhair seachas ar riarachán an chomhair; agus

    -aistriú eolais agus feabhsú scileanna, lena gcuirfí chun cinn cultúr na foghlama leanúnaí agus na forbartha gairmiúla trí chomhar trasnáisiúnta.

    I gcás ollscoileanna:

    Tá na hollscoileanna ag iarraidh go mbeadh bealaí níos simplí ann chun oibriú le chéile. Trí sholúbthacht a sholáthar agus caighdeáin cháilíochta a choinneáil ar bun, lena gcumasófar creat comhchoiteann simplithe chun comhar nua a fhorbairt, le céim Eorpach, bheadh ollscoileanna in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -acmhainní a chomhthiomsú chun deiseanna a thairiscint nach bhféadfaidís a thairiscint as a stuaim féin;

    -deireadh a chur le bacainní nach bhfuil gá leo maidir le clár céime a bhunú in éineacht le roinnt ollscoileanna;

    -tréimhsí foghlama thar lear a leabú sna curaclaim; agus

    -a áirithiú go naithnítear na cáilíochtaí sin go huathoibríoch ar fud an Aontais.

    I gcás an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát:

    Tá ról lárnach ag institiúidí ardoideachais maidir le naisc a chruthú laistigh den Eoraip agus leis an domhan mór, agus i dtaca le luachanna agus modh maireachtála na hEorpa a chur chun cinn ar fud an domhain. Dá bhféadfaí níos mó clár céime comhpháirtí a chruthú, chuideofaí níos mó tallainne a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip agus i réigiúin na hEorpa i sáinneacha na forbartha tallainne, agus san am céanna, thacófaí leis an gcomhar le hollscoileanna agus le córais ar fud an domhain. Le céim Eorpach:

    -dhéanfaí féiniúlacht agus muintearas Eorpach a atreisiú;

    -dhéanfaí iomaíochas domhanda agus cáil na gcóras ardoideachais Eorpach a neartú, rud a fhágfadh go mbeadh siad in ann tairiscintí oideachais comhpháirteacha níos iomaíche a thógáil, agus tuilleadh daoine tréitheacha a mhealladh dá réir ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad;

    -dhéanfaí soghluaisteacht chothrom mac léinn agus tallainne a chothú laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin; agus

    -dhéanfaí meon Eorpach an chomhair a chothú sa Limistéar Eorpach Oideachais.

    4.Deireadh a chur le bacainní ar chéim Eorpach — na constaicí atá le sárú

    4.1.Saibhreas na fianaise eimpírí

    Tá an iomarca constaicí fós ar an mbealach chuig comhar trasnáisiúnta níos doimhne agus gan stró sa Limistéar Eorpach Oideachais, amhail an méid a phléitear sa roinn seo a leanas. An fhianaise ar an méid sin, tháinig sí chun cinn de thoradh breis agus 3 bliana de chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara ardoideachais, agus go háirithe leis na hollscoileanna atá i mbun dlúthchomhar trasnáisiúnta, amhail comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha nó cláir Mháistreachtaí Comhpháirteacha Erasmus Mundus. Tá siad ag iarraidh réitigh a fháil chun na castachtaí atá rompu a shárú.

    Sainaithníodh go leor de na constaicí sin cheana féin i gcomhthéacs Mholadh 2022 ón gComhairle maidir le naisc a chothú le haghaidh comhar éifeachtach san ardoideachas 14 . Tá iarrachtaí athnuaite ríthábhachtach chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le cur chun feidhme an Mholta sin ón gComhairle. Ina theannta sin, leantar de chonstaicí breise a shainaithint.

    Cuireann sé sin i dtábhacht an gá atá le céim Eorpach a thabhairt don Aontas mar chreat tiomnaithe cumasúcháin chun constaicí a shárú.

    Tacaíonn clár Erasmus+ 15 le tionscadail tástála beartais lena mbaineann os cionn 140 ollscoil agus 60 údarás náisiúnta agus réigiúnach atá i gceannas ar chreidiúnú, ar dhearbhú cáilíochta agus ar rialáil ardoideachais ó gach Ballstát, ó ghnólachtaí, agus ó ionadaithe na mac léinn. Agus iad ag obair i dteannta a chéile, rinne siad níos mó ná 1,000 clár comhpháirteach a mhapáil agus d’úsáid siad an saibhreas eolais agus saineolais sin chun coincheap na céime Eorpaí a phlé mar lipéad agus mar chéim.

    Leis na tionscadail, rinneadh machnamh ón mbun aníos ar an mbreisluach a d’fhéadfadh a bheith ag baint le céim Eorpach, agus rinneadh an machnamh sin trí agallaimh, trí shuirbhéanna ar na mílte mac léinn agus ar na mílte cleachtóirí, trí ghrúpaí fócais, trí cheardlanna agus trí chomhairliúcháin. Leis na tionscadail sin, rinneadh measúnú ar na critéir is fearr a chomhlíonfadh cineál na gcritéar sin, agus sainaithníodh leo na príomhchonstaicí lena gcuirtear cosc ar chláir chomhpháirteacha barr a gcumais a bhaint amach. Is féidir na constaicí sin a bhraisliú mar seo a leanas.

    4.2.Reachtaíocht agus rialacháin atá éagsúil agus casta arna gcur i dtábhacht i dtionscadail tástála beartais Erasmus+

    Córais oideachais agus oiliúna náisiúnta agus reachtaíocht agus rialacháin náisiúnta chomhfhreagracha, forbraíodh go neamhspleách iad den chuid is mó, gan roghanna comhair thrasnáisiúnta a chur san áireamh. Fágann sé sin go mbíonn éagothromaíochtaí ann a chuireann cosc ar ollscoileanna cláir chomhpháirteacha thrasnáisiúnta agus céimeanna comhpháirteacha trasnáisiúnta a chur ar fáil in aon chor, nó a fhágann go bhfuil sé an‑anásta an méid sin a dhéanamh.

    Áirítear ar na constaicí sin an méid seo a leanas:

    -Le rialacha náisiúnta sonracha maidir le foirm scrúduithe deiridh, scálaí grádaithe agus ualaí oibre a chuirtear i bhfeidhm ar chláir chomhpháirteacha, cuirtear cosc ar ollscoileanna cláir céime comhpháirtí atá trasnáisiúnta agus comhtháite dáiríre a thairiscint, agus déantar ceanglais bhreise shaorga a fhorchur ar mhic léinn.

    -Teorainneacha leis an ilteangachas i gcláir céime comhpháirtí. Agus soghluaisteacht foghlama an lae inniu ag dul i méid, dhéanfaí samhlacha um chomhar trasnáisiúnta le haghaidh cláir chomhpháirteacha a éascú trí aird a thabhairt ar an ngá atá le deireadh a chur le bacainní ar úsáid teangacha iomadúla ar mhaithe le mic léinn, le hinstitiúidí agus leis an margadh saothair, agus trí aghaidh a thabhairt ar an ngá sin.

    -Rialacha saintreoracha maidir le láithreacht fhisiciúil lena bhforchuirtear tréimhsí íosta nó uasta. Is léiriú iad sin ar an domhan roimh chomhtháthú na hEorpa agus roimh an gclaochlú digiteach agus bíonn tionchar diúltach acu ar shoghluaisteacht mac léinn, rud a chuireann teorainn leis na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le teicneolaíochtaí digiteacha chun deiseanna foghlama trasnáisiúnta a éascú.

    -Le heaspa aitheantais don fhoghlaim chumaisc/ar líne, cuirtear cosc ar lánúsáid a bhaint as acmhainneacht na nuirlisí digiteacha san oideachas, lena náirítear na ceachtanna a foghlaimíodh de bharr phaindéim COVID-19 a chur san áireamh. Ní mór d’ollscoileanna, dá mbaill foirne, agus do mhic léinn a bheith in ann tairbhe iomlán a bhaint as an gclaochlú digiteach.

    -Le teorainneacha ar rannpháirtíocht na foirne teagaisc ó ollscoileanna comhpháirtíochta a chuirtear i bhfeidhm ar chláir chomhpháirteacha thrasnáisiúnta, cuirtear srian saorga ar rochtain ollscoile ar bhaill foirne a bhfuil taithí acu agus cuirtear uasteorainn ar fheidhmíocht na hollscoile sin.

    Cruthaíonn na constaicí sin dúshláin d’aon chomhpháirtíocht thrasnáisiúnta. Tá cuid mhaith acu ag teacht salach ar an smaoineamh maidir le Limistéar Eorpach Oideachais, inar féidir le foghlaimeoirí gluaiseacht gan bhac agus rochtain gan stró acu ar ardoideachas cuimsitheach ardcháilíochta.

    Céimeanna agus dioplómaí a dhámhachtain agus a chur ar fáil do mhic léinn, tá sé sin faoi réir rialacháin shriantacha freisin, rud a fhágann go bhfuil sé seo an‑chasta. Áirítear orthu sin srianta ar theanga, ar shínithe údaraithe, ar fhormáidí sínithe (digiteach nó fisiceach), ar lógónna formheasta, agus ar riachtanais shonracha pháipéir (e.g. toisí, tiús, suíomhanna priontála ainmnithe). An próiseas chun céim chomhpháirteach a dhámhachtain ar mhic léinn, is féidir blianta a bheith i gceist leis, má bhíonn a leithéid indéanta.

    Léirítear go soiléir sna réamhthorthaí ó thionscadail tástála beartais Erasmus+ go bhféadfadh sé gur bealach a bheadh i gcéim Eorpach chun na constaicí sin a shárú.

    4.3.Uirlisí phróiseas Bologna a chur chun feidhme go míchothrom agus go mall

    Le próiseas idir-rialtasach Bologna, ar cuireadh tús leis in 1999 lasmuigh de chreat an Aontais Eorpaigh, féachtar le níos mó comhsheasmhachta a thabhairt do na córais ardoideachais i 49 dtír, lena n‑áirítear sna 27 mBallstát. Bunaíodh Limistéar Eorpach an Ardoideachais leis chun soghluaisteacht mac léinn agus soghluaisteacht ball foirne a éascú, chun an t‑ardoideachas a dhéanamh níos cuimsithí agus níos inrochtana, agus chun é a dhéanamh níos tarraingtí agus níos iomaíche ar fud an domhain. Tá próiseas Bologna ríthábhachtach chun an mhuinín is gá a chothú le haghaidh soghluaisteacht foghlama rathúil, comhar acadúil trasteorann agus aitheantas frithpháirteach do thréimhsí staidéir agus do cháilíochtaí a thuilltear thar lear.

    Cé go gcuirtear i dtábhacht i bpróiseas Bologna an tábhacht a bhaineann le céimeanna comhpháirteacha, tá an dul chun cinn mall, mar gheall, i bpáirt, ar a raon feidhme geografach leathan agus éagsúlacht na gcóras, na dtraidisiún agus na gcomhthéacsanna polaitiúla agus eacnamaíocha a chuimsítear ann. Mar thoradh air sin, níor chuir na Ballstáit uile na hathchóirithe is gá chun feidhme, rud a fhágann go bhfuil neamhéifeachtúlachtaí sa chomhar idir na 49 dtír.

    D’ainneoin gur cruthaíodh an Cur Chuige Eorpach um dhearbhú cáilíochta clár comhpháirteach - ionstraim uile-Eorpach lena gceadaítear meastóireacht aonuaire a dhéanamh ar chláir chomhpháirteacha - níor bhain ach cúpla clár úsáid as an ionstraim chéanna le 9 mbliana anuas.

    Maidir le roinnt ionstraimí Bologna, níor tháinig na torthaí a bhí beartaithe astu go fóill, go háirithe i ndáil le dearbhú cáilíochta agus aitheantas cáilíochta. Laistigh den Aontas, le sásraí a bunaíodh le haghaidh cinnteoireachta agus chur chun feidhme an chomhair thrasnáisiúnta, is féidir fíorú Limistéir Eorpaigh Oideachais a éascú a thuilleadh le réitigh éifeachtacha a fhágfaidh go mbeidh na hollscoileanna in ann oibriú i gcomhar go héifeachtúil le cuidiú ó chéimeanna iontaofa agus ardluacha.

    4.4.Ba cheart tuilleadh feabhais a chur ar na córais um dhearbhú cáilíochta agus aitheantas san ardoideachas

    Ní mór aon chlár, bíodh sé comhpháirteach nó eile, a chreidiúnú trí phróiseas láidir dearbhaithe cáilíochta chun céim a chur ar fáil. Tá sé sin tábhachtach chun an mhuinín is gá i gcáilíocht an tsoláthair a áirithiú.

    Léiríonn cuid mhaith institiúidí ardoideachais san Eoraip go bhfuil na próisis dearbhaithe cáilíochta le haghaidh cláir thrasnáisiúnta rófhada agus róchostasach. Dá mhéad ollscoileanna ó thíortha éagsúla atá rannpháirteach i gclár comhpháirteach, is ea is casta a bheidh an próiseas. Uaireanta is féidir go dtógfaidh sé suas le 2 bhliain chun creidiúnú a fháil. Le nósanna imeachta fada, ní féidir le hollscoileanna dul in oiriúint do dhálaí athraitheacha agus freagairt go tapa do riachtanais pholaitiúla, eacnamaíocha nó shochaíocha a thagann chun cinn.

    Níl aithint cáilíochtaí agus tréimhsí foghlama thar lear uathoibríoch i ngach tír go fóill, go háirithe i gcás ina ndéantar an cinneadh ar leibhéal na hinstitiúide ardoideachais. Cuireann sé sin ualach suntasach ar chéimithe ollscoile agus cuireann sé teorainn lena gcumas gluaiseacht gan bhac chun críoch foghlama agus gairme.

    Go bunúsach, cé go bhfuil dearbhú cáilíochta ríthábhachtach chun muinín sa chóras oideachais a áirithiú, tá cuid mhór de na héagothromaíochtaí as dáta agus neamhoiriúnach don chuspóir, rud a chruthaíonn rómhaorlathas nach bhfuil gá leis.

    4.5.Dídhreasachtaí le haghaidh na mball foirne a bheith páirteach i gcomhar trasnáisiúnta agus i gcéimeanna comhpháirteacha

    Teastaíonn am agus iarracht ón bhfoireann acadúil chun clár céime comhpháirtí atá ar ardchaighdeán a fhorbairt. Tá gá le baill foirne thiomnaithe a bhfuil scileanna sonracha acu le haghaidh tionscadail thrasnáisiúnta cheannródaíocha - agus i bhfianaise na saincheisteanna sonracha agus na gconstaicí, is gnách gur post lánaimseartha a bhíonn ann. Mar sin féin, léirítear leis an taithí le cláir thrasnáisiúnta go bhfuil riosca ann: bíonn costas ag baint leis an gcomhar trasnáisiúnta le haghaidh na ndaoine a bhíonn páirteach ann, ós rud é nach n‑aithnítear a gcuid oibre i gcónaí le meas iomchuí. Ina theannta sin, teastaíonn forbairt ghairmiúil leanúnach ó na baill foirne chun ardchaighdeán na gclár oideolaíoch trasdisciplíneach sin a choinneáil ar bun.

    I suirbhé tiomnaithe 16 , d’aontaigh 66 % de na freagróirí ó earnáil an ardoideachais go bhfuil an comhar trasnáisiúnta mar chuid dá straitéis institiúideach ardoideachais, ach ní aontaíonn ach 39 % díobh go ndéantar gníomhaíochtaí comhair trasnáisiúnta a chumasú, a spreagadh agus go dtacaítear leo ar bhealach éifeachtach le conairí gairme le haghaidh na foirne acadúla. Tá sé sin i gcomhréir leis na dúshláin a sainaithníodh i suirbhéanna a rinneadh roimhe seo, lena náirítear ‘an méid oibre breise sa bhreis ar an ngnáthghnó’ (80 % de na freagróirí), agus ‘gealltanas na foirne acadúla a fháil agus a chothú’ (72 %).

    5.Conas na constaicí sin a shárú — céimeanna sonracha i dtreo na céime Eorpaí

    Leis an gcéim Eorpach, chuirfí bealach solúbtha ar fáil chun na constaicí sin a shárú trí na córais ardoideachais náisiúnta san Aontas a fheistiú leis na modhanna chun céimeanna comhpháirteacha a fhorbairt, a mheasúnú agus a dhámhachtain ar bhonn critéir Eorpacha arna gcomhaontú go comhchoiteann agus a théann thar theorainneacha náisiúnta nó réigiúnacha. Chuirfí réiteach cuimsitheach ar fáil léi chun feabhas a chur ar an gcomhar trasnáisiúnta gan stró agus níos doimhne sa Limistéar Eorpach Oideachais agus chuideofaí aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna straitéiseacha san Aontas.

    Leis an dá thogra le haghaidh Moltaí ón gComhairle a ghabhann leis an Teachtaireacht seo, áiritheofar freisin gur féidir le céim Eorpach brath ar chórais um dhearbhú cáilíochta agus aitheantas atá oiriúnach don fheidhm, agus deiseanna gairme tharraingteacha ag gabháil leo don lucht acadúil a bhfuil baint acu léis an gcéim Eorpach. Ag gach céim, ullmhacht agus rannpháirtíocht na mBallstát agus, i gcás inarb ábhartha, ullmhacht agus rannpháirtíocht na rialtas réigiúnach, beidh rath na céime Eorpaí ag brath ar na nithe sin..

    5.1.Bonn tallainne um an nuálaíocht agus an iomaíochas a dhéanamh den Eoraip

    5.1.1.Critéir choiteanna Eorpacha a shainiú le haghaidh céim Eorpach

    Bheadh institiúidí ardoideachais in ann an chéim Eorpach a dhámhachtain bunaithe ar mheasúnú ó na struchtúir náisiúnta inniúla atá ann cheana maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an clár comhpháirteach critéir Eorpacha arna gcomhaontú go comhchoiteann agus arna sainmhíniú go soiléir. Bheadh ábhar na gcritéar sin ina bhunchloch ag an gcéim Eorpach agus chinnfí leis a leibhéal uaillmhéine, agus leagfaí amach leis na luachanna a bhaineann léi agus na fáthanna nach ionann í agus céimeanna a dhámhtar in áiteanna eile ar domhan.

    Leagtar amach na critéir Eorpacha atá beartaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le córas Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta agus um Aitheantas san Ardoideachas.

    Is iad seo a leanas na critéir atá beartaithe le haghaidh céim Eorpach:

    -barr feabhais maidir le clár trasnáisiúnta a eagrú agus a bhainistiú: tá cláir chomhpháirteacha bunaithe ar Bologna agus ar uirlisí agus caighdeáin an Aontais, déantar iad a dhearadh agus a chur ar fáil go comhpháirteach ar bhonn socruithe comhpháirteacha maidir le dearbhú cáilíochta.

    -ábharthacht na taithí foghlama: tá cláir chomhpháirteacha dírithe ar mhic léinn, agus leabaítear leo deiseanna ábhartha a bhaineann le margadh an tsaothair, comhpháirteanna idirdhisciplíneachta, soghluaisteacht mac léinn agus sealbhú scileanna cothrománacha agus digiteacha.

    -cloí le luachanna Eorpacha: le cláir chomhpháirteacha, cuirtear chun cinn an daonlathas, an tilteangachas, an chuimsitheacht agus an inbhuanaitheacht comhshaoil.

    Is é is aidhm dóibh forbairt tuilleadh clár comhpháirteach a chothú i gcomhréir leis an bhfís a leagtar amach sa straitéis Eorpach maidir le hollscoileanna, go háirithe a mhéid a bhaineann le forbairt foghlaimeoirí a chumasú mar smaointeoirí cruthaitheacha agus criticiúla, mar dhaoine atá in ann fadhbanna a réiteach, agus mar shaoránaigh ghníomhacha agus fhreagracha atá rannpháirteach mar ghníomhaithe athraithe ina bpobal chun tionchar dearfach a imirt ar an tsochaí thart timpeall orthu.

    Trí chaighdeáin dhiana a leagan síos, tá na critéir Eorpacha mar bhonn faoi bharr feabhais an chomhair thrasnáisiúnta idir institiúidí, faoi sholáthar taithí foghlama trasnáisiúnta, faoi theagasc agus foghlaim atá dírithe ar mhic léinn (lena n‑áirítear roinnt soláthar idirdhisciplíneachta, soghluaisteachta agus cur chuige atá dírithe ar mhic léinn), faoin ábharthacht do mhargadh an tsaothair agus do riachtanais na sochaí (comhar le gnólachtaí, leis an earnáil phoiblí agus leis an tsochaí shibhialta, soláthar scileanna idirdhisciplíneacha, glasa agus digiteacha), agus faoin urraim do luachanna comhroinnte (an t‑ilteangachas, an chuimsitheacht, luachanna daonlathacha). Ós rud é nach ann do réiteach a oireann do chách, tá na critéir Eorpacha solúbtha go leor chun go mbeidh rochtain ag gach cineál ollscoile, gach réimse agus disciplín agus ar gach leibhéal ar an gcéim Eorpach, agus éagsúlacht na dtraidisiún agus na gcóras acadúil á hurramú.

    Leis na critéir Eorpacha atá beartaithe, cuirtear leis an úsáid a bhaintear as na huirlisí atá ann cheana a forbraíodh san Aontas agus i bpróiseas Bologna agus áirithítear go gcomhlíonann an chéim Eorpach na caighdeáin is airde sa chomhar ardoideachais. Cuireann siad creat ar fáil d’ollscoileanna chun oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna straitéiseacha i margadh saothair na hEorpa. Urramaítear leo an choimhdeacht, an neamhspleáchas institiúideach agus an tsaoirse acadúil.

    Ós rud é go bhfuil éagsúlacht san earnáil ardoideachais san Eoraip, a bhfuil cúlraí agus traidisiúin stairiúla éagsúla aici, ní mór machnamh comhchoiteann agus iarracht chomhchoiteann a dhéanamh chun tuiscint choiteann a fháil ar bhunbhrí na céime Eorpaí.

    Cuireadh tús leis an bpróiseas machnaimh sin díreach tar éis ghlacadh na gconclúidí ón gComhairle maidir le straitéis Eorpach lena gcumhachtaítear institiúidí ardoideachais ar mhaithe le todhchaí na hEorpa i mí Aibreáin 2022 17 . Forbraíodh réamh-dhréachtchritéir i gcomhar le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha, le hinstitiúidí ardoideachais, le gníomhaireachtaí creidiúnaithe agus dearbhaithe cáilíochta, le heagraíochtaí mac léinn, agus le hionadaithe ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach.

    Nuair a sainmhíníodh iad, rinneadh iad a thástáil le 6 thionscadal tástála beartais Erasmus+. Bhí breis agus 140 institiúid ardoideachais ó Bhallstát go chéile páirteach sa tástáil, mar aon le 60 údarás náisiúnta agus réigiúnach a raibh 17 n‑aireachta agus 20 gníomhaireacht dearbhaithe cáilíochta náisiúnta, eagraíochtaí mac léinn agus comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta páirteach iontu. Mar thoradh air sin, mhol na píolótaí go ndéanfaí athbhreithniú ar na critéir. Na critéir Eorpacha atá beartaithe, mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le córas Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta agus um Aitheantas san Ardoideachas, sin iad torthaí an athbhreithnithe sin.

    Mar chéad chéim eile, tá coinne leis go dtabharfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh an togra seo chun cinn.

    Na critéir a tástáladh, is ar a mbonn siúd a dhéanfar plé críochnúil agus idirphlé leis na Ballstáit, le hearnáil an ardoideachais agus le comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na chéad chéimeanna eile trí chéim Eorpach a chruthú, agus chun treoir bhreise a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme na gcéimeanna céanna.

    Gníomhaíochtaí:

    Iarrann an Coimisiún ar Chomhairle an Aontais an togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le córas Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta agus um Aitheantas san Ardoideachas a thabhairt chun cinn, lena n‑áirítear Iarscríbhinn II, ina leagtar amach na critéir Eorpacha maidir le céim Eorpach.

    Tacóidh an Coimisiún leis an idirphlé leis na Ballstáit, le hearnáil an ardoideachais, le comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na chéad chéimeanna eile trí chéim Eorpach a chruthú agus, chomh maith leis sin, trí phróiseas comhoibríoch leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara maidir le cur chun feidhme na céime céanna.

    5.1.2.Is iad na Ballstáit a roghnóidh a leibhéal iontrála i dtreo céim Eorpach a bhaint amach

    I bhfianaise thúsphointí, thuairimí agus thraidisiúin na mBallstát féin, ar cinnte go mbeidh siad éagsúil óna chéile, ní féidir an chéim Eorpach a fhorbairt thar oíche. Ní féidir í a bhaint amach ach oiread ar bhonn cur chuige a oireann do chách.

    Sa Teachtaireacht seo, leagtar amach cur chuige céimnitheach agus uasleibhéal uaillmhéine le haghaidh na mBallstát a chinneann tabhairt faoin gconair i dtreo na céime Eorpaí. Leis an gcur chuige sin, glactar leis an éagsúlacht i measc na mBallstát agus a n‑institiúidí ardoideachais, rud a fhágann go bhfuil siad in ann dul ar aghaidh i dtreo na céime Eorpaí ar a luas féin. D’fhéadfadh na Ballstáit dul ar aghaidh, céim ar chéim, i dtreo sprioc atá sainithe go coitianta lena ngabhfaí dhá phointe iontrála: céim Eorpach agus lipéad Eorpach ullmhúcháin lena dtugtar le fios gur comhlíonadh na critéir Eorpacha.

    Bheadh aon chuibhreannas d’institiúidí ardoideachais in ann, dá mba mhian leo, an túsphointe ceart a aimsiú agus bogadh i dtreo conair níos comhtháite le himeacht ama.

    D’fhéadfaí dhá phointe iontrála éagsúla a úsáid ar an mbealach i dtreo céim Eorpach:

    Pointe iontrála: lipéad Eorpach ullmhúcháin

    Maidir le cláir céime comhpháirtí a chomhlíonann na critéir Eorpacha, féadfaidh siad lipéad Eorpach a fháil ó na húdaráis inniúla atá i gceannas ar chreidiúnú agus/nó ar dhearbhú cáilíochta na gclár ardoideachais (ollscoileanna féinchreidiúnaithe, gníomhaireachtaí creidiúnaithe, gníomhaireachtaí dearbhaithe cáilíochta). Cé gur uirlis bhrandála chumhachtach a bheidh sa lipéad, ní réiteofar leis na constaicí a bhíonn roimh ollscoileanna chun cláir céime comhpháirtí a bhunú agus a reáchtáil. Bheadh an bealach sin oscailte d’ollscoileanna tar éis dóibh na critéir Eorpacha atá beartaithe a ghlacadh agus treoir a fhorbairt chun na critéir sin a chur chun feidhme.

    Pointe iontrála: céim Eorpach

    Dhéanfadh roinnt ollscoileanna as tíortha éagsúla céim a dhámhachtain i gcomhpháirt (e.g. comhghuaillíocht d’Ollscoileanna Eorpacha). Dhéanfaí an chéim Eorpach a chomhtháthú sa reachtaíocht náisiúnta mar chineál nua cáilíochta. Chuirfeadh sé sin simpliú suntasach ar fáil d’ollscoileanna agus do mhic léinn trí dheireadh a chur leis na héagothromaíochtaí idir na rialacha náisiúnta agus trí chreat coiteann soiléir a chur ar fáil d’ollscoileanna an Aontais chun cláir céime comhpháirtí a chruthú. Ar aon dul le céim ar bith, dhéanfadh na húdaráis inniúla an chéim Eorpach a chreidiúnú i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus le creataí náisiúnta cáilíochtaí ar an leibhéal institiúideach, réigiúnach nó náisiúnta. 

    D’fhéadfadh eintiteas dlíthiúil, arna bhunú ag roinnt ollscoileanna ó thíortha éagsúla (e.g. comhghuaillíocht d’Ollscoileanna Eorpacha a bhfuil stádas dlíthiúil aici) céim Eorpach a dhámhachtain freisin. Tá eintitis dhlíthiúla den sórt sin curtha ar bun cheana féin ag roinnt comhghuaillíochtaí d’ollscoileanna, agus tá siad ag féachaint ar úsáid a bhaint as uirlisí dlíthiúla Eorpacha atá ann cheana amhail na Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach (GECCanna). Is dócha go mbeadh an bealach sin ar an mbealach is simplí agus is éifeachtúla le haghaidh ollscoileanna, i dtéarmaí na gcostas gaolmhar agus na n‑acmhainní riachtanacha.

    5.1.3.Córais um dhearbhú cáilíochta atá oiriúnach don fheidhm

    Is dálaí riachtanacha iad córais um dhearbhú cáilíochta maidir le cuntasacht agus chun feabhas a chur ar fheidhmíocht na n‑ollscoileanna. Cuireann siad leis an muinín i gcáilíocht an ardoideachais a chuirtear ar fáil do mhic léinn. Thar aon chineál céime eile, bheadh céim Eorpach ag brath ar mhuinín fhrithpháirteach agus ar chórais inchreidte um dhearbhú cáilíochta. Sin é an fáth gur réamhchoinníoll é córais um dhearbhú cáilíochta atá oiriúnach don fheidhm a thógáil chun céim Eorpach a chur ar fáil, agus tairbhí a bheith ann san am céanna do gach clár, lena n‑áirítear na cláir sin as a dtagann micridhintiúir, agus chun aitheantas uathoibríoch cáilíochtaí a chumasú a thuilleadh. Chuige sin, bheadh ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

    ·próisis um dhearbhú cáilíochta níos láidre, níos éifeachtaí agus níos simplí a thógáil le haghaidh gach cineál cláir;

    ·creat Eorpach nua a bhunú le haghaidh cur chuige ilinstitiúideach seachtrach i leith dearbhú cáilíochta lena gceadaítear do chomhghuaillíochtaí inbhuanaithe d’institiúidí ardoideachais a gcláir céime comhpháirtí agus a micridhintiúir chomhpháirteacha a creidiúnú iad féin, agus lena dtógtar ar thorthaí thionscadail Erasmus+ QA fit 18 agus thionscadail IMINQA 19 ; agus

    ·próisis oiriúnacha um dhearbhú cáilíochta a úsáid chun gabháil le hinstitiúidí ardoideachais agus aitheantas uathoibríoch cáilíochtaí agus tréimhsí foghlama thar lear á chur chun feidhme acu.

    Gníomhaíochtaí: Molann an Coimisiún, in éineacht leis an Teachtaireacht seo, moladh ón gComhairle maidir le córas Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta agus um Aitheantas san Ardoideachas. Iarrann an Coimisiún ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an togra a thabhairt chun cinn agus tá beartaithe aige tacú le cur chun feidhme an togra sin amach anseo trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe a shonraítear i bpointe 5.2.4.

    5.1.4.Gairmeacha acadúla níos tarraingtí san ardoideachas

    Sa gheilleagar eolasbhunaithe domhanda, déanfar todhchaí na hEorpa a mhúnlú ar bhonn fheidhmíocht a córas oideachais agus ar bhonn a hiomaíochais sa rás domhanda chun tallann a mhealladh. An fhís uaillmhianach seo maidir le céim Eorpach, beidh sí ag brath ar lucht léinn den scoth chun na scileanna cearta a mhúineadh agus a thabhairt do chéimithe. Ní bheimid in ann cláir thrasnáisiúnta den scoth a thógáil gan dreasachtaí a chur ar fáil do dhaoine iontacha chun páirt a ghlacadh san iarracht sin. Mar gheall air sin, is toisc cumasúcháin ríthábhachtach é gairmeacha acadúla san ardoideachas a dhéanamh níos tarraingtí chun céim Eorpach a bhaint amach. Chuige sin, bheadh ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

    ·obair an lucht léinn a chur chun cinn, a aithint agus meas a léiriú di ar bhealach níos fearr, ar obair í lena ndéantar comhar trasnáisiúnta domhain a fhorbairt, amhail cláir céime comhpháirtí a fhorbairt;

    ·róil agus cúraim acadúla éagsúla a chur chun cinn, a aithint agus meas a léiriú dóibh ar bhealach níos fearr, lena náirítear teagasc nuálach agus éifeachtach; agus

    ·dálaí oibre iomaíocha, sábháilte, cothroma agus neamh-idirdhealaitheacha a chur chun cinn chun baill foirne a mhealladh agus a choinneáil.

    Gníomhaíochtaí: Molann an Coimisiún, in éineacht leis an Teachtaireacht seo, moladh ón gComhairle maidir le gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe san ardoideachas, moladh atá comhlántach leis an Moladh ón gComhairle maidir le Creat Eorpach a bhunú chun daoine tréitheacha sna réimsí taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip 20 . Iarrann an Coimisiún ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an togra a thabhairt chun cinn agus tá sé beartaithe aige tacú le cur chun feidhme an togra sin amach anseo trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe a shonraítear i bpointe 5.2.5.

    5.2.Gníomhóidh an Coimisiún mar éascaitheoir agus mar thacadóir

    Is é is aidhm don Teachtaireacht seo, agus í ag tógáil ar bhonn fianaise eimpíreach leathan, fís a chur ar fáil maidir leis na bealaí chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ann chun an chéim Eorpach a bhaint amach. Féachann sé freisin le hidirphlé oscailte a chothú leis na Ballstáit, le páirtithe leasmhara ardoideachais, agus le comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta maidir leis na chéad chéimeanna eile chun cinn. Leis na gníomhaíochtaí seo a leanas, gníomhóidh an Coimisiún mar éascaitheoir do na Ballstáit agus tacóidh sé leo.

    5.2.1.Idirphlé a éascú maidir le torthaí agus moltaí na dtástálacha beartais Erasmus+ maidir le lipéad céime Eorpaí agus stádas dlíthiúil le haghaidh comhghuaillíochtaí d’institiúidí ardoideachais

    Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil i bhfómhar 2024 maidir le torthaí deiridh thionscadail tástála beartais Erasmus+.

    Ina dhiaidh sin, in 2025, tá sé beartaithe aige ‘saotharlann beartais le haghaidh céim Eorpach’ a bhunú. Sheolfaí sraith plé chuimsithigh thiomnaithe agus seisiún dírithe, ina mbeadh saineolaithe ó na Ballstáit, institiúidí ardoideachais, gníomhaireachtaí um dhearbhú cáilíochta/creidiúnaithe, ionadaithe mac léinn, agus comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta páirteach, arbh é ab aidhm dóibh dlús a chur le gníomhaíocht agus le haon athchóiriú náisiúnta is gá, agus treoirlínte cur chun feidhme agus pleananna gníomhaíochta a fhorbairt. Is é an sprioc a bheadh ag an tsaotharlann an phiarfhoghlaim a chothú agus treoir a sholáthar maidir le dul i dtreo céim Eorpach.

    Gníomhaíocht: Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún comhar a chothú trí shaotharlann beartais le haghaidh céim Eorpach a fhaigheann tacaíocht ó Erasmus+, a bhunófar in 2025, chun teagmháil agus cumarsáid a chothú leis na Ballstáit agus le pobal an ardoideachais i gcoitinne chun treoirlínte a fhorbairt agus a chur chun feidhme i dtreo céim Eorpach.

    5.2.2.Dreasachtaí cistiúcháin Eorpacha

    Le clár Erasmus+, leanfar de thacaíocht a thabhairt do chomhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha, do Chomhchéimeanna Máistir Erasmus Mundus, do Chláir Dhochtúireachta Chomhpháirteacha Marie Skłodowska-Curie (GMSC), agus do chláir a bhfuil lipéad na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) orthu agus a ghníomhaíonn mar cheannródaithe chun céimeanna Eorpacha a chur chun feidhme. Ina theannta sin, tacóidh Erasmus+ le céimeanna Eorpacha a dhearadh agus a ghlacadh trí thacaíocht thiomnaithe, rud a chuirfidh leis an sampla rathúil maidir le Bearta Deartha Erasmus Mundus.

    Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún ‘tionscadail le haghaidh conairí céime Eorpaí’ a sheoladh in 2025 mar chuid den ghníomhaíocht maidir le tionscadail comhair réamhbhreathnaitheacha laistigh de Erasmus+. Leis sin, cuirfear dreasachtaí airgeadais ar fáil do na Ballstáit agus dá ngníomhaireachtaí creidiúnaithe agus um dhearbhú cáilíochta, d’ollscoileanna, do mhic léinn, agus do chomhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, chun bheith rannpháirteach sa chonair i dtreo céim Eorpach.

    Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil 21 , féadfar saineolas teicniúil a chur ar fáil freisin chun na hathchóirithe is gá a dhearadh agus a chur chun feidhme le treoir agus tacaíocht chun feabhas a chur ar chreataí dlíthiúla agus riaracháin, chun comhar idir ollscoileanna, taighde agus gnólachtaí a chothú, agus chun feabhas a chur ar shásraí um dhearbhú cáilíochta agus ar tharraingteacht gairmeacha san ardoideachas.

    Gníomhaíochtaí:

    Tá sé  beartaithe ag an gCoimisiún dreasachtaí cistiúcháin Eorpacha a chur ar fáil ó 2025 ar aghaidh, trí chláir amhail Erasmus+, chun tacú le céimeanna Eorpacha a chruthú. Tá beartaithe ag an gCoimisiún ‘Tionscadail le haghaidh Conairí Céime Eorpaí’ a sheoladh freisin chun rannpháirtíocht na ngníomhaithe uile a dhreasú.

    Iarrann an Coimisiún ar ollscoileanna agus ar an bpobal ardoideachais an leas is fearr a bhaint as deiseanna cistiúcháin an Aontais, amhail ó chláir Erasmus+ nó ón gclár don Eoraip Dhigiteach, chun tacú le hollscoileanna agus le baill foirne tús a chur le céimeanna Eorpacha a dhearadh agus a thairiscint i gcomhar iomlán le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha, agus le comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta.

    5.2.3. Tacú le cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le naisc a chothú le haghaidh comhar éifeachtach Eorpach san ardoideachas, agus dlús a chur le cur chun feidhme an Mholta sin

    Dá nglacfaí go hiomlán leis an Moladh ón gComhairle maidir le naisc a chothú le haghaidh comhar éifeachtach Eorpach san ardoideachas, a glacadh i mí Aibreáin 2022, d’éascófaí go mór an bealach i dtreo céim Eorpach. Sa tuarascáil maidir lena cur chun feidhme, atá le foilsiú faoi lár 2024, agus a bhfuil achoimre uirthi sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an Teachtaireacht seo, léirítear éagsúlacht thírdhreach ardoideachais na hEorpa ó thaobh bearta lena gcumasaítear comhar trasnáisiúnta níos doimhne, le dul chun cinn míchothrom sa réimse sin. Cé gur cosúil go gcuireann roinnt Ballstát prionsabail éagsúla an Mholta chun feidhme, agus gur thosaigh siad ag déanamh athchóirithe cheana féin, tuairiscíonn tíortha eile go bhfuil dul chun cinn níos moille á dhéanamh acusan.

    I bhfianaise thorthaí na tuarascála, tá beartaithe ag an gCoimisiún sraith gníomhaíochtaí piarfhoghlama a eagrú idir na Ballstáit ó fhómhar 2024 chun an plé maidir le dul i ngleic le constaicí riaracháin a dhoimhniú chun dlús a chur leis an dul chun cinn maidir leis an Moladh a chur chun feidhme.

    Gníomhaíochtaí:

    Tacóidh an Coimisiún le glacadh na Moltaí ón gComhairle, lena n‑áirítear an moladh maidir le naisc a chothú le haghaidh comhar éifeachtach Eorpach san ardoideachas. Féadfar gníomhaíochtaí piarfhoghlama a eagrú ó fhómhar 2024 chun dul i ngleic leis na constaicí a bheidh fós ann.

    Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar na moltaí ón gComhairle atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo i réimse an ardoideachais chun leanúint de chonstaicí ar chomhar trasnáisiúnta a bhaint agus chun an bealach a réiteach do chéim Eorpach.

    5.2.4.Tacú le cur chun feidhme an mholta ón gComhairle a bheidh ann amach anseo maidir le Dearbhú Cáilíochta agus aitheantas

    Chun céim Eorpach a fhíorú, ceanglaítear cur chuige deonach lena dtabharfar deis do gach córas ardoideachais tabhairt faoin aistear seo, is cuma cén túsphointe atá acu. Ina theannta sin, ceanglaítear ar mhic léinn agus ar cheannairí institiúideacha a bheith rannpháirteach go gníomhach chun timpeallacht fhabhrach a chruthú le haghaidh ollscoileanna chun céimeanna Eorpacha a bhunú, lena n‑áiritheofar go mbeidh na céimeanna sin dírithe ar mhic léinn, dírithe go straitéiseach, agus go mbeidh siad ailínithe le dea-chleachtais laistigh den Limistéar Eorpach Oideachais. Sa togra ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le córas Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta agus um Aitheantas san Ardoideachas, tá an méid seo a leanas á mholadh aige:

    ·saotharlann beartais le haghaidh céim Eorpach a bhunú: chomh maith le treoir agus pleananna gníomhaíochta nithiúla a chur ar fáil maidir le dul i dtreo céim Eorpach (féach roinn 5.2.1), d’fhorbrófaí léi treoirlínte freisin maidir le creat um dhearbhú cáilíochta trasinstitiúideach a chur chun feidhme i dtaca le comhghuaillíochtaí d’institiúidí ardoideachais;

    ·fóram um chéim Eorpach’ a bhunú mar imeacht bliantúil, arna eagrú ag an gCoimisiún, i gcomhar le hUachtaránacht na Comhairle, chun deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile teacht le chéile agus machnamh a dhéanamh ar an dul chun cinn foriomlán a rinneadh i dtreo céim Eorpach, lena náirítear trí shaotharlann beartais le haghaidh céim Eorpach. D’áireofaí ar an bhfóram ionadaithe ardleibhéil ó na Ballstáit agus ó na réigiúin, eagraíochtaí na bpáirtithe leasmhara is mó ionadaíocht ar dhearbhú cáilíochta (e.g. ENQA, EQAR), líonra na Lárionad Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil (NARIC), creataí cáilíochtaí náisiúnta, comhpháirtithe sóisialta oideachais agus ionadaithe ó chomhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta;

    ·forbairt bhreise a dhéanamh ar bhunachar sonraí thorthaí an dearbhaithe cáilíochta sheachtraigh (DEQAR) 22 chun é a dhéanamh níos so-úsáidte agus chun é a nascadh go díreach le haitheantas uathoibríoch cáilíochtaí;

    ·tacaíocht bhreise a thabhairt do chur chun feidhme an chórais Eorpaigh um rianú céimithe 23 chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar ábharthacht an ardoideachais trí aiseolas a thabhairt maidir le torthaí céimithe, chomh maith le feabhas a chur ar chomparáid agus ar thagarmharcáil ar fud tíortha agus institiúidí.

    Gníomhaíochtaí:

    Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún fóram um chéim Eorpach a chur ar bun in 2025 chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le dul i dtreo céim Eorpach.

    Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacaíocht bhreise a thabhairt chun córas Eorpach um rianú céimithe a fhorbairt.

    Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit, ar ollscoileanna, ar an earnáil ardoideachais agus ar chomhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta treoirlínte cur chun feidhme agus pleananna gníomhaíochta a chomhdhearadh le haghaidh céim Eorpach trí pháirt a ghlacadh san fhóram um chéim Eorpach agus trína bheith rannpháirteach go gníomhach in obair na saotharlainne beartais le haghaidh céim Eorpach bheidh ann amach anseo. Iarrtar orthu freisin glacadh leis an deis seo chun páirt a ghlacadh i gcomhar gníomhach agus taithí foghlama fhíor-thrasnáisiúnta a thairiscint do mhic léinn, ar taithí í a ullmhaíonn lucht saothair oilte atá réidh le dúshláin a thabhairt chucu féin ar scála Eorpach agus ar scála domhanda.

    5.2.5.Tacú le cur chun feidhme an mholta ón gComhairle maidir le gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe san ardoideachas

    Le comhar trasnáisiúnta éifeachtach agus nuálach san ardoideachas, ceanglaítear tiomantas foirne acadúla ar ardchaighdeán atá in ann páirt a ghlacadh i gcomhpháirtíochtaí fadtéarmacha doimhne le piaraí ó institiúidí eile. Sa togra ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe san ardoideachas, molann sé an méid seo a leanas a dhéanamh:

    ·treoirlínte a ullmhú maidir le dea-chleachtas i ngairmeacha ardoideachais agus i mbeartais foirne, chomh maith le creat inniúlachta d’fhoireann acadúil lena dtógtar ar na creataí inniúlachta ábhartha atá ann cheana ar leibhéal an Aontais, amhail an Creat Eorpach Inniúlachta do Thaighdeoirí;

    ·tacú le hidirphlé sóisialta tiomnaithe a eagrú;

    ·faireachán a dhéanamh ar phríomhghnéithe an Mholta tríd an bhFaireachlann Eorpach um an Earnáil Ardoideachais 24 ;

    ·sineirgí a chothú leis an Moladh ón gComhairle maidir le Creat Eorpach a bhunú chun daoine tréitheacha sna réimsí taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip, arna fhorbairt i gcomhthéacs an Limistéir Eorpaigh Taighde agus atá infheidhme maidir le gairmeacha taighde i ngach earnáil, lena náirítear an saol acadúil;

    ·an phiarfhoghlaim a éascú i measc na mBallstát, institiúidí ardoideachais, cleachtóirí Erasmus Mundus agus comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha maidir le haitheantas iomchuí a thabhairt don fhoireann acadúil atá rannpháirteach sa chomhar trasnáisiúnta agus sa teagasc trasnáisiúnta; peirspictíochtaí gairme inbhuanaithe; agus bearta um bainistíocht tallainne le haghaidh baill foirne a bhfuil baint acu le comhghuaillíochtaí inbhuanaithe a chomhordú agus a fhorbairt, amhail comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha.

    Gníomhaíocht: Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le glacadh an mholta ón gComhairle maidir le gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe san ardoideachas trí thacaíocht, tríd an bpiarfhoghlaim agus trí fhaireachán.

    5.2.6.Sineirgí le gníomhaíochtaí gaolmhara eile

    Is de thiomantas an Choimisiúin sineirgí a áirithiú le gníomhaíochtaí agus beartais ábhartha eile chun tacú le conair réidh rathúil i dtreo céim Eorpach. Chuige sin, tá beartaithe:

    ·leanúint de thacú le cur chun feidhme ionstraimí phróiseas Bologna agus líonra na Lárionad Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil (NARIC), trí ‘fhoirne tacaíochta luasghéaraithe’, arna maoiniú ag clár Erasmus+, chun dul chun cinn níos tapúla a áirithiú maidir le haitheantas uathoibríoch cáilíochtaí;

    ·leanúint de na deiseanna a chur chun cinn chun úsáid a bhaint as na cláir foghlama agus as an inneachar agus as na hábhair uile a tháirgeann Acadaimh Eorpacha um an Tionscal GlanNialasacha le haghaidh comhchéimeanna atá dírithe ar ghanntanais scileanna don aistriú glas agus do thionscail teicneolaíochta glannialasacha;

    ·sineirgí agus naisc a fhiosrú idir an Treoir ina leagtar amach creat de chuid an Aontais maidir cáilíochtaí a aithint le haghaidh rochtain ar ghairmeacha rialaithe 25 agus ar an gcéim Eorpach; agus

    ·comhsheasmhacht agus sineirgí a áirithiú idir an chéim Eorpach agus obair bhreise ar an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí 26 , ar ardán ilteangach Europass 27 , ar na dintiúir Eorpacha dhigiteacha don fhoghlaim 28 agus ar an aicmiú Eorpach scileanna agus gairmeacha (ESCO) 29 .

    Gníomhaíochtaí:

    Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme ionstraimí phróiseas Bologna tríd an nglao ar Limistéar Eorpach an Ardoideachais faoin gclár Erasmus+ 2024.

    Tá beartaithe aige féachaint ar naisc idir céim Eorpach agus an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla, agus comhsheasmhacht a áirithiú leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí, le Europass, leis na dintiúir Eorpacha dhigiteacha don fhoghlaim agus leis an aicmiú Eorpach scileanna agus gairmeacha (ESCO).

    5.2.7.An dul chun cinn a mheas i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara

    I bhfianaise an dul chun cinn atá déanta agus an mheasúnaithe ar a oiriúnaí atá an dá phointe iontrála le haghaidh céim Eorpach, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tuilleadh oibre a dhéanamh atá dírithe ar an todhchaí, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:

    ·athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn sna Ballstáit i dtreo céim Eorpach, in éineacht leis an tsaotharlann beartais le haghaidh céim Eorpach agus leis an bhfóram um chéim Eorpach;

    ·oibriú leis na Ballstáit chun céimeanna breise a ghlacadh chun stádas dlíthiúil a bhunú le haghaidh comhghuaillíochtaí d’institiúidí ardoideachais 30 .

    Gníomhaíocht:

    Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an dul chun cinn a rinneadh a mheas, i gcomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara, ag gach céim i dtreo céim Eorpach a bhunú.

    Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit oibriú i dtreo céim Eorpach trí leas a bhaint as an tacaíocht a chuirtear ar fáil trí ionstraimí an Aontais agus tríd an bpiarfhoghlaim, chun páirt a ghlacadh sna hathchóirithe is gá.

    5.2.8.Faireachán a dhéanamh ar na athchóirithe agus tacaíocht a thabhairt dóibh

    Tá an Coimisiún an‑tiomanta do thacaíocht leanúnach a áirithiú do na Ballstáit ar a mbealach i dtreo athchóirithe éifeachtacha as a dtiocfaidh céim Eorpach, agus molann sé dóibh tabhairt faoi chéimeanna chun an leas is fearr a bhaint as buiséad an Aontais agus chun an tacaíocht a thugtar d’ionstraimí cistiúcháin an Aontais atá iomchuí agus atá ann cheana a ghiaráil go hiomlán. Ina theannta sin, meabhraíonn an Coimisiún do na Ballstáit a ábhartha agus a thábhachtaí atá an Tuarascáil Faireacháin ar Oideachas agus Oiliúint agus próiseas an tSeimeastair Eorpaigh chun tacú le luas na n‑athchóirithe náisiúnta agus chun dlús a chur leo.

    A mhéid a bhaineann le tacaíocht a bheidh ann amach anseo tar éis 2027, meabhraíonn an Coimisiún nach féidir réamhbhreithiúnas a dhéanamh go fóill ar a thogra le haghaidh an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile ná ar thoradh gaolmhar na caibidlíochta.

    Gníomhaíocht:

    Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit maidir lena n‑athchóirithe i dtreo céim Eorpach agus iarrann sé orthu leas a bhaint as ionstraimí iomchuí an Aontais chun páirt a ghlacadh sna hathchóirithe is gá.

    6.Conclúid

    Leis an Teachtaireacht seo maidir le treoirphlean i dtreo céim Eorpach, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit, ar rialtais réigiúnacha inniúla agus ar a bpobail ardoideachais teacht le chéile chun tairbhe mac léinn, fostóirí, ollscoileanna agus an Aontais Eorpaigh trí chéile.

    Tá an chéim Eorpach beartaithe mar réiteach deonach solúbtha chun na constaicí atá ann cheana a shárú, ar constaicí iad a chuireann cosc ar an Limistéar Eorpach Oideachais barr a chumais a bhaint amach. Leis an gcur chuige céimneach, beidh na córais oideachais uile in ann, agus lánurraim á tabhairt dá n‑éagsúlacht, a bpointe iontrála a roghnú ar chonair i dtreo céim Eorpach. Beidh na Ballstáit ar thús cadhnaíochta agus rachaidh siad chun cinn ar a luas féin le tacaíocht ón gCoimisiún chun idirphlé agus an phiarfhoghlaim a éascú, dreasachtaí a chur ar fáil agus féachaint ar shineirgí le tionscnaimh eile.

    Díreach mar a bhí éifeachtaí seach-iarmharta ag Erasmus+ maidir le tuilleadh deiseanna malartaithe agus timpeallacht foghlama níos solúbtha a chruthú, leis an gcéim Eorpach, chuideofaí cláir oideachais chomhpháirteacha a dhéanamh níos forleithne le haghaidh na n‑institiúidí ardoideachais uile, agus lánurraim á tabhairt don choimhdeacht.

    Trí chéim eile a ghlacadh i dtreo céim Eorpach a chruthú, agus trína ngné Eorpach uathúil a ghiaráil, táimid ag tabhairt onóir do na hiarrachtaí comhoibríocha trasnáisiúnta atá á ndéanamh ag institiúidí ardoideachais Eorpacha deiseanna a chur ar fáil do mhic léinn, ar deiseanna iad nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, le haghaidh fás pearsanta, gnóthachtáil acadúil agus saoránacht Eorpach, rud a fhágann gur mó an seans go n‑éireoidh leo i ngeilleagar domhanda an lae inniu.

    Le céim Eorpach, bheadh mic léinn ullamh a mbealach a dhéanamh agus a bheith rathúil i ndomhan nach bhfuil aon teorainn ag dúshláin ná ag deiseanna. Ní mór dúinn ár mic léinn a ullmhú sa bhealach sin, ní hamháin chun páirt a ghlacadh sa gheilleagar domhanda, ach chun bheith i gceannas air. Agus an méid sin á dhéanamh againn, ní hamháin go bhfuilimid ag cur le hiomaíochas an Aontais seo againne, táimid ag rannchuidiú le domhan níos rathúla agus níos nasctha.

    (1)

    Úsáidtear an téarma ‘ollscoil’ chun tagairt a dhéanamh don earnáil i gcoitinne, agus cuimsítear leis réimse iomlán an oideachais threasaigh agus, dá bhrí sin, gach cineál institiúide ardoideachais, lena n-áirítear ollscoileanna taighde, coláistí ollscoile, ollscoileanna eolaíochtaí feidhmeacha, institiúidí ard-ghairmoideachais agus ard-ghairmoiliúna, agus institiúidí ardoideachais ealaíon.

    (2)

      Tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha .

    (3)

      Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún i dtaca le straitéis Eorpach maidir le hollscoileanna, an 18 Eanáir 2022, COM(2022) 16 final .

    (4)

      Inforegio - an Tallann san Eoraip a chur chun tairbhe (europa.eu)  

    (5)

      Suirbhé Eorabharaiméadair 2018 .

    (6)

      An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Burneikaitė, G., Pocius, D., Potapova, E. et al., The road towards a possible joint European degree – Identifying opportunities and investigating the impact and feasibility of different approaches [An bealach i dtreo céim chomhpháirteach Eorpach fhéideartha – Deiseanna a shainaithint agus imscrúdú a dhéanamh ar thionchar agus ar indéantacht cur chuige éagsúil] – Tuarascáil chríochnaitheach, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023 .

    (7)

      Lipéad Céime Comhpháirtí Eorpaí agus stádas dlíthiúil le haghaidh comhghuaillíochtaí d’ollscoileanna Eorpacha: 10 dtionscadal Erasmus+ chun iad a chur i bhfeidhm .

    (8)

      U-Multirank. Comhpháirtíochtaí straitéiseacha, céimeanna comhpháirteacha idirnáisiúnta, intéirneachtaí, comhfhoilseacháin idirnáisiúnta, comhfhoilseacháin le comhpháirtithe tionsclaíocha, comhfhoilseacháin réigiúnacha, agus comhphaitinní leis an tionscal, sin iad na táscairí a úsáidtear.

    (9)

    Forbraíodh sraith critéar i gcomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara ardoideachais in 2022. Rinneadh tástáil ar na critéir sin le sé thionscadal tástála phíolótacha Erasmus+ idir mí Aibreáin 2023 agus mí an Mhárta 2024. Leis na tionscadail phíolótacha, moladh athruithe ar na critéir, agus is é an toradh a bhí ar an moladh sin an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le dearbhú cáilíochta agus aitheantas.

    (10)

    Ciallaíonn  ‘an Creat Náisiúnta um Cháilíochtaí’ ionstraim chun cáilíochtaí a aicmiú de réir sraith critéar maidir le leibhéil shonraithe foghlama a baineadh amach, arb é is aidhm dó fochórais na gcáilíochtaí náisiúnta a chomhtháthú agus a chomhordú agus feabhas a chur ar thrédhearcacht, ar dhul chun cinn agus ar cháilíocht cáilíochtaí, agus ar rochtain orthu, i ndáil le margadh an tsaothair agus leis an tsochaí shibhialta.

    (11)

    Ba cheart an fhormáid dhigiteach a bheith slán agus comhoiriúnach leis an tSamhail Foghlama Eorpach mar shamhail sonraí ilteangacha i réimse na foghlama.

    (12)

      Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn le haghaidh cáilíochtaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh, cáilíochtaí oiliúna agus torthaí tréimhsí foghlama thar lear (IO C 444, 10.12.2018, lch. 1) .

    (13)

      An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Burneikaitė, G., Pocius, D., Potapova, E. et al., The road towards a possible joint European degree – Identifying opportunities and investigating the impact and feasibility of different approaches [An bealach i dtreo céim chomhpháirteach Eorpach fhéideartha – Deiseanna a shainaithint agus imscrúdú a dhéanamh ar thionchar agus ar indéantacht cur chuige éagsúil] – Tuarascáil chríochnaitheach, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023 .

    (14)

      Moladh ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 maidir le naisc a chothú le haghaidh comhar éifeachtach Eorpach san ardoideachas (IO C 160,  13.4.2022, lch. 1 ).

    (15)

      Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt (IO L 189, 28.5.2021, lch. 1).

    (16)

    Féach na torthaí sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an suirbhé SWD(2024) 74.

    (17)

      Conclúidí ón gComhairle maidir le straitéis Eorpach lena gcumhachtaítear institiúidí ardoideachais ar mhaithe le todhchaí na hEorpa (IO C 167, 21.4.2022, lch. 9).

    (18)

    Dearbhú Cáilíochta ‘Réidh don Todhchaí’ (QA-FIT) .

    (19)

      Cur chun feidhme agus Nuálaíocht i nDearbhú Cáilíochta trí phiarfhoghlaim (IMINQA) .

    (20)

      Moladh ón gComhairle an 18 Nollaig 2023 maidir le creat Eorpach chun daoine tréitheacha sna réimsí taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip (IO C, C/2023/1640, 29.12.2023) .

    (21)

      Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil .

    (22)

    Is é DEQAR an Bunachar Sonraí Thorthaí an Dearbhaithe Cáilíochta Sheachtraigh le haghaidh gníomhaireachtaí um dhearbhú cáilíochta a liostaítear ar an gClár Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (EQAR). Is féidir leis na gníomhaireachtaí uile atá cláraithe le EQAR a gcuid tuarascálacha a fhoilsiú sa Bhunachar Sonraí. Is ar bhonn deonach a ghlactar páirt in DEQAR ( https://www.eqar.eu/qa-results/search/ ).

    (23)

      Moladh ón gComhairle an 20 Samhain 2017 maidir le céimithe a rianú (IO C 423, 9.12.2017, lch. 1).

    (24)

      Clár oibre bliantúil 2024 ‘Erasmus+’: Clár an Aontais um Oideachas, um Oiliúint, um an Óige agus um Spórt

    C(2023)6157 an 18 Meán Fómhair 2023.

    (25)

      Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint ( IO L 255, 30.9.2005, lch. 22 ).

    (26)

      Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017 maidir leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí don Fhoghlaim ar feadh an tSaoil (IO C 189, 15.6.2017, lch. 15 ).

    (27)

      Europass .

    (28)

      Dintiúir Eorpacha Dhigiteacha don fhoghlaim .

    (29)

      An tAicmiú Eorpach scileanna agus gairmeacha .

    (30)

    Faoi mar a fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le straitéis Eorpach d’ollscoileanna, an 18 Eanáir 2022, COM(2022) 16 final.

    Top